Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
liúdramán loafer
" Stad mé de nós na humhlaíochta nuair a tháinig fís chugam go raibh gach aon bhómán agus liúdramán amuigh beo ar an chomhréiteach shochrach shóúil, gur lig siad d'fhorógra a bpáirtí a gcuid smaointe a mhúnlú.
Liúdramáin phiteogacha effeminate loafers/wasters
" Liúdramáin phiteogacha iad nach dtiocfadh leo dul níb fhaide ná an darna babhta de Chorn na Cruinne.
liúdramáin loafer
" Is iomaí bád agus long a bádh ar chósta creagach callánach carrach an oileáin, ón HMS Wasp sa naoú haois déag go Báidín Bídeach Báidín Beosach Báidín Bóidheach an liúdramáin sin Feildhlimidh, cibé am ar cumadh an rabhcán faoin churrach mí-ámharach a briseadh i dToraigh.
liúdramán loafer
" Cé a dúirt nach raibh fios a ghnaithe ag Seoirse Óg Mac Sceiche? Tá Balor ag súil go gcuirfidh eagarthóir *Beo Ar Éigean*, Éamonn Ó Doornail, an t-agallamh seo síos ina iomláine agus nach bhfágfaidh sé píosa ar bith ar lár a mbeadh impleachtaí aige do thodhchaí agus do shonas mhuintir na cruinne, mar a rinne an liúdramán leis na hagallaimh a chuir Balor ar Dhia cúpla bliain ó shin agus ar an Diabhal tamall ina dhiaidh sin.
a liúdramáin chruthanta you total loafer
" " "Bhail, a liúdramáin chruthanta," arsa Banríon Shasana leis.
na liúdramáin sin, those loafers,
" “Gheall gach aon duine acu istigh i Sráid Fhearchair go gcaithfidís vóta dó, ach is é an rud nár thuig Dáithí Bocht nach bhfuil an Ardteist féin ag an chuid is mó de na liúdramáin sin, gan trácht ar chéim ó Ollscoil na hÉireann.