Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
liúntas allowance
" 8% agus bhí 3 mhilliún duine ar liúntas dífhostaíochta.
liúntas leasa shóisialaigh social welfare allowance
" Cé go bhfuil méadú tagtha ar an liúntas leasa shóisialaigh, níl sé ag teacht leis an méadú atá tagtha ar ioncam agus cothaíonn sé sin éagothromaíocht.
liúntas saor ó cháin tax-free allowance
" Ní féidir seirbhís mháithreachais a chur ar fáil do mhuintir Mhuineacháin ina gcontae féin ach táthar breá sásta liúntas saor ó cháin a thabhairt do lucht capall Chill Dara agus na milliúin á saothrú acu cheana féin.
liúntais leasa shóisialaigh social welfare allowances
" Má bhogann Gearmánach nó Iodálach go hÉirinn as seo amach, cuir i gcás, beidh air fanacht dhá bhliain sula mbeidh liúntais leasa shóisialaigh ar fáil dó.
liúntais mhaireachtála living allowances
" Chuir feisirí s'acu a dtuarastal isteach sa pháirtí agus tugadh liúntais mhaireachtála ar ais dóibh.
liúntas allowance
" Fuair sí bia agus lóistín saor in aisce sa teach inar chónaigh na daoine gan dídean agus, lena chois sin, íocadh liúntas beag, cúig phunt déag, léi sa tseachtain.
liúntais benefits
" Nuair a thiocfaidh Hartz IV i bhfeidhm, ní bhfaighidh iad siúd nach n-éiríonn leo post a bhaint amach taobh istigh de bhliain liúntais ón stát níos mó.
i dteideal liúntais entitled to benefits
" Caithfidh siad a bhfuil d'airgead acu féin agus ag a gcéile a chaitheamh ar fad i dtosach sula mbeidh siad i dteideal liúntais.
i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach in the form of tax relief or allowance
" Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach.
liúntas allowance
" I gCarna a reáchtáiltear é agus faigheann na mic léinn liúntas ó Údarás na Gaeltachta.
liúntas allowance
" I gCarna a reáchtáiltear é agus faigheann na mic léinn liúntas ó Údarás na Gaeltachta.
liúntais leasa shóisialaigh social welfare allowances
" Thug sé na harduithe caighdeánacha bliantúla ar liúntais leasa shóisialaigh agus araile don phobal aimsir na Cáinaisnéise.
go leor liúntas plenty of allowances
"go leor liúntas curtha ar fáil ag rialtais éagsúla thar na blianta do sheandaoine na tíre, roinnt acu nach bhfuil ar fáil i dtíortha eile.
liúntas cúramóirí carers' allowance
" Táthar ag súil chomh maith go gcuirfear níos mó ar fáil don liúntas cúramóirí i mbliana ná an €30 milliún breise a cuireadh ar fáil i gCáinaisnéis na bliana seo caite.
liúntas lóistín accommodation allowance
" Ní bheidh aon táille i gceist agus íocfar liúntas lóistín (a mhaoineoidh Údarás na Gaeltachta) le hoiliúnaithe a bheidh ina gcónaí as baile.
liúntas seachtainiúil. weekly allowance
liúntas leanaí childrens allowance
" Léirigh sé chomh maith go bhfuil ag éirí leis an dúnghaois atá curtha i bhfeidhm ag rialtais leanúnacha le roinnt blianta anuas chun tacú le tuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu – mar shampla, 16 seachtain de shaoire mháithreachais, liúntas leanaí iníoctha i ndiaidh breith an dara linbh (an mháthair sa Fhrainc nach bhfuil ach an t-aon pháiste amháin aici, ní fhaigheann sí an liúntas).
liúntais Aireachta ministerial allowance
" Cuimsíonn na costais bhreise seo taisteal agus cothabháil, liúntais Aireachta agus costais ghutháin.
liúntas pinsin pension allowance
" Is seandaoine den chuid is mó atá i mbun an ghnó seo, daoine nach leor dóibh an liúntas pinsin atá acu leis an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail.
liúntas dífhostaíochta unemployment benefit
" Nuair a tháinig deireadh leis an liúntas dífhostaíochta a bhíodh le fáil aige, fágadh ar an ngannchuid é.
Liúntas Leanaí childrens allowance
" * Cáin ar Liúntas Leanaí, Cáin Réadmhaoine agus Cáin ar Charbón fógartha don mbliain seo chugainn.
liúntas allowance
" Murach sibhse, ní bheadh aon ghá leis an cháin seo a ardú ná leis an liúntas siúd a ísliú," an freagra a thugtaí ar mhórán achan ráiteas a rinne muid.
liúntas allowance
" Chinntigh arduithe íosphá agus liúntas míosúil do theaghlaigh bhochta gur laghdaigh líon na ndaoine a bhí ag fáil bháis den ocras.
liúntais allowance
" Beo ar an Ghaoith ========= Ba é rialtas Lucht Oibre Ramsey Macdonald a ghearr an caiteachas poiblí go fíochmhar, a ghearr 10 faoin gcéad ó thuarastail státseirbhíseach agus 10 faoin gcéad ó liúntais dífhostaíochta.
liúntas allowance
" - Uimhir a Trí: Íocfar liúntas speisialta dhá mhíle Euro sa tseachtain, saor ó cháin, le múinteoirí bunscoile na hÉireann atá in ann trí abairt Ghaeilge a chur le chéile gan stad, gan scíth, gan snag, gan tuisle, gan mhéanfach.
Liúntas allowance
" Is iondúil go iompaítear ar an Bhéarla, mar shampla, nuair a bhítear ag bailiú an Liúntas Leasa Shóisialaigh.
athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar to reassess the allowances paid
" D'fhógair An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar le múinteoirí sa Ghaeltacht agus le múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
i dteideal an liúntas seo a fháil entitled to receive this allowance
" Tá os coinn 2,200 múinteoir bunscoile agus thart ar 400 múinteoir dara leibhéal i dteideal an liúntas seo a fháil san am i láthair agus cosnaíonn sé thart ar €5m ar an státchiste gach bliain.
cineál liúntais tuillte deserves a type of allowance
" Má tá creidmheas ag dul d’fhoireann nó d’imreoir nó don réiteoir, céard go díreach a chiallaíonn sé sin? An é go bhfuil cineál liúntais tuillte ag tosaí mar shampla ó na coimisinéirí ioncaim toisc gur imir sé an-mhaith ar fad nó de bharr cúilín breá a aimsiú? B’fhéidir go mb’fhearr moladh mór a thabhairt dóibh – níl impleachtaí cánach ag baint leis sin.
iarr liúntas teicneolaíochta uathu ask them for a technology allowance
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
faoin ghearradh ar an liúntas gutháin about the cutting of phone allowance
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.