Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oll-liathróid tine great fire-ball
" Smaoinigh air: oll-liathróid tine ag luascadh fríd shráideanna Thrá Lí oíche na Rósanna.
cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh count the frequency with which players pick up the ball off the ground
" Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do "Amhrán na bhFiann"? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na "*genuine supporters*" go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an "Grab All Association" - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne.
liathróid láimhe handball
" Thugadh an t-athair na buachaillí go Gaelic Park, nó amach go dtí an "Riviera Éireannach", Rockaway Beach, chun liathróid láimhe a imirt.
dhá liathróid mearcair two balls of mercury
" bunúsmost cé a bheadh ina dhiaidh ormwho would blame me faraoralas leaspáindancing, coloured lights before eyes ag gliosarnachglistening dhá liathróid mearcairtwo balls of mercury le míshuaimhneasuneasily clóscríobhántypewriter úsáid inteachtsome use i sruthannain torrents (of words) ainmhí fiáinwild animal teorainneacha mo chuid leathanachthe borders of my pages aibhneacha mo chuid dúighthe rivers of my ink déistinnausea samhnasdisgust ag tarraingt na léine allasaípulling the sweaty shirt buarthaworried scalltawretched, puny sa bhúireachin the roaring ag preabarnaílthrobbing aicíd ghallda inteachtsome foreign disease folcadh mór fadaa very long bath tintreacha ifrinnthe sparks of hell i dtólamhalways galar na dúiseachtathe disease of wakefulness bándeargpink níor chuir duine ar bith chugam ná uaimnobody bothered me seileogaspits mo mhacasamhailsethe likes of me doilighdifficult mo phlucmy cheek nimhneachsore conáiltefreezing ailleog cheoilburst of song i mo chuid samhlaíochtain my imagination creathashivers trupnoise gnúisface farraige fhíochmharferocious sea go fuarbhruitelistlessly ealaíswans faitíos millteanacha great fear tráidiretray
an liathróid treascartha the wrecking ball
" Tá Ionad Ealaíon an Axis lonnaithe faoi scáth na dtúr i mBaile Munna, túir a bhfuil an liathróid treascartha i ndán dóibh.
ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile catching the ball in the middle of a crowd of other players
" Is cinnte go mairfidh a chuimhne agus a cháil go ceann i bhfad i measc na ndaoine a chonaic é ag léim go hard san aer agus ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile.
liathróidí gailf golf balls
" Agus bhí an t-ádh dearg freisin leo siúd a bhí ag féachaint ar an gcomórtas ar an teilifís – bhí na liathróidí gailf ar fad níos soiléire ar an scáileán ná riamh i mbliana toisc go raibh teicneolaíocht nua na teilifíse ardghléine (nó HD) in úsáid.
ag leanacht liathróide ar an scáileán. following a ball on the screen.
" Go deimhin, ní bhíonn an béile ach críochnaithe nuair a ritheann daoine go dtí an teilifíseán chun an chuid eile den lá a chaitheamh ag leanacht liathróide ar an scáileán.
ag gníomhú mar liathróid dornála acting as a punchbag
" Má fhanann Meiriceá san Iaráic gan buanú na síochána, is ag cruthú naimhde a bheas siad, agus ag gníomhú mar liathróid dornála do na naimhde céanna.
dul i dtaithí ar an liathróid ubhchruthach to get used to the egg-shaped ball
" Caithfidh sé go raibh sé an-deacair dóibh an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, agus go mór mór dul i dtaithí ar an liathróid ubhchruthach – ba bheag cabhair dóibh é a dtaithí ar pheil Ghaelach sa chás sin.
liathróid ubhchruthach, oval ball,
" Thaitin na rialacha láimhsithe, chomh maith leis an liathróid ubhchruthach, le cuid mhaith de na hollscoileanna Meiriceánacha freisin, agus chlaonadar i dtreo na rialacha nua.
seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid. devices to move forward with the ball.
" Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
liathróid ball
" Ba é an treoir a tugadh dom ná an liathróid a chiceáil chun “touch” – sin é, thar an taobhlíne - aon uair a mbeirinn greim uirthi.
théadh an liathróid chugam the ball used to come to me
" Bhí sé sin níb fhearr mar théadh an liathróid chugam ní ba mhinice agus bhíodh an-chraic agam á ciceáil as an bpáirc sula dtagadh an fhoireann eile anuas orm.
go gcaillfinn an liathróid that I would lose the ball
" Bheadh contúirt ag baint leis sin mar go mbeadh baol ann go mbéarfaí orm, go gcaillfinn an liathróid agus go ngabhfadh an fhoireann eile ar an ionsaí.
liathróid dhearg red ball
" Toisc go bhfuil an staid chomh beag, bíonn na leantóirí an-chóngarach do na himreoirí agus bíonn siad in ann an liathróid dhearg a fheiceáil go soiléir san aer geal agus iad ina suí inti.
dírithe ar an sliotar nó ar an liathróid focused on the sliotar or ball
" Ní féidir leo géilleadh do smaointe diúltacha – a bheith ag ceapadh go bhfuil an fhoireann nó imreoir ar leith níos fearr, cuir i gcás – agus caithfidh a n-aird a bheith dírithe ar an sliotar nó ar an liathróid i gcónaí.
ag seachadadh na liathróide distributing the ball
" Ach tá sé cumasach i mbun pasála agus go maith ag seachadadh na liathróide chuig a chuid comhimreoirí nuair a bhíonn sé faoi bhrú.
i seilbh na liathróide. when in possession of the ball.
" Giota beag santach i seilbh na liathróide.
cluichí liathróide ball games
" Tháinig na póilíní orainn agus go tobann d'oir sé domh nár thuig siad mo chuid Fraincise! Tá mé ag déanamh go bhfuil ádh an tosaitheora iontach tábhachtach agus tú ag imirt Boules nó bhí mé iontach maith aige, agus bímse *cat* go maith ag cluichí liathróide go hiondúil! Tá sé tábhachtach dul amach le dath na gréine a fháil más Aixois thú, mar sin, agus bomaite saor agam i rith an lae, d'éalaínn amach doras cúil an stiúideo damhsa agus “ghlacainn grian” mar a deir muintir na háite.
liathróid leadóige tennis ball
" Tá beagnach gach marbhán cóirithe ar bhealach a léiríonn gníomh éigin – ceann amháin ag tabhairt speiche do liathróid, ceann eile ag cromadh siar le liathróid leadóige a bhualadh – is mar sin is fearr a léirítear feidhmeanna na gcnámh agus na matán.
buaileadh na liathróide striking the ball
" B’ionann a bheith ag buaileadh na liathróide le do chloigeann agus tréas in aghaidh do thír dhúchais.
smachtú na liathróide controlling the ball
" Déanaim iontas dhó i gcónaí, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche sacair ar an teilifís, a sciliúla is atá na himreoirí i bPríomhshraith Shasana: cumasach ag smachtú na liathróide agus an-chruinn sa seachadadh.
Liathróid Láimhe handball
" com/watch?v=dpdoJnsDHIY&feature=related) Caid nó Liathróid Láimhe? Deir Ó Cuinneagáin gur léir go bhfuil rud éigin mícheart leis an bpeil Ghaelach nuair a dhéanann foireann an t-ullmhúchán réamhchluiche gan bacadh leis an rud is bunúsaí a bhaineann le peil a chleachtadh, is é sin an bhróg a chur leis an liathróid.
liathróid ball
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
liathróid ball
" Ní hamháin sin, a thúisce a fuair Giles an liathróid ag tús an chluiche, caol díreach chuig an mBrádach a chuir sé í.
liathróidí lonracha shiny balls
" ie? Don tuismistheoir nach féidir leo tabhairt faoi na siopaí ar chor ar bith, tá catagóir líonmhar stocaí acu fiú amháin le hainmhithe beaga, cniotálaí francaise, ábhar ealaíne, liathróidí lonracha, téada scipeála agus cleasanna beaga eolaíochta.
liathróid ball
" Rinne an príomhbhuaiteoir, Alexander Amini, tionscadal faoin gceannteideal Tennis sensor data analysis - anailís ar luascadh an mhaide leadóige agus ar thorthaí a bhaineann le cineálacha éagsúla buillí a tharraingíonn imreoir leadóige ar an liathróid.
liathróid ball
" Is breá liom rith ó cheann ceann agus ó thaobh taobh na páirce agus an liathróid a thabhairt uaim nuair a éiríonn cúrsaí rud beag teann nó garbh.
bhuailtear an liathróid the ball is struck
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
cheapadh na liathróide 'fielding’, catching the ball
" Cáil na hidirimeartha sciliúla, glice a bhí ar fhir Átha Cliath san am, agus chleacht foireann Chiarraí luachanna na peile traidisiúnta a raibh béim ar cheapadh na liathróide nó na ‘caide’ fada ard san aer agus í a sheoladh ar aghaidh le cic breá, ard síos an pháirc.
liathróid leighis medicine ball
" Tá treoir ann freisin faoi na huirlisí a bheidh de dhíth (liathróid leighis, mata, meacháin, tromáin lúith srl.
liathróid chruinn a round ball
" Samplaí de sin is ea go mbíonn cead an liathróid a ardú díreach ón talamh, rud nach bhfuil ceadaithe sa pheil Ghaelach gan chois a chur leis an liathróid i dtosach; liathróid chruinn a úsáidtear cé gur liathróid ubhchrutha a úsáidtear i bpeil na hAstráile.
liathróid ubhchruthach an oval ball
" Is minic peileadóirí Gaelacha ó thuaidh ag imirt an spóirt Ghallda seo go fonnmhar i rith an gheimhridh in áit iad a bheith á gcaitheamh amach as an Chumann Lúthchleas Gael cionn is go bhfaca spiairí an Chumainn iad ag imirt le liathróid ubhchruthach, gníomh a bhí in éadan Riail 27 go dtí 1971.
liathróid peile a football
" Má shamhlaíonn tú an domhan mar liathróid peile, bhí Baumgartner níos lú na milliméadar os cionn an dromchla.
bhfuil an liathróid féin contúirteach the ball is dangerous
" Cad is brí leis an aidiacht sa chás seo? An é go bhfuil scian síos i stoca an imreora agus go bhfuil baol ann go sáfaidh sé lánchúlaí na foirne eile, nó níos measa ná sin, go sáfaidh sé go feirc an réiteoir bocht os comhair na mílte daoine? Is minic leis le linn na tráchtaireachta ar chluiche go dtugtar le fios go bhfuil an liathróid féin contúirteach.
trácht ar liathróid shalach go minic mention of a dirty ball often
" Chuala mé trácht ar liathróid shalach go minic fiú amháin ar laethanta breátha samhraidh gan ruainne puití le feiceáil ar bhuatais ná ar gheansaí imreora ar bith.
liathróidí a ‘athchúrsáil recycling balls
" Rud eile a bhíonn ar bun le linn chluichí de réir dealraimh ná liathróidí a ‘athchúrsáil’.
liathróidí neamhchontúirteacha balls which are not dangerous
" An é go gcuirtear na liathróidí ‘contúirteacha’ i mbosca bruscair ar leith a thugtar go dtí an t-ionad athchúrsála tar éis an chluiche agus go gcuirtear na liathróidí neamhchontúirteacha in áit eile agus go mbaintear feidhm astu arís an chéad lá eile? Rud eile, chuala mé tráchtaire amháin á rá nár mhór ‘creidmheas’ a thabhairt d’fhoireann a rinne cosaint mhaith nó a leithéid.
tharraing sé cic ar an liathróid he drew a kick on the ball
" Is féidir glacadh leis nach raibh sé i gceist ag Ó Conaill a chéile comhraic a ghortú, ach ní mó ná cúramach a bhí sé nuair a tharraing sé cic ar an liathróid a bhí an-ghar do chloigeann an imreora a bhí ar an talamh ag an am.
a chríochnaíonn gan aon liathróid which end without any ball
" Bhí sé oibrithe amach go stairiúil agam go mbíonn cluiche amháin as gach 12 cluiche, thart air, a chríochnaíonn gan aon liathróid a bheith curtha go dleathach san eangach ag ceachtar den dá fhoireann.
liathróid a football
" Ba bhreá leis na cluichí ón gcéad lá a rug sé ar chamán agus ar liathróid.
liathróid leadóige a tennis ball
" Bata leadóige nó camán, liathróid leadóige agus cipíní crainn a bhíodh ann don chruicéad, geataí tosaigh na dtithe nó an bhearna idir dhá chuaille BSL mar chúil do na cluichí móra peile agus iomána.
gan trácht ar chogadh liathróidí sneachta not to mention snowball wars
" Dá mbeadh brat sneachta nó sioc trom ar an talamh, bheadh sciáil, carr sleamhnáin, sleamhnú nó sciorradh, gan trácht ar chogadh liathróidí sneachta agus comórtais tógáil fhir sneachta, in áit an ghnáthchaitheamh aimsire.