Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ligeadh isteach allowed into
" Is í an Pholainn, a bhfuil daonra 38 milliún aici, an stát is mó de na deich stát a ligeadh isteach san AE i 2004 agus is tír thábhachtach í ó thaobh na hinimirce de mar gurb ionann teorainn oirthear na Polainne agus teorainn seachtrach an AE.
nuair nach ligfí isteach muid when we weren’t let in
" Is cuimhin liom a bheith i measc an tslua taobh amuigh d’Óstán na Sceilge, nuair nach ligfí isteach muid i ndiaidh Chorn Uí Riada; an lucht a bhí faoi ghlas istigh ag seoladh piontaí amach trí na fuinneoga chuig na daoine bochta a bhí faoi ghlas amuigh.
ní ligfinn dó sin chur isteach orm I wouldn’t let that stop me
" Níl an taobh istigh den charr rótharraingteach, ach ní ligfinn dó sin chur isteach orm ceann a cheannach.
go dleathach a ligeadh isteach were allowed legal in
" Ach in ainneoin an aird go léir a dhírítear ar fhaireachas níos géire ar na teorainneacha seachtracha d’fhonn inimircigh nach mian linn iad a choimeád amach, is go dleathach a ligeadh isteach san AE formhór na n-inimirceach atá ag cur fúthu anseo gan chead.
ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi she doesn’t allow reporters to bother her in the least
" Tuigeann sí nach gá di a bheith sa nuacht i gcónaí agus ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi.