Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lipéad label
" "Níor ghá d'aon duine lipéad a chur ar bhosca; d'fhéadadh muid iad a fheiceáil ag rith thart.
lipéid leibideacha foolish labels
" Is saibhreas cultúrtha gach uile theanga agus ba chóir dúinn gan lipéid leibideacha a chur ar oidhreacht an chine dhaonna.
sa tóir ar an lipéad úd after that label
" Níos measa fós, tá ceannaire úr ag Páirtí an Lucht Oibre atá sa tóir ar an lipéad úd a bhronn na meáin chumarsáide ar Dick Spring tráth: "fíorcheannaire an fhreasúra".
lipéad label
" *Ar an bhFidil *atá air agus arís foilsíodh é ar lipéad Ceol Records le déanaí.
lipéad bréagach false label
" Ní féidir a bheith iomlán cinnte nach bhfuil tag nó lipéad bréagach curtha ar bheithíoch, cuir i gcás, agus ainmhí a bhfuil galar air á thabhairt chuig an seamlas i ngan fhios don saol mór.
lipéad label
" Is faoin lipéad seo atá cnuasach amhrán as an gcéad dá albam atheisithe aige.
an lipéad faiseanta is déanaí the latest fashion label
" Deirtear go minic go bhfuil an tsaint i réim in Éirinn na linne seo, go bhfuil radharc caillte ar na seanluachanna agus nach spéis leis an dream óg ach an lipéad faiseanta is déanaí.
lipéid labels
" "Níl lipéid againn agus níl comharthaí againn," a deir Bob Powell.
lipéad label
" Tugadh "Corp 115" ar Fallon (ón lipéad a bhí air sa mharbhlann) agus tá sé curtha i Reilig St Pancras and Islington in éindí le bodach bóthair eile a fuair bás leis sa tragóid, Ralph Humberstone.
lipéad label
" Na sléibhte díreach mar a thaispeántar ar lipéad Evian iad - an spéir bándearg agus gorm taobh thiar díobh.
“lipéad” éifeachtachta fuinnimh fuel efficiency 'label'
" Bhí caint faoi scéim nua Eorpach chun “lipéad” éifeachtachta fuinnimh a chur ar thithe nua, mar atá á chur ar chuisneoirí le 10 mbliana anuas anois (agus ní úsáideann an gnáthchuisneoir anois ach 10% den leictreachas a bhí uaidh 10 mbliana ó shin nuair a cuireadh an scéim sin i bhfeidhm).
lipéad label
" Thug mé faoi deara ar thuairisceoirí teilifíse iad i dtús báire, iad ag labhairt taobh amuigh d’áit éigin, micreafón ina lámh acu agus lipéad The North Face ar a gcóta, os comhair an tsaoil.
lipéad label
" Rinne sé obair cheannródaíoch maidir le taifeadadh an cheoil thraidisiúnta do lipéad Gael Linn, atá caoga bliain ar an bhfód i mbliana.
lipéid cheirníní record labels
" Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean.
ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean. (who) want to desert the record labels
" Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean.
nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith. who aren't tied to any label
" Creidim go bhfuil deis iontach ann anois d’eagras nua nó do dhuine cruthaitheach lipéad nua don aois seo a bhunú – nó seanlipéad a atheagrú – ag úsáid na nuatheicneolaíochta agus an idirlín, agus ag teacht i dtír ar an tslí a bhfuil go leor daoine ann a bhfuil tallann acu nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith.
na lipéid the labels
" Caithfidh gur cheannaigh siad gach rud a cuireadh amach ar na lipéid Gael Linn, Cladagh, Outlet agus araile.
ar dhuine de bhunaitheoirí an lipéid ceoil one of the founders of the record label
" ” Bhí Lunny ar dhuine de bhunaitheoirí an lipéid ceoil Mulligan Records sna seachtainí ach, arís, daoine eile seachas eisean a ghnóthaigh airgead ón tionscadal sin.
na lipéid cheoil the music labels
" Ach is comhartha é sin go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis; ní bheadh na lipéid cheoil buartha faoi na cúrsaí sin dá mba rud é gur shíl siad nach mbeadh tóir ar na halbaim nó mórán airgid le déanamh astu.
lipéad nua ceirnín, a new record label
" ” D’fhág O’Brien-Moran an banna i ndiaidh an chéad albam, agus d’aistrigh Scullion go lipéad nua ceirnín, Warner Brothers.
lipéad ceirníní record label
" ” Chuir siad an t-albam *Another Love Song* amach le Island Records sa bhliain 1992 agus bhí an chuma ar an scéal go raibh siad ar tí an clú idirnáisiúnta sin a bhaint amach sular chuir an lipéad ceirníní deireadh leis an gcaidreamh.
masla don lipéad an insult to the label
" Éadaí atá, i mo bharúilse (má tá muid ionraic linn féin), cinéal caite ag amharc agus chomh ‘*last season*’ iontu féin, gur masla don lipéad é féin, an lipéad a chrochadh orthu ar chor ar bith.
lipéad label
" Chun a shaol a ceiliúradh, d'ordaigh a dheartháireacha beoir speisialta ón ghrúdlann le grianghraf de James i measc na sléibhte ar an lipéad agus fuair muid uilig buidéal de tar éis na sochraide.
lipéad a tag
" Is féidir lipéad a deir “*unavoidably unsafe*” a chur ar vacsaín agus ní bheadh aon leigheas ar dhíobháil ag an bpobal in aghaidh leithéidí GlaxoKlineSmith, Baxter, Novartis agus Sanofi Pasteur, is cuma cén dochar a dhéanfaidís do dhuine.
lipéad (name)tag
" Is cuma leo cé chomh mífhóirsteanach is atá a gcuid coisbheart, a fhad is go bhfuil an lipéad ceart le feiceáil orthu.
lipéad label
" Tá a fhios agam chomh maith le sin, nach gá taos fiacaile le do dhrad a ghlanadh agus bheartaigh mé fanacht mar atá mé, gan taos fiacaile (an Bhéarla), ar son na cúise! Teannfaidh mise an bhróg ar na diabhail a fuair réidh leis an lipéad Gaeilge! Más údar grinn domh é, is máthair mhachnaimh domh é fosta.
lipéad label
" An rud a chuireann ionadh orm faoi ná nuair a mhúineann tú don bhfeidhmchlár gurb é sin Seán, gurb shin í Máire, gur siúd Liam tar éis tamaill aithníonn an clár aghaidheanna is cuirtear an lipéad ceart le gach duine i ngach griangraf nua.
lipéid labels
" Ó tharla nach Moslamach atá i gceist, tá na meáin ag cur lipéid mhíchruinne mhíthreoracha ar an Ioruach ar nós “Críostaí bunchreidmheach,” “Críostaí coimeádach,” “náisiúnaí den eite dheis,” “Naitsí,” srl.
lipéad label
" Ní dóigh liom go raibh duine acu thuas ar aghaidh thuaidh sléibhe riamh ina shaol, ba é an lipéad dearthóra a raibh suim acu ann.
lipéad brand
" Ar ndóigh tá lipéad Barry’s Tea air ach chuirfinn suas le sin ar son cárta poist uathúil.
lipéad name tag
" Is cuma le Gearóid faoin lipéad *"UK"* a bheith ar an bhliain.
Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu the youth are sick and tired of the label they have
" Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu, in éineacht leis na mílte daoine eile timpeall na tíre, ó chúlraí éagsúla is le fadhbanna éagsúla, a bhfuil tuairimí an-difriúla acu ar fad, mar Mheiriceánaigh.
Lipéad label
" An Ceol agus Lipéad Ghael Linn ============== **CMacS: Céard faoi chúrsaí ceoil? An bhfuil aon ábhar nua ar na bacáin?** AÓC: Is foilsitheoir ceoil i gcónaí é Gael Linn.
chluiche na lipéad of the labels’ game
" Má áirtear gur duine homafóbach nó ciníoch an té atá i gceist, cén chaoi a ndéantar sainmhíniú agus bainistiú ar lipéid den sórt sin? Agus cé leis na lipéid sin? An t-íospartach nó an t-úsáideoir? Cé hé ‘réiteoir’ chluiche na lipéad? Tá cumhacht na teanga in úsáid mar uirlis shóisialta agus mar bhuthal aithneachtála go tréan i gcúlra na ceiste seo; go ndéantar daoine ar leith a aicmiú de réir iompair, tuairimí agus de réir chur i láthair.
faoi dhíon na lipéad under the theme of label(ls)
" Díreofar san alt gearr seo ar chúlra na gconspóidí thuas luaite faoi dhíon na lipéad.
an mana a bhí ar lipéid the motto on the label
" *’ Sin an mana a bhí ar lipéid mo dheoch tae luibhe ar maidin mar spreagadh don lá amach romham.
bhféadfaí lipéid ar thae luibhe labels on herbal tea could
" Samhlaigh go bhféadfaí lipéid ar thae luibhe, rud chomh bunúsach, ársa mar dhea, deacrachtaí nuálaithe ár linne a achoimriú i mbeagán focal.
lipéad label
" Cé gur fear óg fós é an fidléir Oisín Mac Diarmada tá albam aonair agus dhá cheann i gcomhar le ceoltóirí eile eisithe aige cheana féin, agus tá a lipéad féin aige.
lipéid cheirníní record labels
" Tá go leor ceoltóirí sásta go bhfuil na lipéid cheirníní ag cailleadh smachta ar an tionscal ceoil ach níl Toner Quinn cinnte an rud maith é amach is amach a ról a bheith i mbaol.