Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
foinsí liteartha literary sources
" Cé gur dóigh liom gur chóir i gcónaí aird agus tuiscint a chothú ar shaibhreas nádúrtha na teanga sa Ghaeltacht agus sna foinsí liteartha, sílim gur shaibhrede an teanga muid go léir a bheith níos oscailte d'fhocail ó chanúintí eile seachas "ár gceann féin" agus d'fhocail nuacheaptha de rogha ar fhocail Bhéarla.
saothar liteartha literary work
" Níos deireanaí sa fichiú haois, d'fhoilsigh Breandán Ó hEithir agus scríbhneoirí eile saothar liteartha a choinnigh an t-oileán sa nuacht.
go liteartha literally
" Leanann sé seo ar aghaidh ar feadh cúpla uair an chloig go dtí go dtagann buaic na hoíche, *el torito *agus *el castillo*, an tarbh beag agus an daingean, go liteartha.
cruthúchán liteartha literary invention
" Saothar cumadóireachta é, cruthúchán liteartha, réaltacht fhíorúil; réaltacht a bheadh cosúil le réaltacht a bheadh fíor.
gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha that he crossed the threshold of literary reality
" Ó tá a fhios ag an léitheoir gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha ar léamh na n-abairtí tosaigh dó, tuigeann sé go bhfuil sé ag plé anois le domhan a dhéantar a struchtúrú ar bhealach áirithe mar mhaithe le scéal a insint, le téamaí a phlé agus le hipitéisí a chur i gcás.
príomhdhuais liteartha main literary prize
" Is é Uachtarán an Chomuinn a bhíonn ina bhun seo, ag bronnadh gradaim - príomhdhuais liteartha na nGael - ar an té a chum an dán is fearr an bhliain sin.
ár Léirmheastóir Liteartha our Literary Critic
" "Níl ann ach cuid mhór seanchaca!" a mhaíonn ár Léirmheastóir Liteartha, agus leis sin míníonn sé cúis a ghangaide: Dar le Balor an Bhéil Bhinn nach bhfuil ann ach mac leabhair; gur seanuncail leis féin, Dónal Donn an Phinn Nimhe, a scríobh an leabhar bunaidh: *The McGlinchy Commode*.
saothair liteartha literary works
" Roghnaíodh saothair liteartha as gach ré sa dá thír agus iarradh ar na péintéirí agus na peannairí freagairt do na píosaí sin.
oidhreacht liteartha literary heritage
" Tugann an cnuasach léargas cruinn fairsing ar oidhreacht liteartha an dá phobal Gael, ó fhilíocht Sean-Ghaeilge an 6ú haois go dtí filíocht Ghaeilge an 21ú haois.
duais liteartha literary prize
" ” Cailleadh an Ríordánach i 1977 agus scríobh Ó Coileáin beathaisnéis an fhile, *Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar*, a tháinig amach i 1982 agus a bhuaigh duais liteartha na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí i 1984.
bronnadh na nduaiseanna liteartha the giving out of the literary prizes
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
feall na haicme liteartha the treachery of the literary class
" Tugann Ní Dhuibhne spíd, uaillmhian agus feall na haicme liteartha chun solais le línte beaga a ghearrann go croí: “*Now she found herself facing Carl Thompson, one of the Irish writers whom she would rather not meet, ever.
níos liteartha more literate
" Tá John Mac Gabhann ó Aontas Múinteoirí Éireann den tuairim go bhfuil fadhb na cibirbhulaíochta níos leitheadaí i gceantair shaibhre mar gheall ar go mbíonn daltaí níos liteartha ó thaobh na ríomhaireachta de sna ceantair sin agus go mbíonn fáil níos fairsinge ar ríomhairí.
saothair liteartha literary works
" Cuireann COIS LIFE saothair liteartha agus taighde ar fáil i nGaeilge.
saothar liteartha den scoth a literary work of excellence
" Is fiú an leabhar a léamh ach ná bí ag súil le saothar liteartha den scoth!
go gcuirtí riocht liteartha ar a literary guise was generally put on
" ’* Cheap Fussell ná féadfaí ár agus imní 1914-1918 a léiriú i gceart le foinsí staire traidisiúnta ós rud é go gcuirtí riocht liteartha ar na foinsí seo, rud a d’athraigh a gcuid ionracais inmheánach trí thimpiste.
d’oidhreacht liteartha the literary inheritance
" Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.
ag iarraidh caidreamh liteartha looking for a literary relationship
" (An eol do dhaoine, cuir i gcás, go bhfuil a dteanga féin acu in Goa agus go raibh na Portaingéalaigh ar a ndícheall á scriosadh? Beidh mé ag iarraidh caidreamh liteartha leis an dream sin a neartú amach anseo le cúnamh Dé.
Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh his energy (and pride) vented itself in literature
" Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid uabhair, agus nuair a dúnadh doirse an tSeanaid air, d’oscail sé Seanad liteartha eile ina cheann, an foras láidir bríomhar sin a fheictear ina úrscéalta ar Burr, Jefferson, Lincoln agus FDR.
an teanga liteartha is sine the oldest literary language
" A leochailí atá staid na teanga, an teanga liteartha is sine san Eoraip lasmuigh den Ghréigis atá fós á labhairt - agus í i mbéal báire ag lucht polaitíochta.
tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais L.’s literary talents arose from a feeling of absence
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais.
dá acmhainn liteartha seo greim air both of these literary resources grabbed him
" Rug an dá acmhainn liteartha seo greim air, agus mhúnlaigh Lincoln na téarmai agus na híomhanna éagsúla iontu gan stad gan staonadh le linn a shaoil pholaitiuil.
an dá chur chuige liteartha seo these two literary approaches
" Cumhacht Focail ======= Laoch mór aige Lincoln ab ea Shakespeare ach go háirithe Duncan i Macbeth (‘O my offence is rank!’), agus is féidir nasc a dhéanamh idir an dá chur chuige liteartha seo.
desna seoda liteartha of the literary gems
" Seo cúpla ceann desna seoda liteartha a thug sé fé ndeara, seoda a shoilsíonn na cathanna cultúrtha ba thábhachtaí le linn óige an tSaorstáit nua againn.
rinne sé ionsaí ar chur chuige liteartha daingin he attacked the strict literary approach
" Ina leabhar tábhachtach mar gheall ar a dhlúthchara Stephen Mc Kenna, Mo chara Stíofáin (1939), rinne sé ionsaí ar chur chuige liteartha daingin Daniel Corkery a bhí lán go béal le rialacha casta.
de réalta i gcuanta na spéire liteartha of stars in the heavenly havens of literature
" Dá mbeadh ceathrar dá samhail sin againn dob’ oirearc an tabhartas ó Dhia iad, ach monuar! Is annamh a chítear a gcomhghile sin de réalta i gcuanta na spéire liteartha….
Féile liteartha a literary festival
" Féile liteartha a bhfuil baint agam leis, sin é a bhí ann.
Tionchar mór ar chur chuige liteartha a great influence on W’s literary approach
" Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo.
stíl an ghaiscigh liteartha seo this literary warrior’s style
" Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo.
agus é ar thóir croílár a chuid intleachta liteartha as he sought the core of his intellectual literature
" Droim Láimhe don Seanchas ========== Cromann de Paor fé mhionscagadh ar gach focal i ngach aon scéal dar chum an Cadhnach agus é ar thóir croílár a chuid intleachta liteartha.
rannóg liteartha chúng sin this narrow literary sector
" Sa rannóg liteartha chúng sin, rannóg na mbotún, d’fhéadfaí Henry Adams a lua.
duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas the Oireachtas Literary Competition prizes
" Bronnadh duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas sa Cheoláras Náisiúnta ag tús mhí Dheireadh Fómhair.