Pota Focal Intergaelic
lóg | clog | flog | leog | liog
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
log staighre well of staircase
" Tachtadh iad nuair a shúigh na tinte an t-aer as an log staighre ina rabhadar.
carraig a bhfuil loig inti a rock which has dents in it
" Dúirt duine éigin liom: “Nuair a bhíonn lag trá ann, is féidir siúl amach go dtí carraig a bhfuil loig inti a rinne glúine Chumhaigh agus é ag guí chuig Dia.
Log indent
" Log beag fágtha sa gcraiceann théis a ligean.
log ciorclach circular hollow
" Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
chrainn snámha floating logs
" Ní hionadh mar sin gur theith breis is 2000 duine den phobal áitiúil laistigh den aon mhí amháin, de chois is de chrainn snámha, óna n-áit dúchais i ndúfairí iarthuaisceart na Colóime.
lomán log
" Téann luchóga beaga nó vóil bheaga i bhfolach faoi lomán nó grágán, nó faoin titim mhór sneachta fiú.
log hollow
" “Is Eorpach mé ó log m’imleacáin go gleann mo thóna,” a dhearbhaíonn Balor, fear a bhfuil saineolas aige ar chúrsaí gnéithe aiceanta agus ar chúrsaí tóna.
Bhuaileamar grágán mór we hit a large log
" Bhuaileamar grágán mór a bhí idir dhá uisce, toisc go raibh an abhainn chomh beag agus dorcha sin.
Log an Chiúinis the quiet hollow
" I leabhar Daniel Corkery dar bhaineas le meadaracht shaol Chathair Chorcaí darbh aimn Log an Chiúinis, déanann duine amháin ann mearbhall fén óráidíocht phoiblí.
grágáin mhóra de chrainn large logs of timber
" ” Agus dúirt an cailín liom í féin ina dhiaidh san go raibh sí sa champa seo agus an obair a bhí ar siúl acu, í féin agus fear eile, ná grágáin mhóra de chrainn a chur síos go dtí an abhainn agus iad a fhágaint go rachaidís síos agus oíche amháin, chuadar in airde ar cheann acu agus d’éilíodar amach agus sin an tslí a tháinig sise go dtí *America*.
Sinne sa Log agus Log ar an Lag us in the valley and feeling down
" Sinne sa Log agus Log ar an Lag =========== Uair an chloig eile de dhreapadh ar thalamh portaigh agus tháinig muid a fhad leis an ionad leathdhéanach san áit dhuairc ar a dtugtar 'The Col of Despondency' nó 'Mám an Éadóchais' mar a bhaist mé féin air.
log an lagair a chuimil liom the weak spell I felt
" Bhí bród agus lúchair orm go raibh mé i measc an bhaicle chróga seo agus dearmad déanta agam láithreach ar log an lagair a chuimil liom ag Mám an Éadóchais.
ní fios an log no one knows where
" Mheas Balor go raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar ár dTaoiseach tuisceanach macríúil tomhasta, ach ní fios an log a dtitfidh céad chnap eile na firmiminte anuas ar neach dearóil daonna.