Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leis an loingeas a athnuachan to renew the fleet
" Níl mé ag rá gur cheart airgead a chaitheamh go fánach leis an chomhlacht, ná fiú gur cheart an €1 billiún a mhaígh Brian Dunne a bheadh de dhíth leis an loingeas a athnuachan a bhronnadh orthu.
loingeas fleet
" Bhí impireacht bheag ag an chathair, a raibh caladh agus loingeas aici, agus bhí an Chorsaic agus an tSairdín faoina smacht.
loingeas forghabhálach abducting fleet
" Ach is féidir a rá ar an rud is lú go bhfuil an tír seo – tír atá in ainm is a bheith neodrach - ag tabhairt deise do loingeas forghabhálach an CIA a gcuid umar a líonadh sula dtugann siad aghaidh ar a gcuid misean fuadaithe.
loingeas fleet
" D’fhógair Ryanair in 2009, den chéad uair riamh, go raibh siad chun a loingeas agus a ngréasán a laghdú de bharr na gcostas ard agus na cánach nua comhshaoil.
ag ceannach loingeas úr buying a new fleet
" Loingeas úr Ba le teann íoróin a léigh mé lá i ndiaidh fhoilsiú an tuarascála go raibh Aer Lingus ag cur go mór lena n-eitiltí ar fud na hEorpa agus ag ceannach loingeas úr dá bharr.
loingis fleets
" Cumadh amhrán faoin tubaiste darb ainm ‘Camus Binne’ agus tá an chéad phíosa ar an leacht:“Bhí Camus Binne ag seinm ceoil dóibh’Is loingis faoi sheol ag teacht ann go dlúth;Is iomaí áras is reilig ghránnaÓ sholas Árann ’un an Chladaigh Mhóir.
loingeas fleet
" Sheol Margaret Thatcher, príomhaire na Breataine ag an am, loingeas na tíre sin isteach san Atlantach Theas agus cuireadh an chuid ba mhó de chabhlach na hAirgintíne go tóin poill.
loingeas shipping
" Mar a gcéanna, is lú an loingeas lasta guail a thabharfas aghaidh ar an tír seo ar fharraige thuaisceart na hEorpa ag triall ar an tír seo, le gual, de bharr obair na dteaghlach seo.
loingeas lasta merchant navy
" Rugadh Shackleton i gCill Chaoi, Co Cill Dara, i 1874 agus chuaigh sé isteach sa loingeas lasta ag 16 bliana d’aois.
loingeas fleet
" Smaoinigh freisin ar an mbealach ar éirigh le Raleigh Shasana an bua a fháil ar Armáid na Spáinne: bhí a loingeas beag agus aclaí.
an Chéad Loingeas the First Fleet
" Roghnaíodh an dáta seo don lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus ar 26 Eanáir 1788, nuair a bhuail an Chéad Loingeas, mar a thugtar air abhus, cloch is cuan i Sydney.
Chéad Loingeas first fleet
" Bhí Éireannaigh go leor i measc na ndaoránach sa Chéad Loingeas, gan aon agó, agus i measc na 162,000 daoránach a cuireadh chun na hAstráile sa chéad ochtó bliain den choilíneacht.
ag brath ar loingeas depending on shipping
" Tá an trácht seo mar chuid den taispeántas, chomh maith le spola de Pathé news ón choimhlint sa chathair, rud atá iorónta leis na círéibeacha nua a bhí le feiceáil ar an teilifís, an mhí seo caite, 2011! I rith na gcaismirtí i 1911, bhí an *Walker Art Gallery* ag iarraidh taispeántas bliantúil suntasach, *‘the Liverpool Autumn Exhibition’* a eagrú, ach bhí siad ag brath ar loingeas agus ar an iarnród chun pictiúirí a fháil anall as tíortha éagsúla ach chuir an stailc agus na círéibeacha stad le seachadadh gach ruda: *”Delivery just now is impossible.
loingeas shipping
" Tá nasc brónach idir an t-oileán seo agus Learpholl, mar sheol cuid mhaith den loingeas a tháinig i dtír ansin as Abhainn na Mersey, cuir i gcás an Virginius le 476 paisinéir ar bord.
loingeas an iarthair the western armada
" Ghlac roinnt d’iascairí an taoibh sin, an tSomáil, de fhreagaireacht orthu féin, easurraim an iarthair a agairt ar loingeas an iarthair, ar ais nó ar éigean.