Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buama loiscneach incendiary device
" Oíche amháin an mhí seo caite scaoil an PSNI (Police Service of Northern Ireland) urchair le Paul Donnelly, ball den "Fhíor-IRA" a bhí ag iarraidh buama loiscneach a fhágáil taobh amuigh d'oifig na cánach gluaisteán i mBéal Feirste.
sóid loiscneach caustic soda
" Nuair a rinne na saineolaithe scrúdú orthu fuair siad amach nach raibh an galar orthu agus is é an tuairim a bhí acu ná gur thug Leigh sóid loiscneach do na ba chun cúiteamh a fháil ón rialtas.
gaireas loiscneach incendiary device
" An tseachtain seo caite, fágadh gaireas loiscneach in JBB, siopa spóirt i lár Bhéal Feirste.
buamaí loiscneacha incendaries
" Agus neamhaird á déanamh acu ar an bhfianaise maidir le réamhfhios na nIosraelach, cuireann Snopes ceist reitriciúil: *“Why would Israel follow such a course of action, betray its staunchest ally, and doom thousands of innocent Americans to death?”* D’fhéadfaí fiafraí chomh maith cad chuige ar chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954? Nó cad chuige ar ionsaigh Iosrael an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967 nuair a mharaigh siad 34 Meiriceánach? Nó cad chuige nár thug Mossad rabhadh do SAM faoin ionsaí ar dhún na Muirshaighdiúirí i mBéiriút ar 23 Deireadh Fómhair, 1983 nuair a maraíodh 241 Meiriceánach? Nó cad chuige ar chuir Oibríocht na Traí de chuid Mossad ina luí ar Washington go raibh an Libia freagrach as an mbuamáil dioscó i mBeirlín ar 5 Aibreán, 1986 nuair a maraíodh beirt shaighdiúirí de chuid SAM? Go dtí seo, níl aon imscrúdú déanta ag Snopes faoi ghníomhartha fill seo na n-Iosraelach ar a “chomhghuaillí daingean.
loiscneacha incendiary
" Chuaigh siad go lár na cathrach agus chaith siad uaireanta i bhfoirgneamh ard ar faire do bhuamaí loiscneacha.
thit buama loiscneach air an incendiary bomb fell on it
" Tógadh an foirgneamh Gotach seo i 1832 ach scriosadh an 6ú Bealtaine 1941 nuair a thit buama loiscneach air díreach tar éis meán oíche.