Pota Focal Intergaelic
luigh | dluí | laí | láí | |
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cé nach raibh aon choinne aici luí le craoltóireacht although she wasn't expecting to become a broadcaster
" Bhí patachán trí bliana d'aois ag Neasa ag an am agus cé nach raibh aon choinne aici luí le craoltóireacht - bhí an chéim dhochtúireachta comhlíonta seachas an tráchtas - chuaigh sí sa tseans agus b'in sin! Thosaigh sí féin agus Seán Ó Tuairisc ag cur an chláir cúrsaí reatha "Cúrsaí" i láthair ag an am.
cur ina luí ar dhaoine convince people
" " Céard iad na fadhbanna a bhí acu go dtí seo? "Is dócha gurb é an rud is mó ná teacht ar an margadh agus cur ina luí ar dhaoine go bhfuil sé ceart go leor ceannach ar an idirlíon.
gan luí fúthu not to be too servile
" Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna.
ag luí isteach ar getting stuck into
" Cloiseann duine scéalta faoi na foghlaimeoirí a mbíonn an t-ádh dearg orthu agus a n-éiríonn leo cúpla rud, mar théipeanna agus leabhair, a cheannach agus iad ag luí isteach ar fhoghlaim na Gaeilge.
cur ina luí ar an aos óg convince the young people
" Más féidir linn cur ina luí ar an aos óg go bhfuil rud éicint acu ba mhaith leis an gcuid is mó de phobal na tíre a bheith acu, beidh linn.
a chur ina luí ar dhaoine to convince people
" Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh.
ag luí le gnás following custom/practice
" Is cinnte nach raibh sin ag luí le gnás, ach bíodh sin mar atá, mhionnaigh siad di gur sin mar a bheadh nó níor mhian le Myrtle achan duine faoin spéir a bheith ag amharc isteach uirthi ag rá "Orú, nach í atá cosúil léi féin".
cur ina luí ar impress upon
" "Ó thaobh na hailtireachta de, bíonn muid de shíor ag iarraidh cur ina luí ar na cliaint a bhfuil Gaeilge acu gur ráitis mhuiníneacha iad na foirgnimh a dhearann muid, a bhfuil sé mar aidhm acu ardú meanman a thabhairt don phobal agus don teanga.
cur ina luí ar na baill eile to convince the other members
" Tá sí mar Threoraí Gaeilge leis an chraobh sin agus tá ag éirí léi cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.
a chur ina luí ar an bpobal to convince the public
" Léiríonn na pobalmheasanna nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas a chur ina luí ar an bpobal gur chóir don Astráil a bheith páirteach in aon chogadh san Iaráic.
leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh to convince the judge of this
" Ní móide gur leor cúpla nóta scríofa ar chúl clúdaigh leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh agus tá seans maith ann go mbeidh gá le cód cleachtais éigin a shocróidh foras ar leith.
cur ina luí orthu to convince them
" Mar a dúirt duine amháin liom, téann sé i bhfeidhm ar dhaoine agus éiríonn leis cur ina luí orthu go bhfuil sé den tuairim go bhfuil an-tábhacht ag baint leo.
ag luí fúithi submitting to her, giving in to her
" Rinne Gerry gnúsachtach nach gcuirfeadh sásamh nó míshásamh in iúl ach a bhéarfadh le tuigbheáil nach raibh sé ag luí fúithi.
ag cur ina luí ar dhaoine convincing people
" Ach anseo in Éirinn, caithfidh tú leanúint ar aghaidh gach aon mhí ag cur ina luí ar dhaoine canathaobh a bhfuil tú á dhéanamh sa tslí seo agus cúiteamh ana-ard a íoc.
cur ina luí air to persuade him
" Ag an chruinniú, a tharla ina theach i mBaile Átha Cliath, deir an Ceannfort Trears gur deineadh iarracht cur ina luí air oibriú do sheirbhísí rúnda na Breataine agus gur dhiúltaigh sé.
thig libh a chur ina luí oraibh féin you can convince yourselves
" Ar an dóigh sin thig libh a chur ina luí oraibh féin amach anseo go raibh mearbhall oraibh agus sibh á scríobh, nó is léir don domhan is a mháthair go gcuireann an t-alt sin mearbhall ar gach duine a léann é.
luí leis to lie on
" " Ní thabharfadh sé de shásamh di éirí ar an toirt ach bhí a fhios aige nach raibh maith dó luí leis nó go ndéanfadh sí an oiread sin trup agus nach bhfaigheadh sé lá suaimhnis cibé.
cur ina luí ar dhéagóirí to convince teenagers
" Is feachtas idirnáisiúnta é seo, a tosaíodh i 1993 agus a bhfuil Life Way Christian Resources mar urra aige, agus tá sé mar chuspóir aige cur ina luí ar dhéagóirí agus ar mhic léinn coláiste gan gnéas a bheith acu go bpósann siad.
cur ina luí ar dhéagóirí to persuade teenagers
" Tá sé molta i gcáinaisnéis Bush go gcuirfí $270 milliún ar fáil do chláracha a bhfuil sé mar chuspóir acu cur ina luí ar dhéagóirí gur cheart dóibh staonadh ó ghnéas - sin dhá oiread is a cuireadh ar fáil do na cláracha seo anuraidh.
ó chuir muid ina luí orainn féin since we convinced ourselves
" Tá dabht orm nach bhfuil, ach cionn is nach nós linn leas ar bith a bhaint as an aidiacht sin agus sinn ag caint nó ag meabhrú ar ghnáthréaltacht ár saoil laethúil, is fada ó chuir muid ina luí orainn féin nach dtéann an dá fhocal, "réaltacht" agus "fíorúil", nach dtéann siad le chéile taobh amuigh de dhomhan nuaghinte nuafhaiseanta na ríomhaireachta.
cur ina luí ar a lucht leanúna to convince their supporters
" Polaitíocht seachas foréigean ======= Triail atá ar bun ag Sinn Féin sa mhéid is go bhfuil siad ag iarraidh cur ina luí ar a lucht leanúna go dtig le poblachtánaigh a n-aidhmeanna a bhaint amach fríd an pholaitíocht, ach caithfidh achan chuid de na míreanna mearaí a bheith ar an tábla le gur féidir sin a chur i gcrích.
chinn sí ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil she decided to get stuck into planning the novel
" Bhí Anna ag obair ar leabhar Béarla faoi inimircigh ag an am ach bhí moill ar an tionscadal áirithe sin, mar sin chinn sí ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil.
luí drámata na gréine a dramatic sunset
" " Rinne an t-ealaíontóir ceithre leagan de *An Scréach*, pictiúr a tháinig chuige i ndiaidh dó luí drámata na gréine a fheiceáil agus é amuigh ag siúl ar an 22 Eanáir, 1892.
a bhfuil luí acu leo that they have an interest in
" Is gá na daoine óga sin a léiríonn suim agus cumas a threorú, aire a thabhairt dóibh, traenáil cheart a thabhairt dóibh, cabhrú leo forbairt mar dhaoine agus mar lúthchleasaithe agus iad a threorú i dtreo na spórt a bhfuil luí acu leo.
cur ina luí ar thoscaireacht an DUP to convince the DUP delegation
" An mbeidh Ahern agus a aire úr Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, ábalta cur ina luí ar thoscaireacht an DUP go bhfuil siad sásta gach cuidiú a thabhairt dóibh, ach ag an am chéanna, bheith daingean go gcaithfidh "ailtireacht" Chomhaontú Aoine an Chéasta fanacht? Ar an chlár "Hearts and Minds" ar an BBC, dúirt Gregory Campbell go mbeadh difríochtaí móra idir Comhaontú 1998 agus Comhaontú 2005.
ar gá cur ina luí uirthi who needs to be convinced
" Ní duine mé ar gá cur ina luí uirthi go bhfuil Albain álainn mar thír, ach luaigh mé le hIan, mo chomhghleacaí ó Chomhairle nan Leabhraichean, agus muid ag déanamh ár mbealach suas go dtí an t-Eilean Sgitheanach, nach bhfaca mé an Ghaidhealtachd chomh hálainn seo riamh.
theip air é a chur ina luí ar mhórán he failed to convince many people
" Tuairimí maithe curtha chun cinn aige maidir le "gorlanna gnó" i gConamara ach má bhí fiúntas ina mholadh go ndéanfaí cuid mhór de ghnó an Údaráis a dhílárú go Casla, theip air é a chur ina luí ar mhórán.
cur ina luí ar dhaoine convince people
" Má tá aerfort agat, tá tú sáinnithe san áit a bhfuil tú; caithfidh tú a mhór a dhéanamh den áit sin agus cur ina luí ar dhaoine teacht chugat.
cur ina luí ar an teaghlach to convince the family
" Ach éiríonn leis an Athair Seán as Éirinn (guth an aisteora Éireannaigh Liam Neeson, réalta mór de chuid Hollywood) cur ina luí ar an teaghlach gurb é an bealach Caitliceach an ceann ceart.
chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar Seán decided to get stuck into the studying
" ” Céim oíche ======= Ceann de na cúiseanna go raibh an t-airgead gann ná gur chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar.
cur ina luí ar convince
" Caithfidh siad cur ina luí ar a lucht tacaíochta agus ar a mbaill “gurbh fhiú an braon fola”, go bhfuil siad ar thairseach a gceann scríbe.
le cur ina luí orainn to convince us
" Caithfidh na comhlachtaí nua Gaeilge a thuiscint nach bhfuil go leor déanta acu go dtí seo le cur ina luí orainn gur féidir leo rudaí mórthaibhseacha a dhéanamh.
cur ina luí uirthi to convince her
" ” Nuair a chuir Killoran in iúl do roinnt dá cairde an bhliain seo caite go raibh sí ag brath cur isteach ar an bpost seo le CSTTÉ, rinne siad iarracht cur ina luí uirthi athmhachnamh a dhéanamh.
cur ina luí ar to convince
" Mar, má dhéanann, ní bheidh glúin eile Éireannach i bhfad ag teacht ar ghunnaí nua agus tógfaidh sé i bhfad níos faide ná 30 bliain cur ina luí ar an IRA Nua na gunnaí sin a dhíchoimisiúnú.
cur ina luí ar to convince
" I dtosach rinne na Gardaí iarracht cur ina luí ar an bhfiosrúchán gur saolaíodh beirt leanaí do Joanne ag an am céanna, ach go raibh beirt fhear dhifriúla i gceist.
a chur ina luí orainn to convince us
" Ní raibh an dara suí sa bhuaile aige ach éirí as a phost, cé go ndearna sé tréaniarracht a chur ina luí orainn nárbh amhlaidh a bhí.
a chur ina luí ar an phobal to convince the public
" San am b’fhurasta don Pháirtí Liobrálach a chur ina luí ar an phobal gur cheart dóibh scanradh a bheith orthu roimh pholasaithe an Pháirtí Choimeádaigh ach gurbh fhéidir leis an phobal brath ar na Liobrálaigh chun cosaint a dhéanamh ar bhunluachanna ar nós an chórais sláinte phoiblí.
a bhfuil luí acu le peil who prefer football
" Ós rud é go bhfuil níos mó clubanna peile ná clubanna iománaíochta sa chontae, tá tromlach mór a bhfuil luí acu le peil ar choiste an chontae.
a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta to convince the players and the supporters
" Mar sin féin, seans go raibh bainistíocht fhoireann Átha Cliath sásta go leor tar éis an chluiche i gcoinne na hIarmhí sa mhéid is dá gcuirfeadh an fhoireann scór mór in airde i gcoinne na hIarmhí (d’fhéadfaidís 3-15 a scóráil gan stró) go mbeadh sé deacair a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta go raibh a lán oibre fós le déanamh acu ar pháirc na traenála.
cur ina luí ar dhaoine to convince people
" Bíonn Natasha ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine “nach gá fanacht sa bpost céanna, gur féidir athruithe a bhaint amach.
cur ina luí ar na baill eile to convince that other members
" Is ball an-ghníomhach í de le Chraobh Cooley Keegan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i San Francisco le tamall de bhlianta agus, mar Threoraí Gaeilge na craoibhe sin (agus Chraobh West Region), tá sé mar sprioc aici cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.
go raibh luí agam le rudaí eile. that I was into other things.
" Ach de réir a chéile, chonacthas dom go raibh rudaí eile a theastaigh uaim a dhéanamh, go raibh luí agam le rudaí eile.
a chur in luí ar mhuintir na háite to convince the locals
" Ba dheacair a chur in luí ar mhuintir na háite uaireanta go raibh mé díreach ag taisteal sa tír agus nach raibh mé ag déanamh aon obair d’Eagraíocht Neamhrialtasach éigin.
cur ina luí air to convince him
" Tháinig idir fhearg agus bhrón orm, ach b’fhánach an rud agam é féachaint le cur ina luí air go raibh dul amú air.
é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, to convince Iarnród Éireann and the government of this,
" Ach go dtí gur féidir leo é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, ní bheidh an dara rogha ag muintir na hUaimhe atá ag obair i mBaile Átha Cliath ach dul isteach ina ngluaisteáin agus cúpla uair a chaitheamh i bplódú tráchta.
cur ina luí ar an reachtas to convince the legislature
" “Bhí muid ábalta, mar sin, faoi 1971 nó 1972 cur ina luí ar an reachtas tacaíocht a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha agus an Native Language Center a bhunú mar chuid den tacaíocht sin.
ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí we won't manage to persuade two parents
" “Is cuma cad é a dhéanfaimid ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí teanga (dhúchasach) a labhairt lena bpáistí, agus sin an cheist is lárnaí i gcúrsaí marthanais teanga, ar ndóigh.
ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA trying to convince the members of the IRA
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
cur ina luí ar to convince
" Tá Heathrow mar dhaingean ag British Airways – is leo gach dara heitleán a thuirlingíonn nó a éiríonn den talamh ann – agus go dtí seo d’éirigh leo cur ina luí ar Rialtas na Bhreataine an *status quo* a choimeád.
le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste to convince the taxi drivers of Belfast
" I measc rudaí eile, tá feachtas curtha ar bun aige le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste gur chóir dóibh seirbhís níos fearr a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.
go dtig linn a chur in luí ar an lucht maoinithe that we can convince the funders
" “Measaim go bhfuil muid ag an chéim sin leis an chomhlacht teilifíse go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtig linn a chur in luí ar an lucht maoinithe (An Ciste Craoltóireachta Gaeilge) go dtig linn an obair seo a dhéanamh in ainneoin mise bheith tinn.
cur ina luí to persuade
" D’éirigh le Drewe cur ina luí ar a chomhchealgaire Myatt saothair de chuid na n-ealaíontóirí is mó a bhfuil aithne orthu sa domhan a chóipeáil.
ag cur ina luí orainn convincing us
" Cuireadh stop le chuile rud nuair a thángamar isteach, agus chaith an t-úinéir beagnach leathuair ag cur fáilte romhainn, ag moladh áiteanna le hithe iontu, agus ag cur ina luí orainn fanacht thar oíche ina óstán féin.
an fhoireann eile go léir ina luí orm, and the other team all lying on me,
" Agus mé brúite isteach sa phuiteach acu, agus an fhoireann eile go léir ina luí orm, bhíos cinnte go bhfaighinn bás díreach ansin.
chuir mé ina luí orthu I convinced them
" I Sasana, bhí siad rud beag buartha go raibh sé i nGaeilge, ach chuir mé ina luí orthu go rangófaí an scannán mar scannán eachtrannach.
ó bhreacadh an lae go luí na gréine. from daybreak to sunset.
" Ní raibh a fhios agam cén lá den tseachtain a bhí ann - nó cén t-am den lá, fiú - mar níor athraigh mé as na héadaí compordacha oíche a bhí á gcaitheamh agam ó bhreacadh an lae go luí na gréine.
le cur ina luí ar dhaoine to convince people
" Cuireadh feachtas ar bun le cur ina luí ar dhaoine sna coilíneachtaí éagsúla gur ghá dóibh teacht le chéile chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú.
Chuir sé ina luí ar a mhac he convinced his son
" Chuir sé ina luí ar a mhac ceithre bliana déag d’aois páirt a ghlacadh sa chath.
gur féidir linn cur ina luí orainn féin that we can convince ourselves
" Arís, léiriú ar chumhacht an mhiotais atá ann gur féidir linn cur ina luí orainn féin gur tír dhátheangach í Éire.
cur in luí ar shaineolaithe convince experts
" D'éirigh le George cur in luí ar shaineolaithe na hollscoile gur tharrtháil sé an píosa ón abhainn in aice le Preston, ag maíomh gurbh é sin ba chúis le hé a bheith fliuch.
réidh le luí isteach ready to concentrate
" Tá muid réidh le luí isteach ar an obair.
a chur ina luí orainn to convince us
" Titeann sé ar an rialtas agus ar na páirtithe atá ar son an chonartha, mar sin, a chur ina luí orainn gurbh fhiú vótáil ar a shon.
le luí isteach ar an obair. to get down to the work
" Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
cur ina luí orthu to convince them
" Samhlaigh chomh deacair is atá sé cur ina luí orthu clár a choimhéad i nGaeilge! Ar ais chuig an Ghaeilge.
cuireadh ina luí orainn we were convinced
" Ag na cruinnithe leis na scairshealbhóirí a bhí againn an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, cuireadh ina luí orainn go bhfuil gréasán carad ag *Lá Nua* ar chóir tairbhe níos mó a bhaint as.
ag cur ina luí ar imreoirí convincing players
" Bítear ag cur ina luí ar imreoirí a thábhachtaí is a bhíonn sé a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, lena linn agus roimh ré.
cur ina luí ar an gCoiste to convince the committee
" An raibh sé iontach deacair cur ina luí ar an gCoiste an cinneadh seo a ghlacadh de thairbhe na staire agus an traidisiúin a bhaineann leis an bhfoirgneamh áirithe sin? “Níor chuir mise ina luí ar aon duine aon rud a dhéanamh – tá mise fostaithe leis na fíricí a chur os comhair an Choiste le go mbeidh siad in ann teacht ar chinneadh.
cur ina luí ar dhaoine to convince people
" Theip orthu cur síos simplí a dhéanamh ar na príomhleasuithe a bhí molta ann agus theip orthu cur ina luí ar dhaoine go raibh na leasuithe seo ag teastáil go géar le go gcuirfí ar chumas an AE dul i ngleic le fadhbanna móra na haoise seo.
Ó dhúiseacht go luí. From waking til sleeping.
go mbeadh orm luí isteach ar an albam that I would have to get down to doing the album
" I mí Eanáir na bliana seo, fuair mé amach cén cineál sceidil a bhí leagtha amach don bhliain ó thaobh dátaí agus camchuairteanna de agus ba léir dom go mbeadh orm luí isteach ar an albam chomh luath agus ab féidir dá dteastódh uaim é a dhéanamh in 2008.
a chur ina luí uirthi instilled in her
" Cad chuige a bhfuil sí mar seo? An amhlaidh go mbaineann a tiomáint lena tógáil?Rugadh Roche i gCluain Meala sa bhliain 1955 agus deir sí gurbh iad a tuismitheoirí a chur ina luí uirthi an tábhacht a bhaineann le ceart sóisialta agus le saorálaíochas.
an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann to instill this bare truth into the people of Ireland
" An dúshlán atá roimh an rialtas anois ná an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann.
cur ina luí ar to impress upon
" Beidh an Rialtóir freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scéim tharrthála a d'fhógair an rialtas an mhí seo caite agus ba mhaith leis an Uasal Neary cur ina luí ar an phobal go mbeadh an Rialtóir cumasach agus é ag tabhairt faoin obair sin.
cur ina luí ar to convince
" Dar leis, d'éirigh le hUachtarán na Fraince, Nicolas Sarkozy, atá ina Uachtarán ar an Aontas, brú a chur ar na Rúisigh tarraingt siar, agus d'éirigh leis fosta cur ina luí ar bhaill an AE go raibh sé ríthábhachtach labhairt d'aon ghuth faoin ghéarchéim airgeadais.
go dté tú a luí till you go to bed
" – “Ó éireoidh tú ar maidin, go ham bricfeasta, go dté tú a luí an oíche sin, tá gach rud leagtha amach.
a chuir ina luí ar who convinced
" Macalla ansin d’Aunt Edna agus do mhuintir Griswold sa scannán National Lampoon’s Vacation! Jean-Claude Romand Ach is scéal níos casta fós é cás Jean-Claude Romand a chuir ina luí ar a bhean chéile agus ar a chomhluadar gur dhochtúir é a bhí ag obair don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sa Ghinéiv.
Chuir sé ina luí ar he convinced
" Chuir sé ina luí ar dhaoine cén cuidiú a bheadh de dhíth ón phobal féin agus cé hiad na spriocanna a bheadh i gceist chun feabhas a chur ar an gheilleagar.
a chur ina luí ar to convince
" Cén dochar, ní bheidh maolú aon phioc ar an dúshlán a bheas roimh an Aire: ’s é sin a chur ina luí ar phobal amhrasach le linn cúlú mór eacnamaíochta gur fiú airgead agus dua a chaitheamh ar an Ghaeilge.
chur ina luí ar to convince
" Ceann de na rudaí is tábhachtaí atá tugtha faoi deara agam anseo, agus a ndéanfaidh mé tréaniarracht a chur ina luí ar mo chairde sa bhaile, ná an bhraistint soirbhíochais atá le brath fud fad na háite abhus.
ag iarraidh a chur ina luí ar trying to convince
" Le tamall anuas, tá nuachtán bolscaireachta na nuachoimeádach, The Weekly Standard, faoi stiúir William Kristol, ag iarraidh a chur ina luí ar phobal Mheiriceá go bhfuil baint idir na foghlaithe mara agus sceimhlitheoirí Ioslamacha.
Caithfear cur ina luí shall have to be convinced
" Cad é le déanamh? Caithfear cur ina luí ar mhuintir na tíre ar fad gur thit na huafáis seo amach mar a tuairiscíodh.
cuireadh ina luí induced
" ” Is é foinse na géarchéime geilleagraí ná ‘comhdhearcadh’ a cuireadh ina luí orainn ár muinín a chur ann, a mhaíonn Jeff Gates in agallamh le Beo! Dar le Gates, a bhí ina abhóide don Choiste Airgeadais de chuid Seanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987, go ndearna an dearcadh seo an-dochar do thromlach mór na ndaoine ar mhaithe le mionlach fíorbheag.
luí na gréine sunset
" D’fhógair Mahatma Ghandí gur mhéadaigh a anam in ómós don Chruthaitheoir, nuair a mheabhraigh sé ar áilleacht luí na gréine nó na gealaí.
chur ina luí to convince
" Mar sin féin, agus geimhreadh na bliana seo ag druidim linn, beidh na meáin ag iarraidh a chur ina luí orainn gurb é ulpóg na muc an bhagairt is mó don chine daonna ó bhí an phlá ann.
chur ina luí convince
" Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a chur ina luí ar Bhalor, an Tuairisceoir Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc.
Cur ina luí ar to convince
" Mar a dúirt Oideas Gael ag an am: "Táthar ag súil go n-éireoidh leis an tionscadal: Cur ina luí ar lucht oiliúna go bhfuil achmainní luachmhara dúchasacha ag an réigiún, idir scileanna traidisiúnta agus ábhair;Taispeáint gur féidir fiontar inbhuanaithe a chruthú sa phobal trí na scileanna a fhoghlaimeofar a úsáid le freastal ar riachtanais chomhshaoil, ealaíonta agus tógáil baile an réigiúin;Cuidiú le caomhnú an chomhshaoil thraidisiúnta agus le coinneáil na sainfhéiniúlachta cultúrtha, rud a chuirfidh go mór le fás na turasóireachta cultúrtha sa Ghaeltacht;Eiseamláir a chur ar fáil a mbeidh pobail eile ábalta scrúdú a dhéanamh uirthi agus úsáid a bhaint aistí mar acmhainn phraicticiúil chun tionscadal forbartha tuaithe eile a chur i bhfeidhm .
i luí seoil while giving birth
" An Cur Chuige Cheisteach Arbh í iníon an Dochtúra a leag an bobghaiste dó, mar díoltas as a mí-úsáid fána láimh? Tá an Dochtúir i gcaidreamh fuarghnéis leis an mbean chabhrach bhocht, a tháinig chun cónaithe leis tar éis bhás a mhná i luí seoil.
chur ina luí orainn to convince us
" Céard atá na daoine idir sinn agus na firicí ag iarraidh a chur ina luí orainn faoi láthair? Tá siad ag rá go bhfuil feabhas ag teacht ar an ngeilleagar agus go bhfuil airm eithneacha na hIaráine, nach ann dóibh, ina bhagairt mhór ar an domhan trí chéile.
chur ina luí ar to convince, convincing
" D’éirigh leis a chur ina luí ar údaráis scoile gur féidir bia atá folláin agus blasta agus atá réasúnta saor chomh maith a chur ar fáil do phobal na scoile seachas an bia próiseáilte domhainfhríochta a raibh taithí acu air.
chur ina luí ar convinced
" D’éirigh le Fianna Fáil a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann arís is arís eile go mba é an t-aon pháirtí polaitíochta as a bhféadfaí a bheith muiníneach le bheith i rialtas agus go mba páirtí é a chuir leas fadtéarmach na tíre roimh aon ní eile.
luí inclination, sympathy
" Beidh Balor i gcónaí buíoch de Chrom Dubh agus de fhíordhéithe fáthrúnda fáistineacha eile na hÉireann nach raibh luí aige riamh le Fianna Fáil ná leis na Glasraí; le Fine Gael ná leis na Stickies; le Sinn Féin ná leis na Mé Féiners.
luí lofa lewd lying
" ” Maíonn Iris go bhfuil an Pápa ar aon fhocal léi faoi ghráiniúlacht an luí lofa sin, agus sa mhéid sin tá an ceart ar fad aici.
ag luí le agreeing with
" Tá ceist pholaitiúil déanta as seo, ach ní dóigh liom go bhfuil seasamh Fhine Gael ag luí le tuairimí na múinteoirí ná na saineolaithe teanga, ná go deimhin, le dearcadh mhuintir na hÉireann.
chur ina luí ar to convince
" Trí lá agus trí oíche a thóg sé ar Bhalor a chur ina luí ar ghardaí an Ardeaspaig nach raibh sé ina spiaire do na heaspaig, nó ina shagart i mbréagriocht.
ag cur ina luí convincing
" Bhain O Kelly a cáilíochtaí amach ón Guildhall School of Music and Drama in 2007 agus cruthaíonn sí í féin go sonrach nuair a théann sí as a cranna cumhachta ar fad le Seán, í ag cur ina luí air go bhfuil sé ‘ag dul suas ar chuile striapach sa bhaile’ agus anois á dtabhairt abhaile leis.
ag cur ina luí ar making known
" Is annamh a fheictear maoir ag cur ina luí ar réiteoir go bhfuil feall déanta.
cur ina luí ar to convince
" ” Ach an chloch is mó ar a phaidrín ná Obama agus an iarracht (thar a bheith lag) a rinne sé cur ina luí ar Netanyahu deireadh a chur le tógail áitrimh nua ar thailte gafa.
cur ina luí ar to convince
" Bhí geilleagar na tíre ag cúlú agus an tUachtarán Obama ag glacadh a phoist 21 mhí ó shin, agus ní léir go fóill go bhfuil an cúlú thart, ainneoin go bhfuil lucht geilleagair ar a ndícheall ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine go bhfuil an chuid is measa thart.
ina luí ar convince
" An gceapann Obama agus Clinton go gcuirfidh an bhreab seo ina luí ar Netanyahu deireadh a chur leis an bhforghabháil agus glacadh le stát Pailistíneach inmharthana? Nach bhfaca siad an fhístéip a nochtadh ar theilifís Iosraelach i mí Iúil i mbliana? I ngan fhios do Netanyahu, rinneadh físeán den chomhrá a bhí aige le háitritheoirí Giúdacha ar an mBruach Thiar i 2001.
a chur ina luí ar to convince
" Rinne Rúnaí Stáit George Marshall agus Rúnaí Cosanta James Forrestal a seacht ndícheall a chur ina luí ar Uachtarán Harry Truman gan tacaíocht a thabhairt do na Síónaigh.