Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is luachmhaire most valuable
" Is de bhunús Laidineach duine is gach ochtar sa tír, agus tá páistí na Laidineach i measc na n-acmhainní is luachmhaire dá bhfuil ag Meiriceá.
Is luachmhaire na crainn trees are more valuable
" Is luachmhaire na crainn agus éiceolaíocht Chill Mhantáin dúinn ná oidhreacht agus cultúr an duine dhaonna, is cosúil.
is luachmhaire most valuable
" (Ní gá dóibh a bheith buartha: dianchosc ar chearrbhachas sa tír seo… ainneoin gur i nDúbai a ritear an rás capall is luachmhaire ar domhan).
an toradh is luachmhaire agus is buaine the most valuable and lasting result
" Leabhar álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú ag Cannongate (féirín iontach Nollag do chara a síleann tú cuid mhór de), an dara toradh, agus an comhoibriú leanúnach idir ealaíontóirí sa dá thír a d'eascair as an tionscadal an tríú toradh agus, i ndeireadh na dála, b'fhéidir, an toradh is luachmhaire agus is buaine.
níos luachmhaire more valuable
" Ach má bhain an tsraith *Tutenstein *(féach an painéal thíos) an criostal dóibh, bhí duais i bhfad níos mó agus níos luachmhaire acu freisin, agus b'in é aitheantas a gcomhghleacaithe sa tionscal, ainmneacha móra Hollywood ar nós Disney agus Warner Brothers ina measc.
ar luachmhaire go mór é which is a lot more valuable
" Ach má bhí Garda nó Gardaí i gclaonpáirtíocht leis an IRA, agus is deacair a shamhlú nach raibh, is ag rannóg eolais an IRA a bheadh an t-eolas seo agus is féidir a bheith measartha cinnte nach mbeidh an IRA ag tabhairt aon eolas maidir lena ngréasán eolais, ar luachmhaire go mór é ná gach píosa armlóin dá bhfuil acu.
is luachmhaire the most valuable
" Cé gur tearc logainmneacha a bhíonn le fáil iontu, is iad na foinsí dúchais i nGaeilge agus i Laidin is luachmhaire; gach rud ón 7ú céad anuas go dtí an 19ú - annála, ginealaigh, féilirí agus beathaí na naomh, prós agus filíocht de gach uile chineál.
a lán fianaise luachmhaire a lot of valuable evidence
" Thóg sé cúpla lá ar na póilíní luach na n-íomhánna sin ar fad a thuiscint – ach anois tuigeann siad go bhfuil a lán fianaise luachmhaire iontu.
an craiceann is luachmhaire the most valuable skin
" Cúpla lá i ndiaidh dó éirí as, bhí deis iontach acu an craiceann is luachmhaire sa chomhaireacht a fheannadh – an tAire Dlí is Cirt, Michael McDowell.
níos luachmhaire more valuable
" An dóigh ar buaileadh daoine eile leis an ghalar céanna seo, rinne siad dearmad go bhfuil rudaí níos tábhachtaí agus níos bunúsaí agus níos luachmhaire ar an saol seo ná an chomhghleacaíocht.
is luachmhaire most precious
" Beidh an t-ilteangachas ar cheann de na ghnéithe geilleagair is luachmhaire agus is leasmhaire i ré an eolais.
is luachmhaire richest
" D’fhéadfaí na síolta is áille agus is luachmhaire den traidisiúin a tharrtháil sa Ghaeltacht agus a chur sa Ghalltacht.
is luachmhaire of greatest value
" Na cinn is luachmhaire ná iad siúd atá neamhinste, agus áirímist a leithéid sa tsamhlaíocht, san inspioráid agus san iomas.
is luachmhaire most precious
" Labhrann sí faoi thábhacht agus faoi anam na teanga agus ar sí: “Domsa ’sí an Ghaeilge an rud is luachmhaire atá agam”.
an rud is luachmhaire the most precious
" Ach is í aiste iontach Dhiarmuid Uí Ghiolláin an rud is luachmhaire sa bhFestschrift seo, gan trácht ar an seoladh isteach pearsanta a dhéanann achoimriú suimiúil ar éachtaí intleachtúla a charad le tríocha bliain anuas.
an acmhainn is luachmhaire the most precious resource
" Níl aon amhras go bhfuil géarchéim ann don earnáil dheonach agus baineann sé leis an acmhainn is luachmhaire nach mbíonn ar díol áit ar bith.