Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
luaidhe lead
" Tá ábhair dhainséaracha ar nós luaidhe agus mearcair in a lán ríomhairí agus má fhágtar an saghas sin trealaimh i láithreáin dramhaíola cruthaítear fadhbanna fadtéarmacha comhshaoil.
laghdú luaidhe lead abatement
" " Idir an dá linn, rinne Cole obair i laghdú luaidhe, ansin fuair sé post mar chigire tógála.
pheann luaidhe pencil
" Faoi láthair nuair a chaitheann daoine in Éirinn vóta i dtoghchán, déanann siad é trí pheann luaidhe a úsáid chun uimhreacha a chur i mboscaí taobh le hainmneacha na bpolaiteoirí ar phíosa páipéir.
phinn luaidhe pencils
" "Bhíodh mo leabhair agus mo phinn luaidhe agam i gcónaí nuair a bhíos óg, ag breacadh síos na rudaí a chonaic mé timpeall orm," a deir sí.
peann luaidhe pencil
" ” An Saothar Tá cruinneas an ailtire le feiceáil ina sceitseanna tosaigh, déanta le peann luaidhe, agus is léir an sult a bhaineann sé as an sceitseáil.
Teilg Luaidhe cast lead
" B’fhéidir gur fíor dó – mar céard eile ach ‘barbarachas’ a thabharfá ar an stát a d’ordaigh Obráid Teilg Luaidhe ar mhuintir Gaza gan chosaint an Nollaig seo caite.
Oibríocht Teilg Luaidhe Operation Cast Lead
" I ndiaidh Oibríocht Teilg Luaidhe, inar maraíodh os cionn 300 páiste i Stráice Gaza, vótáil Schakowsky ar son rún Tí ag tacú le ceart Iosrael í féin a chosaint.
ndéantar iad a lámhach le luaidhe they’re shot with lead bullets
" 6 milliún duine sáite isteach ansin faoi smachtbhannaí na mblianta, gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige agus go ndéantar iad a lámhach le luaidhe, nó tine ghealáin - fosfar bán - a chartadh ón aer orthu, ó am go chéile, le cead an domhain chláir.
a bhfuil luaidhe ina gcuid fola who have lead in their blood
" Tuigeadh ar feadh na mblianta i dtaobh páistí a bhfuil luaidhe ina gcuid fola, ar leibhéal íseal go fiú, gur dóichí go mbíonn siad fogha foréigneach.
luaidhe san artola lead in the petrol
" Ó na seachtóidí i leith, nuair a cuireadh deireadh le luaidhe san artola, tá leibhéal na luaidhe san aer ag titim.
pinn luaidhe pencils
" Le linn na drochaimsire féin agus muid coinnithe istigh faoi dhíon, bhí neart cluichí a bhféadfaí a imirt – caitheamh saigheada nó fáinní; táiplis, nathracha nimhe agus dréimirí; cártaí agus ‘lúdó’, agus bhíodh páipéar, criáin, marla, péint uisce agus pinn luaidhe againn chun an t-am a mheilt go dtiocfadh an ghrian amach arís.
scaoileadh luaidhe shooting of lead
" Bhuail Catherine Foley isteach chun cainte le Pauline Nic Craith i Rinn Ua gCuanach, bean a bhí lonnaithe i mBéal Feirste agus a d’oibir mar altra ann i rith na mblianta ba mheasa a raibh an dortadh fola agus an scaoileadh luaidhe, rubair is plaistigh ina reacht.