Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht athbheochan na teanga language revivalists
" Is dócha gurbh é bunú Choláiste na Rinne a shábháil Gaelainn na nDéise ón uaigh; comhfhiontar de shórt a bhí anseo idir muintir na háite agus lucht athbheochan na teanga.
lucht lorgtha na fírinne those in search of truth
" 'Bígí ag cuartú faoina bhun, ach ná bainigí sult as!' a chomhairlíonn Balor do lucht lorgtha na fírinne.
lucht cuartaithe na dídine asylum seekers
" 'Tá sibh ag teacht isteach sna leoraithe míchearta,' a chomhairlíonn Balor do lucht cuartaithe na dídine in Éirinn.
lucht gnó business people
" Má fhaigheann a pháirtí a lán vótaí san olltoghchán seo, b'fhéidir go mbeadh an misneach ag Tony Blair a bheith níos radacaí in ionad a bheith ina Sheoinín don lucht gnó.
lucht féachana scanraithe a scared audience
" Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.
D'aontaigh an lucht gnó the business people agreed
" D'aontaigh an lucht gnó go raibh an eagraíocht tábhachtach i bhforbairt shaol na Gaillimhe agus go raibh sí ag cur go mór le híomhá chultúrtha na cathrach.
lucht leanúna supporters
" Ceart go leor, beidh siad ag imirt lena gcuid clubanna áitiúla agus tá an t-ádh ar an lucht leanúna a fheicfidh iad i mbun imeartha an chuid eile den samhradh seo.
lucht tacaíochta fans
" " Tríocha bliain tar éis bhás Morrison, tá glúin nua ina lucht tacaíochta aige agus ní dócha go dtiocfaidh laghdú ar an méid suime a chuirtear ann go ceann i bhfad.
lucht éisteachta dílis loyal audience
" Bhí Danú, grúpa a bhfuil ceangal aige le Gaeltacht na Rinne, ag casadh ceoil do lucht éisteachta dílis agus Robbie Hannon agus Paddy Glackin ag seinm ó dhubh go geal.
lucht tacaíochta supporters
" " Páirtí nua ======= Bhunaigh Higgins agus a lucht tacaíochta Militant Labour agus d'athraigh siad an t-ainm sin go dtí An Páirtí Sóisialach i 1997.
lucht táirgthe arm arms manufacturers
" Tá an lucht táirgthe arm is mó ar domhan san Aontas.
lucht tacaíochta supporters
" Faigheann an fhéile urraíocht airgid ó fhoinsí éagsúla is fíor, ach tagann an oiread céanna, nó níos mó b'fhéidir, óna lucht tacaíochta féin.
lucht tacaíochta supporters
" Níl sé daonlathach gur féidir leis an Taoiseach aon duine dhéag dá chuid lucht tacaíochta féin a cheapadh.
an Lucht Taistil the Travellers
" Chuile sheans freisin go dteipfeadh ar an Lucht Taistil cuóta a bhaint amach.
Lucht Múchta Tine firefighters
" Lucht Múchta Tine ======= Ar an Máirt chinniúnach san agus na mílte ag teitheadh lena n-anam ón dá Thúr anuas, bhí Lucht Múchta Tine Nua-Eabhrac ag dul suas i gcoinne an tráchta.
lucht slandála security people
" chomh maith le lucht slandála, lucht tarrthála agus daoine eile nach iad a íoc.
lucht leanúna supporters
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
lucht bunaithe founders
" Tá ag éirí go han-mhaith le TG4 anois, a bhuíochas sin ar lucht bunaithe an stáisiúin, saineolas an chéad cheannasaí Cathal Goan agus an modh oibre straitéiseach atá ag a chomharba Pól Ó Gallchóir agus a fhoireann.
lucht déantúsaíochta manufacturers
" Smaoinigh ar na táirgí nua a tháinig ar an margadh le 10 - 20 bliain anuas - cén chatagóir ina bhfuil muid ar fad maidir le dlúthdhioscaí, oighinn mhicreathonnacha, teileafóin shoghluaiste, an córas miondiosca don cheol, nó úsáid an idirlín? An botún a dhein lucht déantúsaíochta na bhfón póca ná go rabhadar ródhóchasach faoi líon na ndaoine a cheannódh fón soghluaiste, nó a chaithfeadh amach fón breá le ceann níos fearr a fháil.
ráta athraithe lucht oibre staff turnover rate
" Bhí an ráta athraithe lucht oibre iontach ard, ní nach ionadh.
lucht tacaíochta supporters
" Éagórach ======= An rud a chuir olc ar go leor do lucht tacaíochta an stáisiúin ná go raibh an chuma ar an scéal go raibh na ciorruithe a bhí á ndéanamh ar RnaG níos déine ná mar a bhí ar a deirfiúracha in RTÉ, Radio 1 agus 2FM.
lucht iarrtha tearmainn asylum seekers
" Tá an ceannaire nua Simon Crean ag rá go mb'fhéidir gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an tacaíocht a thug siad don rialtas faoin lucht iarrtha tearmainn.
an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta defeat the terrorists
" Ar ndóigh, déanann daoine an neamhaird seo ar an Bhunreacht a chosaint trí thagairt a dhéanamh don tslándáil náisiúnta agus an dóigh a gcaithfear an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta.
lucht na cumhachta those with the power
" Measaim féin go bhfuil na caimiléirí is mó le fáil i measc lucht na cumhachta.
lucht timpeallachta environmentalists
" Cuireadh i leith lucht timpeallachta go raibh a ndearcadh féin faoin gcineál sin dó ag cur leis an gcontúirt a bhíonn ann nuair a imíonn na tinte ó smacht.
lucht cuardaithe tearmainn asylum seekers
" Tá obair mar seo ar siúl ag cairde eile liom - ag cruthú caradais le lucht cuardaithe tearmainn nó le seandaoine.
lucht eagraithe organisers
" Is éard a bhí i gceist ag an am ná imeacht aon uaire, ach tá lucht eagraithe Féile 2000 ar ais i mbliana le Féile 2002, a bheas ar siúl sa chathair idir 26 - 31 Márta.
lucht leanúna gailf agus iomána golf and hurling fans
" Cé gur gnáthfhadhb ag lucht leanúna gailf agus iomána é an liathróid a leanúint ar an teilifís, tá an fhadhb níos measa ar an idirlíon.
an lucht taistil the Travellers
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
lucht cuardaithe tearmainn asylum seekers
" Idir an dá linn chuaigh lucht cuardaithe tearmainn atá á gcoinneáil go héigeantach san Astráil ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh dhrochstaid na n-ionad coinneála agus chun brú a chur ar an rialtas eolas a thabhairt dóibh maidir le stádas a n-iarratas víosa.
a lucht aitheantais the people they know
" Mar shampla, le 'Group Text', tá daoine á úsáid chun scéalta grinn a scaipeadh chuig a lucht aitheantais mar a dhéantar thar an ríomhphost go minic.
lucht bainistíochta management
" Bíonn sé deacair clár leathuaire a líonadh!" Chuir sé iontas orm a chloisteáil gur Gaeilge a labhraíonn lucht bainistíochta zamano ina measc féin san oifig.
lucht cáinte na heaglaise church critics
" Go dtí le fíorghairid, d'fhéadfaí a bheith cinnte de rud amháin tar éis aon scannal san eaglais: labharfadh croíghrúpa beag daoine, dream coimeádach den chuid is mó, amach agus chuirfeadh siad i leith lucht cáinte na heaglaise gur frith-Chaitliceachas caolchúiseach a bhí ar bun acu.
an lucht taistil Travellers
" Beidh an lucht taistil ar thaobh an bhealaigh mhóir agus beidh liosta feithimh na n-ospidéal níos faide ná riamh.
lucht díolta carranna athláimhe second-hand car sellers
" Ach sin ráite, tá ceisteanna le freagairt ag an triúr, agus bíonn cuma lucht díolta carranna athláimhe ar urlabhraithe Shinn Féin bunús an ama agus iad faoi agallamh faoin chás.
lucht leanúna fans
" Nuair a tharlóidh sé - agus is cinnte go dtarlóidh - beidh deighilt i measc lucht leanúna in Éirinn ó thaobh dílseachta de.
don Lucht Taistil for Travellers
" Dá mbeadh fíorspéis ag an Taoiseach sna moltaí a rinneadh bheadh sé tar éis ainmniúchán a thabhairt do leithéid Kathryn Sinnott, a sheas don Dáil agus don Seanad le haird a tharraingt ar an easpa tacaíochta atá ar fáil do dhaoine míchumasacha, nó do Rosaleen McDonagh a sheas ar son cearta don Lucht Taistil.
an lucht neodrach the neutrals
" Ba mhór an t-ardú croí a thug a mbuanna i gcoinne Chorcaí agus Thiobraid Árann do lucht leanúna na hiomána agus ba bhreá leis an lucht neodrach go leanfaidís ar aghaidh agus Craobh na hÉireann a bhreith leo.
lucht agóide frithchogaidh anti-war protesters
" Chuir lucht agóide frithchogaidh in iúl gur iadsan a bhí freagrach as na buamaí seo ar a dtabharfaí gníomhaíocht sceimhlitheoireachta seachas gníomhaíocht choiriúil sa lá atá inniu ann.
lucht scimeála an idirlín Internet surfers
" An chuid is mó den am, bím ag déanamh taighde ar an Ghaeilge fá choinne foclóra Fionlainnise agus Gaeilge atá mé a chur ar an idirlíon, nó ag scríobh leathanaigh eolais nó siamsaíochta as Gaeilge le haghaidh lucht scimeála an idirlín.
lucht na léirmheastóireachta critics
" Tá andúil agam i scríbhinní Mháire, nó tá Gaeilge iontach iontu, cibé locht atá orthu mar litríocht - agus sílim go bhfuil an iomarca déanta de na lochtanna ag lucht na léirmheastóireachta.
lucht leanta fans, supporters
" Agus ag tagairt do Pháirc an Chrócaigh, is cosúil go mbíonn an ghrian ag taitneamh i gcónaí ansin! Ní shílim gur thit aon deoir bháistí ann ar feadh an tsamhraidh ach oiread, cé gur sileadh neart deora ó am go ham! Aithním nach samhradh breá a bhí ag na feirmeoirí nó ag lucht saoire agus turasóireachta ach ag lucht leanta na gcluichí Gaelacha bhí samhradh den scoth de bharr fheabhas agus chaighdeán agus éagsúlacht na gcluichí éagsúla.
lucht éisteachta audience
" Ní dóigh liom gur féidir linn a rá ná gur féidir le héinne a rá go bhfuilimid ag díriú isteach ar *niche *áirithe amhrán mar tá réimse ceoil idir lámha againn, agus ceapaim go dtaitníonn sé sin leis an lucht éisteachta freisin.
lucht oibre Caitliceach Catholic working class
" " Ba dhuine de cheithre pháiste déag é athair McEvoy agus d'oibir sé mar dhoirseoir agus mar phluiméir i ngach cúinne de Greenwich Village, ar chomharsanacht den lucht oibre Caitliceach ba mhó a bhí ann ag an am.
lucht rachmais rich people
" Tá na bancanna ciontach as a bheith ag cuidiú le lucht rachmais a gcud airgid a chur i bhfolach i gcuntais eischósta.
clubanna lucht leanúna supporters' clubs
" De bharr go bhfuil an méid sin Éireannach ag an Stadium of Light, ní ionadh ar bith go bhfuil clubanna lucht leanúna Sunderland i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste anois.
ag caitheamh go féaráilte le lucht iomána treating the hurling people fairly
" Fadhb eile a fheiceann sé i mBaile Átha Cliath ná nach bhfuil cuid de na clubanna ag cur na hiomána chun cinn nó fiú ag caitheamh go féaráilte le lucht iomána acu féin ach a mhalairt, is é sin bíonn siad ag iarraidh iománaithe maithe a iompó ar an bpeil agus in aghaidh na hiomána.
líon lucht féachana the number of viewers
" ' Má chuirtear líon lucht féachana an Domhnaigh agus líon an Luain le chéile, d'fhéach tuairim is 140,000 duine ar an gclár a craoladh faoin Airgintín cúpla seachtain ó shin.
cheardchumann an lucht iompair transit union
" Bhí sé seo soiléir amach is amach i mí na Nollag nuair a bhagair an 34,000 ball de cheardchumann an lucht iompair stop a chur le seirbhís bus agus traenacha fothalún na cathrach, mura mbeadh ardú an-mhór pá i gceist ina gconradh nua.
páistí lucht cuardaithe tearmainn the children of asylum seekers
" Tá sí ag obair le páistí lucht cuardaithe tearmainn.
lucht foilsitheoireachta publishers
" Ar an gcaoi seo, is féidir le lucht foilsitheoireachta i dtíortha go leor súil a chaitheamh ar leabhra ón iasacht, agus cuid acu a chur á n-aistriú, má thaitníonn siad leo.
phoblachtaí an lucht oibre workers' republics
" Leabhar faoi phoblachtaí an lucht oibre sa nGearmáin i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda atá ag fear na Sualainne; baineann saothar Kross le forlámhas na Rúise san Eastóin idir an dá chogadh; cur síos ar éirí amach sa gCréit in aghaidh na dTurcach thart ar 1870 atá i leabhar Galanaki.
lucht a fhorbartha its developers
" D'fhéach lucht a fhorbartha le cearnóg baile mhóir seanfhaiseanta a athchruthú, sa dóigh is go mbraithfeadh muintir na háite go raibh siad ag maireachtáil i sráidbhaile beag ina raibh "stíl mhaireachtála níos simplí agus níos taitneamhaí" ná mar atá le fáil áiteanna eile.
Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí Drug Treatment Centre
" Cé gur tháinig titim, de réir mar a chuaigh na hochtóidí ar aghaidh, i líon na ndaoine a cúisíodh, tháinig méadú sa líon andúileach cócaoin a bhí ag freastal ar an Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí.
lucht leanúna caide Chiarraí Kerry football supporters
" Bhain sé úsáid as an Laidin agus an Ghaeilge chun comhthéacs cultúrtha agus teanga a chruthú do ráiteas conspóideach Pháidí Uí Shé gur ainmhithe iad lucht leanúna caide Chiarraí.
lucht an ionraidh the invaders
" Faoin gceannteideal caithréimeach "We are all Iraqis now", scríobh Shukrallah faoin athrú meoin a tharla san Éigipt nuair a thuig daoine nach cogadh cúig lá a bheadh ann, agus go raibh muintir na hIaráice ag troid go calma i gcoinne lucht an ionraidh.
lucht bailithe bruscair garbage collectors
" Is cinnte nár chuidigh sé leis an scéal go raibh oiread de na póilíní, de na fir dhóiteáin agus den lucht bailithe bruscair ina gcónaí i bhfad ó Manhattan ach go raibh orthu dul isteach ansin agus a bheith ag plé leis na hagóidithe.
do lucht na meán cumarsáide for the media people
" Dúirt urlabhraí ó na Náisiúin Aontaithe gur chun spás a dhéanamh do lucht na meán cumarsáide a rinneadh an taipéis a chlúdach, nach raibh cinsireacht i gceist.
lucht léirsithe protestors
" " "Agus cad é faoin lucht léirsithe a bhíonn ag agóid in éadan fhórsaí Mheiriceá a bheith ag úsáid Aerfort na Sionainne? Nach cairde leat iad sin?" a d'fhiafraigh Balor.
suíomh lucht comhoibrithe sites of collaboration
" Bhí macasamhail diúracáin mar chrois acu, agus rinneadh dráma sráide ag roinnt "suíomh lucht comhoibrithe", oifigí Chomhairle na Cathrach ina measc.
lucht leanúna na hiomána hurling supporters
" Ar aon nós, agus le filleadh ar an ábhar atá idir chamáin, mar a déarfá (!), tá moladh agus buíochas lucht leanúna na hiomána tuillte ag muintir Uíbh Fhailí agus go speisialta ag muintir Bhiorra.
lucht éisteachta listeners
"lucht éisteachta dílis agus forleathan ag Raidió na Gaeltachta agus meas as cuimse ag daoine ar TG4 de bharr an chaighdéain cláracha atá bainte amach le buiséad an-bheag.
lucht na cúise those interested in the cause
" Beidh ar *Lá *laethúil a mhacasamhail a dhéanamh mar ní cheannóidh fiú lucht na cúise an nuachtán mura mbeidh sásamh le baint as agus ábhar fiúntach i gcló ann.
lucht míleata Mheiriceá America's military
" Is é an córas Iridium, a fheidhmítear ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus nach dtugann eolas chomh cruinn céanna ar láthair na bhfón, a úsáideann lucht míleata Mheiriceá agus is cosúil nár baineadh fóin ón gcóras sin de na hiriseoirí le linn an chogaidh.
lucht cáinte critics
" Ach tá an lucht cáinte ciúin go maith le píosa mar go bhfuil seans maith anois ann go dtógfar é.
lucht foghlamtha learners
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh Dáil Uladh leis an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a spreagadh agus a chothú i measc lucht foghlamtha ón taobh amuigh agus i measc mhuintir an cheantair.
lucht féachana audience
" Ba iad an dís seo a scríobh "A Cold House", agus den chéad uair in iarthar Bhéal Feirste, b'fhéidir, beidh smaointe inmheánacha bhall den RUC á nochtadh go neamhbhalbh os comhair lucht féachana a bheidh chóir a bheith céad faoin chéad náisiúnach.
lucht tacaíochta supporters
" Agus bunadh Nua-Eabhrac ag fanacht leis an Ghobharnóir Pataki a bhreith a thabhairt ar an cheist, tá Finucane agus a lucht tacaíochta i mbun feachtais ag Ground Zero, iad gléasta in éide fir dhóiteáin agus ag tabhairt amach eolais a thacaíonn lena gcúis.
lucht leanta supporters
" Mar léiriú, seo a leanas cuid de na cinntí a chuir díomá ar lucht leanta na hiomána (orm féin ar aon nós) go dtí seo i mbliana: Socraíodh nach n-imreofaí aon cheann de chluichí Chraobhchomórtas Laighean i bPáirc an Chrócaigh seachas an Chraobh féin: is ionann sin agus cluiche iomána amháin faoi choimirce Chomhairle Laighean sa Staid Náisiúnta.
brú lucht fógraíochta pressure from advertisers
" Tá an chosúlacht ar an scéal go mb'fhéidir go bhfuil baint ag figiúirí féachana agus ag brú lucht fógraíochta le roghnú na gcluichí seachas cothromaíocht idir peil agus iomáint.
lucht déantúsaíochta ríomhairí computer manufacturers
"lucht déantúsaíochta ríomhairí agus teicstíle ag féachaint soir ar thíortha oirthear na hEorpa agus ar an tSín agus an Ind.
lucht leanúna followers
" Tá na hathnuachanóirí - lucht leanúna David Trimble - in ísle brí agus a gcás ag dul in olcas an t-am ar fad.
an lucht féachana the crowd
" Dar ndóigh ní chuidíonn an dream ar an taobhlíne agus an lucht féachana i gcoitinne leis an atmaisféar gránna a chruthú uaireanta.
lucht caite tobac smokers
" Tá na tábhairneoirí agus a gcomhghuaillithe ag moladh go gcuirfí ar fáil seomra ar leith i ngach tábhairne agus bialann do lucht caite tobac, ach dealraíonn sé nach bhfuil an t-aire sásta le comhghéilleadh mar seo, fiú.
lucht leanúna supporters
" " Tá spéis an-mhór ag Cole sa pheil Mheiriceánach agus sa haca, agus is duine de lucht leanúna the Islanders agus na Giants é anois.
lucht labhartha na teanga speakers of the language
" An fhadhb a bhí agam i gcónaí, áfach, ná go raibh mé ag iarraidh a bheith ag foghlaim na Gaeilge gan teagmháil a bheith agam le lucht labhartha na teanga.
lucht féachana audience
" Bhí an amharclann lán (bhí thart ar 500 duine i láthair) agus fuair an dráma moladh ard, cé nach raibh Gaeilge ag mórán dár lucht féachana.
an Lucht Taistil the Travellers
" Tá Paddy in éadan seicteachais agus idirdhealú sa bhaile, agus tá taispeántas breá dearfach ann faoi stair agus chultúr an Lucht Taistil.
a lucht tacaíochta a choinneáil to keep their support
" " An fada uainn an ráiteas sin? Tá toghchán ag teacht inar léir go mbeidh deacrachtaí ag na páirtithe móra traidisiúnta - an UUP agus an SDLP - a lucht tacaíochta a choinneáil agus, ag an am chéanna, tá na páirtithe "aontoisceacha" ag dul ó neart go neart, réidh le bheith corónaithe mar urlabhraithe sainiúla a muintire féin.
lucht tógtha tithe builders
" Íocann lucht tógtha tithe na táillí sin ar chuile theach, siopa agus monarchan nua a thógtar sa gcontae, agus cuireann siad an costas ar aghaidh chuig na daoine a cheannaíonn iad.
don lucht gnó for the business people
" Tá drochscéal amach is amach ag an gcomhairle don lucht gnó.
lucht féachana audience
" Ní raibh inimircigh Éireannacha ar bith sa lucht féachana.
lucht an chiníochais the people who are racist
" Bhí a fhios acu go maith go mbeadh lucht an chiníochais sa tír breá sásta leis an "réiteach" a bhí acu ar an scéal, agus go mbeadh leas le baint as pé uair a mbeadh an chéad toghchán eile ann, mar a rinneadar i 2001.
lucht lite tóna arse-lickers
" oops! fia!" arsa Ian, "Agus b'fhearr liom tusa ag cur agallaimh orm, a Bhalor, ná roinnt de mo chuid cairde mar dhea, ó dheas, ar nós lucht lite tóna sin an *Irish Dependent*, nó Kevin Myarse ón Irishman's Dairy sa *Times*.
lucht labhartha na Gaeilge Irish speakers
" Tá impleachtaí fuaimintiúla i gceist anseo a bhaineann le pobal na hÉireann ar fad, agus ní le lucht labhartha na Gaeilge amháin.
lucht fuascailte fadhbanna problem solvers
" "Géillstean don DUP" - céim rófhada, déarfainn, do ghluaiseacht na poblachta, ach tá Sinn Féin ag maíomh gur "lucht fuascailte fadhbanna" iad.
lucht úsáidte na ndrugaí drug users
" Sa scéal seo ar fad, is deacair gan a bheith ar buille nó feargach le lucht caimiléireachta, is é sin lucht úsáidte na ndrugaí, mar nuair a bhuann lúthchleasaí atá cam tá an seans ann go bhfuil lúithchleasaí eile atá "glan" thíos leis.
a lucht leanúna his followers
" Fuair sé an scéal ó sheanlámhscríbhinn a chuir síos ar an Lochlannach Ingimund agus a lucht leanúna, a díbríodh as Éire i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chúige Laighean.
lucht déanta dlí lawmakers
" Ach ag deireadh 2003, chinn roinnt den lucht déanta dlí ar dhul i ngleic le fadhb a raibh baint aici le leithris.
a théann i gcion ar an lucht éisteachta which makes an impression on the audience
" Nuair a éiríonn le duine é sin a dhéanamh bíonn croí agus mothú san amhrán a théann i gcion ar an lucht éisteachta.
lucht minic nach dtig the ones who rarely come
" Tá na paidreacha maoithneacha máinséaracha ráite agus na coinnle lasta sna fuinneoga ag bunadh an tí agus sna tithe pobail ag lucht minic nach dtig.
lucht leanúna spóirt sports supporters
" Ní haon rud nua é lucht leanúna spóirt a bheith ag faíreach.
lucht leanúna supporters
" Cé gur bualadh Corcaigh sa chluiche ceannais, bhí laoch nua ag a lucht leanúna agus dóchas agus bród san aer cois Laoi (an raibh sin riamh gan a bheith amhlaidh?).
lucht caite tobac smokers
" Cé gur chaill sé roinnt custaiméirí, bíonn cuid eile den lucht caite tobac ag ól agus ag ithe sa Ring O' Bells go fóill, ach caitheann siad taobh amuigh den doras.
lucht éisteachta listeners
" Ach an amhlaidh atá sé? Éileamh ======= De dhéanta na fírinne, tá an-éileamh ar cheol i nGearmáinis riamh anall ach é a chur ar fáil don lucht éisteachta.
lucht tógála builders
" Ná déanaimis dearmad gur pluiméirí, múinteoirí, mic léinn, tiománaithe leoraí, feirmeoirí, lucht tógála, fir bheáir agus araile atá sna himreoirí seo.
lucht déiríochta those involved in the dairy industry
" Níl aon bhuntáiste suntasach ag lucht déiríochta ach an oiread.
níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide protestors are not getting proper publicity
" Ní hamháin sin ach tá na fíricí á gceilt ar mhuintir na hÉireann agus níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide.
an lucht agóide the protestors
" Ar leanúint an mhí seo chugainn Tá siompóisiam á reáchtáil ag an lucht agóide in Dalgan Park, Contae na Mí ar an Satharn, 13 Márta agus beidh an tOllamh Alfred Smyth, Canterbury, ar de bhunadh na Teamhrach é, i láthair, mar aon leis an Dochtúir Edel Bhreathnach, an Dochtúir Conor Newman agus an Dochtúir Joseph Fenwick a rinne an taighde uile ar an ionad don Chlár Discovery.
lucht acadúil academics
" I gcás na Teamhrach, tá foláireamh tugtha go soiléir ag na seandálaithe, lucht acadúil agus ag muintir na háite sna haighneachtaí a rinne siad chuig an mBord Pleanála.