Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht éisteachta dílis loyal audience
" Bhí Danú, grúpa a bhfuil ceangal aige le Gaeltacht na Rinne, ag casadh ceoil do lucht éisteachta dílis agus Robbie Hannon agus Paddy Glackin ag seinm ó dhubh go geal.
lucht éisteachta audience
" Ní dóigh liom gur féidir linn a rá ná gur féidir le héinne a rá go bhfuilimid ag díriú isteach ar *niche *áirithe amhrán mar tá réimse ceoil idir lámha againn, agus ceapaim go dtaitníonn sé sin leis an lucht éisteachta freisin.
lucht éisteachta listeners
"lucht éisteachta dílis agus forleathan ag Raidió na Gaeltachta agus meas as cuimse ag daoine ar TG4 de bharr an chaighdéain cláracha atá bainte amach le buiséad an-bheag.
a théann i gcion ar an lucht éisteachta which makes an impression on the audience
" Nuair a éiríonn le duine é sin a dhéanamh bíonn croí agus mothú san amhrán a théann i gcion ar an lucht éisteachta.
lucht éisteachta listeners
" Ach an amhlaidh atá sé? Éileamh ======= De dhéanta na fírinne, tá an-éileamh ar cheol i nGearmáinis riamh anall ach é a chur ar fáil don lucht éisteachta.
lucht éisteachta audience
" I measc an lucht éisteachta i 1904 bhí Piaras Béaslaí é féin.
idir iomaitheoirí agus lucht éisteachta both competitors and the audience
" AÓF: B'fhearr liom féin go mór nach mbeadh daoine (idir iomaitheoirí agus lucht éisteachta) chomh tógtha sin leis an gcomórtasaíocht ach go gcuirfidís níos mó spéise san amhránaíocht féin agus go mbainfidís taitneamh aisti.
le go dtuigfeadh a lucht éisteachta é so that his audience would understand him
" Dúirt sé freisin gur chuir sé díomá air go raibh gá lena chaint a aistriú go teangacha eile le go dtuigfeadh a lucht éisteachta é.
an lucht éisteachta the audience
" ***AÓF: Cén bealach a phiocann sibh an *repertoire* a sheinneann sibh?***CNicG: Úsáideann muid portanna atá ar eolas ag an lucht éisteachta de ghnáth, seanphortanna.
lucht éisteachta listeners
" “Bhí leithéidí Phroinsais Uí Chonluain a raibh suim aige i dtraidisiúin cheoil tíortha eile agus a bhí sásta iad a chur faoi bhráid lucht éisteachta na hÉireann.
Mar threoir don lucht féachana agus éisteachta, as a guide to the viewers and listeners,
" Mar threoir don lucht féachana agus éisteachta, tugtar eolas i leabhrán maidir le príomhimeachtaí an scannáin agus na míreanna ceoil a bhaineann leo.
do lucht éisteachta nua, to a new audience,
" Bhíos ag iarraidh an mothúchán agus an ceol sin a léiriú go soiléir do lucht éisteachta nua, daoine nár chuir suim sa sean-nós roimhe seo b’fhéidir, agus shocraigh mé go mba mhaith an rud é ceol a chur leis na hamhráin.
mar lucht éisteachta as an audience
" Ach an mar sin atá sé? An cheart dúinne mar lucht éisteachta a bheith ag ceiliúradh freisin? Dá luafá an ráiteas thuas le Colm Ó Snodaigh le disciplín eile ealaíne – an litríocht – ní bheadh an scéal chomh dearfach céanna.
a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach. took out anything which would detract from listeners' enjoyment
" D’úsáid siad speisialtóirí chun na taifeadtaí a ghlanadh suas agus aon rud a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach.
lucht éisteachta listeners
" Sa bhealach seo, ní thagann tú idir an lucht éisteachta agus an ceol.
lucht éisteachta díograiseach dedicated listeners, fans
" Dar ndóigh, tá lucht éisteachta díograiseach ag na ceoltóirí seo, daoine atá splanctha ina ndiaidh.
lucht éisteachta audience
" Bhí go leor daoine sa lucht éisteachta a d’éist le rac-cheol amháin go dtí sin ach a shíl go raibh an ceol a bhí againne *cool* go leor dóibh.
lucht éisteachta audience
" Ar an 27 Lúnasa, labhair an t-iaruachtarán Bill Clinton agus John Kerry, agus ar an 28 Lúnasa, ar ndóigh, labhair an t-iarrthóir é féin, Barack Obama, os comhair lucht éisteachta de 87,000 duine in Mile High Stadium, staidiam na foirne peile The Denver Broncos.
lucht éisteachta audience
" “Revelations” an píosa deireanach a rinne siad a bhí beagnach daichead bomaite – arís gairid go leor – ach arís mhothaigh an lucht éisteachta go bhfuair siad luach a gcuid airgid – mé féin ina measc (bhuel níor chaith mé ach cúig euro).
lucht éisteachta audience
" Mhínigh sé in agallamh a thug sé, i ndiaidh dó an comórtas a bhaint, go bhfuil an obair cosúil le cur i láthair ceoil - maireann sé i gcuimhne an oirfidigh agus an lucht éisteachta ar aon.
lucht éisteachta audience
" Whenever I’m in Liverpool I never feel too far away from home - which I’m not !”* a dúirt Roddy Doyle leis an lucht éisteachta, ar leantóirí dá chuid a bhformhór, sa Chasa club.
lucht éisteachta attendance, audience
" Bhíodar an-mhaith ag spreagadh rannpháirtíocht an lucht éisteachta.
lucht éisteachta audience
" Lios Tuathail 07 ====== **CNíA**: Agus chuireas glaoch ar mhuintir na féile i Lios Tuathail, mar bhíos ag smaoineamh go díreach ar chéard é atá i Sunday Miscellany, cén cinéal scríbhneoirí, cén cinéal lucht éisteachta, cén cineál físe atá aige mar chlár agus is dóigh le léiritheoirí éagsúla anuas tríd na blianta, tá físeanna éagsúla i gceist cé go bhfuil an rud bunúsach céanna ag tarlú an t-am ar fad ó 1968.
lena lucht éisteachta to his audience
" D’fhonn na Daonnachta =========== Ní dóigh liom gur rith sé leis an Uachtarán ná lena lucht éisteachta gur dhiúltaigh Éireannaigh shuntasacha áirithe don nasc sin agus do chultúr intleachtúil an chomóraidh agus an chuimhnimh mar aon leis.
lucht éisteachta audience
" Mhínigh an tOllamh Marianne Elliot don lucht éisteachta gur smaoineamh de chuid Fergal Keane a bhí san imeacht nuair a thug an bronnadh céim oinigh ar an iriseoir iomráiteach ar na mallaibh.
ag gríosadh an lucht éisteachta inciting the audience
" Stát crua is ea Nua-Gheirsí, agus tá cáil an fhir chrua ar Christie, agus m'anam, thug sé príomhaitheasc an choinbhinsiúin go paiteanta, ag bualadh an bhoird agus ag gríosadh an lucht éisteachta chun léimt ina seasamh.
is ea is mó an tionchar a bhraithfidh an lucht éisteachta the audience would perceive the effect all the more
" Dá bhféadfaí ceisteanna fíorchasta a ghiorrú le háilleacht, is ea is mó an tionchar a bhraithfidh an lucht éisteachta.
gur eachtrannaigh iad an lucht éisteachta the audience were not part of it
" Thosaigh Lehane le luas mall tomhasta ar dtús, beagnach amhail is gur eachtrannaigh iad an lucht éisteachta.
teagmháil a dhéanamh leis an lucht éisteachta make contact with the audience
" “Rinne mé seó i dteach duine in Inis cúpla seachtain ó shin,” ar sí, ag gáire, “ach tá an National Concert Hall déanta agam agus bhí áiteanna i Nua-Eabhrac a bhí sách mór ach is cuma liom cá hait a mbím a fhad is gur féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an lucht éisteachta, caidreamh a chothú leis na daoine a chuir stró orthu féin theacht amach le mé a fheiceáil.
an lucht éisteachta the audience
" Bhí an lucht éisteachta in ucht agus in ascaill a chéile, rud a chuir le sprid na hoíche.
sa lucht éisteachta in the audience
" Bhí daoine sa lucht éisteachta a bhí i gcoinne phróiseas forbartha na hEorpa ón tús – ’sé sin ón chéad mórdhíospóireacht i 1972 agus ón chéad lá d’Eanáir 1973, nuair a ghlac muid lenár suíochán ag bord an EEC, mar a bhí ag an am; bhí guthanna glórmhara i gcoinne na gcéimeanna uilig ó shin – i gcoinne Chonradh Maastricht, i gcoinne an nasc idir an £ Éireannach agus an £ Sterling a bhriseadh agus i gcoinne thionscnamh an Euro féin.
le lucht éisteachta a mhealladh of captivating an audience
" Bhí guth den chéad scoth aici agus, anuas air sin, bhí dóigh ghleoite aici le lucht éisteachta a mhealladh.
lucht éisteachta audience
" D’inis sé don lucht éisteachta go gcothaíonn FPW malairtí do chaismirt foréigneach ar fud an domhain: san Afraic, sa tSiria, gach áit a bhfuil gá leis: *“We believe that there is an alternative to violent conflict.
go glinn glé don lucht éisteachta very clearly to those present
" Is féidir leis an mbreitheamh cásanna casta éagsúla a mhíniú go glinn glé don lucht éisteachta.
lucht féachana agus éisteachta a mhealladh in winning over viewers and listeners
" Is léir nach bhfuil ag éirí mórán níos fearr leis na meáin chraolta Gaeilge lucht féachana agus éisteachta a mhealladh.
an lucht éisteachta the audience
" Tháinig duine de na peileadóirí agus labhair linne, an lucht éisteachta, ag cáineadh rialtas na Iosraeile agus dúirt: “*No state has a right to annex foreign territory but because every expansion is an experiment to discover how much more aggression the world will tolerate.
lucht éisteachta audience
" Ina dhiaidh sin amach - nuair nach raibh sé ag cur sneachta - bheadh slua mór daoine ag an phub, ceoltóirí agus lucht éisteachta, Martin Green ó Lau ina measc ach chinn Úna ar an cheol thraidisiúnta Éireannach a chur chun cinn san ollscoil fosta, ag déanamh ceadail uair sa téarma in áit a bhí ag cur thar maoil le ceol clasaiceach.
An lucht éisteachta ag teannadh isteach the audience piling in
" An lucht éisteachta ag teannadh isteach agus mise i mo leibide gan leabhar.
lucht éisteachta audience
" Is Breatnaiseoirí a bhí i 90% den lucht éisteachta.
chur trasna ar an lucht éisteachta to make the audience empathize
" An bhfuil scéilín nó eachtra cumhachtach luaite leis an amhrán áirithe sin? An bhfuil mothúcháin dhoimhne le brath ann? Na mothúcháin chéanna sin a chur trasna ar an lucht éisteachta – sin is amhrán ann i mo thuairimse.
ar an lucht éisteachta at the audience
" Bhreathnaigh mé síos ar an lucht éisteachta.
lucht éisteachta audience
" Bhí Tríonóid sa lucht éisteachta - lucht labhartha na Gaeilge a bhí ag iarraidh an Gàidhlig a chluinstin; Preispitéirigh a bhí ansin leis an chantaireacht a chluinstin agus baicle nár Ghaeilgeoirí nó Phreispitéirigh iad ach a bhí ann leis an ealaín shaoithiúil andúchasach seo a chluinstin.
lucht éisteachta tuigseach, báúil a sympathetic intelligent audience
" com), lucht éisteachta tuigseach, báúil, agus scoth cheoltóirí sa bhuíon.