Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht leanúna supporters
" Ceart go leor, beidh siad ag imirt lena gcuid clubanna áitiúla agus tá an t-ádh ar an lucht leanúna a fheicfidh iad i mbun imeartha an chuid eile den samhradh seo.
lucht leanúna supporters
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
lucht leanúna gailf agus iomána golf and hurling fans
" Cé gur gnáthfhadhb ag lucht leanúna gailf agus iomána é an liathróid a leanúint ar an teilifís, tá an fhadhb níos measa ar an idirlíon.
lucht leanúna fans
" Nuair a tharlóidh sé - agus is cinnte go dtarlóidh - beidh deighilt i measc lucht leanúna in Éirinn ó thaobh dílseachta de.
clubanna lucht leanúna supporters' clubs
" De bharr go bhfuil an méid sin Éireannach ag an Stadium of Light, ní ionadh ar bith go bhfuil clubanna lucht leanúna Sunderland i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste anois.
lucht leanúna caide Chiarraí Kerry football supporters
" Bhain sé úsáid as an Laidin agus an Ghaeilge chun comhthéacs cultúrtha agus teanga a chruthú do ráiteas conspóideach Pháidí Uí Shé gur ainmhithe iad lucht leanúna caide Chiarraí.
lucht leanúna na hiomána hurling supporters
" Ar aon nós, agus le filleadh ar an ábhar atá idir chamáin, mar a déarfá (!), tá moladh agus buíochas lucht leanúna na hiomána tuillte ag muintir Uíbh Fhailí agus go speisialta ag muintir Bhiorra.
lucht leanúna followers
" Tá na hathnuachanóirí - lucht leanúna David Trimble - in ísle brí agus a gcás ag dul in olcas an t-am ar fad.
lucht leanúna supporters
" " Tá spéis an-mhór ag Cole sa pheil Mheiriceánach agus sa haca, agus is duine de lucht leanúna the Islanders agus na Giants é anois.
a lucht leanúna his followers
" Fuair sé an scéal ó sheanlámhscríbhinn a chuir síos ar an Lochlannach Ingimund agus a lucht leanúna, a díbríodh as Éire i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chúige Laighean.
lucht leanúna spóirt sports supporters
" Ní haon rud nua é lucht leanúna spóirt a bheith ag faíreach.
lucht leanúna supporters
" Cé gur bualadh Corcaigh sa chluiche ceannais, bhí laoch nua ag a lucht leanúna agus dóchas agus bród san aer cois Laoi (an raibh sin riamh gan a bheith amhlaidh?).
lucht leanúna an chlub the supporters of the club
" Ní thaitníonn sé seo ar fad le lucht leanúna an chlub mar go bhfuil faitíos orthu, is dóigh, go gcaillfidh an club an flaitheas agus an stádas atá aige má bhíonn ar an mbainisteoir imeacht, tá an oiread sin muiníne acu as.
a lucht leanúna their supporters
" Nuair a imeoidh Paisley, b'fhéidir go mbogfadh a gceannairí siúd, ach níl a lucht leanúna ullmhaithe acu do réiteach ar bith.
an lucht leanúna supporters
" Nuair a chríochnaigh babhta a haon bhí rud amháin suntasach agus ina údar imní ag an lucht leanúna: nár cháiligh contae ar bith as Cúige Laighean, Cill Chainnigh san áireamh, do bhabhtaí ceannais na Sraithe Náisiúnta.
lucht leanúna supporters
" Mura dtig lucht leanúna an UUP amach ina slóite agus mura dtugann an DUP a gcuid vótaí dara rogha do Nicholson, beidh sé i bponc.
ag iompar lucht leanúna carrying supporters
" Tá cur síos sa leabhar ar eachtra amháin dá leithéid a tharla ar thraein a bhí ag iompar lucht leanúna abhaile tar éis Cluiche Ceannais na Mumhan agus an chaoi ina raibh fir óga a bhí ar meisce ag caitheamh maslaí ciníocha le heachtrannaigh a bhí ar an traein.
ag moladh dá lucht leanúna advising their followers
" ca) ag moladh dá lucht leanúna baghcat a dhéanamh ar earraí atá déanta sna Stáit Aontaithe mar agóid in aghaidh an smachta atá ag na hollchorparáidí ar an gcóras daonlathach thall.
lucht leanúna bhuíon cheoil Oráisteach the followers of an Orange band
" Chonacthas sin an mhí seo caite, nuair a ligeadh do lucht leanúna bhuíon cheoil Oráisteach siúl fríd Ard Eoin i mBéal Feirste.
cur ina luí ar a lucht leanúna to convince their supporters
" Polaitíocht seachas foréigean ======= Triail atá ar bun ag Sinn Féin sa mhéid is go bhfuil siad ag iarraidh cur ina luí ar a lucht leanúna go dtig le poblachtánaigh a n-aidhmeanna a bhaint amach fríd an pholaitíocht, ach caithfidh achan chuid de na míreanna mearaí a bheith ar an tábla le gur féidir sin a chur i gcrích.
lena lucht leanúna their supporters
" "Radharc glórmhor a bheas ann, ag breathnú ar leithéidí Willie McCrea agus Ian Óg ag loic go humhal ar achan rud dár dhúirt siad riamh lena lucht leanúna," a scríobh sé san *Irish News.
lucht leanúna supporters
" Fiú má chríochnaíonn Cluiche Ceannais na hÉireann ar comhscór sa ghnátham, ba chóir am breise a imirt láithreach ar mhaithe leis an lucht leanúna atá tar éis taisteal aistear fada ar chostas mór, cuid mhaith.
lucht leanúna supporters
" Cinnte, cuirfidh *entente cordiale *idir an bheirt cheannairí alltacht ar chuid dá lucht leanúna, ach tá oiread sin smachta acu - Paisley ar an DUP, ainneoin na troda a bheas ann a oidhreacht a chaomhnú i ndiaidh dó an saol seo nó a shaol polaitiúil a fhágáil, cibé a thagann ar tús; agus Adams/McGuinness (ainneoin na n-easaontóirí) - gur féidir leo tromlach mór a lucht leanúna a thabhairt leo.
lucht leanúna supporters
" Tagann a lán daoine óga ó Bhaile Átha Cliath go Learpholl le bheith "ag clubáil" agus tá sé áisiúil do lucht leanúna na gcumann sacair, Learpholl FC agus Eibheartonn (= Granite Wave = Everton) FC, fosta.
dá lucht leanúna of his followers
" Ar oíche an 11/12 Nollaig, d'ionsaigh thart ar dhá mhíle dá lucht leanúna an chathair go tobann.
lucht leanúna supporters
" Dála an scéil, tá ainm eile á úsáid ag lucht leanúna na Sé Chontae ar a dtírín beag glas – *Our Wee Country *(OWC) is teideal dá *fanzine*.
an lucht leanúna supporters
" Ceannaíonn siad na himreoirí is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach ionas go mbuafaidh siad cluichí agus coirn chun an lucht leanúna a mhealladh le ticéid, léinte agus araile a cheannach.
lucht leanúna fans
" Cé gur dhiúltaigh John Prescott do thuairim Ringo – “Níl sé ina chónaí i Learpholl,” ar seisean - tá a lán suime sa scéal i measc lucht leanúna na mBeatles ar fud an domhain, agus tá litreacha seolta ó na Stát Aontaithe, agus ó thíortha eile, chuig na meáin chumarsáide anseo, ag gearán faoin phlean atá ann Dingle a scrios.
lucht leanúna dílis loyal following
" AÓF: Céard iad na hócáidi is mó éilimh? LÓM: Na comórtais amhránaíochta ar an sean-nóis, an damhsa ar an sean-nós, na hagallaimh bheirte agus na lúibíní, ach tá lucht leanúna dílis, mar shampla, ag leithéidí an chomórtais d'amhráin nua-chumtha agus is breá le daoine na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós do na daoine óga.
cuid den lucht leanúna some of the supporters
" Laoch a bhí ann ag mórán daoine, idir shean agus óg, in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic agus rudaí tarcaisniúla a bheith ráite aige faoi agus le daoine éagsúla, idir bhainisteoirí, chomhimreoirí, réiteoirí agus cuid den lucht leanúna.
lucht leanúna supporters
" Ciallóidh an socrú nua seo go mbeidh ar chumas Gerry Adams a rá lena lucht leanúna, go bhfuil sé sábháilte ag Sinn Féin a n-áit a ghlacadh ar bhord an fhórsa nua póilíneachta, an PSNI, fórsa nach bhfuil aon ról níos mó aige ag troid in aghaidh poblachtánach.
lucht leanúna supporters
" Ghearr UEFA pionós £900 ar Fowler mar gheall ar an eachtra seo, ach mhéadaigh meas mhuintir na háite air, cé gur lucht leanúna de chuid Everton ab ea cuid mhaith de na dugairí.
a lucht leanúna their supporters
" Mar shampla, dá mbeadh foireann bheag pheile áitiúil ag iarraidh a lucht leanúna timpeall an domhain a choimeád ar an eolas faoi imeachtaí, bheadh sé i bhfad níos éasca blag a thosú ná iarracht a dhéanamh ar shuíomh gréasáin iomlán nua a chur lé chéile.
lucht leanúna supporters
" Ciallóidh an socrú nua seo go mbeidh ar chumas Gerry Adams a rá lena lucht leanúna, go bhfuil sé sábháilte ag Sinn Féin a n-áit a ghlacadh ar bhord an fhórsa nua póilíneachta, an PSNI, fórsa nach bhfuil aon ról níos mó aige ag troid in aghaidh poblachtánach.
lucht bainistíochta agus leanúna the management and supporters
" Masla a bhí ann do na himreoirí dar ndóigh agus don lucht bainistíochta agus leanúna.
a lucht leanúna their supporters
" Mar shampla, dá mbeadh foireann bheag pheile áitiúil ag iarraidh a lucht leanúna timpeall an domhain a choimeád ar an eolas faoi imeachtaí, bheadh sé i bhfad níos éasca blag a thosú ná iarracht a dhéanamh ar shuíomh gréasáin iomlán nua a chur lé chéile.
lucht leanúna supporters
" Tá na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor nó leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is mó acu greannmhar agus áiféiseach.
a lucht leanúna their followers
" Scaip na manaigh agus a lucht leanúna ar fud na tíre, agus thug siad a reiligiún, a dteanga, an Ghaeilge, a scileanna – an scríbhneoireacht san áireamh – agus a nósanna geilleagracha leo.
an lucht leanúna the supporters
"an lucht leanúna ar bís agus lán le dóchas.
lucht leanúna dílis loyal followers
" Ach bhí a lucht leanúna dílis ag CJ.
lucht leanúna na healaíne art aficionados
" Is é an cuspóir atá ag an ghrúpa ná taithí idirghníomhach a chur ar fáil do lucht leanúna na healaíne.
lucht leanúna na Mí the Meath supporters
" Is cuimhin liom lucht leanúna na Mí ag gáire agus ag canadh *olé!* sa dara leath gach uair a bhuail imreoir de chuid na Mí an liathróid, olc, maith nó dona.
lucht leanúna followers
" Ní tuairim imeallach í nach bhfaightear ach i measc lucht leanúna an Ku Klux Klan, ach tuairim a nochtann daoine éirimiúla de chuid na meánaicme chomh maith.
lucht leanúna fans
" De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
dóchas dá lucht leanúna. hope to their followers.
" Tabharfaidh sé sin uchtach agus misneach d’iománaithe óga na cathrach agus dóchas dá lucht leanúna.
a lucht leanúna his supporters
" Ach in ainneoin a stádais, bhí a lucht leanúna ag ceapadh, agus é ag dul i dtreo 40 bliain d’aois, nach raibh sé i ndán dó ceann de na priomhchomórtais ghailf, nó *majors* mar a thugtar orthu, a bhuachaint.
duine dár lucht leanúna, one of our fans,
" Cúpla bliain ó shin bhuaileamar le hathair duine dár lucht leanúna, Kevin Pendred, agus d’inis sé scéal dúinn faoin gceathrar cairde a bhí aige a d’úsáid a thigh mar oifig samhradh amháin agus a d’fhág bille ollmhór teileafóin leis – muid faoi ndear an bille a dúirt sé linn, ag scige.
lucht leanúna fans
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus ó thaobh lucht leanúna de, caithfear a rá go bhfuil muintir Melbourne i bhfad chun tosaigh ar áit ar bith eile sa tír.
plódaíonn lucht leanúna fans crowd in
" Cibé spórt a bhíonn ar siúl, is cuma faoin aimsir, plódaíonn lucht leanúna isteach chun é a fheiceáil.
lucht leanúna na hiomána hurling followers
" Go luath sa bhliain dar gcionn, áfach, bhí ráflaí á scaipeadh i measc lucht leanúna na hiomána i mBaile Átha Cliath go raibh Mick Holden, sariománaí Átha Cliath, ag aistriú ón iománaíocht go peil.
lucht leanúna supporters
" Le cloí le híomháineachas Kipling, cuireadh clabhsúr le séasúr na “ndúramán láibeach” – nó i bhfocail shimplí, cuireadh clabhsúr leis an séasúr peile – san earrach, agus tá aird lucht leanúna an spóirt dírithe faoi láthair ar an spórt náisiúnta, an cruicéad.
lucht leanúna an spóirt fans of sport
" Fuair bua Phádraig an líon ba mhó vótaí agus an t-éacht ba shuntasaí spóirt ón mbliain seo caite á roghnú ag lucht leanúna an spóirt in Éirinn.
lucht leanúna díograiseach dedicated following
" ” Bhí lucht leanúna díograiseach ag Bishop faoin mbliain 2000, ach ba sa bhliain seo a tarraingíodh aird an phobail i gcoitinne air nuair a ghlac sé le ról leanúnach ar chlár teilifíse den chéad uair.
lucht leanúna Moon Moon's followers
" Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.
Bhí lucht leanúna mór againn we had a lot of fans
" Bhí lucht leanúna mór againn ar an mhór-roinn ach ní raibh comhordú ceart déanta ar chúrsaí.
lucht leanúna an-díograiseach very devoted fans
" Bíodh is nach bhfuil a gcáil inchurtha le cáil na ngrúpaí móra mar U2, mar shampla, tá lucht leanúna an-díograiseach acu.
músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus a particular interest is awakened in sports fans over here
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus agus foirne na tíre páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta ar nós na gCluichí Oilimpeacha.
lucht leanúna followers
" An té nach bhfaca ar coirm cheoil roimhe seo iad, b’fhéidir nach dtuigfeadh sé céard tá sa mhaíomh sin, ach is beirt iad a bhfuil gáir mhór leo i measc ceoltóirí chomh maith le lucht leanúna.
lucht leanúna na sraithe league supporters
" Is é Serie A príomhroinn sacair na hIodáile, agus is cosúil go bhfuil cuid mhór de lucht leanúna na sraithe sin ar mire cheart faoi chaighdeán na réiteoireachta, nó an easpa caighdeáin is cirte a rá.
lucht leanúna supporters
" Níl sé sin furasta, go háirithe nuair nach bhfuil fís ag aon duine seachas seasamh a lucht leanúna féin a chur chun cinn.
lucht leanúna followers
" Mar a bheifeá ag súil leis, bíonn iomaíocht ghéar idir na modhanna éagsúla i dtaca le lucht leanúna, le leibhéil rannpháirtíochta iontu agus le maoiniú as na foinsí urraíochta, go háirithe as na bealaí teilifíse.
lucht leanúna supporters
" Ach go tobann thit an lug ar an lag orthu agus ar a lucht leanúna glórach.
lucht leanúna followers
" Céile comhraic? Tá mo chárta ballraíochta i gclub lucht leanúna Hans Kung ó na seascadaí agam.
lucht leanúna supporters
" Le roinnt blianta anuas, bhí greim scrogaill agus scóige ag iománaithe Chill Chainnigh ar gach comórtas agus bhí cuid mhór de lucht leanúna na hiomána ag éirí tuirseach den urlámhas daingean a bhí acu ar chúrsaí iomána.
lucht leanúna supporters
" Ach ba chuma cé mba as na himreoirí, bhí a lucht leanúna tagtha as Londain go Manchain le tacú lena laochra agus thug na laochra neart údair dóibh le bheith ag canadh is ag gleo le linn an cluiche.
lucht leanúna followers
" Tháinig seisean ar an scéal i seanlámhscríbhinn a rinne cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus ar a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chuige Laighean.
lucht leanúna followers
" Is breá le lucht leanúna spóirt na hAstráile a mhaíomh go rialta go ngnóthaíonn fir agus mná spóirt na tíre i bhfad níos mó sna comórtais idirnáisiúnta éagsúla ná a mbeifí ag súil leis, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach daonra de 22.
lucht leanúna followers
" Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh) teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh.
a lucht leanúna his followers
" An mhí seo caite, rinne mé cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i mí Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh ar “chomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidirí” thall.
lucht leanúna supporters
" Géarú Iomaíochta ========== D’oibrigh plean agus stíl fhir na cathrach go seoigh agus bhí lucht leanúna Áth Cliath an-dóchasach go n-éireodh arís leo sa chluiche ceannais i gcoinne Chiarraí.
lucht leanúna followers
" Samhlaímid go mbeidh an-tóir ag lucht leanúna Uí Riada ar an mbailiúchán seo agus fóirfidh sé freisin mar bhlaiseadh dá shaothar do ghlún nua.
lucht leanúna an-mhór a great amount of fans
" Ionad mór spóirt é Ollscoil Memphis agus tá lucht leanúna an-mhór ag foirne an choláiste, go háirithe i gcás na peile, na cispheile agus an chluiche chorr.
a lucht leanúna his followers
" Thug sé cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn sa bhliain 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chúige Laighean.
lucht leanúna pheil na hAstráile of the Australian football supporters
" Ar an bhfoireann, bhí ról lárnach aige ar nós imreoir lár páirce sa pheil Ghaelach agus thuill sé meas lucht leanúna pheil na hAstráile.
lucht leanúna supporters
" Bunaithe ar bhrat Shasana agus ar bhrat Chuige Uladh, tá coróin i lár báire agus réalt sé-thaobhach, ceann amháin do gach contae sna Sé Chontae ach le 40 bliain, is Oisíní i ndiaidh na Féinne iad lucht leanúna Thuaisceart Éireann agus iad ag smaoineamh siar go dtí laethanta órga *(ahem) Stormont*.
lucht leanúna followers
" ” Tá an tAthair Owen O Sullivan ina Chaipisín bocht, duine de lucht leanúna Naomh Proinsias Assisi.
lucht leanúna in ann freastal supporters able to attend
" Tráthúil go leor, tarlaíonn sé gur san Eoraip a bheas an dá fhéile spóirt seo ar siúl agus iad gar go maith d’Éirinn le go mbeidh lucht leanúna in ann freastal orthu.
lucht leanúna supporters
" Is cinnte go bhfuil údar maith ag lucht leanúna sacair scleondar agus sceitimíní a bheith orthu agus Euro 2012 sa Pholainn agus san Úncráin beagnach buailte linn.
lucht leanúna fans of
" An Taobh Tuathail ======== Tá lucht éisteacht eile ansin chomh maith ag an raidió ó thaobh an cheoil de agus tá siad scaipthe ar fud na tíre agus ar fud na cruinne agus níl focal Gaeilge acu, nó níl aon bhaint acu leis an tír seo, b’fhéidir, agus ’siad sin lucht leanúna An Taobh Tuathail, an clár ceol domhanda agus techno.
lucht leanúna followers
" Míshásamh an Phobail ====== Ghoill gníomhartha seo na buíne go mór ar go leor de lucht leanúna na hEaglaise Ceartchreidmhí agus de réir meastúcháin, a rinne na taighdeoirí neamhspleácha, Levada, is léir go raibh níos lú ná 6% den phobal Rúiseach báúil lena raibh déanta ag na mná agus mhothaigh 51% den phobal neamhshuim, cantalacht nó fiú naimhdeas ina leith.
lucht leanúna na bhFear Dubh Black Men supporters
" Fá cúpla slat uathu, bhí lucht leanúna na bhFear Dubh, ag bualadh bos agus ag damhsa le foinn na mbuíonta, idir eatarthu bhí na línte póilíní.
lucht leanúna supporters
" An Léirstean ===== Cé gur shíl go leor de lucht leanúna Dhún na nGall nach raibh ábhar foirne ann tar éis dóibh cailleadh i gcoinne Ard Mhacha in 2010 leis an scór 2 – 14 i gcoinne 0 -11, chreid Mac Géibheannaigh go bhféadfadh an fhoireann craobhacha a bhuachan ach tabhairt faoi i gceart.
a lucht leanúna its supporters
" Nuair a tháinig Sir Alexander Chapman (“Alex”) Ferguson, i mí na Samhna 1986, mar bhainisteoir chuig ceann de na foirne sacair is cáiliúla ar domhan, Manchester United, ní raibh mórán cuma air mar chlub ná ní raibh mórán dóchais ag a lucht leanúna.
lucht leanúna supporters
" Bíonn a mhalairt fíor chomh maith dar ndóigh, is é sin go dtarlaíonn sé uaireanta go mbíonn imreoirí agus lucht leanúna róchinnte go mbeidh an lá leo agus bíonn sé fíordheacair ar fad an intinn nó an dearcadh sin athrú.
lucht leanúna supporters
" Saochan Céille ar Aontachtaigh ============ Cad é an mheisce atá ar an bhunaíocht Aontachtach? Samhlaigh Aire Gnó i rialtas ar bith ag rá go bhfuil sé de cheart ag daoine ceann de na laethanta siopadóireachta is gnóthaí sa bhliain a scrios le go dtiocfaidh 10,000 de lucht leanúna King Canute isteach go lár na cathrach.
a déarfaidh lena lucht leanúna who will say to his followers
" Cá bhfuil an DUPóir a déarfaidh lena lucht leanúna gur ceantracha Caitliceacha iad na ceantracha is boichte ó thuaidh? Nó a admhóidh go bhfuil an dífhostaíocht nios measa i measc na gCaitliceach? Sin an tsáinn ina bhfuil an DUP.
ghin an t-amhránaí lucht leanúna the singer generated a following
" De thoradh ar thuairimí liobrálacha agus comhaimseartha DiFranco, ghin an t-amhránaí lucht leanúna a bhí go príomha ina ngníomhairí feimineacha agus leispiacha.
lucht leanúna an spóirt sport’s audience(s)
" Dúirt an tAire Foster: "Is ceann de na rásaí rothaíochta is ceannasaí é an Giro d’Italia, an turas ab íocónaí do rothaithe na cruinne agus lucht leanúna an spóirt…mar thoradh ar an ócáid seo a reáchtáil beidh muid ag neartú feidhm iomaíoch na turasóireachta agus ag cur leis an gheilleagar san am i láthair agus san am atá amach romhainn.
Lucht Leanúna supporters
" Fógróir (le meigeafón) - ‘*Who do we sing for?*’ Lucht Leanúna - ‘*WE SING FOR WANDERERS.
dár lucht leanúna for our followers
" Ón total football stíl na hÍsiltíre, gorm, bán agus rouge réabhlóideach na Fraince go rince binn na Brasaíle is iad bróga Bróg na hoiriúintí is oiriúnaí dár lucht leanúna na #brogies an samhradh seo.
lucht leanúna followers
" Ní bheadh muinín ag Robinson i sceimhlitheoirí Moslamacha (yep, dúirt sé sin) ach bheadh muinín aige i lucht leanúna Mohamed dul chun na siopaí agus an briseadh ceart a thabhairt dó.
lucht leanúna na hiomána hurling supporters
" An údar buartha é seo do lucht leanúna na hiomána?, a fhiafraíonn Colm Mac Séalaigh.
lucht leanúna supporters
" Níl mórán trua ag Colm Mac Séalaigh don dream i measc lucht leanúna Manchester United atá ar buile gur díoladh an club leis an Mheiriceánach Malcolm Glazer.
lucht leanúna supporters
" Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
lucht leanúna an spóirt fans of sport
" Ach, cé is moite de chluichí CLG, an féidir le lucht leanúna an spóirt in Éirinn a bheith ag súil le gaiscíocht ar bith eile sna míonna atá amach romhainn?
a lucht leanúna his followers
" Tá an-dochar déanta ag an Oirmhinneach Sun Myung Moon agus a lucht leanúna don daonlathas ar fud an domhain le caoga bliain anuas, dar le Maidhc Ó Cathail.