Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cur ina luí ar an aos óg convince the young people
" Más féidir linn cur ina luí ar an aos óg go bhfuil rud éicint acu ba mhaith leis an gcuid is mó de phobal na tíre a bheith acu, beidh linn.
a chur ina luí ar an bpobal to convince the public
" Léiríonn na pobalmheasanna nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas a chur ina luí ar an bpobal gur chóir don Astráil a bheith páirteach in aon chogadh san Iaráic.
leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh to convince the judge of this
" Ní móide gur leor cúpla nóta scríofa ar chúl clúdaigh leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh agus tá seans maith ann go mbeidh gá le cód cleachtais éigin a shocróidh foras ar leith.
nuair a luím isteach ar an obair when I start the work
" Suím síos ag an phianó agus b'fhéidir go mbeadh creatlach beag déanta agam sna míonna sin, ach nuair a luím isteach ar an obair, bíonn sé éasca go leor.
chinn sí ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil she decided to get stuck into planning the novel
" Bhí Anna ag obair ar leabhar Béarla faoi inimircigh ag an am ach bhí moill ar an tionscadal áirithe sin, mar sin chinn sí ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil.
cur ina luí ar thoscaireacht an DUP to convince the DUP delegation
" An mbeidh Ahern agus a aire úr Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, ábalta cur ina luí ar thoscaireacht an DUP go bhfuil siad sásta gach cuidiú a thabhairt dóibh, ach ag an am chéanna, bheith daingean go gcaithfidh "ailtireacht" Chomhaontú Aoine an Chéasta fanacht? Ar an chlár "Hearts and Minds" ar an BBC, dúirt Gregory Campbell go mbeadh difríochtaí móra idir Comhaontú 1998 agus Comhaontú 2005.
cur ina luí ar an teaghlach to convince the family
" Ach éiríonn leis an Athair Seán as Éirinn (guth an aisteora Éireannaigh Liam Neeson, réalta mór de chuid Hollywood) cur ina luí ar an teaghlach gurb é an bealach Caitliceach an ceann ceart.
chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar Seán decided to get stuck into the studying
" ” Céim oíche ======= Ceann de na cúiseanna go raibh an t-airgead gann ná gur chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar.
a chur ina luí ar an phobal to convince the public
" San am b’fhurasta don Pháirtí Liobrálach a chur ina luí ar an phobal gur cheart dóibh scanradh a bheith orthu roimh pholasaithe an Pháirtí Choimeádaigh ach gurbh fhéidir leis an phobal brath ar na Liobrálaigh chun cosaint a dhéanamh ar bhunluachanna ar nós an chórais sláinte phoiblí.
a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta to convince the players and the supporters
" Mar sin féin, seans go raibh bainistíocht fhoireann Átha Cliath sásta go leor tar éis an chluiche i gcoinne na hIarmhí sa mhéid is dá gcuirfeadh an fhoireann scór mór in airde i gcoinne na hIarmhí (d’fhéadfaidís 3-15 a scóráil gan stró) go mbeadh sé deacair a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta go raibh a lán oibre fós le déanamh acu ar pháirc na traenála.
é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, to convince Iarnród Éireann and the government of this,
" Ach go dtí gur féidir leo é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, ní bheidh an dara rogha ag muintir na hUaimhe atá ag obair i mBaile Átha Cliath ach dul isteach ina ngluaisteáin agus cúpla uair a chaitheamh i bplódú tráchta.
cur ina luí ar an reachtas to convince the legislature
" “Bhí muid ábalta, mar sin, faoi 1971 nó 1972 cur ina luí ar an reachtas tacaíocht a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha agus an Native Language Center a bhunú mar chuid den tacaíocht sin.
ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA trying to convince the members of the IRA
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
go dtig linn a chur in luí ar an lucht maoinithe that we can convince the funders
" “Measaim go bhfuil muid ag an chéim sin leis an chomhlacht teilifíse go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtig linn a chur in luí ar an lucht maoinithe (An Ciste Craoltóireachta Gaeilge) go dtig linn an obair seo a dhéanamh in ainneoin mise bheith tinn.
luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú. the extermination of the people of this ghetto began.
" Agus Giúdaigh á dtabhairt go dtí an chathair ó chearnaí eile den Eoraip cuireadh geiteo ar bun i mí an Mhárta 1941 chun iad a choinneáil agus in earrach na bliana dár gcionn luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú.
le luí isteach ar an obair. to get down to the work
" Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
luigh sé isteach ar an obair sin he concentrated on that work
" ” Ag obair mar léiritheoirBhí Lunny ag obair mar léiritheoir ó bhí lár na seachtóidí ach nuair a tháinig deireadh le Moving Hearts i 1985, luigh sé isteach ar an obair sin agus léirigh albaim le réimse leathan daoine agus grúpaí, leithéidí Paul Brady, Elvis Costello, Rod Stewart, Sinéad O’Connor, the Waterboys agus Clannad.
cur ina luí ar an gCoiste to convince the committee
" An raibh sé iontach deacair cur ina luí ar an gCoiste an cinneadh seo a ghlacadh de thairbhe na staire agus an traidisiúin a bhaineann leis an bhfoirgneamh áirithe sin? “Níor chuir mise ina luí ar aon duine aon rud a dhéanamh – tá mise fostaithe leis na fíricí a chur os comhair an Choiste le go mbeidh siad in ann teacht ar chinneadh.
go mbeadh orm luí isteach ar an albam that I would have to get down to doing the album
" I mí Eanáir na bliana seo, fuair mé amach cén cineál sceidil a bhí leagtha amach don bhliain ó thaobh dátaí agus camchuairteanna de agus ba léir dom go mbeadh orm luí isteach ar an albam chomh luath agus ab féidir dá dteastódh uaim é a dhéanamh in 2008.
an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann to instill this bare truth into the people of Ireland
" An dúshlán atá roimh an rialtas anois ná an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann.
ag cur ina luí ar an stiúrthóir convincing the director
" Tá moladh ag dul dó freisin as an gcrógacht a thaispeáin sé agus é ag cur ina luí ar an stiúrthóir agus ar an bhfear ceamara Risteard Ó Domhnaill, gur fearr dó féin a bheith ina thost! Dar ndóigh, tá moladh ag dul don stiúrthóir a ghlac leis an gcomhairle chéanna agus a thuig an luach a bhí aimsithe aige, ní hamháin san eagarthóir seo agus ach sna carachtair áitiúla, Pat (The Chief) O Donnell agus Willie Corduff.
nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith that don't fit in with the surroundings at all
" Is mór an trua go bhfuil go leor de na tithe seo nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith.
sreanga beo ina luí ar an talamh live lines down
" Rinne mé iarracht dul amach ag tiomáint, ach níorbh fhiú é, ó bhí crainnte móra titithe thar na bóithre móra gach leathmhíle nó mar sin, agus áit a raibh sin tarlaithe, bhí sreanga beo ina luí ar an talamh freisin.
le cur ina luí ar an lucht vótála to convince the voters
" Tá coimhlint ghéar ar siúl de shíor idir na páirtithe móra le cur ina luí ar an lucht vótála go bhfuil siadsan níos déine ar mhuintir na mbád ná an taobh eile (Eagrán 89, Meán Fómhair 2008, Eagrán 97 Bealtaine 2009 & Eagrán 123, Iúil 2011).
Bhí sé thar am luí siar ar an mhaide way beyond time for a rest
" Bhí sé thar am luí siar ar an mhaide ach ní raibh aon éalú ón bháisteach nó ón ghaoth, faraor.
chur ina luí ar an phobal to convince the people
" Cliseann orthu croí na bhfadhbanna a aithint agus a chur ina luí ar an phobal, agus cliseann orthu smaointe leanúnacha inchreidte a nochtadh ina dtaobh.
ina luí ar an tsráid ar lá gaoithe luying in the street on a windy day
" Cúinní Cúlánta Comhrá ========= Agus ó thaobh na teanga de bheadh sé níos éasca, faraor, teacht ar nóta céad euro ina luí ar an tsráid ar lá gaoithe ná teacht ar chomhrá Gaeilge de thaisme.
is mó a chuir ina luí ar an phobal which mostly convinced the public
" Is dócha gurbh é an scéal a nocht Edward Snowden faoin spiaireacht a dhéanann rialtas Mheiriceá ar chumarsáid an ghnáthdhuine is mó a chuir ina luí ar an phobal a leithne is atá an chúléisteacht chealgach.
gan luí ar aon leaba an dara oíche looking after his arse
" Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!