Pota Focal Intergaelic
lús | las | lís | los | lós
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lus an chromchinn daffodil
" "Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos," a deir Balor an Bhéil Bhinn.
lus an aisig daffodil
" "Idir plúirín sneachta agus lus an aisig a tharla sé.
lus míonla forget-me-nots
" D'aithin mé an lus míonla, méiríní púca, deora Dé, magairlíní beaga corcra agus an fhéithleog.
lus mór foxglove
ainmnithe as lus named after a plant
" Tá teaghlach s'aici uilig ainmnithe as lus.
lus an chromchinn daffodil
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn ag damhsa sa leoithne; tá na huain óga ag damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr ag damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach ag damhsa ar na méilte; tá Bertie an Bodach ag damhsa ó ghéarchéim go héigeandáil; tá Peewee Flynn agus an Half Leper Ó Leath Lobhair ag iarraidh damhsa amach ar dhoras an Bhinse Fhiosraithe, agus - Dia idir muid agus an t-olc - tá Balor na Súile Nimhe ag damhsa thart istigh sa phluais.
Ascaill na Lus Botanic Avenue
" Bhí an oifig suite i gceantar an-deas, is é sin Ascaill na Lus, cóngarach d'Ollscoil na Ríona.
lusanna plants
" Eas uisce agus sliabh bréagach rí-ard (tá an-radharc le fáil uaidh) an Parc des Buttes Chaumont; cruinniú le chéile na gcág istigh sa Jardin des Plantes, áit a bhfuil neart lusanna agus luibheanna le feiceáil; crainn mhaorga an chúigiú *arrondissement* sa Jardin de Luxembourg (Bhí suas le 38,000 crann i bPáras nuair a rinneadh an chéad chrannáireamh in 1855, agus tá níos mó anseo anois); an crann is seanda sa chathair, an Robinier, a cuireadh sa bhliain 1601; gan trácht ar bhruacha an Seine, áit a mbíonn neart daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag lannrolláil.
lus an chromchinn the daffodil
" * **Balor:** Mura bhfuair sibh ach roinnt de na gnáthfhocail chaidrimh Éireannacha i nDáil Éireann, cá háit a bhfuair sibh an chuid eile? **CD:** Bhuel, a Bhaloir, ar dtús thosaigh muid ag póirseáil fríd do chuid altanna ar *Beo Ar Éigean*, féachaint an dtiocfadh linn rud éigin a fháil le rá faoin tráth seo den bhliain, an t-earrach, agus d’fhoghlaim muid a leithéid is “Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos.
i nGairdíní na Lusanna, in the Botanical Gardens,
" Chaith mé cúpla lá ag siúl liom i nGairdíní na Lusanna, timpeall Circular Quay agus an Opera House, ag ól caife agus ag siopadóireacht i Paddy’s Market, a fuair a ainm ó na hÉireannaigh a bhíodh mar na príomhchustaiméirí ann tráth.
lus na gréine sunflower
" Fásann labhandar agus lus na gréine in Provence, cuibhrinn mhóra díofa, agus idir iad sin agus na dathanna éagsúla a bhíonn ar Mont Sainte-Victoire le linn an lae, ní hiontas ar bith go raibh Cézanne i ngrá leis an cheantar.
lus an chromchinn daffodil
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn réidh le damhsa sa leoithne; tá na huain óga réidh le damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr istigh sna bachlóga réidh le damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach réidh le damhsa ar na méilte; tá Balor Builiúil ag damhsa le bamba agus dírathú; agus tá ceannairí na tíre ag damhsa iomlán an bhealaigh isteach i dTeach na nGealt.
lus cromchinn faoi bhláth daffodil in bloom
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
faoin lus in the herb
" Tiocfaidh síneadh beag ar na laetha go luath sa bhliain úr - oiread coiscéim coiligh gach lá – agus, cé go bhfanfaidh an aimsir go dona, ardóigh an ghrian ar an spéir de réir a chéile, agus beagnach i ngan fhios dúinn beidh an geimhreadh thart is beidh snafach faoin lus agus flúirse fáis ar ball arís ann.
lusanna plants
" , le fás éagsúlacht lusanna, an ceannbhán, an néalphortach, an fhraochóg, agus mórán cineálacha féir, cíbe agus fiataíola fosta.
lusanna plants
" Go deimhin, beidh sé níos deacra do na lusanna i mbliana tar éis an gheimhreadh nimhneach fuar a bhí againn in Éirinn.
Lusanna na Gréine sunflowers
" com/movie-clips/tree-of-life/nature-vs-grace> *‘The Nuns have taught us there are two ways through life…The way of Nature* (uan beag ina láimh aici), *or the way of Grace* (Lusanna na Gréine, a lán díobh)….
lusanna plants
" … Ach Ní Thógfaidh Dubh Dath ============== Thuig mé uathu gurbh é fear an tí a dhéanadh an dúch as luibheanna é féin, agus rinne mé iarracht a fhoghlaim cé na lusanna iad féin.
lus na gréine sunflower(s)
" Is gearr go raibh mé féin agus leathbhuidéal uisce ar an mbealach go Búdaipeist agus milliún acra de lus na gréine ag rince agus ag scairteadh timpeall orainn.
lusanna spíonacha sharp plants
" Dá bhrí sin, bhíos beagnach ag rith agus na lusanna spíonacha ag gearradh m’éadaí is mo chraicinn.
lusanna inite edible herbs
" Mhúin sí dom conas seilg le saighead (ní raibh mé in ann); mhínigh sí an difríocht idir lusanna inite agus na cinn nimhe (ní fhaca mé difríocht ar bith); conas manioca a bhaint agus a ghearradh le machete (bhí sí níos láidre ná mé chomh maith).
lusanna áirithe fónta particular useful plants
" Ní raibh an céachta acu, leoga, ach bhainidís feidhm as dóiteoireacht rialta leis an fhásra a dhó chun sealgaireacht a éascú agus le lusanna áirithe fónta a chur chun cinn.
mo chuid lusanna my plants
" Rith sé liom ansin go dteastódh duine uaim le huisce a chur ar mo chuid lusanna fad ’s a bheinn as baile.
lusanna áirithe particular plants
" Míníonn sé, cuirim i gcás, an bhaint a bhí ag lusanna áirithe agus ag a gcuid síolta le soláthar bia in áiteanna éagsúla agus an bhaint a bhí ag flúirse agus ag éagsúlacht na lusanna le méadú an daonra i gceantair éagsúla timpeall an domhain.
lusanna ag dreapadh plants climbing
" Bhí an dufair ag smachtú na háite ar ais, le crainnte agus lusanna ag dreapadh na mballaí, ag spré amach ar an urlár agus ag casadh ar an iarann meirgithe.
le lusanna a fhás to grow plants
" Baineann sé úsáid as painéil gréine mar fhoinse teasa chomh maith le spásanna grianmhara le lusanna a fhás.
saothrú lus an chodlata the growing of opium
" Níl aon amhras ach go bhfuil baint ag Matiullah le saothrú lus an chodlata agus i dtrádáil na hearóine agus, níos measa fós, go bhfuil sé ag obair as lámh a chéile leis an Talaban.
easpa crann agus lusanna lack of trees and plants
" Chuaigh an easpa crann agus lusanna i bhfeidhm go mór orm.
an lus a cuireadh the flower which was planted
" Is ábhar dóchais, don té atá ag santú síochána, go mb’fhéidir go bhfuil bláth ag tíocht faoi dheireadh ar an lus a cuireadh nuair a shocraigh Sinn Féin éirí as an gcogaíocht agus dul le polaitíocht.
lus na seirce the plant love-lies-bleeding
" Tá síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin agus faoi bhláth i measc an phobail anois sa tslí is gur féidir linn a rá go bhfuil lus na seirce tugtha chun cineáil go héiritheach ag rachmasóirí na cruinne.
Cuimhnigh ar na Lusanna think of the plants
" Seo thíos na feidhmeanna is ansa liom féin: Ó a Thiarcais, Cuimhnigh ar na Lusanna (agus ar an gcat!) ================= Bhíomar thar lear le linn an bhrothaill mhóir níos luaithe sa bhliain agus bhí ár gcuid lusanna agus na glasraí go háirithe, sleabhctha nuair a d’fhilleamar.
scairdeann uisce ar an lus dá réir squirts water on the plant accordingly
" Seo uirlis le Pi mar ‘intinn’ aige a léann stáid planda ar leith (teocht, bogthaise, solas) agus a scairdeann uisce ar an lus dá réir.
chomh glé leis an lus gormáin as bright as the cornflower
" Agus na súile… iad chomh gorm agus chomh glé leis an lus gormáin nó le droim na farraige i mbrothall an tsamhraidh, nó le droim locha in uaigneas an tsléibhe lá geal seaca sa gheimhreadh.
lus nach bhfaca sé cheana a plant he had not seen before
" Agus é ag siúl cois locha lá, tagann Ciarán ar lus nach bhfaca sé cheana.
lusanna chromchinn nó lusanna eile daffodils or other plants
" É sin a dhéanamh chomh tapa in Éirinn agus ab fhéidir sula gcuirfeadh aon duine de na comharsana stop leis an rás rud a d’fhéadfadh tarlú dá mbeadh gáirdín deas lusanna chromchinn nó lusanna eile ag ‘bagairt a gcinn thar dhroim a chéile’.
lusanna plants
" Maidir le hainmhithe agus lusanna, bhí stádas maith ag 50 faoin chéad, uireasach ag 40 faoin chéad agus drochstádas ag 10 faoin chéad.
In ionad lusanna ildaite instead of multicoloured plants
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.
lus plant(s)
" Thug Gabriel Rosenstock taitneamh do leabhar filíochta Pheadair Uí Uallaigh, leabhar a shníomhann a 'eolas beacht' ar lus agus ar luibheanna trí logainmneacha Chorca Dhuibhne mar a dhéanfadh 'draoi'.