Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceantair máguaird surrounding areas
" Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill.
máguaird surrounding
" Tógáil caorach an gléas beo atá ar mhórán sa cheantar, sin agus obair sna bailte móra máguaird, Bealach Féich agus Leitir Ceanainn.
an tír máguaird the surrounding countryside
" Tá an chuid is mó den cheantar i seilbh Protastúnach, ach nuair a shroichtear Dún Pádraig agus an tír máguaird, is Caitlicigh formhór na ndaoine ansin.
máguaird surrounding
" Is baile álainn é Loch an Iúir, a bhfuil clú agus cáil ar radharc na locha agus na sléibhte máguaird.
sna paróistí máguaird in the surrounding parishes
" Tháinig sé chun solais go raibh suas le 700 duine i nGaoth Dobhair agus sna paróistí máguaird tar éis litir a fháil.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Tá tuairim is 700 aeróg ag na comhlachtaí éagsúla gutháin timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird.
an dúiche máguaird the surrounding area
" Bhí ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a fhógairt le gairid go gcuirfí maoiniú CLÁR de €254,709 ar fáil chun seirbhísí leathanbhanda teileagrafaíochta a leathnú go dtí ceantar na Rosann i dTír Chonaill; Cill Ala, Co Mhaigh Eo (agus an dúiche máguaird); agus Béal Átha Liag, Co Longfoirt (agus dúiche Loch Rí).
sa talamh máguaird in the surrounding land
" Deirtear gur foraois den chuid is mó a bhí sa talamh máguaird.
*na lagunas *máguaird the surrounding lagunas
" Ar an 19 Meán Fómhair, a fhad is a bhí mise ag baint sult as an *salar de Uyuni *agus *na lagunas *máguaird, shocraigh an rialtas teacht i gcabhair ar ghrúpa turasóirí agus dúchasach a bhí faoi léigear i bpobal darb ainm Sorata.
an ceantar máguaird the surrounding area
" " Is Láithreán Oidhreachta Domhanda é Brú na Bóinne agus an ceantar máguaird.
faoin cheantar máguaird about the surrounding area
" Beidh dhá sheomra taispeántais ann fosta, ina mbeidh eolas faoin pharóiste agus faoin cheantar máguaird.
máguaird surrounding
" Cén fáth ar bunaíodh Muintir Chrónáin? Bunaíodh an eagraíocht toisc go raibh spéis ag na bunaitheoirí an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCluain Dolcáin agus sa cheantar máguaird.
máguaird grúpaí
" Tá mé féin i mo stiúrthóir ar an chúrsa siúl sléibhe i gcoláiste Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus, mar sin, bím ag siúl thart ar an cheantar máguaird le grúpaí ó gach cearn den domhan.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Tá cúig Ghaelscoil sa cheantar: dhá cheann i mBaile Munna agus trí cinn eile sa cheantar máguaird.
máguaird surrounding
" Sa 20ú haois, bhí rath ar Aberteifi mar go raibh ag éirí go maith leis an talmhaíocht sa cheantar máguaird.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Ar an drochuair, níl aon ghrúpa foghlaimeoirí i mo bhaile nó sa cheantar máguaird, ach bhí suímh Dhaltaí na Gaeilge ((www.
as na contaetha máguaird from the surrounding counties
" Is minic leis go mbíonn daltaí as na contaetha máguaird ag freastal ar na coláistí móra iomána agus peile.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Thíos staighre tá taispeántas álainn agus earraí le feiceáil a fuarthas san eaglais agus sa cheantar máguaird.
an ceantar máguaird the surrounding area
"an ceantar máguaird ag fulaingt go fóill de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo.
sa tír máguaird. in the surrounding countryside.
" Ach maireann pobal measartha mór Caitliceach anseo i dTom an t-Sabhail agus sa tír máguaird.
do gheilleagar na gceantar máguaird. for the economy of the surrounding areas.
" Beidh impleachtaí “tubaisteacha” ag cinneadh Aer Lingus, dar leo, ní hamháin ó thaobh turasóireachta de, ach do gheilleagar na gceantar máguaird.
tíortha máguaird surrounding countries
" Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-Apartheid san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú, cogaí inar maraíodh thart ar 1.
do phobal an cheantair máguaird. to the community of the surrounding area
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
an cheantair máguaird of the surrounding area
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
máguaird around about
" Ní raibh bealach ar bith againn a rá leo go raibh Marbles i ndiaidh dul ar saoire ar fheirm (leithscéal a bhí ag cara nuair a leagadh madadh a pháistí) nó bhí feirm ag mamó agus daideo agus chuirfeadh siad a thuairisc sa scioból agus sna páirceanna máguaird.
máguaird surrounding, around
" Ar ndóigh, is téarma acadúil é Pigmí a thagraíonn do na fiagaithe-cnuasaitheoirí ísle arb as na foraoiseacha meánchreasa agus na limistéir máguaird san Afraic Láir dóibh.
máguaird surrounding
" Is féidir éisteacht leis an stáisiún ar an raidió i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird.
máguaird surrounding
" Tagann siad as na ceantair máguaird go St Germain chun freastal ar scoileanna an bhaile agus feictear iad ina gcéadta ag dul abhaile ag deireadh an lae scoile nó ag bualadh le chéile, go háirithe ag an deireadh seachtaine, sna siopaí caife atá ar gach cúinne sráide.
máguaird in the vicinity
" Bíonn oiread daoine air is nach bhfuil go leor spás pairceála sa charrchlós agus gur minic a chaithfear tiomáint go dtí na bailte beaga máguaird lena leithéid a fháil.
máguaird surrounding
" Rinneadh Anaclann Dúlra de Loch Bogoria is den cheantar máguaird i 1973 d’fhonn airgead a thuilleamh don Stát agus tá turasóirí á dtarraingt ann ag áilleacht nádúrtha na háite ó cheann ceann na bliana ó shin i leith.
máguaird all round
" ” É seo i ndiaidh di deochanna a cheannach do gach duine i gCill Airne agus sa cheantar máguaird nuair a bhain sí an chéad áit sa chomórtas amhránaíochta nach amhránaíocht sean-nóis í.
cheantar máguaird surrounding countryside
" Bhí sí ann, freisin, nuair a chuir báisteach throm deireadh leis an triomach, ach chonaic sí an tuile a tharla mar gheall ar an mbáisteach in Gunnedah, sa cheantar máguaird agus i dtuilemhá na habhann.
an saol máguaird the world around (us)
" Bhí seisear againn sa veain agus gan mórán aird’ againn ar an saol máguaird.
ceantar máguaird surrounding countryside
" Tá radharcanna dochreidte de Bhaile na Banríona agus an ceantar máguaird le feiceáil ó bharr na binne seo agus shuigh muid siar sa chaifé ar feadh tamaill ag breathnú anuas ar an mbaile.
a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird who lives in the area
" I bhfocail eile, ní gá go dtabharfadh freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach buntáiste iontrála do dhalta le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla ach a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Gach Dalta mar a Oiltear é ========== Bhain an Rianach Sydney amach ag deireadh 1816 agus d’oibrigh sé ar fheirmeacha éagsúla sa cheantar máguaird.
sa cheantar máguaird in the surrounding district
" Ciontaíodh an seisear as comhcheilg áiteanna éagsúla in Sydney, príomhchathair New South Wales (NSW), agus sa cheantar máguaird a bhuamáil agus gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu.
máguaird surrounding
" Tá an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath ag síorfhás ag déanamh an-dochair do na cluichí Gaelacha sa chathair agus sa cheantar máguaird, dar le Colm Mac Séalaigh.