Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shéasúr na máirseála the marching season
" Tá míshásamh agus míshuaimhneas i mBolton agus in iarthuaisceart Shasana le hiompar na ndílseoirí sa réigiún agus sinne ag tús "shéasúr na máirseála" anseo.
fíf mháirseála marching fife
" Tá bailiúchán againn anseo de sheanuirlisí ceoil a rinne muintir Mhic Néill thart ar 1830-1840: feadóg mhór, cláirnéid, fíf mháirseála, agus veidhlín.
séasúr na máirseála the marching season
"séasúr na máirseála ar tí toiseacht gan mhoill (an stopann sé i ndáirire?) agus tá an UDA ag iarraidh teannas a chruthú fríd an chineál seo seicteachais.
mháirseálacha bliantúla annual marches
" " Is minic a bhíonn trioblóid in Ard Eoin le linn mháirseálacha bliantúla na nOráisteach, ócáidí a dhéanann an bua Protastúnach le linn Chath na Bóinne i 1690 a chomóradh.
shéasúr na máirseála the marching season
" I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine.
mháirseáil march
" Cad é tharlódh, mar shampla, dá mbeadh círéib ann le linn mháirseáil de chuid an Oird Oráistigh, mar a chonaic muid go minic roimhe seo.
mháirseáil mhíleata military march
" Bhí áit ar leith curtha in áirithe dó ag Íochtarán na hÉireann le bheith ag amharc ar an mháirseáil mhíleata.
a mháirseálann go fóill who still march
" “Tar ar ais an bhliain seo chugainn!” Scríobh mé cúpla mí ó shin faoi bhriogáid na nÉireannach, The Fighting 69th as Nua-Eabhrac, a mháirseálann go fóill i dtosach mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac.
roimh mháirseáil chonspóideach before a controversial march
" Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.
na buíonta máirseála, the marching bands,
" Traidisiúin éagsúla Tá amhráin agus ceol ón traidisiún Oráisteach sa Taisce fosta agus cad chuige nach mbeadh? Is cuid de thraidisiúin na hÉireann iad na buíonta máirseála, buíonta bosca ceoil, bannaí píb agus amhráin a bhaineann leis an traidisiún Oráisteach, na Apprentice Boys agus araile.
a mháirseáil trína shaol i gcónaí, who always marched through his life,
" Pádraig a mháirseáil trína shaol i gcónaí, fiú más i gcoinne easa a bhí an mháirseáil chéanna.
ag eagrú máirseála organising a march
" Mar shampla, tá dílseoirí ag eagrú máirseála in éadan Anna Lo, an t-aon fheisire ó mhionlach eitneach atá sa Tionól.
an mháirseáil uilig all the marching
" Sin é anois – tá mé ciniciúil agus cantalach i mo sheanaois! Rud amháin atá imithe, sílim, nó an mháirseáil uilig a dhéanadh mic léinn tríú leibhéal mo linne.
agus muid ag tarraingt ar bhiaiste na máirseálacha as we draw towards the marching season
" Tá an tOrd Flannbhuí ag rá go bhfuil teannas ag méadú agus muid ag tarraingt ar bhiaiste na máirseálacha agus iad ag cur an loicht ar Éirinn agus ar a bhean (a fear?) seachas iad féin.
máirseáil marching
" Má bhítear ag máirseáil ó thuaidh, feictear do Robert McMillen nach mar léirsiú in aghaidh ciorruithe a tharlóidh sé.