Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gach mac máthar every second person
" Nuair a gheobhaidh muid stádas don teanga san Eoraip, beidh go gach mac máthar ag foghlaim na Gaeilge sa dóigh is gur féidir leo ceann de na postanna breátha a fháil.
taithí a máthar her mother's experience
" ’ “D’imir taithí a máthar tionchar mór ar Amira.
comhluadar a máthar their mother's company
" Is breá leo comhluadar a máthar agus is í an duine is tábhachtaí ina saol.
sloinne a máthar, her mother's surname,
" Is cosúil gur bhain Jeannie úsáid as sloinne a máthar, Stewart, go dtí gur phós sí agus ansin d’úsáid as sloinne a fir, Higgins.
a dhiúltar ó chíocha gach máthar which is sucked from the breasts of every mother
" Tháinig Bob Welch ar an saol i gCorcaigh agus admhaíonn sé go bhfuil an mórtas cathrach agus contae sin ann a dhiúltar ó chíocha gach máthar cois Laoi.
ceart chun grá máthar a roinnt le hiníon. the right to share a mother's love with her daughter
" Is é an t-aon cheart atá ag teastáil uaithi ná an ceart chun grá máthar a roinnt le hiníon.
tocht na máthar the mother's emotion
" Ba é ab’ údar le tocht na máthar, mhínigh sí dom, nach raibh a hathair féin, athair críonna an chailín óig, beo len é seo a fheiceáil.
gach mac agus iníon máthar beo absolutely everyone
" Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca gach mac agus iníon máthar beo.
mac máthar mother's son
" Murach go raibh seirbhísí r-phost saor in aisce á dtairgeadh agus á nglacadh ag gach mac máthar agus iníon athar sna nóchaidí, ní bheadh an bhuncloch faoin gcuid is mó de na seirbhísí nua snasta seo.
gach mac máthar everyone
" Cinnte bhí ag Barry’s Tea, ach is breá le gach mac máthar tae! (http://www.
máthar gustalaí wealthy mother
" Cé as a dtiocfaidh feabhas is athfhás na tíre? Cén fáth nach bhfuil an tóin ag titim as éileamh na gaelscolaíocht mar a chéile? Tá muinín éigin dothomhasta i muintir na tíre seo, thar mar a bhí leathchéad, nó scór go leith bliain ó shin agus b’fhéidir gur méar ar eolas do fhreagraí na gceisteanna thuas an ghaelscolaíocht, cá bhfios? D’ainneoin íomhá na máthar gustalaí atá in ann a leanbh a thiomáint chun na gaelscoile i dTouareg, gurb í an ghaelscolaíocht go minic an t-oideachas is ilaicmí chomh maith le bheith ar an chineál oideachais is mó éileamh faoi láthair.
i mbroinn na máthar in the mother’s womb
" An bhfuil sé ag éisteacht? Cad a chloiseann sé? An dtuigeann sé cad is ceol ann? An dtuigeann sé gurb é a dheaidí atá ag canadh - an gceapann sé go bhfuil a dheaidí ag canadh ar nós an phréacháin nó ar nós aingil!? Deirtear go dtagann éisteacht chuig leanbh san ochtú mí i mbroinn na máthar.
taobh na máthar maternal side
" Reggie Trench, deartháir Cesca, ba ea a sheanathair, taobh na máthar, a fuair bás sa Fhrainc i 1918 mar oifigeach sa Sherwood Foresters, Arm Shasana.
Athair a máthar her grandfather
" Athair a máthar, ba chathaoirleach Fianna Fáileach ar Chomhairle Chontae Mhaigh Eo é agus teaghlach mór Fianna Fáil a bhí i muintir Ruane riamh anall.
ar ucht a máthar in her mother’s arms
" Agus í ag fáil bháis ar ucht a máthar, thug an gunnadoir iarraidh an mháthair a scaoileadh chomh maith ach chuaigh an gunna i bhfostú.
sa tóir ar thaibhsí rúnda na máthar searching for their mother’s secret ghosts
" Is mar sin a theilgtear an cúpla sa tóir ar thaibhsí rúnda na máthar.
haistear fuilteach na máthar the mother’s bloody journey
" Trasghearrtar go paiteanta turas na hiníne le haistear fuilteach na máthar roimpi.
amlíne na máthar the mother's timeline
" Tá an eagarthóireacht chomh snoite sin nach feasach dúinn go minic cioca ar amlíne na máthar, nó ar aistear na hiníne atáimid.
gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha everyone without exception
" Is í an riail atá i gceist agam, an riail a bhaineann leis an gcomhthreomharán beag a bhíonn marcáilte os comhair an chúil sna cluichí Gaelacha agus a dtugann gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha freisin an ‘chearnóg bheag’ air.
Géaraíonn breoiteacht na máthar her mother’s illness widens
" Géaraíonn breoiteacht na máthar an bhearna bhriste idir Eva agus na tuistí.
gach mac agus iníon athar agus máthar absolutely every living soul
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
Cuireann uacht na máthar Liobáinigh the Lebanese mother’s will sends
" Cuireann uacht na máthar Liobáinigh, imirceach, an cúpla a rugadh di i gCeanada ag cuardach taisí an athar, agus an dearthár sa Mheán-Oirthear.
Gaeil gach mac máthar acu every single one of them was Irish
" Gaeil in Aghaidh Ghael =========== Bhí na póilíní sa tóir ar dhrong an Cheallaigh ar feadh dhá bhliain mar gur mharaigh siad triúr dá gcomrádaithe, Gaeil gach mac máthar acu.
cosúil le híomhá choitinn na máthar like the image of the typical mother
" Mar sin, cosúil le híomhá choitinn na máthar, táim buartha go bhfuil siad ag foghlaim drochnósanna a mbeidh tionchar acu ar a sláinte anois agus amach anseo.
géilleadh a bhí sa mhír i leith baol féinmharaithe na máthar the article on the mother’s danger of suicide was capitulation
" Thiocfadh fosta go mbeadh an reachtaíocht ar ghinmhilleadh buan go leor i gcuimhne roinnt de chúlbhinseoirí coimeádacha Fhine Gael a mheas gur géilleadh a bhí sa mhír i leith baol féinmharaithe na máthar do chlár oibre Pháirtí an Lucht Oibre.
Mac na máthar tinne the sick woman’s son
" Mac na máthar tinne is ea fear an tí de chuid Peter McDonald.
do gach mac is iníon máthar to all
" Ach conas is féidir linn a dhóthain muiníne a bheith againn i dteicneolaíocht chun an saol só sin a ghealluint do gach mac is iníon máthar? Táimid fós i bhfad uaigh sin go háirithe nuair a dtuigeann tú an comhrac inmheánach agus an lámhacán cúl scéithe a bhaineann le, mar shampla amháin, OAuth agus OpenID, péire creatlach aitheantais atá in úsáid, nó nach bhfuil in úsáid i gceart ag a leithéid *Facebook, Microsoft, Google* agus *Twitter*.
Ní súil seirce go súil na máthar in am breithe there’s no loving eye like a mother’s at the moment of birth
" Ní súil seirce go súil na máthar in am breithe.
i gceantar dúchais a máthar in his mother’s home district
" Chas Seosamh Mac Muirí leis an Seanadóir Rónán Mullen i gceantar dúchais a máthar lena cheistiú faoi Sheanad Éireann, faoi cheist an ghinmhillte agus faoi roinnt ábhar eile ar spéis leis.