Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag díriú a mhéire pointing
" "Tháinig siad anseo mar gur maith leo na caora dearga ar na toim sin," arsa éaneolaí, agus é ag díriú a mhéire i dtreo an bhóthair mhóir.
lorg méar salach dirty finger marks
" Na huibheacha bruite a raibh mé ag súil go mór leo, bhí na blaoscanna bainte díobh agus lorg méar salach fágtha orthu! Bhí an freastalaí chomh cairdiúil, gealgháireach sin nach raibh sé de mhisneach agam gearán a dhéanamh! Creid é nó ná creid, d'éirigh liom iad a ithe agus táim fós beo.
Gabhadh mo mhéar my finger was caught (stuck)
" "Gabhadh mo mhéar idir an dhá chrata," arsa Áine.
Fóram an Mhéara The Mayor's Forum
" Rud a rinne siad ná Fóram an Mhéara a chur sa tsiúl.
an grá ar bharr a gcuid méar acu wearing their love on their sleeve
" Tá siad ag dul thart ansin agus an grá ar bharr a gcuid méar acu.
Mhéara Mayor
" Léiríonn cinneadh an FDNY páirt a ghlacadh i gcruinniú Times Square a míshástacht féin le rialtas an Mhéara Mike Bloomberg.
Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire if there was a nip out of the top of his finger
" Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire ag Fergus bheadh Ita thart ar chos in airde go bhfeicfeadh sí cad é mar a bhí a peata féin.
méara mayor
" B'fhéidir gur chreid fiú an billiúnaí Mike Bloomberg, méara nua na cathrach, go raibh sé tuillte acu.
do mhéar sróna your nose finger
" Is cuma cén cearn den domhan a bhfuil tú lonnaithe ann anois, thig leat teagmháil a dhéanamh leis an Ghaeilge le cuidiú ón luchóg leictreach agus do mhéar sróna.
Méara mayor
" Bhí Finucane, arbh as Contae an Chláir a athair agus as Sligeach a mháthair, ag labhairt i bhfreagairt ar an mhéid a dúirt Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg, agus Gobharnóir New Jersey, Jim McGreevey.
méara mayor
" Nuair a d'fhógair méara Chontae Laoise, Joe Digan, an mhí seo caite, go raibh súil aige seanionad banaltrais in aice Chúl an tSúdaire a chóiriú ina ionad d'fhir gan dídean, chuir ní hamháin ionadaithe ó na páirtithe polaitiúla eile ina choinne ach chuir go leor óna pháirtí féin leis.
ceann dá mhéara coise one of his toes
" Síos trí na blianta bhuail tintreach é, briseadh a sciathán agus, chomh mall le 1991, bhris creachadóir ceann dá mhéara coise.
méara mayor
" Chuir go leor - ina measc méara Nua-Eabhrac A.
sháigh trí mhéar a dheasláimhe he stuck three fingers of his right hand
" Ina dhiaidh sin d’éirigh sé agus chuir sé ordú catha air féin agus sháigh trí mhéar a dheasláimhe faoi shrón lucht an díchreidimh agus dúirt: "Léigí idir na línte a scaifte húranna gan mhaith.
ailt a cuid méar the knuckles of her fingers
" Bhí muinchillí gach geansaí dá raibh uirthi síos thart fá ailt a cuid méar agus an geansaí féin beagnach síos go dtí an dá ghlúin uirthi.
Coimhéadaigí nach ndófaidh sibh bhur méara watch you don't burn your fingers
"Coimhéadaigí nach ndófaidh sibh bhur méara, a fheara,” a scairt Máire Mhór orthu.
mhéara mayor
" Nuair a phill Jim go dtí an áit arís, le linn chomóradh 40 bliain an ionraidh i 1984, bhí áthas air casadh ar Michael arís, agus é ina mhéara ar an áit.
Leas-Mhéara Deputy Mayor
" Sna 1970í, bhí sé i gceannas ar an *Massachusetts Bay Transportation Authority *i mBostún agus chaith sé seal ina Leas-Mhéara ar an chathair.
atoghadh an Méara Bloomberg Mayor Bloomberg was re-elected
" Seachtain nó dhó i ndiaidh a fhógra faoin sceimhlitheoireacht i Nua-Eabhrac, atoghadh an Méara Bloomberg do théarma eile ceithre bliana, agus níor chualathas níos mó faoi sceimhlitheoireacht ina dhiaidh sin.
ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada putting this delicate question on the long finger
" Cad chuige a ngearrfaí pionós ar sheanfhear i mBearna a labhraíonn teanga a mhuintire, mar go bhfuil scaifte *yuppies* i ndiaidh bogadh isteach sa cheantar? Ar cheart an milleán a chur ar chainteoirí dúchais den scoth as a laige is atá an Ghaeilge ina gceantar? Is cinnte, áfach, nach féidir leanstan ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada.
dhírigh sé a mhéar he pointed
" Bhí sé ag gáire agus dhírigh sé a mhéar i dtreo na trá.
obair na méar the finger work
"obair na méar beagnach díreach mar a chéile ach is í an difríocht is mó ná an ton agus an t-análú.
a mhéara agus a chluasa draíochta his magical fingers and ears
" Le himeacht na mblianta, tá mé ag tuiscint níos mó agus níos mó an méid atá muid ag brath ar Tom agus a mhéara agus a chluasa draíochta.
iar-mhéara former mayor
" Tá Harold Ford, duine gorm a bhfuil dlúthcheangal ag a mhuintir le polaitíocht an stáit sin, ag seasamh in aghaidh Bob Corker, iar-mhéara Chattanooga agus comharba ar Bill Frist, iarcheannaire Pháirtí Parlaiminte na bPoblachtánach.
ag díriú a mhéire ar pointing towards
" Bhí mé amuigh le grúpa siúlóirí ó chúrsa Oideas Gael ar Ros Eoghain nuair a chas muid air agus bhí sé ag díriú a mhéire ar Chionn Ghlinne agus ar an Storrúil, trasna na bá, ag rá, “Sliabh Liag, Sliabh Liag” linn.
barra a mhéar the tips of his fingers
" Rud amháineile atá fós i m\'aigne ná barra a mhéara bheith buí ó chaitheamhtoitíní".
samhlaigh deich méar ag scríobadh clár dubh. imagine ten fingers scratching a black board.
" Agus is míthrócaireach an fhuaim a thagann as cláirnéid nuair nach bhfuil an uirlis á seinnt go rialta – samhlaigh deich méar ag scríobadh clár dubh.
ag díriú a mhéire ar thriúr pointing at three people
" “They’re the Everton scouts,” arsa Steve McKenna liom, ag díriú a mhéire ar thriúr i measc an tslua.
méara mayor
" Is é méara Nua-Eabhrac, an billiúnaí Michael Bloomberg, a bhfuil ráflaí ag dul timpeall a deir go mbeidh sé ag seasamh d’uachtaránacht Mheiriceá i 2008, a mhol an plean.
bíonn a méara beaga ag bogadh chomh gasta. their little fingers move so quickly
" Sílim go bhfuil cosúlachtaí idir Tír Chonaill agus Albain ó thaobh theicníc na bpíobairí de - bíonn a méara beaga ag bogadh chomh gasta.
chuig a mhéara, to his fingers
" Tá sé faoi gheasa anois agus tá a chuid mothúchán uile ar nós srutha dhiamhaire – iad ag taisteal óna chroí chuig a mhéara, chuig a ghiotár agus amach chuig an ngléas taifeadta.
agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige. while the ring was being placed on the bride's finger
" (ach) bhí feidhm phoiblí aici chomh maith – dhéantaí í a aithris le linn bainise agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige.
an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara the way they used their fingers
" Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol.
an chéad mhéara mná the first female mayor
" Sa bhliain 2003, bhí méara nua ag muintir Marbella – Marisol Yague, an chéad mhéara mná a toghadh sa cheantar riamh.
ar an méar fhada. on the long finger
" Stair Nuair a tháinig na sé choilíneacht Astrálacha le chéile sa bhliain 1901 le tír neamhspleách a bhunú, cuireadh ceist na príomhchathrach ar an méar fhada.
é réidh lena mhéara a dhíriú ar him ready to concentrate his fingers on
" Agus Rossa chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua.
mhéara fingers
" Ní raibh aon ní aige seachas an ceol féin ina cheann 's ina mhéara.
ag tabhairt na méire giving the finger
" Feictear do lucht na gcarranna go bhfuil tú ag tabhairt na méire daofa cionn is gur féidir leat rothaíocht leat suas go barr an scuaine má tá trácht trom ann.
mhéar fhada long finger
" Ach dar le de Valera, b’amhlaidh gur thábhachtaí i bhfad é caomhnú na Gaeilge le linn géarchéime dá chineál siocair nach raibh sí i riocht sách láidir le go bhféadfaí an obair sin a chur ar an mhéar fhada: “Sa chaoi ina bhfuil an saol fá láthair, ta a lán neithe gur deacair dúinn gan suim, agus suim an-mhór do chur ionnta.
mhéar fhada long finger
" Tá claonadh aige nithe conspóideacha a chur ar an mhéar fhada.
méar finger
" Dein ‘I’m going to explode’ a ghúgláil agus beidh sé le léamh agat ó scread na ndéagóirí sna blagspotaí, na bhfóram agus na gclárchainte éagsúla go bhfuil méar Neranjo ar chuisle na n-óg.
mhéara fingers
" Nuair a fhaighim leabhar nua, leagaim mo mhéara air agus mothaím é, féacháil an bhfuil sé mín nó garbh, an bhfuil sé tánaí nó ramhar.
cuimilt mhéire don chloch ineffectual
" Ba léir go raibh tnáitheadh – nó burnout - mar fhadhb mhór ina measc, ámh, de dheasca gur mhothaigh cuid acu gur cuimilt mhéire don chloch é mar ní fhaca siad aon athrú dearfach ag teacht lena linn iontu.
níor bhain mé méar de mo ghaosán I didn't hesitate
" Bíonn an séasúr damhsa seo ag an amharclann gach samhradh mar pháirt don “Les étés de la danse de Paris”, a mhaireann ar feadh trí seachtaine i mí Iúil; agus níor bhain mé méar de mo ghaosán gur cheannaigh mé ticéad.
díriú na méar pointing
" Ní fios go fóill cé a d'eagraigh é, ach táthar ag díriú na méar go forleathan i dtreo Dick Armey, feisire fíorchoimeádach as Texas, agus a eagraíocht FreedomWorks, brúghrúpa a oibríonn thar ceann comhlachtaí chun cáin a ísliú agus gnó an stáit a chur i lámha na hearnála príobháidí.
méar finger
"méar á díriú ar na bancanna agus ar na forbróírí chuile lá sna meáin.
mhéar fhada long finger
" Níl an t-iomaire a bhí roimhe treafa ag an Aire Ó Cuív agus is baolach gur ar an mhéar fhada a fhanfas an chonspóid seo agus go bhfágfar faoi thíortha eile an fómhar turasóireachta a bhaint.
ar an méar fhada on the back boiler
" Tá an chraic seo ar bun aige le 10 mbliana anois, é ag cosaint go leor airgid ar mhaithe le cinneacha crua a chur ar an méar fhada.
mhéar ar eolas a pointer
" An Craoltóir Óg Ní dóigh liom gur féidir a shéanadh dá mbeadh Gaeilge na Leabhar féin ina ceart ag láitheoirí óga raidió agus físe na linne seo, go mba mhisniú agus go mba mhéar ar eolas do go leor de lucht féachana agus de lucht éisteachta na tíre agus an domhain.
ar an méar fhada kept in abeyance
" Chuir sé athbhreithniú na dteorannacha Gaeltachta ar an méar fhada, arís is arís, cheal misnigh.
Méar ar Eolas a pointer
" Méar ar Eolas ag an Danmhairg Dúinn =========== Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag gach teicneolaíocht, agus ní féidir a rá fós cé leis a mbeidh an lá.
curtha ar an mhéar fhada delayed
" Chiallódh sé sin nach mbeadh leasú stádas na Gaeilge ar an churaclam díbeartha den chlár oibre ach go mbeadh sé curtha ar an mhéar fhada.
ar an méar fhada in the slow lane
" Ní raibh an rún thuas ag déanamh iarrachta an dlí a athrú, de réir dealraimh, ach chuir sé brú ar na páirtithe móra an cheist a chíoradh go hoscailte, ábhar ab fhearr go mór leo a fhágáil ar an méar fhada.
ar an méar fhada being delayed
" Is mór an baol anois go gcuirfear an saghas reachtaíocht radacach sin atá riachtanach ar an méar fhada, ar eagla go gcuirfeadh sí isteach ar dhreamanna a bhfuil bun mór acu sa chóras mar a bhfuil sé.
mhéara fingers
" Ach tá na taobhghleannta, a shíneann siar mar mhéara agus ó thuaidh ó Gleann Beannchuir, suimiúil go leor agus mar a deir Cameron McNeish ina leabhar *The Monroes:* *"There may not be any great pinnacles here, rocky spires and sheer rock faces are non-existent, but there are other attributes - a wide open aspect, a feeling of vast landscapes and spaciousness, and you'll see more wildlife in a day than you'll see in the Skye Cuillin in a week.
nach féidir méar a leagan air intangible
" Is gné den daonnacht nach féidir méar a leagan air.
Méara mayor
" Bhí saighdiúirí ó na *Irish Guards* i Halla na Cathrach, Learpholl ar Lá Fhéile Pádraig le seamróg a bhronnadh ar an Méara, Hazel Williams.
an mhéar a shíneadh le to single out
" Is mór ag lucht cinsil gach dreama a bheith in ann an mhéar a shíneadh le dream lasmuigh dá dtreibh.
Shín méar pointed (his) finger
a mhéar air his finger on it
" Sílim gur leag an tráchtaire Brian Feeney a mhéar air agus é ag scríobh san Irish News an tseachtain seo nuair a dúirt sé go raibh eagla ar mhuintir na 26 Chontae roimh thoghadh Martin McGuinness mar Uachtarán na hÉireann, mar go léireodh sé go raibh an fhaisnéis náisiúnta atá á scaipeadh ó dheas ó bunaíodh an stát contráilte.
cuireadh an tionscadal ar an méar fhada the project was put the back burner
" Nuair a cailleadh Kerouac sa bhlian 1969, cheannaigh Coppola na cearta scannáin ach cuireadh an tionscadal ar an méar fhada arís.
conas an stair a chur ar an méar fhada how to delay the (feeling of) historical atmosphere
" Thug an drámadóir frith-Naitsíoch Bertholt Brecht Verfremdung (*‘making strange’*) ar an tseift seo, agus ní foláir nó gur fhoghlaim Milch óna chuid múinteoirí i Yale conas an stair a chur ar an méar fhada.
ar an méar fhada on the long finger
" Cuireadh, dá ainneoin sin, cainteanna i dtaobh tuilleadh comhcheangal polaitiúil agus comhtháthú geilleagrach na hÚcráine leis an AE ar an méar fhada.
méar a leagan go cruinn ar to point out precisely
" Mura bhfuiltear in ann méar a leagan go cruinn ar ar tharla in intinn na nÉireannach le sé glúin anuas, is cuma ar bhealach.
Ní thig liom méar a leagan air I can’t pin it down
" Ní thig liom méar a leagan air, ach tá rud éigin acu.
ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada to put problematic matters on the long finger
" Tá an baol ann fosta go mbainfear feidhm as le ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada.
ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach awaiting its emancipating downloading finger
" Is fearr liom an DVD ábhartha ar an tseilf ná a scáil neamhchorpartha ar line, nó a sprid faoi ghlas ar néal éigin sna spéartha ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach.
in ann méar a leagan air able to point out
" An bhfuil éinne agaibh in ann méar a leagan air agus, má tá, an cnaipe a bhrú?
ag oibriú na méar working his fingers
" “Cén rithim é féin meas tú?” ar sé agus é ag oibriú na méar.
leis an méar a shíniú i gcoinne in order to point the finger (of accusation)
" Ní hé nach raibh treibheachas ag sní tríd an tír le linn na ngníomhaíochtaí uafáis a thit amach ansin le blianta beaga, ná ó ré King Idris, ach tá sé in am anois ráiteas uafáis de chineál an bhuama sin a dhéanamh leis an méar a shíniú i gcoinne Mhuintir Warfalla.
an fáinne gealltanais ar a méar aici the engagement ring on her finger
" Rud a tharraing aird faoi leith an domhain agus Johansson ar an gcairpéad dearg an babhta seo ná an fáinne gealltanais ar a méar aici.
a raibh méar aige ar réimse leathan gnólachtaí agus tionscadal who had a hand in a wide range of businesses and projects
" Bhí baint ag Cheiro leis na Róschrosaigh i measc grúpaí diasúnachta eile agus ba dhuine é a raibh méar aige ar réimse leathan gnólachtaí agus tionscadal – cineál fear Renaissance a linne.
méar Naomh Tomás St. Thomas’ finger
" Bhí na cnámha faoi thalamh ar feadh na gcéadta ar shuíomh atá ceangailte go dlúth leis an Naomh agus de bharr seo is iarsmaí beannaithe iad ar nós Coróin Deilge Críost, in Ard-Eaglais Notre Dame, Páras, Cumhdach Turin nó méar Naomh Tomás in Eaglais Santa Croce in Gerusalemme sa Róimh.
a thaispeánann an méara which shows the mayor
" Thosaigh na raflaí thart ar bhliain ó shin: tá físeán ann de Rob Ford a thaispeánann an méara ag caitheamh cnagchócaon in éineacht le cúpla duine eile.
is deacair do mhéar a leagan ar conas it’s hard to put your finger on how
" Le teacht an idirlín, tá cúrsaí athraithe go mór agus is deacair do mhéar a leagan ar conas a bheidh cúrsaí sna blianta amach romhainn.
moltar do mhéar, peann nó eile it’s advised (to use) your finger, a pen or something else
" Sin an fáth go moltar do mhéar, peann nó eile a úsáid chun léamh níos tapúla gan bhotúin.
ar bharr mo mhéar at my fingertips
" Ach de ghnáth, bhíodh cuisneoir agus gríoscán agus brúbhruthaire agus uirlisí ar fad na cistine in aice láimhe agus ar bharr mo mhéar agam.
ag síneadh na méire ar pointing at
" Tá Maidhc Ó Cathail ag léamh ar an dream is mó a bhíos ag síneadh na méire ar cheap milleáin eile roimh cogaidh.
síneadh na méire le blaming
" Síleann Maidhc Ó Cathail gur fada atá an t-úll ón úllord ag Meiriceá agus iad ag síneadh na méire le gach éinne eile ach leo féin nó lena gcomhghuaillithe.
ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é there hasn’t been fault finding, blaming, and expulsion like this before
" Dhearc Brian Ó Broin ar a bhfuil ag titim amach laistigh den ‘chóisir tae’ úd sna Stáit Aontaithe agus ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é.
Toigh Ard-Mhéara in the lord mayor’s residence
" D'fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.
gach méar eolais a leagfaimid súil air every signpost we see
" Is ráiteas teangeolaíochta, dearfach nó diúltach, agus is eachtra teanga gach méar eolais a leagfaimid súil air i rith an lae.