Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag dul i méid increasing
" Ní hé go bhfuil daoine i gcoinne ionad mór spóirt ar bhonn prionsabail, ach tá costas mór millteach an phlean ag déanamh tinnis do dhaoine ar fud na tíre agus is cosúil go bhfuil an costas sin ag dul i méid lá i ndiaidh lae.
méid millteanach ceoltóirí a great number of musicians
" Mheall Gaillimh í, mar tá méid millteanach ceoltóirí ansin, an chuid is mó acu as áiteanna eile ó dhúchas.
méideanna ollmhóra airgid á dtiomáint huge sums of money driving them
" Ach tá Éire beag agus tá an CLG in iomaíocht le fórsaí móra idirnáisiúnta agus dúchasacha a bhfuil méideanna ollmhóra airgid á dtiomáint.
méid an fháiltithe the extent of the welcome
" Is aisteach ar bhealach méid an fháiltithe agus an ceiliúradh a deineadh mar, tar éis an tsaoil, is foireann í seo nár bhuaigh aon chraobh ná corn agus nár éirigh léi dul chomh fada fiú amháin le cluiche ceathrú ceannais an chomórtais.
ag teacht i mbun a méide coming into its own
" Bhain siad go háithrid leis an chéad ghlúin a fuair ardoideachas fríd mheán na Fionlainnise, nach raibh ach ag teacht i mbun a méide mar theanga chultúrtha san am sin.
seachas i méid instead of growing
" Ach is é an fhírinne, de bharr móramh a bheith i gcónaí ag an Rialtas sa Seanad agus de bharr chóras na haoireachta, tá tionchar an tSeanaid ar reachtaíocht ag dul i laghad seachas i méid.
go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí that the size of the payments be decreased
" Moladh go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí agus go gcuirfí bealaí ar fáil le leithscéal a ghabháil seachas airgead a íoc.
méid size
" Seans dá ndéanfadh muid an méid sin, go mbeadh barúil níos fearr againn cé muid féin, fiú sa náisiún seo ina bhfuil daoine chomh scaipthe sin, agus ina bhfuil na roghanna seo gan teorainn maidir le stíl mhaireachtála, roghanna a bhíonn go minic ina mbac ar dhaoine.
níor imigh an méid sin ar Nuala that didn't escape Nuala's attention
" Ar ndóighe, níor imigh an méid sin ar Nuala agus dúirt sí le Stiofán, "Nach tusa atá mór le hAisling.
Ní réiteodh Ó Fiannachta leis an méid sin in aon chor Ó Fiannachta wouldn't agree with that at all
" Ní réiteodh Ó Fiannachta leis an méid sin in aon chor.
leis an méid sin daoine a mhealladh to attract that number of people
" Ní theastaíonn uathu glacadh le níos mó ná 20 duine in aon rang, ach bíonn a lán oibre ag teastáil leis an méid sin daoine a mhealladh fiú.
an méid corn agus craobh the number of trophies and championships
" Mar is eol do chách, is dóigh, tá bainisteoir ar United (nach bhfuil chomh haontaithe sin faoi láthair, de réir mar a thuigim) agus tá sé molta go hard mar bhainisteoir i ngeall ar an méid corn agus craobh atá buaite ag an gclub úd faoina stiúir le beagnach 20 bliain anuas.
an méid a thiteadh amach what used to happen
" Ba léiriú air sin an méid a thiteadh amach ag am lóin.
Mothóidh mé uaim an méid sin. I'll miss that much
" Mothóidh mé uaim an méid sin.
trí oiread an méid three times the number
" Newheartlands an t-ainm atá ar an scéim úr atáthar ag brath a thógáil agus leagfar 20,000 seanteach ar Merseyside mar chuid den fhorbairt, trí oiread an méid a scrios an Luftwaffe sa cheantar sa *Blitz.
méid volume
" Ar an dóigh chéanna, an ndearna an próiseálaí focal scríbhneoirí níos fearr asainn?” Paul Grant, Londain (ó shuíomh gréasáin an BBC) “Ní hionann méid agus fiúntas agus ní cuidiú ar bith é ach oiread gur féidir íomhánna a chaitheamh i dtraipisí nó a chealú go héasca sa cheamara digiteach.
Mothóidh mé uaim an méid sin. I'll miss that much
" Mothóidh mé uaim an méid sin.
an méid sin rún so many secrets
" Tá sí chomh hálainn sin agus tá an méid sin rún ag baint léi, agus ní fhaca mise ach cuid bheag di.
méid dochreidte ama an unbelievable amount of time
" Dá gcaithfeadh sé rogha a dhéanamh, an rachadh sé leis an ealaín nó leis an cheol? “Is í an ealaín mo cheird, is í an ealaín a chuireann bia ar an tábla ach caithim méid dochreidte ama i mbun ceoil, ainneoin go bhfuil sé in ainm is a bheith ina chaitheamh aimsire agam,” ar sé.
méid volume
" Ar an dóigh chéanna, an ndearna an próiseálaí focal scríbhneoirí níos fearr asainn?” Paul Grant, Londain (ó shuíomh gréasáin an BBC) “Ní hionann méid agus fiúntas agus ní cuidiú ar bith é ach oiread gur féidir íomhánna a chaitheamh i dtraipisí nó a chealú go héasca sa cheamara digiteach.
Mothóidh mé uaim an méid sin. I'll miss that much
an méid sin rún so many secrets
" Tá sí chomh hálainn sin agus tá an méid sin rún ag baint léi, agus ní fhaca mise ach cuid bheag di.
Admhaítear an méid seo ann this much is admitted in it
" Admhaítear an méid seo ann: "*Farm incomes may not be as healthy as the ICMSA would like …*" Ach an cúis é sin le hionsaí a dhéanamh ar chuid eile de gheilleagar na tuaithe? Gan amhras, tá Pat O'Rourke agus a leithéid ag déanamh damáiste as cuimse don dara tionscal is mó sa tír agus tá postanna caillte faoin tuath dá bharr.
an méid ceana the amount of affection
" Dá mbeadh a fhios acu an méid ceana atá agam orthu …” Tá sé íorónta, mar sin, go gcaitheann oiread daoine fásta a bhfuil post lánaimseartha acu céatadán chomh hard sin dá saol ní leis na daoine is mó a bhfuil dáimh acu leo ach leo siúd a bhíonn ag bun an liosta de ghnáth: a gcomhghleacaithe.
ón méid a thuilleann an gnó from the amount that the company earns
" Tagann maoiniú an chomhlachta ón méid a thuilleann an gnó óna sheirbhísí comhairleoireachta teanga agus aistriúcháin.
ón méid a thuilleann an gnó from the amount that the company earns
" Tagann maoiniú an chomhlachta ón méid a thuilleann an gnó óna sheirbhísí comhairleoireachta teanga agus aistriúcháin.
an méid a baineadh amach what was achieved
" Is féidir tógáil ar an méid a baineadh amach agus feabhas a chur air.
an méid sin troda agus íobartha so much fighting and sacrifice
" Seans maith go leanfadh an gnáthógánach seo ar aghaidh ag rá nach ndearna an Pholainn an méid sin troda agus íobartha i gcaitheamh an chogaidh le go mbrúfaí córas cumannach anuas uirthi ina dhiaidh.
roinntí an méid a bhíodh fágtha the amount left would be divided
" ” An rud a tharlaíodh ná nuair a bhíodh an buiséad go léir a bhain le cúrsaí riaracháin caite, roinntí an méid a bhíodh fágtha idir cúrsaí teanga agus cúrsaí forbartha pobail.
leis an méid othar with the number of patients
" Mhol Tuarascáil Hanly gur cheart gach cúram éigeandála a aistriú go dtí an Lárionad Feabhais in Ospidéal Réigiúnach Luimnigh, áit nach bhfuil in ann déileáil leis an méid othar atá ann cheana féin.
ag dul i méid nó i léig increasing or decreasing
" Is deacair a dhéanamh amach an bhfuil tionchar na Stát Aontaithe ar an domhan ag dul i méid nó i léig.
rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí he expressed surprise at the amount of CDs
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
an méid cuas the number of cavities
" Tarraingíonn sí aird ar an méid cuas atá le feiceáil ar na dealbha.
méid bocht iriseoirí agus craoltóirí a great number of journalists and broadcasters
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil méid bocht iriseoirí agus craoltóirí ag fámaireacht thart i gConamara ag lorg líon teoranta scéalta.
méid áirithe dá leictreachas a certain amount of their electricity
" Tá taisteal saor in aisce ag pinsinéirí, cuir i gcás, méid áirithe dá leictreachas saor in aisce, ní gá dóibh cíos a íoc ar a líne theileafóin nó ceadúnas teilifíse a bheith acu.
In ainneoin an mhéid a tharla despite all that happened
" In ainneoin an mhéid a tharla i Leas Cross, agus na moltaí a chuir an tOllamh Des O’Neill chun cinn sa tuarascáil a scríobh sé mar gheall ar an ionad, níl na hacmhainní cuí curtha ar fáil ag an rialtas go fóill le cinntiú go n-oibreodh an córas rialaitheach go héifeachtach.
an méid céanna fuinnimh the same amount of energy
" Ach cad faoi bhreosla eile a úsáid sna heitleáin? An féidir, mar shampla, eatánól a úsáid? Bhuel, ní bhíonn an méid céanna fuinnimh le fáil as an eatánóil is a bhíonn as an cheirisín, an gnáthbhreosla a úsáidtear in eitleáin an lae inniu.
an méid pléisiúir the amount of pleasure
" Is cinnte nach raibh a fhios acu ag an am cé chomh híocónach is a bheadh na cartúin seo agus an méid pléisiúir a thabharfadh siad dá lucht féachana líonmhar sa bhaile agus i gcéin.
Ní dóigh liom féin gur féidir an méid sin a shéanadh. I don't think that can be denied.
" Ní dóigh liom féin gur féidir an méid sin a shéanadh.
an méid sin suime so much interest
" Leath an cluiche amach i measc choláistí na hAontachta uilig go dtí go raibh an méid sin suime sa spórt gur bunaíodh go gairmiúil é in Ohio i 1920.
méid áirithe iomaíochta a certain amount of competition
" I gcúrsaí iompair bus, tá comhlachtaí príobháideacha ag cur méid áirithe iomaíochta ar fáil do Bhus Éireann.
Braithim ón mhéid a deir sé liom I get the feeling from what he tells me
" Braithim ón mhéid a deir sé liom nach bhfuil sé róthógtha le cuid den dream atá ag obair ansin anois agus nach bhfuil siadsan róthógtha leisean ach oiread.
is mór an méid a fuarthas a lot has been found
" Bhí an t-oileáinín i seilbh phríobháideach ar feadh trí chéad bliain, agus tógadh go leor ar an láthair ó shin i leith, ach is mór an méid a fuarthas ó ghlac Stát Virginia agus Seirbhís Náisiúnta na bPáirceanna seilbh ar an áit ó 1907 amach.
an méid atá de dhíth the amount we need
" Is deas an meafar don saol é – tá lear mór rudaí againn ach líonfadh an méid atá de dhíth orainn mála droma.
go méadóidh an méid sin faoi dhó that that figure will double
" Táthar ag tuar go méadóidh an méid sin faoi dhó d’fheachtas 2008.
an méid suíochán the number of seats
" Céard é a mheas faoi? “Bhí a fhios agam nach bhfaigheadh Sinn Féin an méid suíochán is a raibh siad ag súil leo,” a deir sé.
an méid céanna fuinnimh the same amount of energy
" Ar dtús, níl an méid céanna fuinnimh i mbithbhreoslaí agus atá sa pheitreal; dá bhrí sin, ólfaidh inneall níos mó eatánóil ná peitreal.
méid ollmhór a huge amount
" Agus, ní measa fós: chun an fhoraois a bhaint, dóitear í, rud a scaoileann méid ollmhór CO2.
don mhéid ábhalmhór tráchta for the massive amount of traffic
" Tá an droichead, a bhfuil dhá leibhéal air don mhéid ábhalmhór tráchta a úsáideann é gach lá, ciliméadar go leith ar fhad, agus 65 méadar ón uisce thíos faoi.
an méid céanna buntáistí the same amount of advantages
" Cén fáth nach bhfuil níos mó dá leithéid ag trasnú an Atlantaigh, nó ag dul go dtí an Astráil?Bhuel, ní féidir le haerlíne an méid céanna buntáistí a bhaint as samhail ísealchostais ar aerbhealach cianaistir.
éilítear méid áirithe dea-iompair a certain amount of good behaviour is demanded
" Is i mbun comhrá a bhíonn lucht blagadóireachta agus cé go bhfuil cead ag gach mac máthar páirt a ghlacadh sa chomhrá sin, éilítear méid áirithe dea-iompair ar uairibh.
uafás an mhéid a tharla ann the horror of what happened there
" Ach dá loime an foirgneamh is ea is mó a théann uafás an mhéid a tharla ann i gcion ort.
méid éigin Gaeilge some amount of Irish
" “Bhuel, bhí méid éigin Gaeilge agam – Gaeilge na scoile - ach chuirfeadh sé fonn gáire ort.
Thug sé an méid sin cabhrach agus comhairle agus meantóireachta dom, He gave me so much advice and mentoring
" Thug sé an méid sin cabhrach agus comhairle agus meantóireachta dom, nach bhfaighinn in aon áit eile.
méid áirithe daoine a certain amount of people
" Má tá *spin-off* do phobal na háite anso, go iontach! Ach ní éirím ar maidin ag rá liom féin ‘caithfidh mé a chinntiú go bhfuil méid áirithe daoine ag labhairt Gaoluinne sa Rinn inniu!' Ní gnó í an Ghaoluinn.
i bhfianaise an mhéid atá tite amach in light of what has happened
" Ach dealraíonn sé anois, i bhfianaise an mhéid atá tite amach le roinnt míonna anuas, go mbraitheann an t-iompróir náisiúnta gur féidir leo a rogha ruda a dhéanamh ó thaobh athrú polasaithe de, gan cead a bheith faighte acu ón scairshealbhóir is mó dá chuid.
creidim sa mhéid a scríobhaim, I believe in what I write
" Ach creidim sa mhéid a scríobhaim, cé nach n-aontaím leis i gcónaí an lá dár gcionn.
teorainn a chur leis an méid ama to limit the amount of time
" Tá an tAontas Eorpach ag cur spéise sna cúrsaí seo freisin – agus i rith an tsamhraidh chur siad brú ar Google teorainn a chur leis an méid ama a choimeádann siad eolas pearsanta mar gheall ar dhaoine (laghdaithe go 18 mí).
méid sonraí amount of data
" Ach cén teorainn a bheidh leis an méid sonraí is féidir le heagraíochtaí a bhailiú? Bhí teicneolaíocht nua ó ghrúpa Dermot Diamond in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath á plé ag comhdháil FEÉ freisin – teicneolaíocht iontach úsáideach agus suimiúil a chabhróidh leat do chuid sláinte a mheas go huathoibríoch.
méid agus cruth na tíre the size and the shape of the country
" Tá neart cosúlachtaí idir sinn agus iad, ar ndóigh, maidir le stair, teanga, cultúr, méid agus cruth na tíre agus daonra.
Téann muid i méid. We grow up
" *Rock n roll*! **** Téann muid i méid.
neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear. neutral in terms of the amount of carbon it emits
" Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
dhá oiread an mhéid twice the amount
" Is ionann sin agus dhá oiread an mhéid a rothaíonn chuig an obair in Éirinn, a bhféadfaí Tír na nGluaisteán a bhaisteadh uirthi mar leasainm! Tá tionscal nua ag teacht chun cinn in Portland – gnóthaí beaga a dhéanann agus a dheisíonn rothair agus comhlachtaí comhairleachta arb é a ngnó ná cuidiú agus comhairle a chur ar fáil do chathracha eile ar mian leo eiseamláir inbhuanaithe na cathrach seo a leanúint.
cuirfear srian ar mhéid Choimisiún na hEorpa, There will be a constraint put on the size of the European Commission
" Faoin chonradh úr, cuirfear srian ar mhéid Choimisiún na hEorpa, rud a chiallóidh gur de réir uanaíochta a bheas ionadaithe ag na ballstáit air.
an méid airgid a bheidís ag íoc liom. the amount of money they'd be paying me.
" Ach ansin d’inis siad dom mar gheall ar an méid airgid a bheidís ag íoc liom.
an méid sin a admháil to admit that fact
" " Seo Gaeilgeoir eile a rugadh agus tógadh i Learpholl, cé nach raibh sé sásta an méid sin a admháil (féach *Beo!*, eagrán 42, Deireadh Fómhair 2004).
faoin méid a bheidh ag titim amach lena linn about what will be happening during it
" Is féidir leoa bhfuil suim acu i gcúrsaí na Seachtaine iad féin a choimeád ar an eolas faoin méid a bheidh ag titim amach lena linn ach cuairt a thabhairt ar leathanaigh Bebo nó MySpace de chuid na féile.
dhá oiread an méid sin. twice that amount
" " Measann siad go gcailleann na híobartaigh £850 an duine ar an meán, ach go minic, cailleann daoine aosta dhá oiread an méid sin.
ní fios dúinn cé mhéid go díreach it is not known have many exactly
" Chomh maith leis sin, níl an oiread sin daoine ann a bhfuil go leor den Ghaeilge acu chun nuachtán laethúil a léamh: ní fios dúinn cé mhéid go díreach ach níl ach 1.
ar aon mhéid the same size
" Fiú dá mbeadh an nuachtán ar aon mhéid agus ar aon chaighdeán leis an *New York Times*, ní fhéadfaí a bheith ag súil leis go gceannódh gach duine den 72,148 é.
an méid beag teicníce a bhí agam the little technique I had
" Bí ag caint ar fhéinmheas agus ar dhínit a chailleadh! Bhí cuid mhaith de na daoine a raibh mé in éineacht leo ag rá gur chóir dúinn é a dhéanamh nocht – ní bheadh sé mórán níos measa dá ndéanfaimis amhlaidh!Chlis an méid beag teicníce a bhí agam orm, agus cuireadh i rang mé.
an méid sin sásaimh such satisfaction
" An raibh an obair sin dian? “Tá scannánaíocht dian ar aon nós mar bíonn na laethanta an-fhada ach píosa craice atá ann, faigheann tú an méid sin sásaimh as.
an méid sin cleachtaidh that much practising
" com/watch?v=jisfIVapmMs), nuair a bhí uirthi féin agus Ronan Keating an clár a chur i láthair os comhair na céadta milliún duine? “Ní raibh mar bhíomar i ndiaidh an méid sin cleachtaidh a dhéanamh air go raibh mé ar bís le dul amach ansin agus an obair a dhéanamh.
léiríonn a chinneadh éirí as an méid sin. his decision to resign shows this
" Tuigeann an chéad fhear a luadh mothúcháin agus tuairimí an phobail – léiríonn a chinneadh éirí as an méid sin.
an méid atá fulaingthe the amount that he has suffered
" Tá an-trua agam do Chathal agus an méid atá fulaingthe aige.
bheidh ar comh-mhéid which will be the same size as
" Níl aon amhras faoi ach go gcuirfear ceamara digiteach proifisiúnta ar fáil roimh i bhfad a bheidh ar comh-mhéid le ceamara digiteach baile ach lena bhféadfar caighdeán an cheamara teilifíse a bhaint amach.
as ucht an mhéid atá bainte amach acu, for the amount that they have done
" Bronnadh gradam ar a dtugtar North West England Award for Sustainable Tourism ar an ionad as ucht an mhéid atá bainte amach acu, chomh maith leis an Small Tourism Business Award agus The Best Small Visitor Attraction.
sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois in that the process is now started
" Ach tá athrú mór tagtha ar an gcur chuige seo sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois agus na himreoirí in aois níos óige – ceithre bliana déag, de ghnáth – agus dá bhrí sin, bíonn na painéil agus na foirne socraithe i bhfad sula mbaineann na buachaillí aois na mionúr (faoi ocht mbliana déag) amach.
ag dul i méid increasing
" Ar ndóigh, ní thiocfaidh deireadh le gach trioblóid, ní ann d’útóipe áit ar bith ar domhan agus tá bagairt na n-easaontóirí poblachtacha ó thuaidh ag dul i méid an t-am uilig.
sa mhéid a bhí le bheith idir chamáin in what was to be debated
" Léiríonn sé sin go raibh an-suim ag muintir na hAstráile sa mhéid a bhí le bheith idir chamáin.
idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir between thirty and forty times the nuclear fallout
" Scaoileadh idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir sa phléascadh sin ná mar a scaipeadh i ndiaidh gur phléasc na buamaí adamhacha in Hiroshima agus Nagasaki sa bhliain 1945.
méid muiníne amount of confidence or trust
" Sin an méid muiníne atá agam as na húdaráis.
Leis an mhéid fearthainne with the amount of rain
" Más Gaeilgeoir tú, tá tú fós i mbaol! Leis an mhéid fearthainne a bhí againn an samhradh seo, tá an cosán trasna Chnoc Ramhar, atá leathbhealach suas Sliabh Liag, an-chlábarach.
mhéid áirithe d'ioncam fógraíochta certain amount of advertising revenue
" Ach sa mhullach ar na deontais úd, bíonn na meáin Ghaeilge ag brath ar mhéid áirithe d'ioncam fógraíochta chun a gcuid costas a ghlanadh agus brabach a dhéanamh.
cé mhéid achainí how many petitions
" Is cuma cé mhéid achainí a shínítear nó cé mhéid cuimilte a dhéanann na nuachtáin Ghaeilge ar a gcuid figiúirí díolacháin, ní thig leo an fhírinne a cheilt: níl mórán ráchairte ar fhoilseacháin i dteanga neamhfhorleathan.
cé mhéid cuimilte how much sweetening
" Is cuma cé mhéid achainí a shínítear nó cé mhéid cuimilte a dhéanann na nuachtáin Ghaeilge ar a gcuid figiúirí díolacháin, ní thig leo an fhírinne a cheilt: níl mórán ráchairte ar fhoilseacháin i dteanga neamhfhorleathan.
dulta i méid increased
" Anuas air sin, tá diansmacht agus foréigean dulta i méid ó tháinig Saakashvili i gcumhacht.
sa mhéid is go to the extent that
" Is Protastúnach mé sa mhéid is go leanaim mo choinsias i gcónaí, is cuma sa f***** diabhal cad a deir daoine eile.
seasca oiread an mhéid 60 times the amount
" Is ionann sin agus seasca oiread an mhéid a bhí á lorg aige.
Is é an t-am a ársóidh an méid sin time shall tell
" An ndéanfar beart dá réir nó an mbeidh sé cosúil le Kennedy sa deireadh? Is é an t-am a ársóidh an méid sin.
sa mhéid seo to this extent
" Ionchollú luathfhoirmle ‘Nationwide’ na linne seo a bhí ann, ach bhí sé éagosúil leis sa mhéid seo a leanas.
sa mhéid to the extent
" Tá straitéis suimiúil á leanúint ag an dá phríomhpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil, sa mhéid go bhfuil iarrthóirí i gceantracha áirithe roghnaithe trí phróiséas agallaimh seachas theacht frí chóras cruinnithe áitiúla de bhaill an pháirtí.
méid sin ráite that being said
" An méid sin ráite, i gcás an chláir seo againn féin, faigheann muidinne na céadta téacsanna, scairteanna isteach, as Conamara agus as Corcaigh agus as achan áit thríd an tír agus teachtaireachtaí as áiteachaí ar fud an domhain.
sa mhéid is in so far as
" Togra spéisiúil is misniúil atá idir lámha ag an fhear ghnó, Pádraig Ó Céidigh le hathsheoladh Foinse, sa mhéid is gur fiontar neamhspleách é nach bhfuil ag brath ar thacaíocht ón stát.
laghdú méide downsizing
" Cur i gcéill agus séanadh atá i ráitisí na bpáirtithe móra tuaisceartacha atá ag caint ar sheirbhísí poiblí a chostaint ach a luaithe a bheas rialtas ag feidhmiú i *Westminster* agus staidreamh státseirbhísigh an Státchiste ina lámha acu, is cinnte go bhfeicfidh muid "ciorruithe", an "nuachóiriú" (*modernisation*) agus "laghdú méide" (*downsizing*).
cuma cé mhéid no matter how much
" Réiteach amháin ná díbirt amach as an gCumann iad sin a thrasnaíonn an teorainn, cuma cé mhéid oibre a dhéanann siad ar son club nó contae.
sa mhéid to the extent
" Bhí dea-shampla tugtha ag Pádraig Ó Snodaigh sa mhéid is go raibh sé ag foilsiú go leor saothar agus ag tabhairt aitheantais do scríbhneoirí agus is dócha gur theastaigh uaimse an rud céanna a dhéanamh, ach a dhéanamh i gConamara.
méid an bhaill the size of the patch
" Is deacair méid an bhaill a thomhas go baileach, ach de réir meastachán coitianta amháin tá sé chomh mór le Texas agus tá na milliúin tonna de phlaisteach ann.
níor bheag an méid sin that'd be a lot
" Is ceart do mhuintir na Gaeilge sean-nead a ndúchais i lár na hÉireann a athmheas, a athghabháil agus má chuidíonn an tSínis linn cuid den bhealach, níor bheag an méid sin.
an méid sin cumhachta so much power
" Rinneadh an-chaint faoin tagairt in Éirinn, ach an rud is suimiúla ar fad faoin scéal, dar liom, ná go bhfuil an méid sin cumhachta ag na cláracha cainte ar theilifís Mheiriceá gur féidir leo oifig Taoisigh i dtír trasna an Atlantaigh a chreathnú.