Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin trying not to choke on her own goodwill (i.e. it's not genuine)
" " "Tá an t-ádh oraibh mar sin," arsa Nell agus í ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin.
teachtaireacht dhea-mhéine a message of goodwill
" Fuair muid teachtaireacht dhea-mhéine ó Mháire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann le gairid inar ghuigh sí rath is séan ar ár saothar.
dea-mhéin good-will
" Na príomhláidreachtaí atá againn ná saineolas agus dea-mhéin: dea?mhéin agus féile ó bhaill an Choiste maidir lena saineolas; dea?mhéin ó shaineolaithe san iliomad réimsí maidir le comhairle faoi bhrí agus chomhthéacs téarmaí; ionadaíocht ó eagrais tríú leibhéal agus gaolmhara thuaidh agus theas; dea?mhéin ó dhaoine sa Ghaeltacht maidir le comhairle faoi ghnáthúsáid na teanga; deamhéin ó Fhoras na Gaeilge agus comhthuiscint ar thábhacht na hoibre.
dea-mhéin goodwill
" Spléachadh ar dhialann an Aire Easláinte, Micí Ó Máirtín, a fuair sé, le caoinchead agus le dea-mhéin an Aire fhadaraíonaigh féin.
dea-mhéin goodwill
" Tá muid ag brath go mór ar fhocal béil agus dea-mhéin daoine ar suim leo an teanga.
agus an mhéin mhaith a bhí acu di and how well-disposed towards it they were
" Thug mé féin cuairt ar an scoil le gairid agus chuir sé iontas orm an méid suime a bhí ag na scoláirí agus ag na múinteoirí sa teanga, agus an mhéin mhaith a bhí acu di.
dea-mhéin goodwill
" Is cinnte gur dúshlán a bheas ann dó na ranna stáit a mhealladh le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil go forleathan agus le dea-mhéin.
dea-mhéin goodwill
" Bhí dea-mhéin ann don Dubai Investment Corporation nuair a bhí siad ag iarraidh an club a cheannach mar go mbíonn muid ag amharc ar Liverpool FC ar stáisiún teilifíse Arabach gach seachtain sna tithe tábhairne anseo agus thuig muid go raibh suim acu sa chlub le fada.
Measaim go bhfuiltear ag léiriú na méine céanna I think the same desire is being shown in the country
" Measaim go bhfuiltear ag léiriú na méine céanna sa tír faoi láthair.
dea-mhéine good-will
" B’ait go rabhas ag breathnú ar theachtaireacht dea-mhéine Ken Loach agus Eric Cantona ar an scáileán i Sydney ag tabhairt le fios nach mbeidís i láthair toisc gur seoladh domhanda tríchosach a gheobhadh an scannán seo i Manchain, Londain agus i mBleá Cliath sa tseachtain chéanna.
méin attitude
" Léann seisean méin Bonnie is na mianta atá ag coipeadh tríthi san aon spléachadh amháin.
Dea-Mhéin good intention(s)
" Dea-Mhéin an Aire ======= Níl iontas le déanamh de go raibh rud éigin le rá ag an Aire Inimirce faoin gcomhaontú seo agus an méid sin airgid á sheoladh abhaile ag inimircigh in aghaidh na bliana: 8 billiún €uro, suim is mó ná buiséad chúnamh forbartha na Fraince.
dea-mhéin breise more goodwill
" **“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.
dea-mhéin breise more goodwill
" Sa Dáil ag an am dúirt an tAire Richie Ryan, a bhí freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm, go raibh an Rialtas “lán-mhuiníneach go musclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Gaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasféar níos fabhraí a chothú di.
a méine their mien
" Agus i ndiaidh do mhuintir bhocht na hÉireann dul ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as, agus vótaí a chaitheamh de réir a dtola agus a méine agus a ndúile, thit mar a bheadh tost ar an tír, agus níor chualathas glór cantalach Chathail Mhic Ceithearnach Coille ag múscailt daoine ar maidin ná glór séimh binn Vincentius Brownius ag cur daoine ina dtámhnéal suain san oíche.
dea-mhéin kindness
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
tá bhur ndea-mhéin ag teastáil go géar uaim I really need your good wishes
" Bígí go maith dom anois, a Shíol Bhroin – tá bhur ndea-mhéin ag teastáil go géar uaim anois.
an dea-mhéin the good will
" *’ Conas nach bhfuil ainm draoi seo na caide in airde sa leathsféar thuaidh, arsa mise liom féin? Conas nár chaith sé sealanna fada ina dhia beag ag Rossoneri an San Siro, ag Madridistas an Bernabéu – nó ag Culés an Camp Nou fiú? Gan trácht ar lucht fulaingthe (déanaí) Old Trafford - an dea-mhéin idir Manchester United agus pobal na Seapáine curtha san áireamh? Bearna le Líonadh ======= I gcead di, tá Parramatta fós sna garbhchríocha sacair.
dea-mhéin kind regards
" Le dea-mhéin Liam Ó Cuinneagáin <oifig@beo.