Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach the infamous industrial action
" Níor luaigh na Gaeil-Mheiriceánacha atá i gceannas ar cheardchumainn na bpóilíní agus na bhfear dóiteáin, Pat Lynch agus Stephen Cassidy faoi seach, an S-fhocal uafásach sin ag an teacht le chéile i Times Square, ach tá gnáthbhaill an NYPD ag caint cheana féin faoi dhianbheart a bheadh inchurtha le gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach na bliana 1971.
mhí-iomráitigh infamous
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.