Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
piollairí míchearta wrong pills
" D'fhéadfadh an teicneolaíocht chéanna seo cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí agus iad a stopadh de bheith ag meascadh piollairí míchearta lena chéile freisin.
na daoine míchearta the wrong people
" Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do "Amhrán na bhFiann"? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na "*genuine supporters*" go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an "Grab All Association" - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne.
sa chiseán mícheart in the wrong basket
" Mura dtugann an rialtas tacaíocht do shaghsanna éagsúla eolaíochta tá seans ann go mbeidh ár n-uibheacha ar fad sa chiseán mícheart.
litrithe go mícheart incorrectly spelled
" I measc na seifteanna atá ag na daoine a sheolann turscar tá teachtaireachtaí bána a chuireann dallamullóg ar scagairí, agus an líne ábhair a líonadh le focail atá litrithe go mícheart chun nach n-aithneoidh an scagaire cad atá á fhógairt.
litrithe go mícheart uirthi incorrectly spelled on it
" Fuair Angie teistiméireacht bhuíochais ó na póilíní as a gníomhartha tráthnona na tubaiste, agus a hainm litrithe go mícheart uirthi.
má fhuaimním an t-ainm seo go mícheart if I pronounce that name wrong
" “An *boss *atá againn anseo, Richard Williams, bíonn sé i gcónaí ag rá, ‘Níl aon tuiscint agam ar theangacha, *so* má fhuaimním an t-ainm seo go mícheart, ceartaigh mé.
sa treo mícheart in the wrong direction
" Nuair a bhíonn an bád faoi sheol, bíonn thart fá ceathrar de dhíth le hí a oibriú, ach fanann achan duine ar bord, mar de ghnáth seolann tú ar feadh tamaill, ansin titeann an ghaoth, nó téann sí sa treo mícheart, ansin tógtar na seolta anuas agus tosaítear ag iomramh.
teideal mícheart a wrong title
" Ach, ar an drochuair, bhí teideal mícheart ar an dá cheann acu.
mícheart wrong
" An bhfuil mé mícheart go hiomlán agus mé ag maíomh go bhfuil cosúlachtaí ann idir an cás hipitéiseach seo agus cúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? Cinnte tá dlúthdhioscaí neamhspleácha ag teacht amach atá go maith, ach an bhfuil siad chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith? Sa litríocht, tá ról an-lárnach ag foilsitheoirí agus eagarthóirí, ag obair leis an scríbhneoir, ag tabhairt spreagadh agus comhairle dó/di leis an saothar is fearr a chur ar fáil.
ag caitheamh na mbróg mícheart wearing the wrong shoes
" Tógann sé dhá uair, agus is minic a chas mé ar dhaoine a bhí ag caitheamh na mbróg mícheart agus iad ar strae ar lorg an chosáin seo.
dúnghaois mhícheart chéanna same incorrect policy
" ” "Tá súil agam nach bhfuil dearmad déanta ag an Phriomh-Aire Tony Blair agus ag a chomhghuaillí George Bush ar an teachtaireacht sin," a dúirt mé féin ag deireadh an ailt, ach is léir go raibh, agus cuireann sé díomá orm go bhfuil Barack Obama agus David Cameron ag leanúint den dúnghaois mhícheart chéanna.
mícheart wrong
" An t-aon rud amháin a ghoilleann ar réiteoir ná cinneadh mícheart a dhéanamh a athraíonn treo cluiche i bhfabhar foireann amháin.
na hairde míchirte the wrong publicity, attention
" Bhí an síordheacracht lena clann ag tarraingt na hairde míchirte uirthi, agus thug a cinní aisteacha, ar nós éirí as gobharnóireacht Alasca, le fios nach raibh sí go hiomlan le trust.
cloíonn sé lena thuairim mhícheart he sticks to his incorrect opinion
" Ní léann Tadhg an mhargaidh foilseacháin mar seo de ghnáth, ámh, agus cloíonn sé lena thuairim mhícheart i dtaca le stíl mhaireachtála an mhuintir dhúchais thuasluaite dá bhíthin sin.
an treo mhícheart the wrong way
" Dar liom, is é seo an buntáiste mór atá ag leithéid Kinect nach bhfuil rialaitheoir leis: níl aon ní le caitheamh ag an scáileán nuair a théann rudaí an treo mhícheart.
tada mícheart leis nothing wrong with it
" Níl tada mícheart leis, ach fós tá spás ar TG4 do rudaí ar nós Cré na Cille.
a ndeachaigh mícheart all that had gone wrong
" Rinneadh plé ar a ndeachaigh mícheart, ar chúiseanna na lagimeartha, ar na botúin bhunúsacha, ar an easpa cur chuige agus cumais.
bhfuil rud éicint mícheart ansin something about that is wrong
" Braithim go bhfuil rud éicint mícheart ansin: airgead an cheadúnais á úsáid mar a bheadh fordheontas chun tacú leis an gcraolachán tráchtála.
ar an bhealach mhícheart incorrectly
" Ach is léir go bhfuil ceisteanna móra faoin tsochaí agus faoin pholaitíocht nár freagraíodh, nó ar a laghad gur freagraíodh ar an bhealach mhícheart iad.
ag tafann suas an crann mícheart up the wrong tree barking
" Ach an bhfuil sibh ag meilt bhur gcuid ama anseo i measc na nGall, ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn?** DMD: Bhuel is fíor go bhfuil muintir na Gaeilge ag éirí tanaí ar an talamh, ach má shíleann daoine go bhfuil an Ghaeilge chun an taibhse a thabhairt suas i mBaile Átha Cliath, bhuel tá siad ag tafann suas an crann mícheart.
minic a bhreathnaítear ar fhear Gorm atá ag siúl ar an tsráid mhícheart a black man who is walking on the wrong street is often seen
" Is é bun agus barr an scéil ná gur minic a bhreathnaítear ar fhear Gorm atá ag siúl ar an tsráid mhícheart mar amhrasán i mbun coire, seachas mar chuairteoir soineanta ar an gceantar.
braithim, ceart nó mícheart I feel, right or wrong
" Tá créacht agus loscadh cléibh eile ag creimeadh misnigh óg is aosta, in Éirinn go háirithe, agus braithim, ceart nó mícheart, go bhfuil ciúnas aduain ina thaobh.
ar an mbonn mícheart on a wrong footing
" Cúis aifeála a bhí ann gur thosaigh bliain na Cathrach Cultúrtha amach ar an mbonn mícheart.
an ionad mícheart to the wrong spot, place
" Tharla uair nó dhó go ndeachaigh sé chuig an ionad mícheart ag an am mícheart don traenáil.
mbeadh a leithéid mícheart agus gránna such would be improper and horrible
" Chuir an fhógairt an lasóg sa bharrach ar an toirt mar gur mheas daoine go leor go mbeadh a leithéid mícheart agus gránna.
Ceart nó mícheart right or wrong
" Fiafraíonn Robert McMillen, ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Ceart nó mícheart, cuireadh Niall Mac Auslainn a bhundún dearg amach, ní eisean a bheas ina thrúig bháis ag teanga na Gaeilge, a deir Robert.
dream mícheart wrong group
" An bhfuil na Coláistí Samhraidh dírithe ar an dream mícheart? Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an mb’fhearr cuid den airgead a chaitear orthu a úsáid le campaí samhraidh a eagrú do dhéagóirí na Gaeltachta agus do dhéagóirí eile a bhfuil Gaeilge acu cheana.