Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
míchothroime inequality
" (Beidh mé ag scríobh faoi chaiteachas poiblí agus míchothroime an mhí seo chugainn.
buntáistí míchothroma unfair advantages
" Tá tacaíocht caillte ag an rialtas le blianta beaga anuas do pháirtí nua ciníoch atá go mór in aghaidh inimirce agus na buntáistí míchothroma dar leo atá ag dúchasaigh maidir le caiteachas rialtais.
míchothrom unfair
" Agus ag deireadh mhí Iúil, bhí áitritheoirí sa cheantar mór Éireannach, Rockaway, Queens, ag maíomh go raibh an dóigh ar ghearr na póilíní fíneáil orthu as a bheith ag ól go poiblí míchothrom.
míchothrom unequal
" I bhfocail eile, tá an córas míchothrom, fabhtach.
míchothrom unfair
" Dar leis go bhfuil an dlí úr seo iomlán míchothrom nó go bhfuil sé ag díriú ar na caiteoirí míchearta.
míchothrom unfair
" Cuireann sé iontas orm chomh míchothrom is atá scéal leoin Enkosini.
míchothrom unfair
" Má cheap daoine go raibh siad i dteideal marcanna breise bhí sé go huile is go hiomlán míchothrom – agus cam fiú – gan iad a chur ar an eolas faoi aon athrú a bhí tagtha ar an chóras.
lánaí cúnga na míchothroime the narrow lanes of inequality
" Freagra ab ea an seáp earcaíochta sin chun teacht i dtír ar fhearg na cosmhuintire Caitlicí a mhair go dearóil ar shráideanna searbha agus lánaí cúnga na míchothroime.
míchothrom unfair
" Níl sin go maith, agus ní chuidíonn an córas leis an scéal, córas atá éagórach agus míchothrom ar go leor bealaí, dar liom.
go míchothrom unfairly
" Tharlaíodh sé minic go gcaitheadh na póilíní go míchothrom leo agus ba mhinic a bhíodh leithcheal i gceist.
míchothrom unequally
" Nuair a tháinig an fás faoin tír, ba go míchothrom a tháinig sé.
míchothrom iniquitous
" Tá an daonlathas liobrálach lochtach gan amhras agus tá an córas caipitlíoch míchothrom.
ghearrann siad go míchothrom the inequality
" Bí cinnte go bhfuil árachas maith sláinte ag gach Teachta Dála de chuid an Lucht Oibre, chomh maith le Fianna Fáil agus Fine Gael agus sin an chúis a ghearrann siad go míchothrom an buiséad ar an gcóras sláinte, a fháganns nach bhfuil aon rogha ag HSE ach cártaí leighis a bhaint de dhaoine bochta.
míchothrom unfair
" Tá Balor den tuairim go bhfuil sé míchothrom a bheith ag díriú ar lucht caite tobac agus nithe i bhfad níos measa á gcaitheamh i dtithe tábhairne na tíre - na saigheada damanta, cuir i gcás.