Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go mídhleathach illegally
" Bíonn bunadh na háite i gcónaí ag iarraidh a bheith ag díol rudaí go mídhleathach leat: turasanna, dinnéir (gliomach deas úr, de ghnáth, a bhíonn tógtha acu féin as an fharraige an lá sin), ceardaíocht agus go leor eile.
go mídhleathach illegally
" Tá suas le 5 mhilliún Meicsiceach anso go mídhleathach agus tá siad ag dul i líonmhaireacht in aghaidh an lae.
go mídhleathach illegally
" Ar ndóigh bhí neart daoine ag rá go raibh an rialtas atá anois i réim san Astráil síolraithe ó chóilíneacht a bhunaigh daoine a tháinig i dtír go mídhleathach gan buíochas do na daoine a bhí anseo rompu.
mídhleathach illegal
" Má scríobhann muid litir agus má shíníonn gach duine í, tá a fhios agam go bhfaighidh muid an t-airgead, fiú agus sibh mídhleathach.
mídhleathach illegal
" Is beag duine a rinneadh saibhir mar thoradh ar an ghnó mídhleathach seo ach amháin roinnt de na feidhmeannaigh shinsearacha sa chomhlacht, leithéidí Jeffrey Skilling, Andrew Fastow agus Kenneth Lay.
hinimirce mhídhleathach illegal immigration
" Bhí siad araon ag iarraidh cánacha níos ísle, seirbhísí níos fearr, fás geilleagrach níos láidre, príobháidiú, níos mó beart frithchoireachta, agus polasaithe níos déine chun déileáil le hinimirce mhídhleathach.
imeachtaí mídhleathacha illegal activities
" **PM:** Ach nár shábháil siad beatha na mílte duine sa choimhlint ó thuaidh? **ANO:** Sin an rud a deir siad ach an bhfuil a fhios ag duine ar bith an bhfuil sé fíor? Tá fianaise ag teacht amach diaidh ar ndiaidh go raibh baill an Bhrainse Speisialta páirteach in imeachtaí mídhleathacha, dúnmharú san áireamh.
mídhleathacha illegal
" Dúirt sí go raibh lear mór imeachtaí mídhleathacha ar siúl i dteach buí seo an droch-chlú - cearrbhachas, drugaí á dtógáil, uisce beatha *moonshine* á ól, agus striapachas.
hinimirce mídhleathaí illegal immigration
" Tá fadhb na hinimirce mídhleathaí linn fós san Iodáil agus ag dul in olcas le himeacht aimsire.
socruithe mídhleathacha illegal arrangements
" Fág as an áireamh na polaiteoirí a sheas siar agus a dhruid a súile cé go raibh a fhios acu go raibh gaimbíneachas i gceist agus go raibh socruithe mídhleathacha á ndéanamh ag a gcairde.
hinimircigh mhídhleathacha illegal immigrants
" Beidh a rian sin ar an rialtas nua, rialtas atá ag pleanáil níos mó bóithre fiú a thógáil, a dteastaíonn uaidh tiomáint carranna a dhéanamh níos saoire, an fórsa póilíneachta a neartú, agus slite a aimsiú chun déileáil ar dhóigh níos éifeachtaí le hinimircigh mhídhleathacha.
mídhleathach a fhógairt illegal to advertise
" "Baineann cuid mhaith teachtaireachtaí *spam *le rudaí atá mídhleathach a fhógairt i meáin eile, mar shampla pornagrafaíocht agus leigheas gur dócha nach bhfuil tástáil cheart déanta air," a deir Malone.
mídhleathach illegal
" Tá drúthlanna agus clubanna gnéis mídhleathach, ach ní coir é a bheith ag obair i gceann acu mar striapach.
gníomhaíochtaí mídhleathacha illegal activities
" Ach chuir Daily in iúl chomh maith nach raibh tuairisc ar bith faighte aige faoi Shanley a bheith i mbun gníomhaíochtaí mídhleathacha ar bith.
ábhar mídhleathach illegal material
" Anois go bhfuil na póilíní ag feidhmiú go hidirnáisiúnta i gcoinne daoine atá ag ceannach pornagrafaíochta ina bhfuil páistí, tá roinnt comhlachtaí in Éirinn buailte toisc go raibh daoine ag úsáid a gcuid ríomhairí chun ábhar mídhleathach a cheannach.
mídhleathach illegal
" Chomh maith leis sin, ní féidir a bheith cinnte nach n-athróidh siad na rialacha an bhliain dár gcionn sa chaoi is go mbeidh do chaife idirlín mídhleathach arís ar chúis amháin nó ar chúis eile.
eachtraí mídhleathacha illegal incidents
" Anuas ar an meamram seo, tá beart eile cáipéisí i seilbh Fhiosrúchán Barron a chruthaíonn fianaise atá cloiste ag an bhfiosrúchán, gur mhinic baill áirithe ó fhórsaí slándála Thuaisceart Éireann páirteach in eachtraí mídhleathacha.
mídhleathach illegal
" Níor tugadh aon suntas do na tuairimí ó na céadta dlíodóir san Astráil agus i gcéin a bhfuil taithí acu ar dhlí idirnáisiúnta a dúirt a mhalairt ar fad - go mbeadh an t-ionsaí mídhleathach mura mbeadh vóta i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (NA) ag tacú leis.
mídhleathach illegal
" Tá Rúnaí Ginearálta na heagraíochta sin, Kofi Annan, den tuairim gur ionsaí mídhleathach atá ar siúl ag an Bhreatain agus ag Meiriceá agus go gcothófar fadhbanna uafásacha sláinte agus beatha do chosmhuintir na tíre sin.
chogadh mídhleathach an illegal war
" Nuair a dúirt José Luis Rodríguez Zapatero, ceannaire an fhreasúra, sa Pharlaimint go raibh an rialtas ag tabhairt tacaíochta do chogadh mídhleathach agus go raibh sé ag cur leis an ngéarchéim sna Náisiúin Aontaithe, is é an freagra a thug Aznar air ná nach raibh an Páirtí Sóisialach ach ag iarraidh dochar a dhéanamh don rialtas.
go mídhleathach illegally
" Cé gur cuireadh deireadh le Napster, tá ceol fós ar fáil go mídhleathach ar líne.
mídhleathacha illegal
" I ndiaidh blianta de shíorghearán ón "talamh ard morálta" fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as "coireanna tromchúiseacha" a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh.
go mídhleathach illegally
" Ciontaíodh iad de bharr an páirtí a bheith cláraithe go mídhleathach don toghchán stáit i Queensland i 1998.
eagraíocht mhídhleathach pharaimíliteach illegal paramilitary organization
" Fiche bliain príosúnachta a ghearr an Chúirt Choiriúil Speisialta ar Michael McKevitt an mhí seo caite nuair a fuarthas ciontach é as eagraíocht mhídhleathach pharaimíliteach a stiúradh.
go mídhleathach illegally
" Chuir *In America *Mayra Diaz ag smaoineamh ar a seanathair, a tháinig go dtí na Stáit Aontaithe go mídhleathach.
mídhleathach illegal
" Nuair a toghadh Alex den chéad uair ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste i 1983, an chéad Sinn Féineach riamh lena áit a ghlacadh i Halla na Cathrach, cuireadh gach bac roimhe, cuid acu dleathach, cuid eile mídhleathach.
go mídhleathach illegally
" I mí na Nollag, le linn cruinnithe i halla pobail i Miami, dúirt Ridge: "Go bunúsach, mar thír, caithfidh muid dul i ngleic leis an tslí a bhfuil idir 8 agus 12 milliún duine anseo go mídhleathach, agus stádas dleathach a thabhairt dóibh ar shlí éigin.
chun inimircigh mhídhleathacha a chlárú to register illegal immigrants
" Ach mar a dúirt Bush féin níos moille, caithfidh an rialtas feidearálach slí éigin a fháil chun inimircigh mhídhleathacha a chlárú, ar chúiseanna a bhaineann le slándáil náisiúnta go háirithe.
mídhleathach illegal
" Dúradh go raibh vóta Shinn Féin "mídhleathach" agus tugadh sraith "teisteanna" don pháirtí.
cóipeanna mídhleathacha illegal copies
" Chun stop a chur le cóipeanna mídhleathacha, caithfear gach cóip de EasyReader a chlárú ar an idirlíon laistigh de thrí seachtaine nó stopfaidh sé de bheith ag feidhmiú.
ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú to prove membership of an illegal organization
" Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
mídhleathach illegal
" net)), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA) an sléacht láithreach.
ionradh mídhleathach illegal invasion
" Shínigh an Astráil agus an Indinéis conradh i 1989 a leag síos teorainn mara ach níl Timor Thoir sásta glacadh leis an socrú sin mar go raibh sé bunaithe ar ionradh mídhleathach ar a dtír agus nár thug sé aitheantas dóibh.
cóipeáil mhídhleathach illegal copying
" Cuireann an teicneolaíocht seo ar chumas na mbanc agus comhlachtaí cártaí creidmheasa déileáil leis an dá phríomhshaghas caimiléireachta a tharlaíonn i siopaí: cóipeáil mhídhleathach na gcártaí féin agus daoine a bheith á n-úsáid go mhídhleathach, ag ligean orthu gur leo cártaí goidte.
lasta gunnaí mídhleathacha a cargo of illegal guns
" Tagann seo le ráiteas Dála a rinne an TD Des O'Malley in Iúil 2001 ar Thriail na nAirm, go raibh fianaise ann a léireodh gur bhain an gunna a mharaigh an Garda Fallon le lasta gunnaí mídhleathacha a tugadh isteach sa tír seo.
inimircigh mhídhleathacha illegal immigrants
" Ach le cois na gceisteanna faoi na cúiseanna go bhfuil sé seo ag tarlú, tá ceisteanna deacra eile le freagairt, mar shampla: Cad go díreach is féidir a dhéanamh faoin titim seo i líon na nÉireannach i Nua-Eabhrac? Tá roinnt daoine, atá go mór i gcoinne inimircigh mhídhleathacha ar bith bheith sa chathair, ag cur ceiste ar cheart *rud ar bith *a dhéanamh faoin laghdú seo i líon na nÉireannach.
mídhleathach illegal
" Ach bheadh ar an rialtas lárnach dearbhú go raibh sé mídhleathach, ós rud é nach nglacann Bunreacht na Spáinne in aon chor leis an bhféidearthacht seo.
táillí mídhleathacha illegal fees
" Bhí na Boird Sláinte ag gearradh táillí mídhleathacha orthu agus lean an nós sin ar aghaidh ar feadh na mblianta fada.
imreoir mídhleathach illegal player
" Rinne cumann Naomh Bríd agóid i gcoinne bhreith an Chórais Eadrána, á rá gur imreoir mídhleathach a bhí i Mark Vaughan de réir *Treoraí Oifigiúil *an Chumainn.
gur imir sé go mídhleathach that he played illegally
" Ach tá casadh eile sa scéal; d’imir Mark ó shin faoi dhó i bPáirc an Chrócaigh le foireann Átha Cliath, in ainneoin gur rialaigh Comhairle agus an Lárchoiste Smachta gur imir sé go mídhleathach lena chlub.
go mídhleathach illegally
" Lá amháin, thuirling eitleán san áit go mídhleathach agus tógadh na leoin.
mídhleathach illegal
" Ní dóigh liom go bhfuil mé ag dul thar fóir nuair a deirim go bhfuil Éire ag cuidiú leis na Stáit Aontaithe beart atá go huile is go hiomlán mídhleathach a chur i gcrích.
dháileadh agus úsáid drugaí mídhleathacha the distribution and use of illegal drugs
" Ní cóir go mbeadh ionadh ar aon duine faoi sin mar tá faillí déanta leis na blianta fada ag rialtas i ndiaidh rialtais sa bpobal lárchathrach agus toradh an neamairt sin le feiceáil le breis agus scór bliain i bhfoirm dháileadh agus úsáid drugaí mídhleathacha, coireachta agus fadhbanna eile sóisialta.
mídhleathach illegal
" Sa deireadh, i mí Iúil 1999, dúirt na Tiarnaí Dlí gur chuir an cosc isteach ar shaoirse cainte agus go raibh sé mídhleathach, agus mar sin de chuir siad stad leis.
geallta mídhleathacha illegal bets
" Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige? Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála.
go dleathach agus go mídhleathach legally and illegally
" Le leathchéad bliain tá na milliúin de phobal Mheicsiceo agus na dtíortha deisceartacha eile ag tarraingt ar theorainn na Stát Aontaithe agus ag trasnú isteach sna Stáit Aontaithe, go dleathach agus go mídhleathach, ar thóir oibre, go háirithe in earnáil na seirbhísí.
breith ar inimircigh mhídhleathacha to catch illegal immigrants
" Misean na Minutemen: breith ar inimircigh mhídhleathacha.
go mídhleathach illegally
" Bhí scéal eile againn faoi na ciallachais mhóra a bheadh ag an ionsaí d’Éireannaigh a bhí ina gcónaí i Meiriceá go mídhleathach mar go mbeadh dianslándáil i bhfeidhm sna calafoirt agus sna haerfoirt agus go mbeadh ar fhostóirí cuntais chruinne a choinneáil ar gach duine a bhí fostaithe acu.
úsáid mhídhleathach na gualainne, the illegal use of the shoulder,
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
go mídhleathach illegally
" Tháinig mo mhic go hÉirinn in 2004 go mídhleathach – díreach mar a rinne mé féin – agus tá siad anseo ó shin i leith mar d'éirigh leis an iarratas a rinne mé ar a son.
a dhath ar bith mídhleathach nothing illegal
" Má bhaintear mí-úsáid as airgead poiblí nó príobháideach nó má shantaíonn polaiteoirí airgead, fágfaidh sé smál orthu, fiú mura bhfuil a dhath ar bith mídhleathach i gceist.
mídhleathach illegal
" Mar shampla, bhí caidreamh collaí idir fir fós mídhleathach in NSW tríocha bliain ó shin.
i mbun cearrbhachais mhídhleathaigh involved in illegal gambling
" In Eanáir 2006, mharaigh buíon SWAT in Virginia optaiméadraí darbh ainm Salvatore Culosi ar cuireadh ina leith go raibh sé i mbun cearrbhachais mhídhleathaigh ar an idirlíon! Tá díospóireacht ar siúl in Éirinn faoi láthair maidir le cé acu ar cheart do na Gardaí airm a bheith acu nó nár cheart.
mídhleathacha illegal
" " De réir na bileoige eolais, tá rian de dhrugaí mídhleathacha san fhuil ag 18% de na daoine a fhaigheann bás i dtimpistí bóthair.
mídhleathacha illegal
" ’ Fad is a bhí na meáin ag tuairisciú don domhan mór faoi na coilínigh Ghiúdacha bhochta sa Ghaza a bheith á ndíbirt ag an arm amach as a dtithe fóirdheonaithe ag cáiníocóirí Mheiriceá, bhí mise ar turas don Bhruach Thiar ag an am céanna, áit a raibh lonnaíochtaí mídhleathacha go leor eile á dtógáil ar fud na háite.
mhídhleathach illegal
" Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghad ‘cáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.
go mídhleathach illegally
" Le breis agus deich mbliana anuas, tá lagar meanman ar Hiospáinigh i Meiriceá, agus drochchlú amach orthu nach bhfuil siad sásta Béarla a fhoghlaim agus go bhfuil siad ag sleamhnú isteach sa tír go mídhleathach chun postanna a ghoid ó Mheiriceánaigh dleathacha.
mídhleathach illegal
" Tré sheift cineamúil an réalachais draíochta, agus an corrghal mídhleathach, is cosúil, tagann an laochfhealsúnaí Eric Cantona chun comhairle a cur ar Eric an phoist.
mídhleathach illegal
" Ach dar le Philip Shenon, iriseoir leis an New York Times, ba é Philip Zelikow, nuachoimeádach eile i rialtas Bush a bheadh i gceannas ar an gCoimisiún 9/11 níos déanaí, a scríobh an dúnghaois as ar tháinig an t-ionsaí mídhleathach ar an Iaráic.
mídhleathach illegal
" Deir sé go dtuigtear dó ar fhoinse an-údarásach go bhfuil formhór na n-eachtraí a bhaineann leis an aistriú láimhe mídhleathach, is é sin, i gcoinne rialacha an chluiche.
mórshiúl mídhleathach illegal parade
" i mí Lúnasa, mhaígh teaghlach Caitliceach go ndearna an PSNI mórshiúl mídhleathach dílseachta "a chomóradh" a fhad lena dteach; An té a bhfuil súil ina cheann, tuigfidh sé.
mídhleathacha illegal
" 
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú.
go mídhleathach illegally
" Níor chuir sé iontas orm nuair a ghlac coiste ionchoisne i Londain leis ar 4ú Aibreán gur mharaigh póilín ó *Scotland Yard* an fear Ian Tomlinson go mídhleathach.
mídhleathach illegal
" Cohen ó Ollscoil Nua-Eabhrac go bhfuil géibheann Ai Weiwei mídhleathach fiú de réir dhlí na Síne féin, agus más féidir duine chomh cáiliúil leisean a ghabháil agus a chur faoi ghlas, cén chosaint atá ag an ghnáthshaoránach Síneach? Is díol suntais é gur osclaíodh an iarsmalann is mó ar an domhan i gCearnóg Tiananmen díreach sular gabhadh Ai Weiwei.
fá ghlas mídhleathach imprisoned illegally
" Bhí a chuid ídéalachais ardaigeanta féin, a chreideamh dobhriste, tacaíocht phobal náisiúnach Éireann, meas an domhain, grá a mhnaoi Muriel is a dheirfiúracha Mary agus Annie – é sin go léir mar sciath chosanta aige ar leaba a bháis i gcillín coimhthíoch san imigéin ar feadh na tréimhse míthrócairí sin dó, fá ghlas mídhleathach ag Gallaibh, i bhFómhar dubh na bliana 1920.
nár scoilt mhídhleathach wasn’t an unlawful split
" Cheap O Brien agus taidhleoirí eile nár scoilt mhídhleathach iarracht Katanga stádas poblachta neamhspleách a chur uirthi féin, agus d’fhéadfadh sé orduithe agus rúin éagsúla ó Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac a bhéimniú d’fhonn an mhídhleathacht sin a mhíniú.
hiasachtú mídhleathach illegal money lending
" Tá líne chabhrach SBCA, mar is fearr aithne air, ar fáil don phobal mar chuid de sheirbhís shaor neamhspleách atá ar bhfód ó 1992, tráth a bunaíodh í le dul i ngleic le hiasachtú mídhleathach.
mídhleathach illegal
" Faoin alt mar atá sé faoi láthair tá sé mídhleathach aon ghníomh poiblí a dhéanamh atá ‘reasonably likely … to offend, insult, humiliate or intimidate others’, mar gheall ar a gcine, ar a gcneasdath nó ar a mbunús náisiúnta nó eitneach.
aon ní mídhleathach anything illegal done
" Dúirt Imura, atá 27, nár thuig sé go raibh aon ní mídhleathach déanta aige.
mídhleathach illegal
" Tá drúthlanna agus clubanna gnéis mídhleathach san Iodáil ach aimsíonn striapacha na tíre slite eile chun a gcuid seirbhísí a dhíol.
ag feidhmiú go mídhleathach acting illegally
" Tá oiread fianaise bailithe le chéile ag Fiosrúchán Barron go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag feidhmiú go mídhleathach i bPoblacht na hÉireann, a deir Dónall Ó Maolfabhail, go mbeidh ar Rialtas na hÉireann fiosrúchán ceart cuimsitheach a bhunú.
faoin tseilg mhídhleathach about illegal hunting
" Chaith Máire Ní Chuagáin sé seachtaine ag obair go deonach le hainmhithe san Afraic Theas i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh i mbliana agus chuir an méid a d’fhoghlaim sí faoin tseilg mhídhleathach déistin ceart uirthi.
mídhleathacha illegal
" Chaith Maidhc Ó Cathail am ar an mBruach Thiar sa Phalaistín le linn do na húdaráis in Iosrael lonnaitheoirí mídhleathacha a aistharraingt amach as Gaza sa bhliain 2005.