Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mífhoighneach impatient
" Ag éirí mífhoighneach ======= Tuigtear do *Beo! *go bhfuil fear mór Uíbh Fhailí, Brian Cowan, ag éirí mífhoighneach.
go mífhoighneach impatiently
" Shuigh an triúr againn ó Kíla go mífhoighneach os comhair Liam ag breathnú agus ag éisteacht go ríchúramach le gach nóta (uaireanta mar cheoltóir tig leat a bheith róghar don cheol).
beagáinín mífhoighneach a little bit impatient
" Is dócha go bhfuil sé beagáinín mífhoighneach na laethanta seo de bharr eachtraí polaitiúla eile: chuir sé coimisiún ar bun chun na riachtanais fuinnimh a bheidh ann amach anseo a mheas, ach níor fhan sé lena dtuarascáil chun a thuairim féin, i bhfabhar an tionscail núicléach, a nochtadh.
mífhoighneach impatient
" Ba bheag teagmháil a bhí agam leis roimhe sin agus bhí cloiste agam ó dhuine nó beirt gur duine mífhoighneach a bhí ann.
nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal that the impatient airlines won't cancel their orders
" Tá na hinnealtóirí ag iarraidh réiteach a fháil, agus tá an lucht díolacháin ag súil nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal.
mífhoighneach impatient
" Bhíodh sí mífhoighneach le Maidhc go minic.
mífhoighneach impatient
" Ní raibh teach díolta aige fós agus bhí sé ag éirí mífhoighneach liom.
mífhoighneach impatient
" Is deacair don léachtóir a bheith ar an taobh eile den fhál agus déarfainn gur deacair don mhúinteoir léachtóir mífhoighneach ar mo dhála féin a bheith i measc na mac léinn.
mífhoighneach impatient
" Bíonn cuid acu mífhoighneach go minic leis an bharr a bhaint amach agus scoith sléibhteoir amháin thar an grúpa An Teallach.
mífhoighneach restless
" Éiríonn an mac mífhoighneach istigh, tá uirthi imeacht, ach fágann sí a huimhir ghutháin le cuireadh don údar chun bualadh léi sa dánlann ar ball.