Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhíleata military
" "Bhí rialtais dhaonlathacha agus mhídhaonlathacha ann sna seascaidí agus sna seachtóidí, agus rialtais mhíleata a bhí i gcuid acu freisin.
binsí fiosraithe míleata military tribunals
" Trialacha rúnda ======= Anois is mian le John Ashcroft (an tArd-Aighne) agus Tom Ridge (Stiúrthóir na Slándála Baile) trialacha rúnda agus binsí fiosraithe míleata a chur ar bun chun daoine a bhfuil an sceimhlitheoireacht curtha ina leith a thriail, rud atá ag teacht salach ar an Bhunreacht, a deir go bhfuil sé de cheart ag gach duine go ndéanfadh a chuid piaraí é a thriail agus go mbeadh deis aige seasamh os comhair a chúiseoirí.
fheachtas míleata military campaign
" Mar sin, bhíothas ag athrú ó fheachtas míleata go dtí feachtas i bhfad níos sofaisticiúla.
cúnamh míleata military assistance
" Agus lean na Stáit Aontaithe ag tabhairt cúnamh míleata don Indinéis as sin go dtí 1999.
míleata military
" Déanta na fírinne, chuirfeadh sé scanradh ort an chaoi go bhfuil náisiúnachas na Sasanach chomh dlúite leis an teaghlach ríoga agus le seónna le blas míleata.
mbothanna earcaíochta míleata military recruiting booths
" Bhí pléascadh i mbothanna earcaíochta míleata i Manhattan agus sna Bronx agus gortaíodh beirt.
fuascailt mhíleata military solution
" An ábhar dóchais é seo, nó an bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le paramílitigh ag iarraidh cumhacht a roinnt ina gceantracha féin? An féidir leis an dá dhream "fuascailt mhíleata" a oibriú amach eatarthu féin, socrú a chuirfeadh in iúl don dá dhream paramíliteach go bhfuil an bhua acu, mar a rinne Comhaontú Aoine an Chéasta iarracht a dheanamh i saol na polaitíochta? Is comharba é an Ulster Political Research Group ar bhuail Alex Maskey leo ar an ghrúpa a d'fhoilsigh cáipéis dar teideal "Common Sense" i 1978.
ghabháil ceannais míleata military coup
" " Cén fáth a bhfuil scannáin chomh maith seo ag teacht ón Iaráin, tír a bhfuil droch-chlú uirthi san Iarthar mar gheall ar ré na gcléireach Ioslamach, a thosaigh sa bhliain 1979? Thosaigh Ré Nua na Scannánaíochta Iaránaí i rith réimeas an tSeá, a fuair a ríchathaoir ar ais i 1953 mar gheall ar ghabháil ceannais míleata a d'eagraigh an CIA agus seirbhís rúnda na Breataine.
d'eitleáin mhíleata to military planes
" Ní hamháin go bhfuil cinneadh an Rialtais seo cead a thabhairt d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile leas a bhaint as aerfoirt an stáit míbhunreachtúil, mídhaonlathach agus ag cur phobal na hÉireann i mbaol, d'fhéadfadh sé dochar buan a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír chomh maith.
neamh-mhíleata non-military
" Ar an gcéad dul síos, tá an rúidbhealach in Aerfort na Sionainne ar an rúidbhealach neamh-mhíleata is faide san Eoraip, é dhá mhíle ar fhad.
bhfeachtas míleata military campaign
" De réir an Uasail Cowen, tugtar cead d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile tuirlingt ar an gcoinníoll nach bhfuil na heitleáin armtha nó nach bhfuil aon airm de shaghas ar bith ar bord, nó nach bhfuil siad páirteach i mbailiú eolais nó i bhfeachtas míleata de shaghas ar bith.
traenáil mhíleata military training
" Ba é siúd an Menzies céanna a rinne traenáil mhíleata le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
oibríocht mhíleata military operation
" I dtéarmaí míleata, d'áireofaí aon oibríocht mhíleata sa stát seo sa chatagóir seo.
dlí mhíleata military law
" Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina bhua gearrthéarmach.
eitleáin mhíleata military aircraft
" Bhíodh ainmfhocail neodracha sa teanga san am fadó, sular thosaigh eitleáin mhíleata Mheiriceá ag tuirlingt in Aerfort na Sionainne.
spriocanna míleata military targets
" Dá bharr sin, deir Cóiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur cheart go mbeadh cosc ar bhuamaí crobhainge a úsáid in éadan spriocanna míleata i gceantracha ina bhfuil cónaí ar dhaoine.
cúrsaí míleata military matters
" " Ach páirteanna breise fá choinne cad é? Mar a deir feachtasóirí de chuid FEIC, tá baint ag an chuid is mó de ghnó Raytheon le cúrsaí míleata.
lucht míleata Mheiriceá America's military
" Is é an córas Iridium, a fheidhmítear ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus nach dtugann eolas chomh cruinn céanna ar láthair na bhfón, a úsáideann lucht míleata Mheiriceá agus is cosúil nár baineadh fóin ón gcóras sin de na hiriseoirí le linn an chogaidh.
ospidéal míleata meabhairghalair military mental hospital
" Is cóir a rá, áfach, go raibh an tUasal Holroyd tar éis titim amach leis na daoine os a chionn féin agus go raibh sé tar éis tamall a chaitheamh in ospidéal míleata meabhairghalair i Netley.
rúin mhíleata military intentions
" Meastar go dtiocfaidh ráiteas ón IRA maidir leis na rúin mhíleata atá acu.
bhfeachtas míleata military campaign
" Níl an dara suí sa bhuaile ann - caithfidh an IRA, ní hamháin a rá go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, ach caithfidh siad gníomhú de réir a mbriathra.
comhairle mhíleata military advice
" Easaontóir poblachtánach atá in Tohill a d'admhaigh don nuachtán *Lá* gur thug sé "comhairle mhíleata" don Fhíor-IRA.
i gcroílár na pleanála míleata in the heart of military planning
" Ach céard a thitfeadh amach dá dtarlódh athrú tobann, thar deich mbliana? Sin an cheist a chuir *éminence grise *an Pentagon, Andrew Marshall, fear a bhí i gcroílár na pleanála míleata san áit ar feadh breis is 30 bliain.
choimhlint mhíleata military conflict
" Is léir go bhfuil glactha ag Sinn Féin agus a lucht tacaíochta leis go bhfuil an choimhlint mhíleata thart agus go bhfuil glacadh go fonnmhar acu leis an chomhréiteach a cuireadh ar fáil le foirmle Chomhaontú Aoine Chéasta.
spriocanna míleata military targets
" Sa litir, cáineadh moltaí de chuid na Comhdhála a chuirfeadh, dar leo, ar chumas an rialtais inimircigh Éireannacha a dhíbirt ón tír dá léireodh siad tacaíocht don IRA agus d'úsáid arm i gcoinne spriocanna míleata.
crios bán míleata white military belt
" Fuarthas bairéad de chuid an UVF agus an t-ainm Alan Clair scríofa air, *balaclava* dubh a raibh an suaitheantas "*UVF 1st Liverpool Battalion"* air agus crios bán míleata agus búcla an UVF air.
stíl mhíleata military style
" Tógadh na ballaí seo idir 1544 agus 1650, agus tá deich n-urdhún ollmhóra ag gobadh amach astu, i stíl mhíleata na tréimhse sin.
i mbun feachtais mhíleata engaging in a military campaign
" Ach ag an am sin, laistigh de sheacht mbliana, bhí glúin óg eile i mbun feachtais mhíleata ag iarraidh deireadh a chur le cumhacht na Breataine in Éirinn, feachtas a mhairfeadh 30 bliain agus a bheadh i bhfad níb fhuiltí ná an ceann a chuaigh roimhe.
feachtas míleata military campaign
" “Den chéad uair ó bhí 1922 ann, ghlac an IRA leis nach raibh gá le feachtas míleata,” a scríobh sé.
ón eite mhíleata from the military wing
" Agus mhaígh sé go raibh an chumhacht i ngluaiseacht na poblachta ag bogadh ón eite mhíleata go dtí an eite pholaitiúil.
an ghné mhíleata the military aspect
" “Ní fhaca siad iad féin mar oirfidigh fiú, ach mar bhuíon a raibh an ghné mhíleata, an éide agus an mháirseáil chun tosaigh inti.
don ghné mhíleata to the military aspect
" ”Ach bhí daoine eile in Albain a d’aithin gur uirlis aonair a bhí sna píobaí roimh thús áite bheith tugtha don ghné mhíleata, gur uirlis í a sheinntí ag damhsaí agus gur ghnáthuirlis a bhí inti.
Ridirí míleata military knights
" Ridirí míleata a bhí iontu, agus an dualgas orthu aire a thabhairt do na hothair.
eagraíocht mhíleata military organisation
" Leis an stádas sin a bhaint amach, b’éigean deireadh a chur leis an IRA mar eagraíocht mhíleata, b’éigean fáil réitithe de na hairm, cinneadh a ghlac ceannaireacht na gluaiseachta blianta ó shin; Perfidious Albion ba chúis leis an mhoilleadóireacht, dar le Sinn Féin, ach tá an lá tagtha.
na feachtais mhíleata éagsúla the various military campaigns
" D’alp Fisk óg an t-eolas uilig fá na feachtais mhíleata éagsúla.
phríosún míleata military prison
" Bhí mé in ann bheith ag spaisteoireacht timpeall gan a bheith ag troid in aghaidh taoide turasóirí! Tá tionscal na turasóireachta neamhfhorbartha go leor ann – mar shampla, níor tháinig an chéad eagrán de *Lonely Planet Slovenia *amach go dtí 2004! Bhíodh an brú óige inar fhan mé féin i Ljubljana ina phríosún míleata tráth, rud a chuireann stair chasta fhoréigneach an chuid sin den Eoraip i gcuimhne duit.
bóthar míleata military road
" Tógadh bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
bóthar míleata military road
" Tógadh bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
i mbun a chuid feachtas míleata engaged in his military campaigns
" Ba chuid de bhunábhar inspioráide Ré Rómánsach na hEorpa sna healaíona an saothar seo agus dúradh, fiú amháin, gur ghnách le Napoleon cóip de leabhar MacPherson a bheith ina phóca aige agus é i mbun a chuid feachtas míleata.
míleata military
" An rud ba mhó a chuir iontas orm ná chomh míleata is a bhí an mórshiúl.
brúideanna míleata military brutes
" Ní cinedhíothú amháin a bhí mar aidhm ag brúideanna míleata Milosevic, na gadhair fhiaigh a scaoileadh amach lena chaoinchead chun drochobair Shátain a chur i gcrích.
mháirseáil mhíleata military march
" Bhí áit ar leith curtha in áirithe dó ag Íochtarán na hÉireann le bheith ag amharc ar an mháirseáil mhíleata.
neart míleata military might
" Ní maith leo ainmneacha a mball a fhógairt, ach tá spriocanna an tionscadail seo sách soiléir: mar a deir siad féin, “Is ar mhaithe leis an domhan agus le Meiriceá go mbeadh Meiriceá i gceannas" agus "tá neart míleata, fuinneamh taidhleoireachta, agus prionsabal morálta de dhíth chun an cheannasaíocht sin a chur i réim.
fórsaí míleata SAM US military forces
" **D ** Dermot Ahern, An tAire Gnóthaí Eachtracha: Ba ar ghlantóirí a thit sé a thaispeáint don Aire an rud a bhí ar eolas ag madraí an bhaile ach a bhí á shéanadh scun scan aigesan – is é sin go bhfuil mí-úsáid á baint ag fórsaí míleata SAM as Aerfort na Sionna.
ar threalamh míleata on military equipment
" An dara scéal ná an ráiteas ba dhéanaí ó Rialtas Cheanada faoin airgead mór atá le caitheamh acu ar threalamh míleata: $17 billiún dollar ar longa, ar eitleáin, ar héileacaptair agus ar leoraithe, de réir chuntas na seachtaine céanna.
úsáid mhíleata military use
" Ansin ón 17ú haois ar aghaidh, ní raibh úsáid mhíleata leis an chaisleán a thuilleadh.
an earnáil mhíleata the military sector
" An bhfeicfidh sé solas an lae riamh? Bhuel, braitheann sé sin ar cé acu a mheasann an earnáil mhíleata sna Stáit Aontaithe go mbeidh an t-eitleán seo de dhíth orthu chun soláthairtí a iompar timpeall an domhain nó nach mbeidh.
murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid. if it wasn't for the fact that the military needed such a plane.
" Ní chuirfí fiú an 747 cáiliúil ar fáil an chéad lá riamh murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid.
an aicme mhíleata sin that military class
" Sa saothar atá idir lámha agam faoi láthair, agus a dtabharfaidh mé anois *Guernica* mar theideal air, agus sa saothar ealaíne uilig atá déanta agam le blianta beaga anuas, níl ach rud amháin á rá agam: go bhfuil gráin shíoraí agam ar an aicme mhíleata sin a bhfuil an Spáinn báite acu i lear dobróin agus báis.
foirgnimh thréigthe mhíleata abandoned military buildings
" Ar bharr an South Sutor, feiceann tú go bhfuil foirgnimh thréigthe mhíleata ar fud na haille, agus taobh thiar de sconsa, tá collaigh fhiáine le feiceáil! Tá tuilleadh eolais i dtaobh Hugh Miller le fáil sa leabhar The Legend of Hugh Miller, a scríobh Martin Gostwick agus a d'fhoilsigh Cromarty Courthouse i 1993.
ag obair d'aon ghrúpa míleata nó paraimíleata. working for any military or paramilitary group.
" Bhí dlúthbhaint aige le muintir Bhéal Feirste agus bhí sé ar nós gníomhaire faoi cheilt, ach amháin nach raibh sé ag obair d'aon ghrúpa míleata nó paraimíleata.
úsáid mhíleata military use
" Ní hamháin go bhfuil úsáid mhíleata á baint astu le haghaidh spiaireachta, ach tá siad á n-úsáid go forleathan ag an bpobal sibhialtach chun a gcuid carranna a threorú leis an gcóras suite domhanda (GPS).
deachtóireacht mhíleata a military dictatorship
" Dá bhrí sin, cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad rialtais dhaonlathaigh ar bith a bhí báúil leis na boicht i dtír i ndiaidh tíre, ag tosú leis an mBrasaíl i 1964.
Oilithreacht mhíleata military pilgrimmage
" Oilithreacht mhíleata a bhí ann, agus cionn is gurb ise ardcheannasaí na bhfórsaí cosanta, chuaigh sí in éineacht leo – le súil a choinneáil orthu, mar a déarfadh sí féin.
liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe the list of military activities that would be permitted
"liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe leathnaithe go mór, ó bhunú na síochána agus gníomhaíocht dhaonna go dtí gníomhaíochtaí míleata de chineál ar bith.
ar chumas míleata a dtíre féin on the military capability of their own country
" Léiríonn Airteagal 28 de Chonradh Liospóin go mbeadh ar gach stát níos mó a chaitheamh ar chumas míleata a dtíre féin chomh maith le cumas míleata na hEorpa.
bloc cumhachta míleata nua a new military power block
" Is léir go bhfuil cuid de stáit na hEorpa ag iarraidh bogadh i dtreo bloc cumhachta míleata nua san AE a bheadh neamhspleách ar na Náisiúin Aontaithe.
gníomhaíochtaí míleata military activities
" Tá liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe leathnaithe go mór, ó bhunú na síochána agus gníomhaíocht dhaonna go dtí gníomhaíochtaí míleata de chineál ar bith.
de chuid an choláiste mhíleata of the military college
" Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame.
cúrsaí cánach agus cúrsaí míleata tax and military matters
" Dhírigh siad ar imní an phobail ó thaobh cúrsaí cánach agus cúrsaí míleata de.
chomhaontas míleata straitéiseach strategic military union
" Bhí imní ar dhaoine áirithe abhus go ndéanfaí an-dochar don chomhaontas míleata straitéiseach idir an Astráil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá dá dtabharfaí na trúpaí Astrálacha abhaile in éadan mhianta na Meiriceánach.
ar bhonn míleata on a military basis
" Réiteach Oifig Thuaisceart Éireann? Meastar go ndéarfaidh an CNF nár scoireadh Comhairle na nArm riamh, ach nach bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn míleata anois.
eite mhíleata military wing
" Déarfaidh Sinn Féin go bhfuil bua acusan mar bhí an t-aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ar cheann de na héilimh ba thábhachtaí leo ó tharla go raibh an seanRUC ina eite mhíleata de chuid an rialtais Aontachtaigh le leathchéad bliain.
tacaíocht mhór mhíleata big military support
" InfheistíochtChun an infheistíocht ríthábhachtach seo a chosaint, tugann na hIosraelaigh tacaíocht mhór mhíleata don tSeoirsia.
idirghabháil mhíleata military intervention
" Agus é ag labhairt do Chomhairle Náisiúnta den Iosrael Óg i Nua-Eabhrac i 1999, dúirt an seanadóir ó Arizona gur chóir do na Stáit Aontaithe idirghabháil mhíleata a dhéanamh ar son Iosrael “even when vital national interests are not at stake.
laoch míleata military hero
" Ar cheart an chathair a fhágáil agus dídean a lorg i ndeisceart na tíre nó fanacht i bPáras? An Maréchal Pétain Ar cheart muinín a chur sa Maréchal Pétain, laoch míleata na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda a tháinig i gcomharbacht ar rialtas Reynaud, a dúirt leis an bpobal: C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat.
húdaráis mhíleata military authorities
" Tá ainm an cheannaire charcraithe, Aung San Suu Kyi, comhchiallach ar fud an chuid is mó d’iarthar domhain le Burma, an tír ina bhfuil sí faoi chois ag na húdaráis mhíleata atá i réim ann ó 1962.
míleata military
" Ceapadh é mar oifigeach traenála ar na bannaí ceol míleata de bharr a thaithí mar dhrumadóir in Arm na Breataine.
cúrsaí míleata military affairs
" Frainc Reidy, saineolaí cúrsaí míleata an raidió, a bhí faoi agallamh agus é ag caint faoin gcruinniú a bhí ar siúl i Halla Pobail Chamuis an oíche roimhe sin faoi mhuilte gaoithe atá beartaithe don cheantar.
chaiteachas míleata military expenditure
" Molann siad ardú mór ar chaiteachas míleata.
réiteach míleata military settlement
" TOM === Má bhí cos ar bolg ar léirsitheoirí i Sasana, bhí rudaí i bhfad níos measa sna Sé Chontae, áit a raibh Rialtas Shasana ag iarraidh 'réiteach míleata' ar an fhadhb pholaitiúil ansin.
ceannas míleata military command
" Ghlac na Sóivéidigh ceannas míleata ar an tír sula raibh deis an ag an bPáirtí Cumannach cur lena chlár athruithe, agus chuireadar fear nua, Gustáv Husák, in áit Dubček, a dhéanfadh de réir thoil Mhoscó.
Fhaisnéis Mhíleata na Breataine of British military intelligence
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
dreamanna míleata neamhaitheanta unknown military groups
" Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin go bhfuil “dreamanna míleata neamhaitheanta” ar mian leo cogadh creidimh a thosú sa tSiria agus go n-oireann sé dóibh an choimhlint ansin a leathnú amach ar bhonn seicteach agus dá dheasca sin is ea a tharla an t-ionsaí a rinneadh ar cheantar Críostaí Aleppo.
eagrú ar bhonn míleata organize on a military basis
" Sa stair a scríobh sé ar stair Arm Saoránach na hÉireann, rinne sé tagairt do rud a dúirt comhbhunaitheoir an Airm sin, Jim Larkin, faoi shampla Edward Carson a leanúint agus eagrú ar bhonn míleata.
taiscéalaíocht mhíleata military exploration
" Tá an t-uafás acu ann faoi láthair agus cuireann siad seirbhísí fiúntacha ar fáil, cuirim i gcás, an CSD, an teileachumarsáid, agus taiscéalaíocht mhíleata.
idir thionchar polaitiúil, míleata agus creidimh including political, military and religious influence
" Ní hamháin go bhfuil tionchar na hIaráine ag méadú in aghaidh an lae laistigh den Iaráic – idir thionchar polaitiúil, míleata agus creidimh, ach dá bhféadfaidís cinntiú go mairfeadh rialtas al-Assad (a bhuíochas sin dóibh siúd – na hIaránaigh) bheadh an tSiria anois ag brath ar an Iaráin fiú níos mó ná mar atá muintir na hIaráice i láthair na huaire.
drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air a military junta put in to replace him
" Anuas air sin, rinne an CIA buíonta frith-Árbenz a armáil is a shlógadh agus faoi lár 1954 bhí Árbenz éirithe as mar uachtarán agus drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air.
a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne which ended the military dictatorship of the time
" Bhí seisean ag léirsiú don chéad uair ina shaol, ba chuimhin léise na holl-léirsithe ag tús na 1980í a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne.
socraigh réim mhíleata chúltaca organize a military-like backup regime
" Éist le mo mholtaí agus má ceannaíonn tú aon ní ón líosta seo ceannaigh tiomántán cúltaca agus socraigh réim mhíleata chúltaca duit féin! Gabhfaidh tú buíochas liom nuair a shábháilim do leabharlann iTunes gan chaint ar d’aiste críochthéarma.
Tiontaíodh compal míleata a military area/space was altered
" Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.
códanna míleata casta na Naitsíoch difficult Nazi military codes
" B’shin a rinne Roy tar éis dó seal ama a chaitheamh i mBletchley Park ag iomrascáil le códanna míleata casta na Naitsíoch.
reáchtáil siad feachtas míleata they ran a militant campaign
" Níl mórán daoine ar an eolas go raibh gluaiseacht cead vótála ó thuaidh agus tá níos lú a bhfuil a fhios acu gur reáchtáil siad feachtas míleata.
ar son an réitigh mhíleata for a military solution
" ”* Níl a fhios agam cén fáth ar roghnaigh Bruton an Piarsach bocht faoina bheith ar son foréigin, nuair a bhí mórán chuile cheannaire ag an am ar son an réitigh mhíleata.
míleata militant
" Braitheann Fachtna Ó Drisceoil go bhfuil cur chuige nua, atá i bhfad níos míleata, á úsáid ag urlabhraithe an Lucht Taistil agus iad páirteach i ndíospóireachtaí sna meáin chumarsáide.
bhfeachtas míleata military campaign
" Má deir an IRA go luath go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, rachaidh sé seo go mór chun sochair do David Trimble agus dá pháirtí i dtoghchán an Tionóil, dar le Robert McMillen.
eitleáin mhíleata military aeroplanes
" Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean d’eitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.