Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
míniú soiléir a clear meaning
" Tá an smaoineamh áirithe seo faoi thaithí oibre an-doiléir go fóill agus tá gá le míniú soiléir ar an dóigh a bhfuil sé i gceist an córas a chur i bhfeidhm.
míniú explanation
" An é go bhfuil duine ar bith atá in ann siúl in ann páirt a ghlacadh ann? Más é seo an míniú is cinnte gur cluiche iontach é ós rud é gur féidir le gach saghas duine é a imirt.
míniú sách cuimsitheach a fairly comprehensive explanation
" Creideann dlíodóir an Róistigh, Eamonn Carroll, toisc téarmaí tagartha athbhreithnithiú an Aire a bheith sách leathan, go mbeidh ar an Aire míniú sách cuimsitheach a thabhairt den chéad uair ar pé cinneadh a ghlacfaidh sé.
mínithe explained
" An rud is mó atá ag cur as don phobal ná nach bhfuil sé mínithe fós ag an rialtas cén fáth gurb é leas na hAstráile dul ag troid.
mhíniú explanation
" Is léir ón méid a deir siad go raibh an-díomá orthu nuair a ligeadh chun bealaigh iad, go speisialta nuair nár chuir Seán Boylan in iúl dóibh go pearsanta go raibh sé le tarlú agus nár thug sé aon mhíniú dóibh.
mhíniú explanation
" Níl aon mhíniú tugtha ag an rialtas ar cén fáth a raibh fórsaí as 32 tír páirteach sa bhfeachtas a dhíbir an Iaráic as Cuáit i 1991 ach nach bhfuil páirteach an iarraidh seo ach na Stáit Aontaithe, an Bhreatain agus an Astráil.
míniú explanation
" D'úsáid na haisteoirí agus ag na hamhránaithe go léir an Ghaeilge, ach cuireadh míniú as Béarla ar fáil i ndiaidh línte na n-aisteoirí.
a n-iompar a mhíniú to explain their behaviour
" ) Tá sé de nós aige fosta aird a tharraingt ar chúlra Éireannach agus Caitliceach muintir Chinnéide an iomarca agus é ag iarraidh a n-iompar a mhíniú.
gan mhíniú unexplained
" Chinntigh bás an laoich in uiscí stoirmiúla an Atlantaigh, bás gan mhíniú a cheap go leor baint a bheith ag oifigigh Danmhargacha leis, chinntigh sé seo gur bhain Páll stádas amach mar íol i measc na náisiúnaithe.
míniú iontach simplí a very simple explanation
" Cad é mar a tharla sé sin? Bhail, tá míniú iontach simplí ag Balor na Gaoise ar an cheist dhoghrainneach sin.
míniú cuimsitheach comprehensive explanation
" I measc na n-áiseanna atá sa chlár tá foclóir leictreonach, chomh maith le míniú cuimsitheach ar rialacha gramadaí agus go fiú taifid fhuaime de théacsanna Gaeilge á léamh amach os ard.
na seandóigheanna a mhíniú to explain the old ways
" An jab atá ag Brian ná na seandóigheanna a mhíniú do chuairteoirí agus a gcuid ceisteanna a fhreagairt.
míniú to explain
" Sin an fáth go mbíonn sé deacair agam uaireanta míniú do dhaoine conas a dhéanaim na dathanna.
míniú an-simplí a very simple explanation
" Dúirt iarspiaire amháin go raibh míniú an-simplí air sin - go raibh fhios acu roimh ré cén polasaí a bhí ag an rialtas agus nach raibh aon mhaith a bheith ag cur ina choinne.
mhíniú sásúil satisfactory explanation
" Tacaíonn an lagiarracht a rinne na Gardaí ar mhíniú sásúil d'fháil ar chuid de na rudaí aisteacha a tharla leis an tuairim nach bhfuil an fhírinne uilig ar eolas againn fós.
míniú sásúil satisfactory explanation
" Baineadh an leabhar de na seilfeanna gan mhoill agus dúirt an foilsitheoir nach mbeadh sé ar díol arís go dtí go mbeadh míniú sásúil ón údar.
mhíniú explanation
" Seachas tagairt do bhagairt an rialtais faoi rátaí úis, níl aon mhíniú tugtha acu ar an tubaiste.
míniú explanation
" B'fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad ar an eachtra a tharla sa chluiche club úd, míniú níos soineanta b'fhéidir, ach is é an rud a ritheann liom ná go nglactar leis ró-éasca i measc mhuintir Chumann Lúthchleas Gael (CLG) gur cuid den chluiche a leithéid sin d'eachtra toisc nach mbristear gialla ná cnámha *de ghnáth*! Ag tarlú go rialta ======= Dar ndóigh, deir urlabhraithe éagsúla agus Uachtarán CLG é féin nach bhfuil aon áit don iompar sin sa CLG, ach cén mhaith sin nuair atá sé ag tarlú chomh minic agus chomh rialta is a bhíonn.
mínithe gramadaí grammatical explanations
" Scríobhas féin na cleachtaí agus na mínithe gramadaí.
a mhíniú to explain
" Nuair a chuaigh mé ar ais go Meiriceá, bhain mé triail as an taithí a bhí agam maidir leis an Ghaeilge agus i measc na nGaeilgeoirí a mhíniú do dhaoine eile.
mhíniú explanation
" Céard as a dtagann an t-ainm Different State nó céard a chiallaíonn sé? An mbaineann sé le Sliabh Luachra? PÓC: Níl an t-aon mhíniú amháin air.
míniú explanation
" An é go bhfuil an IRA imithe go hiomlán as smacht nó an bhfuil míniú eile ar Shinn Féin bheith gann ar fhreagraí sásúla an babhta seo! I dtosach chuir ceannaire an PSNI, Hugh Orde, i leith an IRA gurbh iadsan a bhí freagrach as robáil Bhanc an Tuaiscirt, ansin dúirt an Taoiseach gur chreid sé siúd go raibh a fhios ag ceannairí Shinn Féin faoin robáil roimh ré.
míniú explanation
" Agus mé á dhéanamh sin, tháinig póilín isteach san fhorhalla, agus ar ndóigh d’iarr Síle míniú air go feargach faoi na gunnaí, an bhagairt báis agus mar sin de.
míniú explanation
míniú explanation
ag míniú dó explaining to him
" Chuir mo mháthair an litir sin chugam agus scríobh mé chuig m’uncail ag míniú dó cad a bhí ag tarlú i Sasana.
Leascheannasaí Mínithe Deputy Head of Interpretation
" “Is mian linn oideachas agus siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta,” a deir Mark Keighley, atá ina Leascheannasaí Mínithe.
ag míniú do chuairteoirí explaining to visitors
" Ansin, ní bheadh ar mo leithéidíse bheith ag míniú do chuairteoirí nach bhfuil iolar ar bith fágtha sa cheantar.
gan trácht ar é a mhíniú not to mention explaining it
" “Ní mé,” arsa seisean, “ach ghlacfadh sé Íosa Mac Dé féin chun an chíor thuathail seo a thuigbheáil, gan trácht ar é a mhíniú!” As go brách leis an tseirbhís dúrúnda arís gur tháinig siad ’fhad le scaifte millteanach mór a bhí bailithe thart ar Leamh Ó Cuinneagáin.
míniú sásúil éigin some satisfactory explanation
" Agus an fhianaise ag léiriú anois nárbh í Joanne máthair an linbh a fuarthas ar an trá, bhí géarghá le míniú sásúil éigin ar cén fáth gur shínigh gach duine de mhuintir Hayes ráiteas, agus iad go léir beagnach mar an gcéanna, focal ar fhocal, ag admháil gur thug siad corp linbh chuig an Daingean, gur sháigh siad é agus gur chaith siad isteach san fharraige é.
míniú explanation
" Déanann muid é seo le míniú dóibh go gcreideann muid i saoirse an chreidimh, i mbráithreachas agus i ndea-chomharsanacht.
ag míniú dúinn explaining to us
" Chuile lá bhí gné eile den scéal á cíoradh agus á hiniúchadh agus anailís á déanamh ar na bealaí éagsúla ina ndeachaigh Brian Kerr ar strae agus ag míniú dúinn cén fáth nárbh é an duine ceart don phost.
míniú explanation
" An samplaí de chruthaitheacht ealaíonta na n-ainmhithe seo a leithéid nó, murab ea, cad é an míniú atá orthu? An Seansaol ======= Maidir le nós imeachta an chait, mar shampla, tá fianaise ann nach nós nua-aimseartha é seo agus go raibh meas ag muintir na sean-Éigipte ar na hiarrachtaí ealaíonta a dhéanadh a gcuid cat féin.
míniú ceart a proper explanation
" Thit mé i ngrá leis an teanga agus táim fós gafa léi, ach ní féidir liom fós míniú ceart a thabhairt ar cén fath.
míniú to explain
" Ní háibhéil a rá gur bheag nár bhris an gol ar an mbean óg agus ba threise fós a lean sí uirthi ag iarraidh míniú a ríthábhachtaí a bhí an duine seo i ndáiríre.
a míniú to explain it
" * Gluais • Glossary cuairteoirvisitor saoithiúilpeculiar prochógcave, hovel i gceann mo mharanaengaged in contemplation meanaawl a thriailto try oidíteachers dá ngníomhóinn mar a iarradh ormhad I acted as I had been told brocaisden le m’uillinnbeside my elbow ag stánadh uirthistaring at it go mínósachrudely an léaráid áirithe sinthat particular sketch sula gcuirfeadh sé forrán ormbefore he would address me dúil bheolive creature cruinniú mo mheabhrachthe gathering of my thoughts frídín deannaighdust germ m’fhabhramy eyelash aireattention glasuainevivid green donnliath na huaimhethe grey brown of the cave feisteas coimhthíochstrange attire seacht fairsingeseven times more wide leadhb leathana wide piece fionnachrithgoose-flesh tír shiocthafrozen country géagalimbs aeráid fhionnuar s'againneour cool climate ionsar achan rud sa phluaistowards everything in the cave Cliseadh Shráid Wallthe Wall Street Crash Géarchéim Munchenthe Munich Crisis slis creigea piece of rock ina dhornin his fist ionsormtowards me cén treo a léifinn íwhat direction I'd read it treoraitheguides toilteanachwilling comhléaráideoirífellow illustrators cúigear glaschraicneach eilefive other green-skinned creatures brollach is másaíbosom and thighs ag sciolladóireachtscolding ag fiafraí dá chéileasking each other dheamhan fonn ormI wasn't in the mood ghréasobairfancywork saothraithelabourers mo chuid líníochta féinmy own drawing mo shamhlaíocht féinmy own imagination a míniúto explain it tinfeadhinspiration leamhdull páistí fuaite earraí leathairthe children who sew leather goods sclábhlannasweatshops fá mo choinne féinfor myself a dhath ar bithanything i gceathrú inteacht eile den domhanin some other quarter of the world
mhíniú explanation
" Ach ansin, i 1982 in Albany in Inis Iocht, d’athraigh siad an polasaí gan aon mhíniú a thabhairt.
míniú to explain
" Ní háibhéil a rá gur bheag nár bhris an gol ar an mbean óg agus ba threise fós a lean sí uirthi ag iarraidh míniú a ríthábhachtaí a bhí an duine seo i ndáiríre.
míniú explanation
" Níl míniú na Roinne Airgeadais inghlactha in aon chor.
ag míniú shaol shaighdiúir an ama explaining the life of a soldier of the time
" Campaí beaga ======= I ngach áit ar an mblár bhí campaí beaga de chuid na n-athachtóirí, iad, den chuid is mó, ag míniú shaol shaighdiúir an ama do thurasóirí fiosracha.
a mhíniú to explain
" Caithfidh mé a mhíniú anseo go rabhamar ar an mbóthar go leanúnach le coicís roimhe seo agus go rabhamar díreach tar éis filleadh ó dheireadh seachtaine de ghigeanna i Sasana.
a mhíniú to explain
" Bhí orm a mhíniú cén fáth gur bhain sé le mo chuid taighde dul ann agus moladh a chur isteach faoi sin.
ag míniú cad é a fuarthas explaining what was found
" Tá an suíomh tochailte le feiceáil – tá sé clúdaithe le féar, agus tá fógraí ann ag míniú cad é a fuarthas san áit.
bhí an togra á mhíniú aige he was explaining the project
" Suite i mbeár an aerfoirt dóibh, bhí an togra á mhíniú aige dá mhac sular fhág siad an Eoraip.
Ní gá faic a mhíniú. Nothing needs to be explained.
míniú éigin some explanation
"míniú éigin ar chás na Meiriceánach (mar a dúradh thuas) ach an bhfuil léamh nó míniú ar thaispeántas Mhaigh Eo i gcoinne Chiarraí? Tá go leor tráchtairí, iarpheileadóirí agus ar uile, tar éis iarracht a dhéanamh ach dáiríre is mistéir é go bhféadfadh grúpa peileadóirí a d’imir chomh maith agus cróga ar feadh an tsamhraidh a bheith chomh hainnis ar an lá is tábhachtaí sa bhliain.
a mhíniú to explain
" Ba bhreá liom aghaidh Pat a fheiceáil dá dtarlódh sin! Ach, cén dochar? Níl aon rud mícheart nó mímhorálta faoi shuim a chur sa *Premiership*! Níl ann ach gur mhaith leat a mhíniú do dhaoine uaireanta nach bhfuil tú chomh tógtha sin lena dtarlaíonn ó lá go lá thall i Sasana.
dhá mhíniú two interpretations
" Tugtar dhá mhíniú ar "Lios Mòr" – “gairdín mór" agus "imfhálú mór".
a mhíniú to explain
" “Níl mé cinnte” an freagra fírinneach ach déanfaidh mé iarracht an scéal a mhíniú anseo.
an míniú agus an insint the explanation and the telling
" Rud amháin a tháinig as cuairt na Sasanach ar Pháirc an Chrócaigh ná an t-ómós agus an urraim, an míniú agus an insint a tugadh sna meáin chumarsáide ar an méid a tharla ar Dhomhnach na Fola.
míniú explanation
" Maidir le míniú a thabhairt ar phríomhthorthaí na tuarascála, deineadh amach nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil níos lú suime acu nó níos lú foinn ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste a bheith rannpháirteach i gcúrsaí spóirt seachas mar atá i gcás aon dream eile.
a mhíniú to explain
" Gan tuiscint dá laghad a bheith acu ar chastacht an Mheánoirthir (tuairiscíodh tamall ó shin nach raibh an chuid is mó de pholaiteoirí Washinton in ann an difríocht idir Moslamach Sunnaíoch agus Moslamach Síteach a mhíniú), chuireadar arm ollmhór go dtí an Iaráic agus chuireadar isteach rialtas nua atá báúil le Meirceá.
Is furasta a mhíniú it is easy to explain
" Is furasta a mhíniú céard is "físiriseoireacht" ann: déanann an físiriseoir chuile rud! Déanann sé an taighde agus an tiomáint; bíonn sé i mbun an cheamara agus na n-agallamh, agus go minic, na heagarthóireachta.
a mhíniú to explain
" B’fhéidir go gcreideann an gnáthdhuine nach mbíonn a dhath eile ag baint leis, ach ba mhaith liom a mhíniú nach mbíonn sin fíor an t-am ar fad.
míniú explanation
" ’ Claonadh cúisíoch coitianta atá ag an lucht léirmheastóireachta sa lá atá inniu ann ná míniú a lorg ar gach rud.
an Conradh a mhíniú i gceart to explain the Treaty properly
" Is léir gur theip ar an rialtas agus ar pháirtithe móra an fhreasúra an Conradh a mhíniú i gceart.
míniú simplí simple explanation
" Féachfaidh mé anois le míniú simplí a thabhairt ar cad é go díreach is féidir leis an tseirbhís seo a dhéanamh.
ag míniú explaining
" Ní theastaíonn uaim dul chun fadálachta san alt seo ag míniú an chaoi ar féidir an tseirbhís a shocrú duit féin ar do ríomhaire – tá treoracha cuimsitheacha curtha ar fáil ar abair.
iarracht a mhíniú an attempt to explain
" Ansin rinne sé iarracht a mhíniú domh cad chuige a raibh fadhb aige leis an rothaí seo.
mhíniú to explain
" Ansin rinne sé iarracht a mhíniú domh cad chuige a raibh fadhb aige leis an rothaí seo.
míniú explanation
" Is é an míniú a bhí ag an gclann ná nár thuig siad gur ghá bás na seanmháthar a chur in iúl do na húdaráis sa Fhrainc.
gan míniú inexplicably, without explanation
" Lily, a tréigeadh gan míniú, le páiste óg ina baclainn aici.
mhíniú explain
" Tá sí níos airde ná an ardéirim fiú, nó ní gá an áilleacht a mhíniú.
míniú explain
" Sa tochailt sin, tháinig mé ar mo leigheas féin – meascán mór de nithe difriúla atá róchasta le míniú anseo.
mhíniú explain
" Aithníonn an stát an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht agus – bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch – moltar sainmhíniú i bhfad níos dinimiciúla den Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar úsáid rialta na Gaeilge seachas ar an tíreolaíocht stairiúil.
mhíniú explain
" Bourgeois, is é an rud is measa a d’fhéadadh tarlú ná i gceann cúig nó deich mbliana go gcasfadh an Rialtas timpeall agus go ndéarfadh siad “níl sé ag obair, filleadh muid ar ais ar COGG” agus beidh orthu ansin an fáth sin a mhíniú dúinn, ach ar a laghad beidh iarracht déanta acu.
míniú explanation
" **SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?** SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
mhíniú explanation
" “Ba é an tIRA an fhadhb, an t-aon mhíniú amháin a bhí ag daoine, ach ag an am céanna, bhí arm na Breataine ar na sráideanna, ag briseadh gach dlí dá raibh ann; bhí cinsireacht sna meáin; bhí Ceathrar Guildford agus Seisear Bhirmingham fós ar an leaba chláir ach bhí ruathair a ndéanamh ag an Chraobh Speisialta ar dhaoine a bhí ghníomhach ar son na córa in áiteanna ar nós Baile Bhútair féin!” arsa Ruane.
mhíniú explain
" **LNC: Conas agus cathain ar tosnaíodh an ISS agus an féidir leat an obair á dhéantar anseo a mhíniú dúinn?** S: Bhí bunaitheoir an ISS, Brendan Price, ag obair mar mhaor ag gairdín na n-ainmhithe fiche cúig bliain ó shin.
mhíniú cén fáth to explain why
" Ag an chruinniú maidin Dé Lúain, d'iarr duine den bheirt orainn a mhíniú cén fáth a raibh muid ar an chúrsa agus cén sórt taithí a bhí againn.
an scéal a mhíniú go soiléir to explain the matter clearly
" Tá súil agam féin go nglacfar leis an chonradh ach beidh ar an rialtas an scéal a mhíniú go soiléir.
chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di understanding which is inexplicable
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
míniú ar bith eile no other explanation
" Níl míniú ar bith eile ar an scéal.
Thoisigh an col ceathrair ag míniú domh my cousin started to explain to me
" Thoisigh an col ceathrair ag míniú domh, labhair sé liom i nGaeilg agus thuig mé an scéal.
do spéir agatsa féin a mhíniú duit féin explain your own sky to you
" Tá Orbhraí ann freisin a oibríonn le GPS dúchasach an iPhone chun do spéir agatsa féin a mhíniú duit féin.
Ar mhiste leat do dhearcadh a mhíniú dom would you mind explaining yourself to me
" Ar mhiste leat do dhearcadh a mhíniú dom, le do thoil?” “Á a Bhaloir, ní chreideann tú gach rud a léann tú sna nuachtáin, an gcreideann? Caidé atá siad ag rá fúm anois? Nó caidé atá Enda ag cur i mo leith anois?” “Níl ann ach an fhírinne lom, a Angela.
draíocht na bhfocal sin a mhíniú go sainiúil to explain specifically the magic of those words
" Agus cé ná féadfaí draíocht na bhfocal sin a mhíniú go sainiúil, do mheas Greenblatt gur chruthaigh siad *‘stir in the mind’* mar a dúirt sé i Shakespearean Negotiations toisc gur bhain siad le traidisiún claisiceach de chuid energia, ’sé sin an traidisiún scríbhneoireachta a rinne iarracht cúpla téamaí casta teibí a achoimriú le focal nó dhó nó le híomhá amháin.
agus é ag míniú do as he explained to
" “Ní bhaineann rún na faoistine liomsa ná le mo cheird,” a dúirt Santa, agus é ag míniú do Bhalor go raibh cead aige na litreacha a scríobh daoine chuig Santa a léamh.
mar mhíniú ar an olc to explain the evil
" ‘Mea Maxima Culpa’ ========= Ach, mar is gnách, más néata na meafair sin thuas, ní leor in ao’chur iad mar mhíniú ar an olc.
míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra an explanation of difficult words and terms
" Is i nGaeilge shimplí atá na scéalta scríofa le míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra.
ag míniú do chách explaining to everyone
" Tá a teanga caite ag Susan George (sna naisc ar dheis) le daichead bliain anuas ag míniú do chách faoin éagothroime tráchtála a fhágann tuaisceart an domhain ag alpadh agus ag tarraingt gach saibhris aneas chucu féin ar chonarthaí nár athraíodh ó ré mhíleata an chos ar bolg.
tá teipthe ar an mhíniú seo anois this explanation has now failed
" Ach tá teipthe ar an mhíniú seo anois.
míniú don léachtóir Gaeilge s’agam explaining to my Irish lecturer
" Bhí ort cead a fháil chun seoladh r-phost a aimsiú agus is cuimhin liom míniú don léachtóir Gaeilge s’agam céard ba r-phost ann agus cén fáth go raibh sé uaim.
mar atá mínithe ag as explained by
" Ní raibh iontas orm a fheiceáil nach raibh foinsí Gaeilge i leabharliosta Belcham, agus sin fadhb atá ag a lán staraithe in Éirinn féin, fiú amháin, mar atá mínithe ag Breandán Delap i mBeo na míosa a chuaigh thart.
is míniú falsa é an díothú domhanda the global demise is a lazy explanation
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin those victims (…) deserve a full explanation
" Conas a tharla sé mar shampla gur cailleadh fianaise thábhachtach agus cé a bhí freagrach as? An fíor mar a mhaígh dlíodóir Uí Lubhlaí, James Orange, ag an am nár lorg na Gardaí cuid den fhianaise a bhain leis na líomhaintí agus nach bhfuarthas ráitisí ó fhinnéithe ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh blianta sula ndeachaigh siad chuig na húdaráis? Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin nach bhfuair cothrom na Féinne ariamh.
ar mhíniú an fhocail explanation of the word
" Rinneadh cur síos sa tuarascáil ar mhíniú an fhocail forghneasú ná ‘hypersexualisation’: ‘Il s'agit d'un phénomène social, né Outre-Atlantique dans les années 2000, qui relèverait de stratégies humaines autour d'une mise en scène « sexualisée » du corps dans le but de séduire l'autre.
gur míniú maith é an teoiric seo this theory is a good explanation
" Is cinnte go bhféadfaí locht a fháil ar an teoiric ghinearálta seo a chuireann Dauvergne chun cinn, ach feictear dom gur míniú maith é an teoiric seo ar roinnt mhaith de na tionscnaimh atá á gcur ar siúl ag Stáit ar fud na cruinne le breis is deich mbliana anuas i ngort na hinimirce.
N’fheadar an fiú an míniú sin I don’t know if that explanation is worthwhile
" *” N’fheadar an fiú an míniú sin ach rud amháin a léiríonn an chraic seo le haischlibeanna ag carachtair teilifíse: tá ré na haischlibeanna linn.
gan aon mhíniú tugtha ar an mhoill no explanation of the delay given
" Tá an t-achomharc seo curtha faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise le beagnach bliain anois agus gan aon mhíniú tugtha ar an mhoill a bhaineann le rialú a dhéanamh ina leith.
míniú a thabhairt to explain
" An Tuaisceart ===== An bhfuil faillí déanta i lucht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, iad fágtha gan aon cheanneagraíocht? Botún mór millteanach é seo nach dtuigim agus tá sé thar am don Fhoras míniú a thabhairt air.
chun míniú simplí a chur air to give it a simple explanation
" An cheist dheireanach a chur mé air ná an raibh moltaí ar bith aige d’éinne atá go maith ag gnóthaí pócair agus seo an freagra a thug sé ar mo cheist: “Tá plean mór eile agam agus seo rud iontach tábhachtach fá choinne éinne atá i mbun pócair; sin ó thaobh do ‘rolla banc’ nó bankroll mar a thugtar air, chun míniú simplí a chur air—sin é do bhainc phearsanta ina choimeádann tú d’airgead ann- ach an rud is tábhachtaí ná chun é a bhainistiú i gceart agus cinnidh chiallmhara a dhéanamh leis.
mhíniú agus a chur in iúl explain and make known
" Ach níor éirigh leis an Lucht Oibre a pháirt sa rialtas a mhíniú agus a chur in iúl.
ag míniú cén fáth explaining why
" Bhí sé ag míniú cén fáth nach raibh cosantóirí/cúlaithe agus imreoirí Shasana i gcoitinne sách maith chun an bua a fháil.
mhíniú ar dhrochthorthaí fhoireann Shasana an explanation of the bad results of the English team go háirithe particularly
" Bhí go leor plé ar an ábhar seo le déanaí le linn Chorn na Cruinne sa sacar nuair a bhí tráchtairí agus lucht scagtha ag iarraidh teacht ar mhíniú ar dhrochthorthaí fhoireann Shasana agus fhoireann na Brasaíle go háirithe.
a nasc an tubaiste agus an míniú ina chéile which linked the disaster and the explanation together
" B’é an féinghrá an fhréamh a nasc an tubaiste agus an míniú ina chéile.
míniú sásúil satisfactory explanation
" Tá sé trí bliana ó fuair Brian Rossiter bás, ceithre lá i ndiaidh dó dul isteach i gcóma agus é faoi choinneáil i stáisiún Gardaí Chluain Meala i gContae Thiobraid Árann, ach níl míniú sásúil ar a tharla sa stáisiún ag an am faighte ag a theaghlach go fóill.
míniú sásúil satisfactory explanation
" Tá sé trí bliana ó fuair Brian Rossiter bás, ceithre lá i ndiaidh dó dul isteach i gcóma agus é faoi choinneáil i stáisiún Gardaí Chluain Meala i gContae Thiobraid Árann, ach níl míniú sásúil ar a tharla sa stáisiún ag an am faighte ag a theaghlach go fóill.
ag míniú dá chéile explaining to each other
" Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg.
deacrachtaí mínithe problems of how to explain
" Chruthaigh Breivik an tslada mharfaigh san Iorua deacrachtaí mínithe d’aos fuatha ar Mhoslamaigh, an ADL san áireamh, a deir Maidhc Ó Cathail.