Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bod míl mhóir whale penis
" Ceart go leor is tósta a fhaighimid - seachas bod míl mhóir nó a leithéid.
long míolta móra whaling ship
" In Aibreán 1875 d'fhág an Catalpa, long míolta móra trí chrann agus 200 tonna, New Bedford i Massachusetts agus rinne a bealach trasna an Atlantaigh go dtí na hAsóir.
míol mór whale
" Stad sí agus dúirt sí liom, "Tá mé ag dul go dtí an taobh thoir den oileán, mar tá míol mór *minke *le feiceáil ansin.
míolta móra whales
" Tá sé dochreidte gur chuir tú ceist orm faoi sin! Sílim go bhféadfainn dul agus an trá fhada Outermost a shiúl: na riasca, na dumhcha, na maidhmeanna fiáine toinne - reilig mórán long - na míolta móra caite i dtír uaireanta, an tsnámhraic agus an muirchur, reilig ag ceann amháin di ina bhfuil coirp gaolta agus cairde curtha, agus na tithe solais aonair atá mílte óna chéile ar dhroim an Outermost.
míolta móra cruiteacha humpback whales
" Tá clú ar Tofo mar láithreán tumadóireachta agus bíonn deilfeanna, roic chochaill, siorcanna agus míolta móra cruiteacha le feiceáil ann go minic.
míolta móra whales
" Ina dhiaidh sin, agus muid breá teolaí, ar aghaidh liom féin agus beirt col ceathracha de mo chuid (a bhí ansin ar saoire) go Kaikoura chun míolta móra a fheiceáil.
míolta móra dronnacha humpback whales
" Bhí míolta móra dronnacha ann chomh maith, agus iad mar a bheadh oileáin dhonna ann.
míolta móra whales
" Agus muid fós ar an Oileán Theas agus tar éis dúinn míolta móra Kaikoura a fheiceáil, thugamar aghaidh ar an oirthuaisceart chun cuairt a thabhairt ar fhíonghoirt Blenheim.
faire ar mhíolta móra whale-watching
" Tá sé íorónta go bhfuil faire ar mhíolta móra anois ar cheann de na díolta is mó spéise i measc na dturasóirí toisc go raibh seilg na míolta móra ina mhórthionscal daichead bliain ó shin.
seilg na míolta móra whale-hunting
" Tá sé íorónta go bhfuil faire ar mhíolta móra anois ar cheann de na díolta is mó spéise i measc na dturasóirí toisc go raibh seilg na míolta móra ina mhórthionscal daichead bliain ó shin.
an míol mór dronnach, the humpback whale,
" Sa lá atá inniu ann, áfach, tagann na mílte cuairteoir go Byron le féachaint ar na míolta móra, go háirithe an míol mór dronnach, agus iad ag imeacht ar a n-imirce bhliantúil.
míolta móra whales
" Cait ag Sú na Gréine ar Oileán Mhic Guaire Cuireadh na chéad ainmhithe andúchasacha ar Oileán Mhic Guaire i lár na naoú haoise déag nuair a scaoil sealgaire míolta móra agus rónta gabhair agus coiníní air, ionas go mbeadh bia ar fáil do chuairteoirí nó do bháid a bhí ag dul thart.
seilg an mhíl mhóir whale hunting
" In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas.
dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir a policy of anti-whale hunting
"dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir ag an rialtas náisiúnta ó shin i leith agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre fíorláidir in éadan na seilge.
feoil an mhíl mhóir whale meat
" Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais.
líon na míolta móra the number of whales
" Baineann an cumann seo feidhm as modh na gníomhaíochta, ag déanamh iarrachta a chur isteach ar an tseilg féin agus d’éirigh leis líon na míolta móra a mharaigh na longa Seapánacha a laghdú.
míolta móra mara whales
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
an míol mór le cosaint ó shaint an duine to defend the whale from human greed
" Is minic an Teiscinn Chiúin gan a bheith ciúin nuair a bhíonn an míol mór le cosaint ó shaint an duine.