Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
móide as well as
" Bíodh dátaí socraithe do na clubanna freisin, mar shampla idir Meán Fómhair agus Aibreán, móide tréimhse anseo is ansiúd sa samhradh.
mhóid dílseachta oath of allegiance
" Sa lá atá inniu ann tá triúr feisirí poblachtánacha sa chruachás céanna agus bhí sé spéisiúil píosa as dialann Tony Benn MP a léamh sa *Guardian* ar na mallaibh faoi na deacrachtaí a bhí aige leis an mhóid dílseachta don bhanríon i 1964.
móid oath
" Mo thrua! Cúpla lá sular ghlac sé móid na hoifige thug sé féin agus a bhean cuairt ar na Clintons.
móideanna vows
" Bhí go leor deor agus searmanas i gceist cothrom an lae agus móideanna á ndéanamh go leanfaí ar aghaidh leis an troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
ní móide go it is unlikely
" I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana.
Ní móide go n-aithneodh í he probably wouldn't recognise it
" Ní móide go n-aithneodh í dá mbeadh tuilleadh cos scoite caite thart ann ach nuair nach raibh ann ach í agus gan éinne eile den chomhluadar callánach ar leathchois bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé gurb í a bhí ann.
an mhóid dílseachta the pledge of allegiance
" Ag an am bhí a hathair i bpríosún ar chúiseanna polaitiúla, agus ní raibh sé ró-éasca dá máthair post a fháil, toisc nach raibh sí sásta an mhóid dílseachta a bhí ar oibrithe an stáit a ghlacadh le linn an chogaidh chathartha a ghlacadh.
ní móide go dtarlódh sé it probably wouldn't happen
" An bhféadfadh sé tarlú san iomáint? Tá sin as an gceist faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair agus, le fírinne, ní móide go dtarlódh sé faoi chóras ar bith, ach d'fhéadfadh dhá nó trí chontae as Ulaidh bheith sna babhtaí ochtú ceannais, cuir i gcás, faoi chóras oscailte.
móide plus
" Tá craobh Shinsear agus Mionúr na hÉireann i seilbh mhuintir Chill Chainnigh arís, móide Corn na Sraithe agus Craobh Laighean arís.
móid oath
" Ach toisc go mbíonn ar na feisirí parlaiminte go léir a shuíonn ar choiste an Uasail Murphy móid a ghlacadh nach labharfaidh siad choíche faoi ghnóthaí an choiste lasmuigh de, ní bheidh a fhios againn go deo cé acu ar ghéill nó nár ghéill an Coiste dóibh siúd nach raibh sásta nach mbeadh aon ról níos mó ag na seirbhísí rúnda i bpolaitíocht na hÉireann.
móid rúndachta at oath of secrecy
" Glacann gach ball den tSeirbhís Dúrúnda móid rúndachta agus bíonn gach aon rud ina dhúrún docht daingean acu - cosúlacht Íosa Mhic Ghiolla Mháire sa chuntas.
móide as well as
" Ar an ábhar sin, móide feabhas a gcuid iománaíochta, fógraím go hard gurb í foireann sinsear iomána Chorcaí foireann na bliana! Maidir le taispeántas na bliana téann an gradam siar thar Sionainn go dtí contae Gaeltachta eile.
a móid gheanmnaíochta their vow of chastity
" Bhí Cosantóir na Teorann agus cúpla céad ball den DDT i ndiaidh a móid gheanmnaíochta a bhriseadh nuair a thrasnaigh siad an teorainn le taisteal go Baile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh sa léirsiú mór i Sráid Uí Chonaill: *Is Grá Linne Muid Féin*.
móide lucht bainistíochta plus the management
" Mar níl ach bealach amháin le déileáil le heachtra ar nós troid na hÓmaí agus is é sin gach duine a bhí páirteach ann, móide lucht bainistíochta (i.
móide plus
" Níl aon bhealach éasca ná simplí ann le feabhas a chur ar chúrsaí, ach is cinnte go mbeadh roinnt samhlaíochta móide a lán oibre ina gcabhair mhór.
Móid na Dílseachta the Oath of Allegiance
" Fianna Fáil - an Páirtí Poblachtach a dhíbhunódh an Conradh Angla-Éireannach, a chuirfeadh Móid na Dílseachta ar ceal, a sheasfadh leis an daoscarslua – “the men of no property”.
móid oath
" Níl an DUP sásta an chumhacht a roinnt le Sinn Féin go dtí go dtabharfaidh Martin McGuinness móid go dtabharfaidh sé tacaíocht don PSNI, a deir siad, ach is léir go bhfuil ceannaireacht an pháirtí i bhfách le Comhaontú Chill Rimhinn.
móide a lán bonn eile, plus a lot of other medals,
" I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche.
móid chiúnais a vow of silence
" Fógróidh Micí Ó Laoire ó Ryanair go nglacfaidh sé móid chiúnais agus rachaidh sé ar chúrsa spioradálta trí mhí leis na siúracha i gclochar na Poor Claires in Inis.
móid oath
" Sa bhliain chéanna, ghlac sé móid don IRB.
Ní móide go mbuafaimid aon rud, it is unlikely we will win anything
" Ní móide go mbuafaimid aon rud, ach cá bhfios? Bímid ag súil gach ceathrú bliain le buaiteoirí Éireannacha ag na cluichí Oilimpeacha, ach níl sin réalaíoch.
Ní móide it is not likely
" Ní móide gurbh é an fiadhúlra an chloch ba mhó ar phaidrín leithéidí Mobuto, Abedi, agus Ludwig.
Ní móide gur dhaonchairdeas ba chúis le flaithiúlacht an amhantraí fíor-rachmasaigh, it is unlikely that philanthropy was the reason for the generosity of the extremely wealthy speculator
" Ní móide gur dhaonchairdeas ba chúis le flaithiúlacht an amhantraí fíor-rachmasaigh, áfach.
ní móide hardly/it's unlikely
" Má fuair Rahm an dearcadh ciníoch atá ag a athair, ní móide go mbeidh cead isteach ag mórán Arabach a fhad is a bheidh sé ag bainistiú an Tí Bháin.
Ní móide hardly so
" Pámháistrí Obama An mbeidh rialtas Barack Obama níos fearr? Ní móide go mbeidh.
móide troscán traidisiúnta plus traditional furniture
" D’fhan muid in óstán a raibh páipéar ríse ar na ballaí móide troscán traidisiúnta, bord íseal agus mar sin de.
móide plus
" Iomaíocht ó iliomad spórt eile ar an teilifís, móide imeacht na n-urraí tobac go mór mór agus ísliú ar dhuaiseanna airgid dá bharr sin, a thugtar mar chúiseanna leis an staid sin.
nach móide not likely, unlikely
" Tá fhios ag gach bainisteoir agus imreoir nach móide go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann gan Chill Chainnigh a chloí ag pointe éigin.
ní móide hardly, not likely
" Ní ghlacfadh le comhairle mar sin ach amadán, ach ní móide gur amadáin atá i Frum agus Perle agus na nuachoimeádaigh eile a stiúraigh dúnghaoisí rialtas Bush i leith na Cóiré Thuaidh.
ní móide it's not likely
" Cé go bhfuil go leor fianaise ann go bhfuil contúirt ag baint le vacsaíniú ar bith, ní móide go gcloisfidh tú mórán faoin scéal sin sna mórmheáin.
ní móide hardly
" Ó Riain, cúl báire Chill Chainnigh, trí cinn d’iarrachtaí ar chúil ó thosaithe Thiobraid Árann, Eoin Ó Ceallaigh ina measc, a stopadh le lúth agus le haclaíocht iontach agus murach é ní móide gur ag na Cait a bheadh an bua.
Ní móide hardly
" Ní móide, áfach, go mbeadh sé ag iarraidh go gcuirfear cosc iomlán ar airm núicleacha sa Mheánoirthear, mar is í Iosrael an t-aon tír amháin sa réigiún ina bhfuil siad faoi láthair.
móideanna vows
" Chaith sí tréimhse ag múineadh faoin tuath san Astráil Theas sular ghlac sí na móideanna le bheith ina bean rialta, agus í cúig bliana is fiche d’aois.
Ní móide unlikely
"Ní móide go mbeadh cogadh san Iaráic le seacht mbliana anuas murach an pháirt a bhí ag leithéidí Wohlstetter, Perle, Kristol, Kagan, Wurmser, Wolfowitz, Lieberman, Frum, Netanyahu, Zelikow, Libby, Sharon, Feith agus Lewis.
móide plus
" Sin daonra na hÉireann, móide daonra na hÍsiltíre, móide daonra na Fraince, móide daonra na Gearmáine.
móide plus
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar, Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin le Pádraig Ó Baoighill, móide an dá dhiosca, ó Choiscéim: **Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin** (Séamas Mac Amhlaoibh) Pádraig Ó Baoighill Cuir síos anseo ar an scéalaí cáiliúil a rugadh sa bhliain 1879 agus a mhair sa Ghaeltacht Lár i dTír Chonaill.
móide plus
" A mhalairt de theanga is ea an Ghaeilge, mar a bhfuil an tsintéis – fréamh an bhriathair, gas na haimsire agus an phearsa, iad a dtriúr in éineacht – agus an briathar chun tosaigh san abairt (briathar +ainmní+cuspóir móide fonathanna dobhriathartha ama/áite/modha) Bíonn meas ag daoine atá fréamhaithe ina gcultúr féin ar an éagsúlacht a bhaineann le daoine as cultúir eile a mbeidh siad ag comhoibriú leo.
móide plus
" ) ==================== Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh, Eagrán úr méadaithe (ó 2001): Le Máirín Nic Eoin ISBN: 978-1-901176-27-8 Foilsithe: 2001 Leathanaigh: 96 Rogha dánta comhaimseartha le filí éagsúla ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh móide réamhrá léirmhínitheach le Máirín Nic Eoin.
Móide pluc
" Féach Corn na hEorpa 1978, LFC in aghaidh Club Brugge KV: 40 pingin ar an chlár agus £6 ar an ticéad! B’aoibhinn a bheith beo an t-am sin! Ach anois £40 atá an cead isteach, má atá tú in innimh ticéad a fháil a chor ar bith! Gnó Móide Gnéithe Eile ========== Club áitiúil a bhí ann 40 bliana ó shin, do dhaoine nach raibh saibhir ach a raibh paisean ina gcroí faoin sacar.
ní móide it’s unlikely
" Cé gur bhris Cantor dlí SAM – Achta Logan – ní móide go gcuirfear an dlí air.
Ní móide go it was unlikely
" Ní móide go mbeadh náisiún neamhspleách ar bith sásta glacadh lena leithéid de chomhairle ón iasacht agus í in éadan an Bhunreachta.
móide plus
" Ba de dhéantús caoladóireachta móide tuí agus buarán na botháin, ar nós tithíocht go leor dár sinsear féin.
ní móide hardly, unlikely
" Ritheann traenacha phaisinéirí ar 20,000 míle de línte anois sna Stáit Aontaithe, ach ainneoin na dtranglam tráchta i ngach cathair sa tír, ní móide go dtógfar níos mó línte go luath.
móide plus
" Tennis sensor data analysis an teideal a thug an buaiteoir óg, nach bhfuil ach cúig bliana déag d’aois, ar an tionscadal a rinne sé agus bhain sé duais €5,000 móide comhramh de chuid Chriostal Phort Láirge as ucht a chuid oibre.
nach móide it’s not likely
" Ní bheadh an eagla chéanna air cinnidh chrua a ghlacadh an iarraidh seo, óir nach móide go seasóidh sé iarraidh eile don Dáil.
móide along with, plus
" I measc na ngnéithe lárnacha léirithe ann tá an t-alt agus inscne ainmfhocail; an tuiseal ginideach, an chopail ‘is’; briathra rialta agus na cinn neamhrialta; foghraíocht agus litriú; míonna agus laethanta; suíomh agus gluaiseacht; na hairde; aidiachtaí; uimhreacha ; forainmneacha pearsanta; forainmneacha réamhfhoclacha; aidiachtaí sealbhacha; réamhfhocail shimplí; réamhfhocail shimplí móide an t-alt.
móide plus
" Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
ní móide go ngortófar é it's hardly going to be hurt
" Fanann an rón beag leis an máthair agus snámhann sé thar na tonnta ar dhroim a mháthar, dá bhrí sin, ní móide go ngortófar é má fhanann sé lena mháthair.
móide plus
" Bhí gach cineál áise san ionad saoire sin – beár snámha, cluichí uisce, cúrsa mionghailf, móide togha na gréine gach lá.
Ní móide hardly
" Ní móide go dtabharfaidh Caoimhe — ná na mílte eile a chuir Barack Obama faoi dhraíocht lena bhriathra binne agus a mheangadh ceanúil — mórán aird go deo ar an méid atá á scríobh ag a huncail faoi Uachtarán SAM agus an bhaint atá aige le lucht an airgid atá ag déanamh scrios ar an domhan lena chomhairle geilleagair a d’eascair as Ollscoil Chicago agus a chuid saineolaithe ar nós Milton Friedman.
Ní móide it’s unlikely
" Ní móide go bhfuil cead in áit phoiblí, san Ungáir féin, glacadh le geall gan cheadúnas.
mhóid dhílseachta oath of loyalty
" Ach dhá sheachtain sular ghlac sé an mhóid dhílseachta i mí Eanáir 2003, labhair Alan Greenspan, ceannaire an Bhainc Chúlchiste Fheadarálaigh, agus Robert Rubin, Príomhfheidhmeannach Goldman Sachs, leis an cheannaire nuathofa.
t-altú móide focal buíochais ráite grace and thanks said
" ‘Ní fhéadfaidh mé a dhul isteach…’ Nuair a bhí an dinnéar thart, agus t-altú móide focal buíochais ráite ag an easpag mór, lean mé cuid den slua i dtreo an stáisiúin.
ní móide go mbronnfar anois are not likely to be presented now
" Níor bronnadh feidhmeanna pleanála ar Údarás na Gaeltachta ariamh, agus ní móide go mbronnfar anois.
móid an oath
" Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
móide plus
" Ach cén fáth gur i gcúinne beag, forimeallach den domhan a tharla forbairt na gcluichí atá chomh hiomráiteach inniu? Is cosúil go raibh tosca fisiceacha, nádúrtha i gceist ach, i ndeireadh na mbeart, gurb iad na tosca daonna - forbairt geilleagair, tionscail agus teicneolaíochta móide eagrú na sochaí agus na polaitíochta – ba thábhachtaí.
ní móide hardly
" Tá Gaillimh ag feabhsú ach ag scaoileadh an iomarca cúl isteach agus ní móide go mbeidh an chuid eile sách maith le Páirc an Chrócaigh a bhaint amach ar 9 Meán Fómhair.
móide dd plus cd
" An Duais === **Cóip den leabhar 'Azzi idir Dhá Stól’,agus cóip den leabhar móide dd ‘Cillian agus an Rón’** **Azzu idir Dhá Stól:** Leabhar grafach le Sarah Garland a scríobh agus a mhaisigh Tá Azzi agus a tuismitheoirí i mbaol.
móide gabhdóg aonar uaigneach amháin with a lone muffin
" D’éiríomar cleachta le fiche bliain anuas as íoc go daor as cupán caife móide gabhdóg aonar uaigneach amháin, nó sruán, ar €4.
ní móide it’s unlikely
" Más ann do lucht cúise i gcónaí i measc na bpeileadóirí seo, ní móide go rachadh a bhformhór le harm ar son na cúise céanna.
gur cheart deireadh a chur leis an mhóid the oath ought to be ended
" Seans fosta gur cheart deireadh a chur leis an mhóid a thugann an tUachtarán i láthair 'Dia na n-uile chumhacht' ar na cúiseanna céanna atá luaite agam thuas.
gearradh fíneáil £5 air móide he was fined £5 plus
" Diúltaíodh don iarratas seo gearradh fíneáil £5 air móide costaisí £23.
móide sonraí eile nach iad plus other details besides
" (A system of anarchy can only work in a society of altruists) Ar an mbonn sin, creidim go láidir go mbeidh ar an idirlíon glacadh le síneadh isteach ar chláir phlé faoi ainm ceart cruthanta amach anseo: ainm, sloinne, dáta breithe, móide sonraí eile nach iad.
cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht a good course plus some books on loan
" Nuair nach raibh an leabharlann áitiúil in ann cuidiú liom, thiomáin mé chuig an chontae is gaire dom, cláraigh leo in achar cúig bhomaite, agus fuair cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht.
móide abairtí samplacha Gaeilge plus sample Irish sentences
" Taobh leis an gceannfhocal Béarla tá an soláthar lom Gaeilge móide abairtí samplacha Gaeilge a léiríonn ceartúsáid an fhocail nó an nath ina chomhthéacs nádúrtha.
móide dhá cheann plus two
" Ó thaobh na peile de, tá sé cinn de chontaetha Roinn 1 den tSraith Náisiúnta móide dhá cheann as Roinn 3 ina ‘seasamh’ fós, tráth scríofa an ailt seo.
Ní móide áfach go mbeidh shall hardly be
" Ní móide áfach go mbeidh An Cabhán láidir go leor chun an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí.
móide plus
" Le deich lá anuas rinne mé dhá agallamh do Raidió na Gaeltachta móide scannánú do cheann de na cláracha sa tsraith nua de Éagóir.
ní móide go raibh hardly have
" Ar ndóigh, tá an Spáinnis i nDeisceart Mheiriceá agus an Fhraincis i dtuaisceart na hAifrice le fada, ach ní móide go raibh oiread teangacha á labhairt san iasacht riamh sa saol 's atá anois.
móide plus
" Cuairt seachtaine a bhí i gceist a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna Nua-Eabhrac agus Boston, móide a gcuid siopaí, a fheiceáil nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad, agus cuairt a thabhairt ar ghaolta le mo bhean chéile idir shean agus óg, aintíní, uncail, col ceathracha, col cúigir agus eile, a bhaineann le contae na Gaillimhe, thoir agus thiar.
móide ócáidí siamsaíochta plus social occasions
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
Ghlac siad móid they took an oath
" Ghlac siad móid *'to uphold King, Country and Constitution*’ agus mar sin de thug said léasadh do lucht stailce le linn na tréimhse ar a dtugtar Red Clydeside.
móide beirt plus two
" Nuair a bhuaigh foireann iomána Naomh Tomás craobh shinsearach na Gaillimhe den chéad uair in 2012, agus craobh clubanna na hÉireann ina dhiaidh sin, rinneadh iontas de dhéanamh na foirne mar go raibh seisear deartháireacha de mhuintir de Búrca móide beirt de mhuintir Uí Mhuirí, beirt de mhuintir Uí Chuana agus beirt de mhuintir Uí Scathail ar an bhfoireann.
móide 3 bhearna plus three spaces
" Bíodh go bhfuil an leagan Gaeilge ‘Garraithe Náisiúnta na Lus’ níos giorra (23 litir móide 3 bhearna) ná an leagan Béarla (25 litir móide 2 bhearna), bheartaigh an t-údarás bóthair feidhm a bhaint as cló níos lú don ainm Gaeilge ar an gcomhartha a threoraíos daoine ann.
móide plus
" Is ait an mac an pholaitíocht; Martin McGuinness le labhairt ag Comhdháil na gCoimeádach? An DUP, na Tóraithe móide LibDem agus Sinn Féin, b’fhéidir, a deir Robert McMillen, gurb shin an meascán a bhéarfas an chaoinfhulaingt agus an fhíorpholaitíocht chun tosaigh.
an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach how six plus three didn’t work out
" Rianaíonn Robert McMillen san alt seo an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach ina hAon in am corrach na críochdheighilte.