Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan mórán stró without much effort
" Ar an gcaoi sin, chuirfí luach breise leis an eolas a bheadh ar an idirlíon gan mórán stró, agus dhéanfaí caighdeán an phictúir a fheabhsú.
scéal nach bhfuil mórán dealraimh air a most improbable tale
" "Is é sin, fhad is a bhí sé (Collins) beo …" Leis an chasadh spraíúil seo, cuireann McEvoy - a bhog ó Bhaile Átha Cliath go Nua-Eabhrac lena thuismitheoirí nuair a bhí sé trí bliana go leith - tús le scéal nach bhfuil mórán dealraimh air.
dála mórán daoine like a lot of people
" Ár dtus bhí mé i mo "lurker", dála mórán daoine.
atá tar éis mórán a bhaint amach who has achieved a lot
" Is fear é Mícheál Ó Grádaigh atá tar éis mórán a bhaint amach i gcúrsaí iomána i rith a shaoil ach tá an díocas céanna ann is a bhí riamh.
ní raibh mórán cairdis eatarthu there wasn't much friendship between them
" Cé gur bheirt deartháireacha Seosamh agus Máire ní raibh mórán cairdis eatarthu.
Níl cúrsaí athraithe mórán Things haven't changed much
mórán den bhfostaíocht much of the employment
" Tugann mórán den bhfostaíocht a thuilleadh Béarla isteach go dtí an nGaeltacht.
gan mórán stró without much difficulty
" Chuaigh mé féin agus Jamie, stócach Albanach, suas gan mórán stró, agus rinne muid rópadóireacht síos arís.
dheamhan mórán a bheas ar a shon aici she won't have much to show for it
" "Tá sí amuigh ansin anois agus dheamhan mórán a bheas ar a shon aici mura gcuireann sí a gualainn leis.
b'fhéidir nach mbeidh sé mórán achair it might not be long
" Ní féidir a rá fós cén toradh a bheas ar an stráitéis nua margaíochta, ach b'fhéidir nach mbeidh sé mórán achair go mbeidh tionscal na turasóireachta ar a sheanléim arís.
reilig mórán long the graveyard of many ships
" Tá sé dochreidte gur chuir tú ceist orm faoi sin! Sílim go bhféadfainn dul agus an trá fhada Outermost a shiúl: na riasca, na dumhcha, na maidhmeanna fiáine toinne - reilig mórán long - na míolta móra caite i dtír uaireanta, an tsnámhraic agus an muirchur, reilig ag ceann amháin di ina bhfuil coirp gaolta agus cairde curtha, agus na tithe solais aonair atá mílte óna chéile ar dhroim an Outermost.
gan mórán stró without much effort
" Bhí 50 nó 60 amhrán agam ar an liosta gan mórán stró.
gan mórán stró without much difficulty
" Go deimhin, bheadh an ríomhaire céanna in ann déileáil le taispeántais PowerPoint gan mórán stró.
mórán samhraí eile many other summers
" Is é fírinne an scéil ná nach amháin go raibh an Nollaig scriosta ar lucht leanúna Chorcaí ach tá seans ann go bhfuil an samhradh seo chugainn agus mórán samhraí eile scriosta leis.
Ní bheidh mórán ratha orthu they won't have much success
" Ní bheidh mórán ratha orthu, a dúirt mé liom féin.
mórán much, a lot
" Mar a fheicfimid, tá mórán ar siúl sa pharthas beag seo 61,956 heicteár.
ní raibh mórán dúile agam ann I didn't like it much
" Cén chaoi ar thosaigh tú air sin? MNA: Seinneann m'athair an veidhlín agus thosnaigh mé féin ar an veidhlín agus mé ana-óg ach ní raibh mórán dúile agam ann agus, caithfidh mé a rá, ní rabhas rómhaith.
gan mórán cúraim without much care
" In áit canbháis agus péint caite air gan mórán cúraim, bheadh línte díreacha, greillí agus athrá le feiceáil ina saothar.
mórán treorach much guidance
" Cibé duine a cheapfar sa phost dúshlánach sin, ná bíodh sé/sí ag súil le mórán treorach ón Rialtas.
i mórán chuile ghné in virtually every aspect
" Ní mórán é, mar chuimhne, i gcomórtas le heachtraí móra na staire, ach insíonn sí rud beag dúinn faoi nádúr an stáit ó thuaidh agus faoin gcaoi a mbíodh an seicteachas préamhaithe chomh daingean sin i mórán chuile ghné den saol ann.
mórán dá cuid deontas a lot of its grants
" Is i sterling, agus sa cheantar sterling, a bhronnann an fhoraois mórán dá cuid deontas.
theip air é a chur ina luí ar mhórán he failed to convince many people
" Tuairimí maithe curtha chun cinn aige maidir le "gorlanna gnó" i gConamara ach má bhí fiúntas ina mholadh go ndéanfaí cuid mhór de ghnó an Údaráis a dhílárú go Casla, theip air é a chur ina luí ar mhórán.
mórán spéise much interest
" Ainneoin go ndúirt an RUC go mbeadh duine i dteagmháil leis, níor léir dó go raibh mórán spéise acu ina raibh le rá aige.
cuirfear mórán spéise ann it will provoke a lot of interest
" Is imeacht é seo nár tharla a leithéid riamh roimhe seo agus, gan amhras, cuirfear mórán spéise ann.
Craoltar mórán ócáidí spóirt many sports events are broadcast
" Craoltar mórán ócáidí spóirt ar TG4, idir chluichí Gaelacha, rugbaí, sacar, pheil na hAstráile is araile, ach cé a cheapfadh, cúpla bliain ó shin fiú amháin, go bhféadfadh duine féachaint ar cheann de na hócáidí spóirt is ardnósaí ar domhan, is é sin comórtas leadóige Wimbledon, é “beo” ar theilifis na Gaeilge agus an tráchtaireacht á déanamh tré mheán na Gaeilge ag cainteoirí dúchais Gaeilge! B’fhéidir nár cheart a bheith ag déanamh iontais dá leithéid níos mó, ach i gcás cuid againn is gearr le míorúilt ann féin é sin.
mórán infheistíochta a lot of investment
" Agus, ós rud é gur cuireadh mórán infheistíochta sna gréasáin seo, níl aon suim ag na rialtais tuilleadh airgid a chaitheamh go luath agus, ar aon nós, ní gá dóibh é sin a dhéanamh fós.
mórán samhlaíochta agus tionscnaimh agus cumais a great deal of imagination and initiative and ability
"mórán samhlaíochta agus tionscnaimh agus cumais léirithe ag CLG ó bunaíodh é agus meas agus tacaíocht an phobail faighte aige dá réir.
mórán infheistíochta a lot of investment
" Agus, ós rud é gur cuireadh mórán infheistíochta sna gréasáin seo, níl aon suim ag na rialtais tuilleadh airgid a chaitheamh go luath agus, ar aon nós, ní gá dóibh é sin a dhéanamh fós.
mar nach raibh mórán sruthán fóirsteanach ann because there weren't many suitable streams
" Mhínigh Billy an méid seo dúinn: “Ba mhuilte gaoithe iad, agus tógadh a lán acu anseo mar nach raibh mórán sruthán fóirsteanach ann le muilte a chur ag obair.
in anneoin mórán oibre agus dúthrachta despite a lot of work and diligence
" Ach ar an taobh eile den scéal, ní raibh ach an briseadh croí i ndán do mhuintir Aontroma mar, in anneoin mórán oibre agus dúthrachta, theip ar fhir na ngleannta a stádas sa phríomhroinn a choinneáil.
mórán tuisceana much awareness
" "In ainneoin na fianaise seo, ní raibh mórán tuisceana ag dochtúirí nó ag an phobal ar an bhaol atá ann galar súl a fháil ó chaitheamh tobac," ar seisean.
dheamhan mórán gur féidir leat a dhéanamh faoi there isn't much you can do about it
" Ach, mar sin féin, mura bhfuil an t-ádh ort agus mura bhfuil rith an ráis leat, dheamhan mórán gur féidir leat a dhéanamh faoi.
nach raibh mórán i ndán di that there wasn't much in store for her
" Shíl sí nach raibh mórán i ndán di sa phost áirithe sin agus gurbh fhearr di bogadh ar aghaidh.
mórán machnaimh much thinking
" Is fear é Joe a mbeadh meas ag daoine air go leitheadach, ach is léir gur éirigh sé sáite sa chonspóid seo gan mórán machnaimh a dhéanamh.
mórán machnaimh much thinking
" B’éigean dom a admháil nach raibh tuairim láidir agam bealach amháin nó bealach eile ina thaobh agus nach raibh mórán machnaimh déanta agam air.
mórán míshástachta agus easpa foighne much dissatisfaction and lack of patience
" Bhíodh an chuma sin air agus é ag imirt fiú amháin, agus óna chuid focal féin léirigh sé mórán míshástachta agus easpa foighne le daoine eile.
an-mhórán taifeadtaí a great number of recordings
" Bhí an-mhórán taifeadtaí bailithe ag Mícheál don chlár raidió “Ón tSeanam Anall” agus thuig sé gur mhór an baol go gcaillfí oidhreacht luachmhar cheoil an iardheiscirt amach anseo muna ndéanfaí rud inteacht leis na téipeanna go luath.
gan mórán stró without much difficulty
" Iontas na n-iontas, d’oibrigh an cárta gan mórán stró (níor thóg sé ach trí iarracht chun é a chur isteach i gceart).
an-mhórán taifeadtaí a great number of recordings
" Bhí an-mhórán taifeadtaí bailithe ag Mícheál don chlár raidió “Ón tSeanam Anall” agus thuig sé gur mhór an baol go gcaillfí oidhreacht luachmhar cheoil an iardheiscirt amach anseo muna ndéanfaí rud inteacht leis na téipeanna go luath.
mórán ceana much regard, love
" Ní bheidh inniúlacht acu sa teanga agus seans maith nach mbeidh mórán ceana acu uirthi.
gan mórán stró without much difficulty
" Iontas na n-iontas, d’oibrigh an cárta gan mórán stró (níor thóg sé ach trí iarracht chun é a chur isteach i gceart).
mórán glasraí agus bláthanna a lot of vegetables and flowers
" Mar shampla, tagann mórán glasraí agus bláthanna ar eitleáin ón Afraic go dtí an Eoraip, ach ní iompraítear mórán lasta sa treo eile – bíonn ar na heitleáin filleadh ar ais agus iad folamh, nó lasta eile (nach bhfuil chomh hoiriúnach) a thógáil go saor chun costais an turais a laghdú.
ní iompraítear mórán lasta sa treo eile not much cargo is carried in the other direction
" Mar shampla, tagann mórán glasraí agus bláthanna ar eitleáin ón Afraic go dtí an Eoraip, ach ní iompraítear mórán lasta sa treo eile – bíonn ar na heitleáin filleadh ar ais agus iad folamh, nó lasta eile (nach bhfuil chomh hoiriúnach) a thógáil go saor chun costais an turais a laghdú.
gan mórán stró without much difficulty
" Gearradh táille de os cionn €500 ormsa le gairid, cé nár tugadh an t-eolas a bhí uaim dom agus gur maíodh go mbeadh siad ábalta eolas ní ba theoranta a chur ar fáil gan mórán stró.
ní raibh mórán dóchais ann there wasn't much optimism
" ” Ach ar ais i 1988 ní raibh mórán dóchais ann.
nach raibh mórán caoi air which wasn't up to much
" Sa mheánscoil, bhí mé ag plé le hirisleabhar nach raibh mórán caoi air agus ansin, nuair a bhí mé i gColáiste Phádraig (an coláiste oiliúna do mhúinteoirí bunscoile), d’iarr Breandán Ó Conaire (léachtóir i Roinn na Gaeilge) orm dul i mbun eagarthóireachta ar irisleabhar Gaeilge an choláiste agus b’in an uair a chuir mé tús ceart le mo chuid scríbhneoireachta.
nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca that not many disciples in the rest of the world worship the great god of hockey
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
nár iompaigh siad mórán that they didn't turn much
" Bhí mé i lóistín le ceathrar acu – bhí teach ar cíos acu i Highgate – agus tar éis píosa bhí sé an-suntasach nár iompaigh siad mórán ar an mBéarla, rud atá coitianta anois nuair a bhíonn duine nach bhfuil aige ach Béarla ina measc.
níor thóg sé mórán achair it didn't take long
" D’oscail cuid acu bialanna agus níor thóg sé mórán achair go bhfaca an pobal go raibh bia den scoth le fáil ar phraghas réasúnta, cé nárbh é an bia a raibh taithí acu air é go minic.
gan mórán achair before long
" Sa bhaile gan mórán achair.
nach raibh mórán úsáide bainte as that it hadn't been used much
" Bhí an chuma ar an ríomhaire, leis, nach raibh mórán úsáide bainte as.
mórán fuinnimh much energy
" Níl mórán fuinnimh fágtha agam.
itear mórán ceapairí many sandwiches are eaten
" Déantar gnó, itear mórán ceapairí agus óltar loch mór fíona agus *champagne*, agus déanann na déantóirí eitleán a ndícheall a n-eitleáin a thaispeáint agus mórtas a dhéanamh.
mórán dochair much harm
" Mar a tharla, ní dhearnadh mórán dochair don bhaile ach ba ar éigean é.
mórán airde much attention
" Ní thugtar mórán airde orainn de ghnáth.
mórán deiseanna many opportunities
" Is léir gur breá leo Corn Ryder mar ní bhíonn mórán deiseanna sa ghalf imirt ar fhoireann agus an spiorad agus an sásamh a bhaineann le bheith páirteach ar fhoireann a bhlaiseadh.
mórán láithreán many sites
" Cad é faoin tseandálaíocht? I gcomparáid le hÉirinn, ní raibh mórán láithreán le feiceáil sna hAlpa.
mórán poiblíochta much publicity
" Fuair Toyota mórán poiblíochta cheana féin lena ngluaisteán hibrideach, an Prius, agus tá sé tuillte acu, ach níl ann ach slí chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as an pheitreal atá in umar an ghluaisteáin.
mórán gearrthuras laethúil many short daily trips
" Is cinnte nach bhfuil na figiúirí seo ach go measartha (agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta), ach is leor iad le mórán gearrthuras laethúil a dhéanamh.
mórán an dearcadh céanna much the same viewpoint
"mórán an dearcadh céanna agam is atá ag macasamhail Hume i nDoire: nuair a chuireann tú tús leis an fhoréigean, tá sé iontach deacair smacht a choinneáil air.
mórán taistil a dhéanamh. to do much travelling.
" ***AÓF: An bhfuil i gceist agaibh a bheith ag taisteal thart agus ag seinm in áiteachaí eile amach anseo?*** CNicG: Táimid go léir ar an ollscoil faoi láthair agus, mar sin, níl aon am againn mórán taistil a dhéanamh.
mórán bileog eolais many information leaflets
" Bhí sí tógtha arís faoin ócáid agus bhí mórán bileog eolais aici.
mórán teagmhála much contact
" Ní bhíodh mórán teagmhála agam le buachaillí agus méar scoil agus rinne mé mo dhícheall maidir le hobair scoile".
mórán suntais much notice
" Cúis amháin atá leis sin ná an easpa scileanna atá i gcuid de na réimsí oibre anseo, rud nár thug Rialtas na hAstráile mórán suntais dó go dtí trí bliana ó shin.
go ndéanfar mórán cloigeann a chroitheadh that many heads will be shaken
" Agus tarlóidh san am sin go ndéanfar mórán cloigeann a chroitheadh agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas mar gheall ar cheist seo dhíothú agus bhás na Gaeltachta.
agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas and many cheeks will be rubbed and many asses scratched
" Agus tarlóidh san am sin go ndéanfar mórán cloigeann a chroitheadh agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas mar gheall ar cheist seo dhíothú agus bhás na Gaeltachta.
bearrfar mórán gruaige much hair will be cut
" Agus san am sin bearrfar mórán gruaige agus caithfear mórán airgid ar mhórán smididh agus ar mhórán grianghraf agus ar mhórán éadaí nua.
ar mhórán smididh on much make-up
" Agus san am sin bearrfar mórán gruaige agus caithfear mórán airgid ar mhórán smididh agus ar mhórán grianghraf agus ar mhórán éadaí nua.
mórán ócáidí agus imeachtaí eile many other occasions and events
" Is léir go bhfuil baint mhór ag an alcól leis an gceiliúradh ó thaobh spóirt de chomh maith le mórán ócáidí agus imeachtaí eile i saol mhuintir na hÉireann – bainiseacha, baistí, torthaí scrúdaithe agus mar sin de.
gan mórán moille without much delay
" Má tá ceisteanna simplí ag daoine, is féidir iad a fhreagairt gan mórán moille mar tá teacht ar na catalóga ag an fháiltiú.
nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor that I didn't meet many Australians
" Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht.
mórán maitheasa much good
" Rinne mé turas féintiomáinte ar Oileán Fraser, agus cé gur bhain mé ardtaitneamh as bheith ag tiomáint cois farraige i Land Cruiser, agus bheith ag campáil ar an trá, rith sé liom go gcaithfidh nach bhfuil an leibhéal ard turasóireachta ag déanamh mórán maitheasa don áit.
níl mórán amhrais there is little doubt
" Bhí go leor leor bruscair le feiceáil, agus cé go bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm maidir leis na diongónna agus na hainmhithe eile, níl mórán amhrais ach go gcuireann sé isteach orthu daoine bheith i láthair.
níor mhórán é. it wasn't much
" Más ea, is beag suim a bhí ag pobal Mheiriceá ann ach mar chluiche pobail, agus má fuair imreoirí airgead as a n-imirt, níor mhórán é.
nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid that he doesn't pay much heed to such a thing
" Dúirt an Chéad Aire, Morris Iemma, nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid agus dúirt ceannaire an fhreasúra, Peter Debnam, gurb é an vóta ar an 24ú den mhí seo an t-aon cheann a bhfuil aon suntas ag baint leis.
mórán ullmhúcháin much preparation
" Cé is moite den Aire Éamon Ó Cuív agus na Teachtaí Dála Joe Higgins agus Aengus Ó Snodaigh, ba léir nach raibh mórán ullmhúcháin déanta ag na hionadaithe a cuireadh os comhair an tslua.
níor shaothraigh sí mórán airgid. she didn't earn much money.
" Fuair Jeannie roinnt mhaith iarratas le hamhráin a chanadh i gclubanna ceoil tíre agus i gceolchoirmeacha agus rinne sí roinnt ceirníní, ach níor shaothraigh sí mórán airgid.
mórán comhaontas agus gnóthaíochtaí many agreements and treaties
"mórán comhaontas agus gnóthaíochtaí a chuireann bac ar aerbhealaí nua agus ar iomaíocht idir aerlínte.
mórán conarthaí many treaties
"mórán conarthaí den saghas seo 20 nó 30 bliain d’aois nó fiú níos sine fós, ó ré ina raibh na rialtais ag iarraidh a n-aerlínte náisiúnta féin a chosaint ón iomaíocht eachtrannach.
mórán botún, many mistakes,
" AÓF: An ndéanann tú mórán botún, nó an ndéanann tú praiseach de riamh? NB: Ní dhearna mé praiseach cheart de le fada anois.
mórán míneadais much refinement
" Cáineadh go géar sna meáin chumarsáide é agus rinne *The Sun* gearán, mar shampla, nach raibh mórán míneadais ag baint leis an phortráid agus fiú go raibh Freud i ndiaidh *5 o’clock shadow *a thabhairt di! Mar sin féin, tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag Freud lena shaothar chomh maith le duaiseanna luachmhara (is Companion of Honour é agus bronnadh an Order of Merit air fosta) ach in ainneoin sin ní rómhinic a bhíonn an deis ag an phobal taispeántas chomh leathan agus chomh saibhir leis an cheann seo a fheiceáil.
mórán tábhachta much importance
" Níor shíl sé go raibh mórán tábhachta ag baint le cúrsaí spóirt.
mórán cumhachta polaitiúla a lot of political power
" Sna Stáit Aontaithe go háirithe, tá mórán cumhachta polaitiúla ag na feirmeoirí atá ag fás an arbhair Indiaigh: tá roinnt mhaith den ioncam agus fostaíocht i stáit mar Iowa ag brath ar an bharr seo, agus más féidir an cás a dhéanamh gur “foinse fuinnimh ghlais” é nó go spreagfaidh sé "slándáil fuinnimh”, glacfar leis sin.
mórán tacaíochta much support
" Tá droch-chlú ar an Arm, agus ar an Roinn Cosanta, toisc nach dtugann siad mórán tacaíochta do na taismigh nó dá muintir.
mórán suntais, a lot of significance,
" Níor cuireadh mórán suntais, mar shampla, in achomharc an dúnmharfóra Bernard Dempsey, a bhí ar siúl i mí Iúil fosta.
mórán forbartha a lot of development
" B’fhéidir nach mbeidh seans ag an tionscal nua seo mórán forbartha a dhéanamh sula múchfar é.
ar mhórán tionscadal on many projects
" Ar an ollscoil i gCorcaigh bhí Riobard cairdiúil le Seán Ó Riada agus bhí siad le comhoibriú ar mhórán tionscadal ina dhiaidh sin i réimsí an cheoil, na scannán agus na drámaíochta.
mórán measa a lot of respect
" ** ** Ní raibh mórán measa ag na coilínigh ar a leithéid de nósanna, agus lean siad orthu ag saothrú ar an talamh bliain i ndiaidh bliana in ainneoin thoil na Maorach.
mórán tuisceana much understanding
" Toisc nach raibh mórán tuisceana agam ar rugbaí, cheapas go raibh an treoir seo craiceáilte, ach rinne mé an méid a dúradh liom a dhéanamh agus bhí na *lads* eile do mo mholadh.
mórán suime much interest
" Bhaininn taitneamh as mo chuid rugbaí, cé nach mbíodh mórán suime agam ann, dáiríre.
mórán línte a lot of lines
" Chuir siad an script chugam agus bhí mé breá sásta mar nach raibh mórán línte as Gaeilge agam agus shíl mé cinnte go dtiocfadh liom é a dhéanamh.
mórán céille a lot of sense
" “Ní mar cháineadh a deirim seo, ach ní dhéanann sé mórán céille dul in iomaíocht le leithéidí Channel 4 ó thaobh gnéchláracha nó cláracha stíl mhaireachtála de.
ní bheidh mórán daoine ag cur spéise iontu there won't be a lot of people showing interest in them
" Beifear ábalta teach mór ar acra a cheannach i mBaile Átha Cliath 4 ar ocht míle Euro (troscán san áireamh) ach ní bheidh mórán daoine ag cur spéise iontu cionn is go mbeidh siad ar fad ceannaithe roimh cheant ag muintir Rath Cairn.
nach bhfuil mórán aithne orthu, who are not widely known
" Is éard atá ann ná deireadh le hollsmacht docht líon beag comhlachtaí ar an ngnó; anois, is féidir le bannaí agus ceoltóirí, nach bhfuil mórán aithne orthu, a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh de réir mar is mian leo, ag aon am is mian leo.
mórán míonna a lot of months
" Caoimhe Ní Line-Dancer atá ar an duine úr sa suíochán te, agus tá sé i gceist ag Balor an suíochán sin a dhéanamh rud beag níos teo sula mbeidh mórán míonna den bhliain úr caite.
ní bhíonn mórán deiseanna acu they don't have a lot of opportunities
" Ar an drochuair, ní bhíonn mórán deiseanna acu a leithéid a fheiceáil mar gur tír leithlisithe í an Astráil.
níl mórán dóchais i ndán dóibh. there's not much hope for them
" Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo – i ndiaidh dóibh a bheith i mbun rialtais le fada – níl mórán dóchais i ndán dóibh.
nár chualathas mórán faoi go dtí seo. about whom not much has been heard up until now
" D'fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
mórán béime much emphasis
" Nuair a chas mé le Liam Mac Con Iomaire ina theach cónaithe i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath roimh an Nollaig mhínigh sé dom cén fáth nár chuir sé mórán béime ar an ghné sin de shaol Uí Éanaigh.
mórán airde a tharraingt ar to draw much attention to
" ” Cé nach raibh fonn rómhór ar Liam mórán airde a tharraingt ar phósadh ná ar chlann Uí Éanaí, ní raibh drogall air nithe diúltacha a chur i gcló a dúirt daoine éagsúla mar gheall ar an fhonnadóir.