Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
móramh Caitliceach Catholic majority
" Fiú tráchtairí aontachtacha, glacann siad leis go mbeidh móramh Caitliceach ó thuaidh, faoi 2030 ar a mhoille, ach níl ceist na hÉireann fuascailte fós, ar ndóigh.
móramh majority
" Anseo i Learpholl, áit a bhfuil mé féin i mo chónaí, atá an toghcheantar leis an ráta vótála is ísle - Riverside, áit nár tháinig ach 34% amach agus ar thit móramh Pháirtí an Lucht Oibre 8,000 vóta.
móramh majority
" Ach thar aon rud eile tuigeann sé gur uachtarán gan móramh é agus go mbeidh vótaí sa bhreis uaidh i 2004.
an móramh luath the early majority
" Is éard atá i gceist leis seo ná le haon nuálaíocht - bíodh sé bunaithe ar theicneolaíocht nó ná bíodh - go mbíonn an margadh nó an pobal scaipthe thar cúig ghrúpa éagsúla - na nuálaithe, na húsáideoirí luatha, an móramh luath, an móramh mall agus na fágálaithe.
móramh dílsy
" I nGlaschú, bhí an scéal ní ba mheasa de bharr na biogóideachta seictí a bhí le fáil go hoscailte, mar sin chloígh na hinimircigh go dlúth lena chéile mar chosaint ar an naimhdeas polaitiúil agus eacnamaíoch a bhí ag an móramh Protastúnach leo, dream ar éirigh leo fáil réidh leis an gCaitliceachas go hiomlán beagnach i Reifirméisean na bliana 1560.
móramh majority
" Ach is é an fhírinne, de bharr móramh a bheith i gcónaí ag an Rialtas sa Seanad agus de bharr chóras na haoireachta, tá tionchar an tSeanaid ar reachtaíocht ag dul i laghad seachas i méid.
mhóramh aontachtach unionist majority
" Má thig an tuar fán tairngreacht, buille mór síceolaíoch a bheas ann d'aontachtaithe nach mbeidh ábalta labhairt ar an mhóramh aontachtach níos mó.
móramh majority
" Cad é an ceangal atá idir an móramh Protastúnach ó thuaidh agus Mark Twain? Freagra: Áibhéil a bhí ann a bheith ag rá go raibh siad marbh.
móramh amháin one majority
" Bhí móramh amháin sásúil go leor fad is a bhí an móramh sin ag aontachtaithe.
móramh dúbailte double majority
" San am atá le theacht, tá aontachtaithe anois ag iarraidh "móramh dúbailte", is é sin go gcaithfeadh, ní tromlach simplí den daonra, ach móramh Caitliceach agus Protastúnach araon a bheith ann.
a móramh ag méadú their majority increasing
" Anois, mar an páirtí is mó aontachtach ó thuaidh - agus a móramh ag méadú i rith an ama, is cosúil - caithfidh siad a muintir féin agus gach tuaisceartach eile a threorú i dtreo na sibhialtachta.
móramh majority
" Ag éisteacht le polaiteoirí, leis na meáin agus fiú le hUachtarán reatha an CLG, Seán Ó Ceallaigh, cheapfá go raibh móramh de bhaill an CLG ag tacú leis an bhfeachtas seo.
Móramh fíorbheag a very small minority
riail an mhóraimh in éide úr majority rule in new clothes
" " Tá muid uilig i bhfách le "tacaíocht trasphobail" ach ciallaíonn sé go dtig leis na haontachtaithe bac a chur ar chinneadh ar bith nach maith leo - riail an mhóraimh in éide úr, dar le Sinn Féin agus an SDLP.
méadaíodh móramh an rialtais the government's majority was increased
" Níor chuir a bhua iontas ar mhórán ach is é an rud a chuir ná gur méadaíodh móramh an rialtais i dTeach na nIonadaithe agus go bhfuil seans maith go mbeidh smacht ag an rialtas ar an Seanad ó mhí Iúil seo chugainn, rud nach raibh ag aon rialtas ó 1980.
móraimh náisiúnacha nationalist majorities
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
móramh náisiúnach nationalist majority
" Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh móramh náisiúnach ó thuaidh taobh istigh den mheántéarma.
móramh majority
" Nuair a bhí na vótaí go léir caite ag an gComhdháil, bhí an móramh a bhí ag teastáil, is é sin breis agus dhá thrian de vótaí na dteachtaí a bhí i láthair, ar son Riail 42 a chur ar ceal agus cead a thabhairt d’Ardchomhairle na heagraíochta cinneadh a dhéanamh maidir le Páirc an Chrócaigh a ligean ar cíos d’eagraíochtaí eile.
móramh majority
" Nuair a bhím sa tuaisceart aithním go bhfuil Béal Feirste caillte ag na Protastúnaigh, go bhfuil an móramh Protastúnach ag laghdú de réir a chéile agus cruthóidh sin fadhbanna.
móramh majority
" Ach cuireann an díospóireacht chéanna samhnas ar fhormhór an phobail agus ní thagann amach le vóta a chaitheamh ach an 30% de phobal an stáit atá tógtha faoin gceist; tá móramh acu siúd nach bhfuil i bhfabhar aon leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar an teaghlach, agus tá cás na ngrúpaí a bhí ag lorg an reifrinn curtha siar deich mbliana eile.
móramh majority
" Ach ó tharla nach bhfuil móramh aige, beidh ar Harper dul i gcomhairle leis na páirtithe eile sula dtógfaidh sé aon chinneadh conspóideach, baineadh sé sin le cúrsaí sóisialta, cúrsaí geilleagracha nó an comhshaol.
móramh Dála Dáil majority
" In Éirinn, roghnaítear an rialtas as baill an pháirtí (nó na bpáirtithe) a fuair móramh Dála i dtoghchán, agus sa chás sin is ionann comh-aireacht agus rialtas.
móramh coimeádach a conservative majority
" Dá n-éireodh leis an Uasal Bush móramh coimeádach a bheith aige sa gcúirt (a suíonn naonúr breithiúna inti), bheadh an córas uilig, trí bhrainse rialtais na tíre, faoi smacht na bPoblachtánach.
móramh beag bídeach a tiny majority
" D’éirigh leis an bhfreasúra faoi cheannas Romano Prodi móramh beag bídeach, tuairim is 25,000 vóta a fháil sa teach íochtarach ach de bharr athruithe le móramh a chinntiú don bhuaiteoir, is leor sin le 63 suíochán breise a bheith acu.
móramh majority
" Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.
móramh Poblachtánach Republican majority
" Agus le móramh Poblachtánach sa Chomhdháil, tá seans maith go rithfear é má thagann sé os comhair na Comhdhála roimh an toghchán atá le teacht.
faoi bhun móraimh iomláin away from a total majority
" Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach D’éirigh le Fianna Fáil 81 suíochán a ghnóthú sa toghchán deireanach – trí shuíochán faoi bhun móraimh iomláin.
gann ó mhóramh iomlán short of a total majority
" Is dócha ná a mhalairt go mbeadh siad 15 suíochán gann ó mhóramh iomlán.
móramh Dála a ghnóthú to earn a Dáil majority
" Agus níl amhras ar bith ann ach go mbeadh ar a gcumas móramh Dála a ghnóthú.
go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán that they would return with a total majority
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr printíseacht a chur isteach agus bail a chur ar bhuneagar an pháirtí ar an tuiscint go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i mbun freasúra.
móramh majority
" Is gnách le vótóirí claonadh i dtreo an tsealbhóra agus mar sin beidh sé i bhfad níos deacra do na Daonlathaigh an móramh a fháil.
Ach ní hamhlaidh atá ag an móramh. But that's not the case with the majority.
" Ach ní hamhlaidh atá ag an móramh.
ach cloí le rialacha an mhóraimh. but to stick to the rules of the majority.
" ” Tchí Dia an fhís atá ag an Uasal Empey de shochaí an tuaiscirt nuair nach bhfuil rogha agat ach cloí le rialacha an mhóraimh.
móramh majority
"móramh Howard ag sleamhnú sa suíochán sin agus dá n-éireodh le McKew an vóta a bhí acu go deireanach a ardú 4.
móramh mór os cionn an chuóta a big majority above the quota
" Más ar an teilifís a chloistear sin, seans gur ar an tríú gloine, nó, déanta na fírinne, ar a gcaid iomlán atáid! Sa chás áirithe seo – comhaireamh na vótaí i ndáilcheantar Dhún Laoghaire – faoi leathuair tar éis a naoi feictear dom go dtoghfar Mary Halpin le móramh mór os cionn an chuóta ar an gcéad chomhaireamh.
móramh majority
" Dá bharr sin, beidh ar an bhfreasúra sé shuíochán déag sa bhreis a bhuachan le móramh a bhaint amach - agus níor tharla a leithéid riamh in olltoghchán san Astráil.
móramh majority
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
móramh tostach balbh majority left wordless
" An cneasú thar ghoimh Ainneoin go mbíonn gach duine ag caint ar an fheabhas atá tagtha ar an tuaisceart agus ar Bhéal Feirste ach go háirithe - "nach iontach na bialanna galánta atá agaibh ansin" - ba é an rud a léirigh an ruaille buaille san Europa nuair a thug íobartaigh agus ionadaithe na n-íobartach ón dá thaobh, náisiúnaíoch agus aontachtach, aghaidh ar a chéile a fhad is a bhí an móramh tostach balbh, thug sé le fios go bhfuil gangaid faoin dromchla, go bhfuil an seicteachas beo beathaíoch ar thaobh amháin.
móramh mór great majority
" Thosaigh an Ghéarleanúint ansin sna 1690í, reachtanna i ndiaidh reachta a cheil oideachas agus céim aníos, dá laghad, ar Chaitlicigh, móramh mór na tíre, agus níl mé a rá gur bhisigh sin a raibh i ndán don teanga ná do lucht a labhartha.
móramh majority
" Idir Dhá Cheann na Meá Rinne an rialtas reatha iarracht bille STA a thabhairt isteach i mí Lúnasa i mbliana, ach níl móramh acu sa teach uachtair, an Seanad.
móramh majority
" Bhí móramh vóta amháin acu sa seanad go dtí lár mhí Eanáir nuair a chaill siad suíochán i Massachusetts don uasal Brown, a luaigh mé cheana.
móramh majority
" Dúirt móramh suntasach de dhaoine óga go raibh siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhábhar.
móramh majority
" Bhí na Coimeádaigh ag súil le bua glan iomlán ach nuair nach bhfuair páirtí ar bith móramh glan, b’éigean don Chamshrónach straitéis nua a chumadh go tapaí.
móramh a majority
" Sa Bhrasaíl, teastaíonn móramh de 50% ó iarrthóir chun toghchán uachtaránachta a bhuachaint scun scan, sa chéad bhabhta vótála.
móramh glan clear majority
" Níl aon amhras dá mbeadh móramh glan acu, go ndéanfadh Fine Gael beart de réir a mbriathair.
móramh majority
" Tá dhá theach parlaiminte abhus agus bíonn an páirtí a bhfuil móramh aige sa teach íochtarach, ar a dtugtar Teach na nIonadaithe, i gcumhacht.
móramh ar éigean bare majority
" Míshásamh ===== Tá móramh ar éigean ag an bPríomh-Aire, Julia Gillard, 76 vóta in éadan 74 ag an bhfreasúra, mar gheall ar na cinntí thuas.
móramh majority
" Ag cruinniú ar Mhárta 12ú 1892, mhol George Mahon, orgánaí ó Séipéal St Domingo, slán a fhágáil le John Houlding agus Anfield, agus d’aontaigh an móramh leis.
móramh a majority
" Nuair a theip ar aon pháirtí polaitíochta móramh a bhaint amach san olltoghchán san Astráil ar na mallaibh, shínigh Páirtí an Lucht Oibre comhaontú leis an bPáirtí Glas lena thacú a fháil.
móramh majority
móramh majority
" 
“Bhuel, thiocfadh leat cloí le do thuairimíocht féin amháin agus thiocfadh leat fanacht go dtí go dtabharfadh lucht vótála an móramh duit ach bheadh praghas le híoc as sin.
móramh mhuintir na hÉireann the majority of the Irish people
" Is léir go bhfuil móramh mhuintir na hÉireann sásta an líne mheafarach sin sa ghaineamh ar a raibh gach tráchtaire teilifíse ag caint le linn chuairt Bhanríon Shasana, a tharraingt.
Aithint an Mhóraimh recognising the majority
" Aithint an Mhóraimh ========== Cé gur féidir leis na hIosraelaigh scigmhagadh a dhéanamh faoi líomhaintí mar sin mar “theoiric chomhcheilge fhrith-Ghiúdach” – beag beann ar na fíricí – rinne Qaddafi rud éigin níos luaithe sa bhliain sin a chuir isteach go mór orthu.
móramh majority
" "Muidne an 99%" an mana a bhí acu, ag tagairt don móramh sin de phobal Mheiriceá idir iad siúd gan dídean agus an dream atá bun os cionn sa morgáiste.
ball de mhóramh a member of the majority
" - (iii) Tríú céim na foghlama is ea gáire a dhéanamh nuair a deir lucht bainc, airí airgeadais, baill rialtais, agus bíodh sé le rá, ball de mhóramh an chine daonna go bhfuil an ‘cúlú thart is go bhfuil ‘na margaí socair arís’.
móramh majority
" * Sin mar a chonaic Aontachtaithe an Riail Dúchais, ach cad é mar a chonaic Náisiúnaithe é? Chuir páipéar náisiúnaíoch amháin, The Frontier Sentinel, síos ar theachtaireacht an Chúnaint mar a chonaic an nuachtán é - diúltaíonn sé go bhfuil sé de cheart agus de chumas ag Éireannaigh iad féin a rialú; gurb iad Caitlicigh na hÉireann “the spawn of the devil” nach bhfuil d'aidhm acu ach Protastúnaigh a scor; gurb é an móramh Protastúnach/Aontachtach i gceithre contae de chuid Chúige Uladh amháin a chleachtann an fhíor-Chríostaíocht agus iarrann an Cúnant ar Dhia a bheith ina fhinné ar bhréaga, dar leis an Sentinel.
móramh a majority
" Ceapann móramh sa teach íochtar, Teach na nIonadaithe, an príomh-aire tar éis olltoghcháin, ach mothaíonn na vótálaithe go gceapann siadsan an príomh-aire de bharr go mbíonn a fhios acu roimh olltoghchán cé a bheas ina phríomh-aire nuair a vótálann siad.
Móramh Sceach i mBéal Bearnan a stop-gap majority
" Móramh Sceach i mBéal Bearnan Cuireadh go mór leis an líomhain go raibh rud éigin mídhlisteanach i dtaca le réim Gillard nuair a theip uirthi tromlach a bhaint amach san olltoghchán a reáchtáladh dhá mhí tar éis a ceaptha.
móramh majority
" Tá an chaint seo faoi aitheantas Gaeltachta a thabhairt do ceantair chathrach, ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag mionlach beag den phobal iontu ag déanamh beag is fiú de na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt go nádúrach ag móramh nó ag mionlach mór den phobal iontu, in ainneoin na ndeacrachtaí ar thagair mé dhóibh roimhe seo.
chinneadh an mhóraimh the majority decision
" Fés na rialacha a fógraíodh i 1937, níl cead ag aon bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach aon ghearán poiblí a dhéanamh ó thaobh chinneadh an mhóraimh sa chúirt sin i gcás bunreachtúil nuair a dhéantar gearán go dtagann reacht éigin salach ar Bhunreacht na hÉireann.
dea-theist an mhóraimh the majority’s good name
" Is é an trua má shalaíonn an mionlach dea-theist an mhóraimh, óir is iad na hÉireannaigh Úra ceann de na imeachtaí is fearr a tharla inár leith le tamall.
aois an mhóraimh laghdaithe the age of the majority has lowered
" Cuimhnímis go bhfuil aois an mhóraimh laghdaithe ó am dréachta an Bhunreachta ó 21 go 18 bliain d'aois.
móramh buan a permanent majority
" Tugann sé le fios fosta nach féidir a bheith ag caint ar dhaonlathas i stát a cruthaíodh le go mbeadh móramh buan ag rannóg amháin den daonra.
Móramh Palaistíneach na linne seo the majority of Palestinians at present
" Móramh Palaistíneach na linne seo, maítear, de chogar leochaileach, ina leith gur iar-Iúdaithe agus iar-Chríostaithe iad agus gur iarsma dá mbealach ón Iúdachas is ea Clann Nasrani - Críostaithe na Palaistíne.
móramh a majority
" Níl seans na ngrást go vótálfaidh móramh i dTuaisceart Éireann ar son athaontú na tíre.
sách deacair móramh a fháil hard enough to get a majority
" Bheadh sé sách deacair móramh a fháil i measc na ndaoine ó chúlra náisiúnach ó thuaidh, de réir mo léamh ar an scéal.
fiú amháin dá mbeadh móramh ar a shon even if a majority were for it
" Cinnte, ní thiocfaidh athmhuintearas as athaontú na tíre, fiú amháin dá mbeadh móramh ar a shon i dTuaisceart Éireann.
Thit an croí as móramh ár sinsir most of forebears lost their courage
" Thit an croí as móramh ár sinsir d’aon léim amháin in aon ghlúin amháin.
tá móramh ollmhór acu they have a massive majority
" Ní thig a rá gur réitiú athrú rialtais an socrú atá de dhíth orainn mar is léir go bhfuil na ceannairí polaitiúla ag obair go dian dícheallach agus, ar aon chuma, tá móramh ollmhór acu san Oireachtas.
móramh coimeádach sna naonúr a conservative majority in the nine
" Cé go gceaptar go bhfuil móramh coimeádach sna naonúr, bhíothas den tuairim go raibh cúigear acu báúil don áiteamh.
an móramh the majority
" Má táimid ag cur dlí tíre i bhfeidhm, tá sé tábhachtach nach ritear, a gcaithfear thríd an Dáil, an-sciobtha agus gan mórán cíoradh a dhéanamh faoi, rud atá ag tarlú i láthair na huaire de bharr go bhfuil an móramh chomh mór ag an rialtas.
faoina gcaithfidh móramh aontachtach by which a unionist majority
" Thug Sammy Wilson ón DUP cleachtas ar a thugtar Petition of Concern faoina gcaithfidh móramh aontachtach agus móramh náisiúnaíoch vótáil ar son bhille ar bith le go n-éireodh leis.
mheas móramh na nGael most of the Irish figured
" Victor Bayda as Ollscoil Moscó ag trácht ar eachtra den chineál seo níos luaithe i mbliana, cheapfainn gur mheas móramh na nGael a chonaic é nach n-oibreodh an leigheas a bhí á mholadh aigesean.
teanga an mhóraimh the majority language
" Chiallódh a leithéid de shuíomh nach mbeadh aon leithscéal ag lucht staire na hÉireann neamart a dhéanamh feasta sna foinsí tábhachtacha nach mbaineann le teanga an mhóraimh.
móramh an-mhór a massive majority
" Beidh móramh an-mhór ag an rialtas nua, ar a dtugtar an Chomhghuaillíocht, atá comhdhéanta den Pháirtí Liobrálach agus den Pháirtí Náisiúnta.
glacadh leis an mholadh a glacadh le móramh accept the motion which accepted a majority
" Ar ndóigh, caithfidh an rialtas trasna na teorann (cén teorainn?) glacadh leis an mholadh a glacadh le móramh 73% a bhí i bhfách agus 20% ina éadan (Ní raibh an 8% cinnte nó níor léirigh siad aon bharúil).
a eascraíonn as aineolas an mhóraimh which springs from the majority's ignorance
" Ní hé nach bhfaca cuid eile againn an nimh san fheoil sin ina gcoinne a eascraíonn as aineolas an mhóraimh go bunúsach.
mhóramh majority
" Protastúnaigh na hAirgintíne ========== Cé gur tír Chaitliceach í an Airgintín, seasann Guillermo air gur cuireadh oiread fáilte roimh Phrotastúnaigh is a cuireadh roimh an mhóramh Chaitliceach a tháinig chun na tíre ach de réir a chéile, phós na Protastúnaigh Caitlicigh agus tógadh na páistí mar Chaitlicigh agus thit líon na bProtastúnach dá réir.
móramh a majority
" San Olltoghchán sin, dá líonfaí na suíocháin sa gcóimheas céanna le líon na gComhairleoirí Contae a toghadh do na páirtithe éagsúla bheadh comhdhéanamh na Dála mar seo a leanas: <table style="width: auto"> <thead> <tr> <td>Páirtí</td> <td align="center">FF</td> <td align="center">FG</td> <td align="center">LO</td> <td align="center">SF</td> <td align="center">Eile</td> <td align="center">Iomlán</td> </tr> </thead> <tbody> <tr> <td>Teachtaí</td> <td align="center">44</td> <td align="center">40</td> <td align="center">9</td> <td align="center">26</td> <td align="center">39</td> <td align="center">158</td> </tr> </tbody> </table> 79 suíochán a bheas ag teastáil le móramh a bheith ag iarrthóir d’oifig an Taoisigh, sa chéad Dáil eile, sin ag glacadh leis nach mbeidh an Ceann Comhairle ag tíocht ó pháirtithe an rialtais.
móramh a majority
" 3% dá leas sóisialach, cuir i gcás, ach nach gcaillfidh lánúin a bhfuil saothrú $180,000 an duine in aghaidh na bliana pingin rua! Bíodh is go bhfuil móramh ag rialtas Abbott i dTeach na nIonadaithe, níl tromlach acu sa teach uachtar agus beidh tacaíocht ó sheisear seanadóirí eile ag teastáil le billí na cáinaisnéise a rith.
le comhoibriú leo i smachtú an mhóraimh to assist them in ruling the majority
" Is iondúil gur thug tír Eorpach faoi cheantar éicint eile, sa chéad seo chuaigh thart agus gur bhain siad feidhm as mionlach a bhí sa tír cheana féin le comhoibriú leo i smachtú an mhóraimh.
móramh majority
" Ní thuigeann an móramh an diabhlaíocht atá á himirt orthu, deir sé.
móramh an domhain the majority of people in the world
" Rianaíonn Ciarán Mac Aonghusa an drochobair a d’fhág cuid Pháidín den mheacan ag móramh an domhain, an dream bocht a bhronn na billiúin ar thoicí nár shaothraigh é.