Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhórchroíoch large-hearted, generous
" " Is bean mhodhúil, mhórchroíoch í Gearóidín Bhreathnach atá sásta a cuid ama agus a cuid eolais a roinnt go fial le gach duine agus a bhfuil obair luachmhar ar bun aici leis na blianta anois.
mórchroíoch large-hearted, generous
" Duine é, mar sin, atá go mór sa nuacht agus cad ina thaobh nach mbeadh - tá saol suimiúil á chaitheamh aige, mórobair déanta agus á déanamh fós aige i léann na Gaeilge, agus é deisbhéalach, tapaidh, cneasta agus mórchroíoch ina theannta.
mhórchroíoch big-hearted, generous
" Cuireann tú aithne ar bhunadh na háite agus tugann tú faoi deara nach n-amharcann siad ort mar thurasóir - cuireann siad fáilte mhórchroíoch romhat.
mórchroíoch big-hearted
" Ba dhuinemórchroíoch é a raibh bá dhoimhin dháiríre aige le daoine nach raibhgo maith as.
mórchroíoch big-hearted
" Ba dhuine suáilceach mórchroíoch é a raibh an-ghreann ann – gan trácht ar dhiabhlaíocht! Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine agus ní iarrfadh sé aon phléisiúr ach a bheith ina shuí i measc cairde sa teach tábhairne, deoch os a chomhair amach.
mórchroíoch had a big heart
" Bhí Mandela móraigeantach, bhí sé cróga, agus bhí sé mórchroíoch.
go mórchroíoch with a generous heart
" Ach tá an Afraic Theas de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.