Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mórshiúlta marches
" Is cosúil gur teaghlach a bhí ann a d'éalaigh ó na mórshiúlta Oráisteacha, agus a fuair rud beag síochána agus áilleachta anseo.
mórshiúlta ollmhóra large processions
" Ar laethanta na naomh, bíonn mórshiúlta ollmhóra ann darb ainm *pardons*.
mórshiúlta marches
" Ach sa lá atá inniu ann, ní ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar na Fianna a chuimhníonn muid Lá Bealtaine, ná ar na mórshiúlta Caitliceacha, ná go fiú ar na mórshiúlta Cumannacha, ach ar na hainrialaithe.
mórshiúlta Oráisteacha Orange marches
" D'oibir sí sa cheantar ar a tugadh Triantán na nDúnmharuithe, bhí sí chun tosaigh san imreas a bhain leis na mórshiúlta Oráisteacha ar Bhóthar Ghairbh Achaidh agus bhí sí ina hAire Talmhaíochta sa rialtas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil.
mórshiúlta marches
" Tá siadsan ag súil go mbeidh na scórtha míle duine sásta an bhratach bhréige a ardú sna mórshiúlta ar an 4 Iúil, go mbeidh agóidí ar bun ag daoine taobh amuigh den Teach Bán agus go bhfeicfear an bhratach ar foluain i mbailte beaga ar fud na Stát.
mórshiúlta marches
" Eagraítear mórshiúlta i Magdeburg agus Leipzig gach Luan.
mórshiúlta Oráisteacha Orange marches
" Chothódh sé spiorad breá i measc aicmí áirithe mórshiúlta Oráisteacha a ligint fríd ceantracha nach bhfuil fáilte rompu ach ní dhéanfadh sin maith ar bith don phobal Protastúnach.
sna mórshiúlta cearta sibhialta. in the civil rights marches.
" ” Dála go leor de mhuintir Dhoire ag an am, ghlac Risteard páirt sna mórshiúlta cearta sibhialta.
mórshiúlta marches
" Ach níor shaill gan fiacha é - cead ag mórshiúlta Oráisteacha siúl fríd cheantracha náisiúnaíocha.
mórshiúlta parades
" Bíonn mórshiúlta ar fud na tíre ní ba dhéanaí sa lá chuig na leachtanna cuimhneacháin céanna, agus reáchtáiltear seirbhísí acu ansiúd agus sna heaglaisí.
mórshiúlta conspóideacha controversial marches
" D'amharc an Sliabh Dubh anuas ar na dúnmharaithe, na buamaí, na racáin, na mórshiúlta conspóideacha - agus ar an spraoi, an charthanacht agus ar an mhisneach.
Reáchtáiltear mórshiúlta large parades are organised
" Reáchtáiltear mórshiúlta i ngach cathair fud fad na tíre tar éis na gcluichí le comhghairdeas a dhéanamh leis na rannpháirtithe iontu, leo siúd a bhuann boinn go mór mór.
leanann siad na mórshiúlta they follow the marches
" Tugaim faoi deara áfach, nach ndéanann Merseyside Police amhlaidh leis na faisistithe/dílseoirí i Learpholl agus leanann siad na mórshiúlta go dtí an ceann scríbe, ag tabhairt maslaí ciniocha ar na hÉireannaigh, rud atá in aghaidh an dlí.
mórshiúlta parades
" Fuair sí amach go raibh dianchúrsa le bheith ar siúl ag an Droichead ar an Íochtar Ormeau, ceantar ina raibh trioblóid a bhain le mórshiúlta aimsir Dhroim Cria, ach bhí Linda diongbháilte.
na racáin a lean mórshiúlta dílseacha the disturbances which followed the loyalist marches
" Michael Copeland, MLA ======== Má bhíonn an cur chuige céanna acu, ní bheidh sé chomh dian is a bhí sé le linn na racáin a lean mórshiúlta dílseacha le roinnt blianta anuas.
biaiste na mórshiúlta the marching season
" An mbeidh an aicme oibre - an dream is mó a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí - in ann theacht ar straitéis nach bhfuil ar chumas pholaiteoirí meánaicmeacha? Agus anois tuar na haimsire: cith agus dealán go dtí biaiste na mórshiúlta, ansin d'fhéadfadh stoirmeacha, toirneach agus tintreach a bheith forleathan, go háirithe i mBéal Feirste.
ag ionsaí mórshiúlta attacking parades
" Bhí sé ‘cool’ a bheith i d’Éireannach tráth - ach le cúpla bliain anuas tá brú ar na hÉireannaigh aris i Learpholl, le dílseoirí agus lucht faisisteach ag ionsaí mórshiúlta Éireannach.
mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor the vicious circle of marches shall continue forever
" Chuir Squinter, colúnaí leis an Andersonstown News ceist, cad chuige a raibh na haontachtaithe seo ag gearán faoin mhórshiúl phoblachtach nuair a bhí siad ag áitiú go mbrúfaí The Pride of Ardoyne fríd Ard Eoin, buíon cheoil a thugann ómós do thriúr ball den UVF, Billy McClure, Sam Rockett agus fear a luaíodh le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, Billy Hanna? Agus tacaíocht na bunaíochta aontachtaí acu agus spreagadh ó cheannairí pobail nach féidir leo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta, mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor.
le linn na mórshiúlta during marches
" Bunaíodh iad i dtús ama le cosaint a thabhairt do na bannaí ceoil Flannbhuí le linn na mórshiúlta.
na mórshiúlta the parades
" “Tá fíordhul chun cinn déanta againn ar cheist na mórshiúlta agus ar an am atá thart,” arsa Haass, Dé hAoine, “ach ‘we shall see where we come out on flags’ - abairt a bhfuil an oiread sin doiléire inti go bhfuil sí do-aistrithe ach is léir gurb í ceist na brataí an ceann is doréitithe.
le linn na mórshiúlta during the marches
" Tugadh an mhuirthéacht fhlannbhuí air as siocair na bratacha oráiste nó flannbhuí a chroch na daoine le linn na mórshiúlta.
mórshiúlta na Fleidhe the F. parades
" Glacadh leis an chuireadh agus bhí buíonta ceoil Oráisteacha i mórshiúlta na Fleidhe, seirbhísí Gaeilge agus imeachtaí eile sna heaglaisí Protastúnacha agus go leor leor de phobal Protastúnach na cathrach le feiceáil i measc na sluaite ar na sráideanna.