Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dreoilín i mbun a mhúin a wren urinating
" Déanann Balor ceangal ina intinn chasta idir Ó Fartacháin ag roinnt a chuid eolais faoin cheol dúchais agus dreoilín i mbun a mhúin san fharraige mhór.
múinte polite
" " Bhí mé múinte, ach airdeallach.
níl múineadh madaidh orthu they have no manners at all
" "An bhfuil a fhios agat seo, aos óg an lae inniu, níl múineadh madaidh orthu.
múinte well-mannered
" Tá siad iontach múinte agus séimh.
dea-mhúinte well-mannered
" Bhí na scoláirí deas dea-mhúinte, ach de réir cosúlachta ní chuirtear mórán de luach ar an obair dhian a bhíonn le déanamh ag na mná tí.
an chaoi ar múineadh muide the way we were taught
" Tá muid ag múineadh na ndaoine óga an chaoi ar múineadh muide tríocha nó ceathracha bliain ó shin.
gan mhúineadh bad-mannered
" Lena chois sin, an bhean a bhí ag caint liom bhí sí gan mhúineadh agus nuair chuala mé féin na focail "under no circumstances will we accept it", bhí sé ina chogadh.
Bhíos féin ag múineadh Gaeilge I myself was teaching Irish
" Bhíos féin ag múineadh Gaeilge thar lear agus go minic bhíodh sé deacair ag mic léinn teacht ar mhúinteoir; agus go minic nuair a thagadh, d'imíodh an múinteoir sin tar éis tréimhse agus bhíodh sé deacair duine eile a aimsiú.
ag múineadh na feadóige stáin teaching the tin whistle
" Nuair a bhí mé óg bhí cónaí ar Fidelma agus Mick O'Brien ceithre theach uaim agus thosaigh Fidelma ag múineadh na feadóige stáin do na páistí ar an mbóthar agus san eastát tithíochta, agus dúirt mo mháthair liom féin agus le mo bheirt deartháireacha go raibh orainn dul chuici.
ag déanamh do mhúin le gaoth pissing against the wind
" Gan an teagmháil sin, tá tú ag déanamh do mhúin le gaoth! Samhlaigh chomh deacair is atá sé sin a dhéanamh mar bhean! AÓF: Mar sin, tá an leabhar saolaithe.
múineadh manners
" Tchí náisiúnaithe *pan-unionist front *ar obair - an PSNI, polaiteoirí aontachtacha agus na paramílitigh dhílseacha - ag teacht le chéile le múineadh a chur orthu, agus déanfaidh ráfla ar bith gnaithe le tús a chur le himeaglú in aimsir seo an Lambeg agus na fífe.
á múineadh teaching her
" " Bhíodh a hathair á múineadh le linn na samhraí fosta - i gColáiste Chonnacht, coláiste samhraidh sa Spidéal.
Bíodh múineadh ort. Have manners.
" MÁNAS: (*sotto voce*) Bíodh múineadh ort.
Múineann gá seift necessity is the mother of invention
Múineann gá seift necessity is the mother of invention
Múineann gá seift necessity is the mother of invention
múineadh manners
" go leisciúillazily ag fógairt ormcalling to me bodhardeaf go crostacrossly ligthe ar cíosrented out go hiondúilusually ar mhaithe le do shláintesefor the sake of your health neart rudaí spéisiúlaplenty of interesting things seala period of time tá airde ag teacht ionatyou've grown a thagadh muid ar cuairtwhen we used to come to visit an-mhochvery early sciuirda quick dash, flying visit leamhboring mo náire thúshame on you múineadhmanners ón matalfrom the mantelpiece pussulky expression ná bac leisdon't bother with it galpuff go mífhoighdeachimpatiently ar fánwandering á ndóbeing burnt rith sé léiit occured to her sna sceachain the bushes cheapfá go raibh siad trí thineyou would think that they were on fire cuid an dreoilínthe wren's portion an siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó .
múineadh manners
" go leisciúillazily ag fógairt ormcalling to me bodhardeaf go crostacrossly ligthe ar cíosrented out go hiondúilusually ar mhaithe le do shláintesefor the sake of your health neart rudaí spéisiúlaplenty of interesting things seala period of time tá airde ag teacht ionatyou've grown a thagadh muid ar cuairtwhen we used to come to visit an-mhochvery early sciuirda quick dash, flying visit leamhboring mo náire thúshame on you múineadhmanners ón matalfrom the mantelpiece pussulky expression ná bac leisdon't bother with it galpuff go mífhoighdeachimpatiently ar fánwandering á ndóbeing burnt rith sé léiit occured to her sna sceachain the bushes cheapfá go raibh siad trí thineyou would think that they were on fire cuid an dreoilínthe wren's portion an siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó .
mar a mhúintear an Fhraincis as French is taught
" Ba cheart go mbeadh curaclam ann, dar léi, ina leagfaí béim ar mhúineadh na Gaeilge mar a mhúintear an Fhraincis, sin le rá i bhfad níos mó béime bheith ar labhairt na teanga.
mar a mhúintear an Fhraincis as French is taught
" Ba cheart go mbeadh curaclam ann, dar léi, ina leagfaí béim ar mhúineadh na Gaeilge mar a mhúintear an Fhraincis, sin le rá i bhfad níos mó béime bheith ar labhairt na teanga.
ag múineadh adhmadóireachta teaching woodwork
" Bhí sise ag múineadh adhmadóireachta ansin ach bhí sí ag iompar clainne agus bhí ionadaí a raibh Gaeilge aige ag teastáil ar feadh cúpla mí.
ag déanamh a mhúin urinating
" Dhóbair nár bhain sé an teach beag amach in am agus, le linn dó a bheith ag déanamh a mhúin, bhí sé mar a bheadh uisce as coire a bhí á bhrú amach aige.
múinte mannerly
" Cé go raibh an chuid is mó den slua múinte, bhí mionlach míbhéasach ann, ina measc grúpa fear callánach a bhí ag ól an lá ar fad.
an-mhúinte very well-behaved
" Bhíodar an-mhúinte i gcás na Meiriceánach leis, ní mór a lua.
béasach mánla modhúil múinte politely, pleasantly, mannerly
" Agus seasfaidh siad ar fad i líne mór fada díreach amháin nuair a iarrfaidh sé go deas béasach mánla modhúil múinte orthu é sin a dhéanamh.
ag déanamh múin ar pissing on
" B’fhuath leis an ealaíontóir múrmhaisithe Bascach, José Maria Ucelay, an saothar seo agus dúirt sé amach go neamhbhalbh go raibh sé ar “cheann de na píosaí ealaíne is boichte a ndearnadh riamh” agus nach raibh ann ach “pornagrafaíocht ag déanamh múin ar Gernika” agus sa spiorad céanna dhiúltaigh Uachtarán Thír na mBascach do thairiscint Picasso an pictiúr a ghlacadh ar son na mBascach.
tógadh go múinte é, he had a mannerly upbringing,
" Comórtais nuaNí mar sin go díreach a chuirfeadh Balor féin síos ar imeachtaí dheireadh seachtaine mór Gaeilge na Samhna, nó tógadh go múinte é, ní bheadh ach péas cleite sa difear idir sin agus an fhírinne.
ag múineadh. teaching
" Blianta fada ina dhiaidh sin, chuir mé aithne air arís agus a mhac, Pádraig, ag tosú amach mar dhalta i gColáiste Eoin, an scoil ina bhfuil mé féin ag múineadh.
ag múineadh na feadóige stáin teaching the tin whistle
" Ba é an múinteoir Pádraig Ó Méalóid – a bhíodh tráth den saol ag léamh na nuachta ar RTÉ – a chuir tús lenár gceol nuair a thosaigh sé ag múineadh na feadóige stáin dúinn.
ag múineadh go páirtaimseartha teaching on a part-time basis
" Bhíodh Liam ag múineadh go páirtaimseartha i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath nuair a bhí Tomás de Bhaldraithe ina ollamh agus nuair a ceapadh an scoláire mór le rá Breandán Ó Buachalla in áit de Bhaldraithe, thairg sé post do Liam mar stiúrthóir ar an Teanglann.
Cuirfidh sin múineadh orthu. That will teach them
tá sé deas a bheith múinte it is nice to be nice
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
ag cur brú orm a bheith ag múineadh na Gaeilge putting pressure on me to teach Irish
" “Roimhe sin, bhí daoine as New Jersey ag cur brú orm a bheith ag múineadh na Gaeilge mar go raibh a fhios acu go ndearna mé staidéar ar an teanga ar scoil.
ag múineadh na réalteolaíochta teaching astronomy
" Bhí seisean ag múineadh na réalteolaíochta i Sasana.
i ndiaidh an chláir mhúinte after the taught programme
" Is féidir éirí as an gcúrsa i ndiaidh an chláir mhúinte agus Dioplóma do chéimithe i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais a ghnóthú, seachas an MSc.
fonn múin a desire to urinate
" Sin an áit a mbíonn tuismitheoirí faoi bhrú le feiceáil; iad ar a ndícheall ag treorú a gcuid páistí isteach, á socrú ina gcuid suíochán agus ansin, go tobann, á dtabhairt amach arís chun an leithris de bharr gur ól duine amháin acu barraíocht Coke agus, bíodh is nach bhfuil fonn múin ar an chuid eile, níl siad sásta fanacht sa phictiúrlann dhorcha leo féin agus amach leo ar fad, duine ar dhuine, a gcuid cartán *popcorn *agus a gcuid milseán ina nglac acu agus gach aon “Brón orm” as béal a dtuismitheoirí agus fios acu go mbeidh an t-agó céanna i gceist nuair a fhillfidh siad.
Máistreacht mhúinte atá inti it is a taught masters
" Máistreacht mhúinte atá inti agus is éard a ndírítear air sa chúrsa ná staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha.
go múinte macánta good and decently
" Bhí mé i dtacsaí an lá eile agus thosaigh an tiománaí ar stócach a bhí romhainn, go múinte macánta ag rothaíocht – ag comhlíonadh rialacha an bhóthair.
múinte good mannered
" Bhí mé i dtacsaí an lá eile agus thosaigh an tiománaí ar stócach a bhí romhainn, go múinte macánta ag rothaíocht – ag comhlíonadh rialacha an bhóthair.
déanamh a gcuid múin urinating
" Bhí muintir na Rómáine an-mhíshásta go raibh tír s’acusan léirithe mar pháirc súgartha ar théama Dracula agus samhlaíodh tírín bocht iathghlas ‘s againn féin ina portach donn agus píob mhór ag gobadh amach as a taobh thuaidh! Feictear triúr fear ina seasamh ar léarscáíl na Liotuáine ag déanamh a gcuid múin ar an Rúis agus scaifte sagart ag stracadh le bratach ildaite an phobail aeraigh a ardú ar thalamh cráifeach na Polainne - leagan scigaithrise den ghrianghraf chlúiteach de shaighdiúirí laochta Mheiriceá ar Iwo Jima sa Dara Cogadh Domhanda.
múinte good mannered
" Girseach atá inti atá múinte agus galánta ar fad, agus tá mé cinnte go raibh a teanga dingthe go maith ina pluc aici agus í á rá, agus nach raibh sí ag déanamh an rud tipiciúil Meiriceánach sin “tá achan rud níos mó agus níos fearr i dtír s’againne”, ach tchímse go bhfuil sé iontach na rudaí a fheiceann daoine bua iontu.
mhúin taught, pissed
" ” Cén múinteoir a mhúin ar na huibheacha? Bhíodh dúil mhór ag Balor sa chaitheamh uair dá raibh, sular tháinig na dlíthe úra isteach agus an tobhach ar an tobac agus ar gach rud eile a chaitear.
mhúineadh teach
" Sular tháinig mé féin anseo le rang Gaeilge a mhúineadh, bhaineadh sí úsáid as téipeanna agus í ag déanamh iarrachta í féin a mhúineadh.
mhúin taught
" Is aicise atá an Ghaeilge mhaith, agus mhúin sí domsa í.
mhúin sé he taught
" Bhog sé go dtí An Spáinn ar feadh seala chun an giotár clasaiceach a fhoghlaim agus nuair a d'fhill sé ar Learpholl, mhúin sé an uirlis do dhaoine eile.
mhúin sé he taught
" Bhí fear amháin is cuimhin liom, a raibh de cháil air gur mhúin sé Jack Lynch.
mhúineadh used to teach
" Fear ard a mhúineadh an Laidin agus an Béarla agus bhí sé anonn san aois ag an am.
múineadh were taught
" Dála an scéil, an General agus coirpigh aitheanta eile na tíre, is sna hinstiúidí céanna sin a múineadh an mhoráltacht dóibh.
múin Béarla teach English
" Cuireadh an chonspóid seo i gcuimhne dom arís ar na mallaibh nuair a léigh mé aiste dar teideal ' I gcuntas Dé múin Béarla do na leanbhain': eisimirce agus an Ghaeilge sa naoú aois déag ' le Karen P.
mhúineann teaches
" Rinne Susperregui, a mhúineann Cumarsáid in Ollscoil Thír na mBascach agus an ghrianghrafadóireacht mar shaincheird aige, mionscrúdú ar an phictiúr agus maíonn sé nach bhfuil tírdhreach an phictiúir ag teacht le tírdhreach Cero Muriano.
mhúineadh to teach
" Iarradh orm le déanaí cúrsa Gaeilge a mhúineadh in Dallas, agus ghlacas go fonnmhar leis an iarratas.
múinte mannerly
" Ach an rud ba mó a chuir ionadh orm faoi mhuintir na háite ná chomh múinte is a bhí siad.
múineadh teaching
" Agus bhí mé ag múineadh ar chúrsa Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara an chuid eile den am.
múineadh teaching
" Cé go bhfuil grúpaí ar fud na tíre ag múineadh na Gaeilge, ní bhíonn mórán teagmhála againn lena chéile.
mhúinfeadh would teach
" Éiríonn le Mac Dhonnagáin an dá thrá a fhreastal idir bhlag gnó is bhlag pearsanta ar bhealach a mhúinfeadh rud nó dhó do bhlagadóirí fud fad na cruinne.
Múintear are taught
" Múintear leanaí i bhfoirgnimh throchailte i ranganna ina mbíonn suas le céad dalta.
níos dea-mhúinte better mannered
" Ní hamháin go rabhas ag teacht abhaile ó Mheiriceá, ach bhí mo chairde imithe chomh maith! (Dáithí ag gáire anseo) SMM: An raibh an doirseoireacht crua mar obair? DÓS: Bhí agus, shamhlóinn an rud céanna leis in Éirinn agus i Meiriceá, daoine ag iarraidh dul isteach, daoine fé aois, is rudaí mar san, ach ní raibh bruíonta, ní raibh aon achrann ann, fé mar a chífeá - SMM: - Bhíodar níos dea-mhúinte ná anso? DÓS: Is dóigh liom go raibh, mar chím daoine agus bíonn siad ag bruíon ar na sráideanna in Éirinn agus ní tharlódh sé sin i Meiriceá mar ní scaoilfeadh na gardaí leo.
múineann teaches
" Imríonn an tEarrach, an Samhradh, agus an Fómhar ar shaol an duine ar bhealaigh éagsúla agus múineann siad a gceachtannaí féin dúinn faoi thimthriail an tsaoil, ach is é an geimhreadh a chuireann in iúl, go crua cinnte, nach dtugann rud ar bith ach a sheal.
mhúineadh teaching
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
mhúintí used to be taught
" Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach, de réir an tseanteagaisc Chríostaí, a mhúintí fadó ar scoil.
lucht múinte na Gaeilge do dhaoine fásta teachers of Irish to adults
" Tá altanna ón iris á n-úsáid mar ábhar teagaisc ag múinteoirí meánscoile agus ag lucht múinte na Gaeilge do dhaoine fásta, agus tá sleachta á n-úsáid i dtéacsleabhair agus i scrúduithe scoile ó thuaidh agus ó theas.
mhúineadh teaching
" Nuair a bhí mé ag réiteach le dul amach chun na hAfraice chun mo chuid taighde a dhéanamh ar an teanga KiSwahili, d’fhreastail mé ar chúpla cúrsa a bhí Joshua Fishman a mhúineadh mar aoi-léachtóir ag an ollscoil sa samhradh.
mhúineadh to teach
" Tháinig mé chuig an áit fhiáin álainn seo chun an Ghaeilge a mhúineadh in Ollscoil Brest, ach fágfaidh mé an scéal sin do lá eile.
múinfear shall be taught
" Caithfear feachtas láidir a chur in éadan na dúnghaoise seo agus seasamh leis an ngeallúint atá sa bPlean Fiche Bliain go múinfear an Ghaeilge ar ardleibhéal le curaclam nua go leibhéal na hArdteiste do gach dalta scoile.
mhúin í taught her
" Máire Ní Ainiféin a mhúin í i gCnoc Síóin.
Múineadh ar na Múinteoirí the teachers being mannerly/submissive
" Múineadh ar na Múinteoirí =============== Ach ní raibh ansin ach an tús.
múintear is taught
" Sna ceantair sin mar a bhfuil teanga ardghradaim chun tosaigh mar chéad teanga (L1, an Spáinnis, an Ioruais, an tSualainnis, an Fhionlainnis, an Rúisis, an Ghearmáinis) níl ach aon chóras scolaíochta amháin a thabharfaidh dátheangachas go rathúil do mhic léinn agus is é sin, córas ina múintear tríd an sprioctheanga (L2), ar nós chóras na gaelscolaíochta in Éirinn mar ar L2 í an Ghaeilg ag mórán chaon dalta.
Múineadh Teangacha Iasachta foreign language teaching
" Tá mé ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Elms in Iarthar Massachussets mar chuid den chlár Fulbright, Cúntóirí Múineadh Teangacha Iasachta.
mhúineann tú you teach
" An rud a chuireann ionadh orm faoi ná nuair a mhúineann tú don bhfeidhmchlár gurb é sin Seán, gurb shin í Máire, gur siúd Liam tar éis tamaill aithníonn an clár aghaidheanna is cuirtear an lipéad ceart le gach duine i ngach griangraf nua.
an cheird a mhúineadh dhúinn to teach us the skills
" Ba cheart dhúinn nuair a thairg siad, sna seachtóidí, an cheird a mhúineadh dhúinn.
cuireadh múineadh ar was taught a lesson
" Ach is iomaí foras stáit a bheas faoi lúchair gur cuireadh múineadh ar an Choimisinéir óir gur bhior sa bheo a bhí ann agus é i mbun póilíneachta gan scíth ar chearta teanga phobal na Gaeilge is na Gaeltachta.
Mhúin sí dom she taught me
" Mhúin sí dom conas seilg le saighead (ní raibh mé in ann); mhínigh sí an difríocht idir lusanna inite agus na cinn nimhe (ní fhaca mé difríocht ar bith); conas manioca a bhaint agus a ghearradh le machete (bhí sí níos láidre ná mé chomh maith).
is gá go múinfí roinnt acu it’s necessary that some of them be taught
" Tá ghá le níos mó cúrsaí a dhíríonn ar na scileanna ríomhaireachta agus cruthaitheachta seo agus is gá go múinfí roinnt acu trí Mandarin!
dea-mhúinte good mannered
" Freastalaíonn pobal dílis Chill Mhantain Thuaidh - pobal atá meánaosta, méanaicmeach, agus ar an mórgóir, dea-mhúinte.
múinte mannerly
" Agus iad i ndiaidh dinnéar seacht gcúrsa dhéag a ithe agus seacht mbuidéal an duine de scoth an fhíona a ól, mhaígh siad ag preasagallamh go raibh muid inár mbuachaillí agus inár gcailíní maithe múinte, agus go raibh muintir bhocht bhrúite na hÉireann fós ar an chosán ceart.
Nár mhúin siad didn’t they teach
"Nár mhúin siad duit conas glacadh le horduithe?’ arsa mise leis nuair a bhí an bheirt againn sa chistin, mise ag cócaireacht, eisean ag lorg bia.
nach múintear an tuiscint ná an meas seo this understanding nor appreciation is not taught
" Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt? Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005 =========================== Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
múineann gá seift necessity is the mother of invention
" An mbeidh siad in acmhainn freastal ar Chorn na hEorpa faoi mar a rinne a n-aithreacha rompu i 1988 an chéad uair a cháiligh foireann Phoblacht na hÉireann don mhórfhéile sacair seo? Ach, múineann gá seift agus ar nós dream 88, éireoidh le dream 2012 ceann scríbe a shroicheadh.
ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh concentrating on teaching problems
" Le tamall anuas tá Coimisiún Fulbright, faoi stiúir Colleen Dube in Éirinn, ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, agus ag lorg réitigh dóibh.
Múinimis let’s teach
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
ag múineadh teaching
" Chuaigh mé ar scoil gar do Ghlaschú nuair a bhí mé seacht mbliana déag ar feadh leath bliana agus bhí fear as Barraidh ag múineadh ansin.
ag múineadh teaching
" Tá Séamus McSherry as Béal Feirste ag múineadh Gaeilge i gceantar Toronto le tamall fada anois, agus idir an dá linn tá Allyson agus Michelle Reid, deirfiúracha óga as Toronto, ar bord mar fhoghlaimeoirí ardleibhéal agus gníomhairí, chomh maith le Pádraig de Róiste, dlíodóir óg a d’fhás suas i dToronto agus i mBaile Átha Cliath.
mhúineadh na Gaeilge sa gcóras oideachais the teaching of Irish in the educational system
" Bhí sé le rá ag Dinny Mc Ginley sa Dáil, le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta, go gcaitheann an Roinn Oideachais €500 milliún in aghaidh na bliana ar mhúineadh na Gaeilge sa gcóras oideachais.
ag múineadh teaching
thar a bheith múinte perfectly behaved
" Agus bhí siad thar a bheith múinte agus thar a bheith bródúil as a n-oidhreacht Ghaelach.
dá mbeifeá ag iarraidh múineadh if you wanted to teach
" Chabhródh sé go mór dá mbeifeá ag iarraidh múineadh do dhuine éigin eile conas guthán a úsáid: ní bheadh ar an mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach.
na meáin chun teanga a mhúineadh the media for language teaching
" Mar shampla sa tuarascáil faoin teideal ‘Craoltóirí mar Mhúinteoirí’ deirtear go bhfuil ‘craoltóirí Gaeilge den tuairim láidir nach bhfuil aon fhianaise ann in aon áit ar leas rathúil a bheith bainte as na meáin chun teanga a mhúineadh ná chun cur leis an líon cainteoirí’.
mhúineadh don aos óg to teach to the young
" Ó bhunaigh James Whelton Coderdojo i gcomhpháirt leis an bhfiontraí idirlín Bill Liao i mí Meithimh 2011, tá breis agus 130 club nó dojo mar thugtar orthu oscailte ó Árainn Mhór go *St Petersburg*, d’fhonn scileanna ríomhchlárúcháin a mhúineadh don aos óg faoi bhun sé bliana déag d’aois.
mhúineadh i líne ghonta amháin to teach in one single line
" Ní foláir nó gur éirigh le Mac Amhlaigh príomhcheachtanna Gharvin agus Hubert Butler fiú a mhúineadh i líne ghonta amháin.
aon fhilíocht ná ealaíon á múineadh any poetry or art being taught
" Ar ndóigh, dá leanfaí leis an tuairim gur chun freastal ar an imirce atá córas oideachais na hÉireann, ní bheadh aon fhilíocht ná ealaíon á múineadh i scoileanna na tíre ach an oiread.
ach go béasach, múinte but in a mannerly fashion
" ’ ‘Cé as thú féin ó thús ?’ a deirim, buille fiosrach b’fhéidir, ach go béasach, múinte.
mhúineadh to teach
" Rinne Seoirse Mac Clúin iarracht ceachtanna Matthew Arnold a mhúineadh do lucht na Gaeilge ina leabhar Infhiúchadh ar Phrionnsabail, Fuirmeacha agus Léirmheastóireacht na Litríochta (1926), leabhar a mhol “*the Arnoldian view of literature as a criticism of life…*” Chuir léirmheastóir chantalach éigin i gcoinne an leabhair seo de dheascaibh na bhfoinsí Breatanacha, ach go háirithe Arnold agus aistí dianmhothaitheacha radacacha William Hazlitt agus rinne sé gearán mar gheall ar “dath gallda” iarracht Mhic Clúin.
daingean, dea-mhúinte solid, mannerly
" Glór fir, glór daingean, dea-mhúinte, agus canúint Bhrandenburg na Gearmaíne air.
go múinfí na teangacha áitiúla Dúchasacha san ollscoil that local Native languages be taught in the university
" Tá cúig éileamh acu, ina measc go múinfí na teangacha áitiúla Dúchasacha san ollscoil agus go gcuirfí níos mó scolaireachtaí ar fáil do mhic léinn Dúchasacha.
ag múineadh is ag stáidéar teaching and studying
" Suáilceach agus Sochainteach ========== San ollscoil ina raibh mé féin ag múineadh is ag stáidéar, chaith mé laethanta is oícheanta ag éisteacht is ag caint le mic léinn eile faoi ábhair mhóra ár linne.
Dá múinfí an cúlra is an comhthéacs seo were this context and background to be taught
"Dá múinfí an cúlra is an comhthéacs seo i gcóras oideachais SAM, ar ndóigh, b’fhéidir go laghdófaí ar an aineolas is ar an gciníochas a imrítear ar Laidin-Mheiriceánaigh ó cheann ceann na Stát.
chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh to teach the basic rules of that religion
" *” Theip air anseo aon thagairt a dhéanamh dos na hailt eile sa Bhunreacht céanna a thug aitheantas sollúnta don “Tríonóid Naofa”, comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin nó dos na hailt a thug cead don Eaglais Chaitliceach airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste, airgead a úsáidtear chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.
daoine séimhe múinte quiet mannerly people
" Chonaic mé iad ag an mbigil i mí an Mheithimh, daoine séimhe múinte a bhfuil suim acu i gcúrsaí cearta daonna.
tacaíochtaí do mhúineadh tré Gaeilge aids for teaching through Irish
" Ach ansin maítear go gcuirfidh ‘an comhcheangal’ idir COGG agus an NCCA le cumas COGG ‘i ndáil leis an obair seo’ agus i dtaobh ‘comhairle a chur ar fáil agus taighde a dhéanamh maidir le straitéisí agus tacaíochtaí do mhúineadh tré Gaeilge’.
ag múineadh Gaeilge dá páiste teaching Irish to her children
" Agus an cailín a bhí ina cónaí ann, dúirt sí go raibh sí ag múineadh Gaeilge dá páiste - in Perth.