Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
múinte polite
" " Bhí mé múinte, ach airdeallach.
múinte well-mannered
" Tá siad iontach múinte agus séimh.
múinte mannerly
" Cé go raibh an chuid is mó den slua múinte, bhí mionlach míbhéasach ann, ina measc grúpa fear callánach a bhí ag ól an lá ar fad.
béasach mánla modhúil múinte politely, pleasantly, mannerly
" Agus seasfaidh siad ar fad i líne mór fada díreach amháin nuair a iarrfaidh sé go deas béasach mánla modhúil múinte orthu é sin a dhéanamh.
tógadh go múinte é, he had a mannerly upbringing,
" Comórtais nuaNí mar sin go díreach a chuirfeadh Balor féin síos ar imeachtaí dheireadh seachtaine mór Gaeilge na Samhna, nó tógadh go múinte é, ní bheadh ach péas cleite sa difear idir sin agus an fhírinne.
tá sé deas a bheith múinte it is nice to be nice
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
go múinte macánta good and decently
" Bhí mé i dtacsaí an lá eile agus thosaigh an tiománaí ar stócach a bhí romhainn, go múinte macánta ag rothaíocht – ag comhlíonadh rialacha an bhóthair.
múinte good mannered
" Bhí mé i dtacsaí an lá eile agus thosaigh an tiománaí ar stócach a bhí romhainn, go múinte macánta ag rothaíocht – ag comhlíonadh rialacha an bhóthair.
múinte good mannered
" Girseach atá inti atá múinte agus galánta ar fad, agus tá mé cinnte go raibh a teanga dingthe go maith ina pluc aici agus í á rá, agus nach raibh sí ag déanamh an rud tipiciúil Meiriceánach sin “tá achan rud níos mó agus níos fearr i dtír s’againne”, ach tchímse go bhfuil sé iontach na rudaí a fheiceann daoine bua iontu.
múinte mannerly
" Ach an rud ba mó a chuir ionadh orm faoi mhuintir na háite ná chomh múinte is a bhí siad.
lucht múinte na Gaeilge do dhaoine fásta teachers of Irish to adults
" Tá altanna ón iris á n-úsáid mar ábhar teagaisc ag múinteoirí meánscoile agus ag lucht múinte na Gaeilge do dhaoine fásta, agus tá sleachta á n-úsáid i dtéacsleabhair agus i scrúduithe scoile ó thuaidh agus ó theas.
múinte mannerly
" Agus iad i ndiaidh dinnéar seacht gcúrsa dhéag a ithe agus seacht mbuidéal an duine de scoth an fhíona a ól, mhaígh siad ag preasagallamh go raibh muid inár mbuachaillí agus inár gcailíní maithe múinte, agus go raibh muintir bhocht bhrúite na hÉireann fós ar an chosán ceart.
thar a bheith múinte perfectly behaved
" Agus bhí siad thar a bheith múinte agus thar a bheith bródúil as a n-oidhreacht Ghaelach.
ach go béasach, múinte but in a mannerly fashion
" ’ ‘Cé as thú féin ó thús ?’ a deirim, buille fiosrach b’fhéidir, ach go béasach, múinte.
daoine séimhe múinte quiet mannerly people
" Chonaic mé iad ag an mbigil i mí an Mheithimh, daoine séimhe múinte a bhfuil suim acu i gcúrsaí cearta daonna.
mhodhanna múinte teaching methods
" Moltaí simplí agus praiticiúla a bhí ann, faoi mhodhanna múinte na teanga ar an dara leibhéal a fheabhsú.
oide múinte polaitiúil political mentor
" Thug oide múinte polaitiúil Abbott, an t-iar-phríomh-aire John Howard atá ina mhonarcaí fíorláidir, le fios nár réitigh an cinneadh leis ach an oiread de bharr go raibh na teidil ‘mós mí-aimseartha’.
raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam I had taught a fair amount of youngsters the same style
" Ní raibh mórán eile ag dul dó agus, ar feadh tamaill, déarfainn gur shíl roinnt daoine nach raibh ann ach nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart! (gáire) Nuair a chonaic daoine ar ball go raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam, thuig siad maith go leor ansin gur aicme ar leith ealaíne a bhí ann mar shean-nós.