Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
d'ábhar múinteoirí teacher trainers
" Tá traenáil curtha ar fáil againn do chúrsaí FÁS agus cúrsaí eile; rithimid seimineáir d'ábhar múinteoirí a thagann chun na Gaeltachta sa samhradh; soláthraimid cainteanna do chúrsaí ollscoile.
súil amhrasach ar an múinteoir suspicious look at the teacher
" Deora, barróga móra, súil amhrasach ar an múinteoir - tharla sé uilig dúinn, gan ach Mamaí agus Daid a lua.
mhúinteoir corpoideachais PE teacher
" " Múinteoir corpoideachais ======= I ndiaidh do Ruth an scoil a fhágáil, thraenáil sí mar mhúinteoir corpoideachais, agus chaith sí deich mbliana i dTuaisceart Éireann ag obair mar mhúinteoir scoile agus mar léachtóir i gColáiste Oiliúna an tSrutháin Mhilis i mBéal Feirste.
ag cuartú múinteora looking for a teacher
" Roimhe sin, bhí mé ag cuartú múinteora sa Róimh a mhúinfeadh Gaeilge dom; tar éis cúpla bliain fuair mé cailín as Contae an Chláir, Sharon d'Arcy, a raibh céim aici sa Ghaeilge ón Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
an-mhúinteoir ab ea é he was an excellent teacher
" Chaitheas gach maidin Dé Sathairn thíos leis agus an-mhúinteoir ab ea é! AÓF: Cén fáth an cansairtín, mar sin? An bhfuil aon uirlis eile gur mhaith leat a bheith in ann a sheinm? AL: Níl a fhios agam cén fáth an cansairtín.
mhúinteoir riachtanas speisialta special needs teacher
" Agus seo an rud a tharla: tháinig an scéala amach an mhí seo caite go raibh Ian Farmer ag glacadh le hiomarcaíocht dheonach agus go mbeadh sé ag atraenáil mar mhúinteoir riachtanas speisialta.
ag déanamh comparáide idir na múinteoirí ansin comparing the teachers there
" Bhí mé féin agus cara liom sa ghiomnáisiam an lá eile, agus thosaíomar ag déanamh comparáide idir na múinteoirí ansin trí Ghaeilge.
Múinteoir fisice physics teacher
" Múinteoir fisice ab ea é san ollscoil anseo, ach bhí rang oíche Gaeilge aige fosta agus thug sé an-chuidiú domhsa.
múinteoir tuata lay teacher
" Ar mheánscoil na mBráithre Críostaí dó ansin, mhúscail Peadar Mac Cana, "múinteoir tuata agus fear iontach", suim Ken sa Ghaeilge.
ná mar a thuilleann múinteoir than a teacher earns
" Pé scéal é, is fear saibhir é an bainisteoir céanna mar íoctar tuarastal an-mhaith leis de réir mar a thuigim, i bhfad níos mó ná mar a thuilleann múinteoir, cuir i gcás, dá fheabhas é.
splanctha i ndiaidh duine dá mhúinteoirí mad about one of his teachers
" Thit sé i ngrá le scannáin den chéad uair toisc go raibh sé splanctha i ndiaidh duine dá mhúinteoirí sa mheánscoil! Murach go raibh múinteoir Fraincise tarraingteach i Meánscoil Ghlaisín i gCorcaigh, tá gach seans nach mbeadh fáil againn ar na cáipéisí stairiúla atá san obair a dhein Marcus le Gael Linn - nó ar na cláracha faisnéise eile atá déanta aige le linn a shaoil.
seachas múinteoir breise a fhostú instead of employing an extra teacher
" Mar sin, tá sé go mór chun leasa scoile go mbeadh múinteoirí atá fostaithe ag an scoil ag múineadh cúpla ábhar difriúil, seachas múinteoir breise a fhostú.
seachas múinteoir breise a fhostú instead of employing an extra teacher
" Mar sin, tá sé go mór chun leasa scoile go mbeadh múinteoirí atá fostaithe ag an scoil ag múineadh cúpla ábhar difriúil, seachas múinteoir breise a fhostú.
ceardchumainn na múinteoirí teachers' unions
" Tiocfaidh ceardchumainn na múinteoirí, eagraíochtaí tuismitheoirí agus údaráis áitiúla le chéile i mí an Mhárta i Sasana le haghaidh comhdhála speisialta le cur in aghaidh an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna (tuilleadh eolais ag (www.
spreag an múinteoir ceoil his teacher encouraged him
" Go dtí sin, bhí sé ag foghlaim na feadóige ach spreag an múinteoir ceoil a bhí aige i gColáiste Eoin, Mícheál Ó hAllúin, é chun luí isteach ar fhoghlaim na bpíobaí.
nár mhúinteoir mé that I wasn't a teacher
" D’inis mé dóibh nár mhúinteoir mé ach dúirt siad gur chuma faoi sin chomh fada is a bhí mé in ann lámh chúnta a thabhairt dóibh.
múinteoir feabhais remedial teacher
" Is múinteoir feabhais é na laethanta seo agus is léir go bhfuil sé an-tógtha leis an obair a bhíonn ar bun aige le daltaí a mbíonn deacrachtaí foghlamtha acu.
cumainn na múinteoirí a mhealladh léi to win over the teachers' organisations
" Éirithe go maith léi cumainn na múinteoirí a mhealladh léi.
múinteoirí oilte trained teachers
" Tá an dá ábhar seo dlúthcheangailte lena chéile i gcúpla slí ach go háirithe ó thaobh an ghá atá ann le múinteoirí oilte a bhfuil Gaeilge líofa acu.
ag cur ar chumas na múinteoirí atá á n-oiliúint acu enabling the teachers that they are training
" Tá sé mar dhualgas ar an stát é sin a dhéanamh ach tá deacracht ann: Níl aon cheann de na coláistí oiliúna ag cur ar chumas na múinteoirí atá á n-oiliúint acu teagasc gan stró trí mheán na Gaeilge.
múinteoirí den scoth excellent teachers
" Bhí sé de nós againn múinteoirí den scoth a fháil isteach a d’ardaigh an caighdeán ón tús, daoine mar Michael Tubridy, Mary Corcoran, John Regan.
togha agus rogha na múinteoirí the best of teachers
" Bíonn togha agus rogha na múinteoirí ann: Sarah-Jane Woods, Séamus Mac Mathúna, Janine Redmond, James Mahon, Emma Woods, Mick Glynn, Philip Denmead agus go leor eile.
léadh an múinteoir the teacher used to read
" "Agus aistíBéarla scríofa ag an rang léadh an múinteoir an aiste ab fhearr amachos comhair an ranga ó am go ham.
duine de mhúinteoirí idirlín an Chumainn, one of the Society's internet teachers,
" ” Mar a deir Mairéad Perron, duine de mhúinteoirí idirlín an Chumainn, “thosaigh ár ngaol leis an teicneolaíocht in 1881 nuair a thosaigh Mícheál Ó Lócháin ag foilsiú ár n-irise *An Gaodhal*, agus á dáileadh ar Ghaeil ar fud Mheiriceá.
seachtar múinteoirí idirlín seven internet teachers
" ” Tá seachtar múinteoirí idirlín ag an gCumann (seisear Meiriceánach agus Éireannach amháin), agus tá breis is 60 scoláire nua cláraithe cheana féin do na ranganna, ón mBrasaíl, ón Astráil, ón Fhrainc, ón Iodáil, ó Phoblacht na Seice, ó Shasana, ó Cheanada, agus ó na Stáit Aontaithe.
múinteoirí den scoth excellent teachers
" “Bhí múinteoirí den scoth ann; chuir siad cuid mhór béime ar an teanga agus d'fhéach siad le hí a chur chun cinn sa scoil agus sa cheantar.
triúr múinteoirí fir three male teachers
" “Cén áit a ndeachaigh vótaí na múinteoirí sna Gaelscoileanna, más ea? Bhuel ar an chuntas is déanaí ní raibh ach triúr múinteoirí fir sa tír nár cheannaigh Joe Soap cúpla pionta dóibh ag am inteacht.
an múinteoir san áireamh. including the teacher.
" Cúigear fear sa rang san iomlán, an múinteoir san áireamh.
aon mhúinteoir ar leith any particular teacher
" AÓF: Cé uathu a fuair tú do chuid ceoil ó thaobh na fidle de? An raibh aon mhúinteoir ar leith agat? TC: Bhí a lán múinteoirí agam i rith na mblianta.
na háiteanna eile is ansa le múinteoirí na hÉireann the other places which are favourites of the teachers of Ireland
" Na múinteoirí bochta! Tá siad i ndiaidh cúig seachtaine a chur isteach gan saoire thar lear, na créatúir! Ní bhfuair siad a dhath ar bith ón phróiseas tagarmharcála, agus anois tá an priompallán sin Micí Ó Leery ag ardú phraghas na n-eitiltí amach as Baile Átha Cliath chuig Monte Carlo agus Nice agus Monaco agus na háiteanna eile is ansa le múinteoirí na hÉireann dul ag an bhriseadh lár téarma.
ar cheapadh múinteoirí, on the appointment of teachers
" An dtabharfar vóta amach anseo dóibh ar ábhair Ardteiste, ar cheapadh múinteoirí, ar obair bhaile nó ar leathlá ar an Aoine fiú? Bhí daoine eile den tuairim gur ábhar iontais é go mbeadh vóta ag daltaí a bheadh ag fágáil na scoile faoi cheann cúpla mí ach gur chuma faoi thuairim na ndaltaí a bheadh ag teacht isteach ann.
ceardchumainn na múinteoirí, teachers' unions
" Ba in Eanáir 2004 a chuir an grúpa stiúrtha - ar a raibh ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, Gaelscoileanna, an Foras Pátrúnachta, ceardchumainn na múinteoirí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na comhpháirtithe ar fad eile san oideachas - a dtuarascáil faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Noel Dempsey.
níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, I didn't want to trouble poor Protestant teachers
" Anois, níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, agus mar sin, chinn mé ar na Bráithre Críostaí mar íospartaigh.
ar mhúinteoirí iad who were teachers
" An rud a bhí suimiúil ná go raibh triúr nó ceathrar ag obair ann ar mhúinteoirí iad a d’fhág an mhúinteoireacht chomh maith.
do mhúinteoirí bunscoile. for primary school teachers.
" ” I ndiaidh na scoile chaith Carrie trí bliana i gColáiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile.
Aontas Múinteoirí Éireann, the Teachers' Union of Ireland,
" Fadhbanna dearthaAdmhaíonn Leas-Rúnaí Ginearálta Aontas Múinteoirí Éireann, John Mac Gabhann, go bhfuil borradh mór tagtha ar “fhadhbanna deartha” nó “*designer difficulties*” i measc daltaí a bhfuil sé d’acmhainn ag a dtuismitheoirí íoc as tuairiscí shíceolaithe a chiallóidh go bhfaighidh a gcuid páistí díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.
bhain na múinteoirí úsáid as an mhodh díreach. the teachers used the direct method.
" Bhí Dónall Ó Lubhlaigh ina “phríomhoide” agus bhain na múinteoirí úsáid as an mhodh díreach.
tionchar múinteora the influence of a teacher
" Bíonn sé de nós ag an ealaíontóir a leithéid a dhéanamh: chomh luath agus a fhoghlaimíonn sé gach rud atá le foghlaim faoina ghairm nó faoina ealaín, tagann sé ar an tuiscint gur mhaith leis an ealaín sin a chur i láthair amhail is gur páiste é – gan ualach an domhain, nó dearcadh daoine eile nó tionchar múinteora a bheith ag dul i bhfeidhm air a shaothar, ach a bheith i mbun a ealaíne amhail is nach bhfuil aon duine ag amharc air.
Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí Seán had a big impact on his learners and his fellow students
" Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí agus cronófar gó mór é.
riachtanais mhúinteoirí. the needs of teachers.
" ***Buntáistí*: **De bharr a chúlra mar léachtóir i gColáiste tríú leibhéal, ba cheart go mbeadh tuiscint aige ar riachtanais mhúinteoirí.
táthar ag tabhairt drochíde ar mhúinteoirí teachers are being badly treated
" Dar ndóigh, ní hé gurb iad na daltaí an t-aon dream atá thíos leis an bhfadhb seo ach an oiread; táthar ag tabhairt drochíde ar mhúinteoirí ar shuíomhanna mar (www.
shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais. the teacher extended his hand to the door handle
" Sheinneas an ríl go réasúnta maith agus nuair a chríochnaíos, shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais.
phá an mhúinteora the teacher's pay
" Ní cheadófar do mhúinteoirí na Dála an jab scoile a choimeád oscailte, ná an difríocht idir phá an mhúinteora agus pá an ionadaithe ‘sealadach’ a choimeád – oilbhéim náireach atá ina scáil dhubh le fada ar mhúinteoirí na bPáirtithe uilig sa Dáil.
mhúinteoir fireann a male teacher
" Nó i bhfocail eile níl aon mhúinteoir fireann ag na leanaí insa tríú cuid de bhunscoileanna na tíre.
ábhar múinteora student teacher
" Ní mór do gach aon ábhar múinteora ar a laghad grád a C a bhaint amach i bpáipéar onórach na Gaeilge le háit a fháil sna coláistí seo.
Cumann na Múinteoirí INTO
" D’fhoilsigh Cumann na Múinteoirí (an INTO) an doiciméad Gender Imbalance in Primary Teaching sa bhliain 2004 (féach www.
gairmiúlacht na múinteoirí the teachers' professionalism
" Dúirt sé gur réiteach gearrthréimhseach a bheadh le deireadh a chur leis an riachtanas iontrála agus gur ar aimhleas gairmiúlacht na múinteoirí a bheadh ann.
is maith an múinteoir é an taisteal travel teaches one well
" Mar a dúirt mé sa chéad alt a scríobh mé do BhEO, is maith an múinteoir é an taisteal.
múinteoir teacher
" An bhfuil bealach ar bith le teacht roimh na hathruithe seo agus iad a shárú? D’ainneoin a cuid lochtanna uilig, is múinteoir maith é taibhse an Tíogair Cheiltigh agus taispeánfaidh sé dúinn feasta gur fearr i bhfad an cur le chéile agus an daonnacht ná an coimhthíos agus an leithleas.
mhúinteoir teacher
" Tá sé crua, ach níl sé - tá sé chomh crua má tá tú i do mhúinteoir is tú ag seasamh os comhair fiche dalta.
tráchtaireacht an Mhúinteora the teacher's account
" An rabhadar beirt comhpháirteach ina bás siúd? An féidir dul i muinín tráchtaireacht an Mhúinteora? Ceisteanna anuas ar a chéile.
múinteoirí teachers
" Tá ceathrú leath na tíre scriosta ag na múinteoirí, a chuaigh amach ar stailc ag lorg.
Chumann Múinteoirí Éireann TUI
" bhail, níl siad féin cinnte cad é a bhí siad á lorg, ach mar a dúirt Seáinín Ó Gluaisteáin, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann: “Cibé rud a bhí muid á lorg, ní bhfuair muid é, agus tá muid sásta dul amach ar stailc arís agus arís eile go dtí go bhfaighidh muid é.
mhúinteoirí teachers
" Tá formáid an CD ROM cosúil leis an dá theideal eile Amhrán is Fiche agus Amhrán is Fiche Eile: bíonn focail an amhráin le feiscint ar an scáileán, le liathróidín ag imeacht roimhe ag léiriú cad iad na focail atá á rá; tá “backing tracks” ann chun go bhféadfadh tú na hamhráin a rá i stíl karaoke; tá aistriúchán Béarla de na focail ar fáil ar an CD; tá áis ann chun na focail a phriontáil amach; agus tá ceachtanna samplacha do mhúinteoirí ag léiriú an tslí a fhéadfaí úsáid a bhaint as na hamhráin sa seomra ranga.
idir mhúinteoirí both teachers
" “Agus tarlóidh i samhradh na bliana sin go ndéanfar caitheamh anuas ar sheirbhísigh dhílse an Stáit, idir mhúinteoirí agus ghardaí agus altraí agus eile; agus déarfar os ard agus os íseal nach bhfuil sa chaitheamh anuas sin ach an méid atá ag dul dóibh.
múinteoirí teachers
" Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitilte *Ryanair* i rith na seachtaine saoire a bheas acu ag deireadh na míosa seo.
mhúinteoir teacher
" D’éirigh sé as a phost mar mhúinteoir Francaise le dochtúireacht a dheánamh in Institiúid Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, áit a bhfuair sé post mar léachtóir i Stair agus mar Oifigeach Idirchaidrimh Acadúil.
mhúinteoir teacher
" An Chosmhuintir agus an Sóisialachas ================== Mar mhúinteoir scoile a theagasc i bpríosúin chomh maith, aithníonn Ervine an tábhacht atá leis an litearthacht.
Múineadh ar na Múinteoirí the teachers being mannerly/submissive
" Múineadh ar na Múinteoirí =============== Ach ní raibh ansin ach an tús.
múinteoirí teachers
" Tá níos mó múinteoirí sa Dáil anois ná gairm ar bith eile.
lena gcuid múinteoirí with their teachers
" Tá beirt déagóirí, Déaglán agus Ciara ag iarraidh plé leis an saol agus lena gcuid múinteoirí nuair a thosaíonn na heachtraí.
múinteoirí teachers
" Bíonn múinteoirí as na ceithre hairde ag teacht go Meiriceá chun a dteangacha féin a theagasc.
múinteoir teacher
" Ina dhiaidh sin, chaith mé 12 bliain san Iodáil agus is múinteoir Iodáilise anois mé.
múinteoir teacher
" Ní raibh mé i láthair ar an agóid in aghaidh an NF i Southall i Aibreán 1979 nuair a mharaigh an SPG an múinteoir Blair Pleach.
múinteoir teacher
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
togha an mhúinteora an excellent teacher
" Nuair a tháinig mise go Luimneach i ’78, bhí Máire romham, togha an mhúinteora agus saibhreas dochreidte Gaeilge aici, ach bhí an-spraoi inti freisin, an-nádúr.
tuarastal an mhúinteora a teacher’s wage
" Fiafraíonn Peter díom cén fáth ar tháinig mé mar shaorálaí chun na Síne agus cad chuige nach mbainim amach tuarastal an mhúinteora sa choláiste.
múinteoir ealaíne arts teacher
" ' Caingean Anita Groener ========== Sa chomhthéacs sin, is fiú a chuimhneamh gur theip ar chás cúirte a ghlac múinteoir ealaíne ón Ísiltír, Anita Groener, in éadan na Roinne Oideachais i Samhain na Bliana 1989.
Múinteoir fisice a physics teacher
múinteoirí na buíne the group’s teachers
" Ní raibh ach cúpla rang ar siúl an chéad cúpla bliain, le múinteoirí na buíne féin i mbun na ranganna, ach i mbliana, mar gheall ar an ráchairt a bhí ag teacht air, cuireadh rang ardleibhéil leis, agus b’shin an fáth domsa a bheith in eitleán ag taisteal ó thuaidh as Nua-Eabhrac go hAerfort Billy Bishop i lár chathair Toronto i dtús mhí an Mheithimh chun rang ardleibhéil a mhúineadh don Deireadh Seachtaine.
i mo mhúinteoir Béarla teaching English
" Bhí mé i mo mhúinteoir Béarla, i mo mhúinteoir matamaitice, bhí mé ag obair in óstán san Iorua.
Múinteoir iontach maith a really good teacher
" Múinteoir iontach maith atá i mo máthair, bhí Sister Concepta againn ansin a bhí iontach maith freisin agus thaitin an teanga liom.
d'éirigh le múinteoir amháin one teacher succeeded
" Thug an gunnadóir fogha faoin seomra foirne as a dtáinig an bheirt ar dtús, ach d'éirigh le múinteoir amháin an doras a choinneáil dúnta ina aghaidh.
ndeir múinteoirí leis teachers tell him
" In agallamh leis an Irish Times, dúirt sé go ndeir múinteoirí leis go gcaitear 30% d'am na bunscoile ag plé le cúrsaí creidimh agus Gaeilge.
Chumann Múinteoirí Éireann TUI
" Tá sé ina bhall gníomhach den Pháirtí Sóisialach agus ina eagraí ceantair do Chumann Múinteoirí Éireann.
cúinsí na múinteoirí sa tír teachers conditions in the country
" Tá mé díreach ag iarraidh do bharúil a fháil faoin staid ina bhfuil cúrsaí i dtaca le pá agus cúinsí na múinteoirí sa tír.
chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg which finished with a slow choking an múinteoir líofa san úrscéal the polished teacher in novel
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
múinteoir seal dá shaol formerly a teacher
" Tá dréacht iomlán aige feasta ag Joe Mitchell, múinteoir seal dá shaol, tiománaí veain na leabharlainne anois i gCo.
múinteoirí scoile teachers
" Chonaic mé daoine óga agus gasúir i mbun sacair, peil Mheiriceánach agus sa chluiche corr freisin agus iad á n-eagrú ag daoine fásta, múinteoirí scoile b’fhéidir.
múinteoir ceoil a music teacher
" Is múinteoir ceoil é Niall, agus in éineacht le Bronagh Mc Clean agus Davy Lennon bíonn sé ag múineadh ranganna do CCÉ na hArda, do pháiste agus do dhaoine fásta i mBeannchar agus sa Chomar.
múinteoirí san áireamh teachers included
" 15 de shocrú Pháirc an Chrócaigh (2010-2014), nach ndéanfaí aon laghdú eile i bpá na n-oibrithe sa tseirbhís phoiblí, múinteoirí san áireamh, ‘in the lifetime of this agreement.
bhí post mar mhúinteoir faighte agam I had a teaching job
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
a bhuíochas sin don mhúinteoir thanks to the teacher
" Mhaígh sí go raibh sí sa rang céanna ón am a chuaigh sí ann an chéad bhliain riamh; go raibh a cuid cairde uilig i ndiaidh bogadh suas go rang eile, ach go raibh sise i ndiaidh fanacht ag an leibhéal céanna i gcónaí, a bhuíochas sin don mhúinteoir a bhí aici, May Mac Ránais.
mhúinteoir bunscoile a national school teacher
" Ó chríochnaigh sé iarchéim san oideachas dhá bhliain ó shin tá Dara ina mhúinteoir bunscoile agus téann sé ag traenáil lena fhoireann club dhá oíche sa tseachtain agus ag an deireadh seachtaine bíonn seisiún traenála nó dhó aige nó cluiche.
mhúinteoir bunscoile national school teacher
" Rinne mé an Ardteist i scoil De La Salle i mBaile an Teampaill agus ina dhiaidh sin d’fhreastail mé ar Choláiste Phádraig, Droim Chonrach le traenáil mar mhúinteoir bunscoile.
mhúinteoir den scoth an excellent teacher
" Níl Yolanta Kruk ag foghlaim Gaeilge ach le cúpla bliain ach tá an-líofacht bainte amach aici, a bhuíochas sin ar mhúinteoir den scoth agus áiseanna iontacha idirlín.