Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
múnlaithe moulded
" Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O'Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.
a mhúnlú shape
" Stad mé de nós na humhlaíochta nuair a tháinig fís chugam go raibh gach aon bhómán agus liúdramán amuigh beo ar an chomhréiteach shochrach shóúil, gur lig siad d'fhorógra a bpáirtí a gcuid smaointe a mhúnlú.
barúlacha a mhúnlú to shape opinions
" Ní raibh sé ábalta barúlacha a mhúnlú i dtreo a pholasaithe féin agus chaill sé an cath ina pháirtí féin.
agus ár dtuiscint a mhúnlú and shape our understanding
" Sna suiteálacha *They're All the Same* (1991) agus *Same Difference *(1990) ardaíonn sé ceisteanna faoin tslí a dtig le teanga dul i bhfeidhm orainn agus ár dtuiscint a mhúnlú, sa chás seo íomhá meáin de bheirt a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA.
mhúnlú shaping
" Tá dream inár measc, áfach, nach bhfuil aon mhúnlú déanta ar a spiorad cruthaitheach agus a dtagann a gcuid ealaíne ó fhoinse iomasach.
le saothar Ballagh a mhúnlú to shape Ballagh's work
" Is cinnte gur chuidigh na blianta sin le saothar Ballagh a mhúnlú agus go raibh siad mar chroisbhealach ina shaol ó thaobh fealsúnachta agus dearcaidh de.
straitéisí an UUP a mhúnlú mar is mian leis féin to shape the strategies of the UUP as he desires
" Tá toradh dearfach a d'fhéadfadh a theacht as an choimhlint seo is déanaí: b'fhéidir go dtig le Trimble smacht a fháil ar an pháirtí agus straitéisí an UUP a mhúnlú mar is mian leis féin, gan a bheith ina phríosúnach ag an eite choimeádach.
múnlaithe shaped
" Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna? Tá tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla.
múnlaí moulds
" Is é an tslí a gcuirtear an pharáid le chéile ná go ndéantar múnlaí de choirp bhó as snáithín gloine agus iad ar lánmhéid (7 dtroithe ar fhad, 4 troithe ar airde agus 2 throigh ar leithead), ansin tugtar cuireadh d'ealaíontóirí, idir aitheanta agus amaitéaracha, as na tíortha éagsúla atá ag glacadh páirte sa pharáid iad a mhaisiú ar a ndóigh féin.
Tosaímid a mhúnlú ár n-ionchas we begin to mould our expectations
" Tosaímid a mhúnlú ár n-ionchas le cuidiú na bhfocal a léimid.
múnlaíonn siad ionchas an léitheora they shape the reader's expectation
" Is iad an bonn faoin saothar léitheoireachta iad; múnlaíonn siad ionchas an léitheora ó thús.
oibreoir oibreacha múnlaigh sewage plant operator
" Cé gur bhain post an phríomhoide scoile áit amach sa chuid uachtarach den liosta, ag #84, bhí post an mhúinteora i bhfad níos ísle ná sin, ag #164, áit amháin, díreach, faoin oibreoir oibreacha múnlaigh.
múnlaithe moulded
" 5 bpunt meáchain ann agus bhí an chéad deilbhín múnlaithe i gcré-umha agus ansin clúdaithe le hór 24 carat.
a lúbadh is a mhúnlú to bend and to shape
" In áit an córas a athrú, áfach, déantar iarracht na daltaí a lúbadh is a mhúnlú mar a tharla i gcás aíonna Phrocustes.
cé a mhúnlaigh sibh? who shaped you?
" **Balor:** Ar tháinig sibh faoi thionchar daoine speisialta? Nó cé a mhúnlaigh sibh? **CD:** Boc éigin sa tSín nó áit inteacht eile sa Chianoirthear a mhúnlaigh muid an chéad lá riamh.
a mhúnlaigh Haughey dó which Haughey shaped for him
" Eite nua I 1992, trí bliana déag tar éis ar luíodh isteach ar dhroim an Loingsigh leis an mbata a mhúnlaigh Haughey dó, tháinig eite “Country and Western” Fhianna Fáil, fá shirriamacht Albert Reynolds, chun cumhachta nuair a ghríosaigh bean Sean Doherty a fear chun an fhírinne d’insint.
múnlaí eile other models
" Tosófar ag cur múnlaí eile ina n-áit i gceann sé nó seacht de bhlianta, ach níor thosaigh Airbus nó Boeing, i ndáiríre, ag forbairt na n-aerlínéar nua fós.
múnlaithe ar chorp Gormley féin, modelled on Gormley's own body,
" In 2005 a tugadh "Another Place", an t-ainm cnuasaitheach atá ar na céadta deilbh múnlaithe ar chorp Gormley féin, ar an suíomh cois farraige ina bhfuil siad suite, agus is fáilte, a bhí idir chroíúil agus dhoicheallach, a chuir bunadh na háite rompu.
i múnlú na todhchaí sin. in the shaping of that future.
" Measaim gur féidir leis seasamh siar agus bheith bródúil as an bpáirt atá imeartha aige féin i múnlú na todhchaí sin.
rud éigin a mhúnlú to form something
" Teastaíonn uait rud éigin a mhúnlú le gur féidir a bheith dílis don lúbaireacht atá ionat.
múnlú shaping
" Ma tá lúbaireacht ionat agus rudaí casta taobh istigh ionat, is gá múnlú a dhéanamh ar an dteanga chun sin a chur in iúl.
a mhúnlú to mould
" Beidh leasuithe bunúsacha le déanamh ar mhodhanna cumarsáide na ngardaí, go háirithe má táimid le fórsa a mhúnlú a mbeidh ar a chumas aige dul i ngleic le fadhbanna nua-aoiseacha.
a mhúnlú, to shape,
" Níor mhór do na meáin Ghaeilge ról a imirt lena bhfuil i ndán a mhúnlú, seachas ról fulangach ag freagairt dó.
ag múnlú shaping
" Smaoiním ar a héirim cheoil agus samhlaím í sa stiúideo le ceoltóirí a banna, ag pleidhcíocht le smaointe ceoil, ag ceardaíocht, ag múnlú, ag fiosrú agus “African Mailman”*, *nó “He Needs Me”nó “You’ll Never Walk Alone*” *á seinm acu.
múnlaithe modelled, shaped
" ** Labhraíonn comhghleacaí dá chuid leis lá amháin faoi mhainicíní sileacóin, ar a dtugtar Real Dolls, atá múnlaithe i bhfíorchruth mná.
múnlaithe as miotal moulded from metal
" Chruthaigh sé saothar don Túr Teilifíse Žižkov i bPrág chomh maith dar teideal ‘Tower Babies’ inar thaispeáin sé leanaí, múnlaithe as miotal, ag déanamh a mbealach snámhach suas taobhanna an fhoirgnimh ar a nglúine agus a ar lámha.
mhúnlaigh mé moulded me
" Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
múnlaithe moulded
" Tá samplaí dá shaothar le feiceáil in Angel of the North, an figiúr tionsclaíoch ollmhór a amharcann síos ar an A1 ag Gateshead i Sasana agus Another Place - céad figiúr múnlaithe as miotal a amharcann amach ar an fharraige ó thrá Crosby.
mhúnlú to mould
" Bhí sé in ann an cloigeann a oibriú agus an rang go léir a mhúnlú dá thoil féin.
Mhúnlaigh shaped, moulded
" Mhúnlaigh sé sin, ní nach ionadh, aigne an aosa óig.
Múnlú moulding
" Múnlú Théarmaí na Smaointeoireachta Ach ná habair os ard nach é an ‘faisisteachas Ioslamach’ – cibé céard é féin – ach an Síónachas atá ina bhagairt is mó do shíocháin dhomhanda, nó is cinnte go gcuirfear frith-Sheimiteachas i do leith.
mhúnlaigh shaped, formed
" Iadsan a bhí in adharca a chéile, agus sa deireadh thiar thall, b’iadsan a mhúnlaigh an t-aontú deireanach.
múnlú cloiche moulding stone
" Cruthaíonn Michelangelo na figiúir sna picitiúir seo mar a bheadh sé ag múnlú cloiche.
múnlaithe moulded
" Dúirt an fealsamh Kierkegaard agus é ag machnamh ar an ábhar seo gurb é is file ann: > Duine míshona, a bhfuil a chroí réabtha ag buairt cheilte, ach a bhfuil a bhéal múnlaithe ar bhealach chomh speisialta sin, nuair a thagann osnaí agus olagóin amach as, go mbíonn binneas ceoil ag baint leo.
múnlú mould
" Chruthaigh sí íomhá di féin i staidéar colainne amháin a rinne sí, mar shampla, ina raibh múnlú anchumtha déanta aici le cuid mhór oscailtí béil agus cruthanna cíche.
múnlú a mould
" Óg is Aosta ====== Tá 300 figiúir déanta aige cheana féin agus iad ar fad bunaithe ar dhaoine áitiúla a bhí sásta ligint dó múnlú a dhéanamh ar a gcorp.
mhúnlaigh shaped
" Is iomaí polaiteoir in Éirinn a bheadh in éad leis sin! Agus ní ina thír féin amháin a bhfuil meas as cuimse ar an bhfear beag féasógach seo a mhúnlaigh cumhacht dhomhanda as tír a bhí, mar a déarfá, ‘ag forbairt’.
mhúnlaigh mé mar ealaíontóir shaped me as an artist
" “Ba é an t-am sin i mBéal Feirste a mhúnlaigh mé mar ealaíontóir”.
múnlaí moulds
" Agus cosúil leis an idirlíon baineadh úsáid as na meáin seo ar fad, na meáin chló san áireamh, chun pornagrafaíocht a dhíol is a scaipeadh! Bearnaí á Líonadh ========= Tá roinnt fiontraithe Éireannacha agus seanmhná uaisle na nuachtán ag baint trialach as múnlaí na meán eile cheana féin.
mhúnlaíonn mould
" Is an-suimiúil go deo é an dóigh a ghlacann pobal teanga le focail agus a mhúnlaíonn said na focail sin lena bhfuaimeanna dúchais féin.
An Múnlú the formative period
"An Múnlú ==== D'fhéadfadh Michael D saol sona acadúil a chaitheamh.
múnlaí eile other ways
" Tá méid áirithe le foghlaim chun na cláir seo a thuiscint is a úsáid i gceart ach is fiú go mór é seo a dhéanamh má tá tú ag iarraidh do chuid griangraf a úsáid i múnlaí eile.
múnlaithe moulded
" D’fhéadfaí a mhaíomh gur shíolraigh a chuid carthanacht dleathach as na tubaistí sin - gur leanbh de chuid na himeagla nó gur táirge den ár í - agus má shíolraigh, an léiríonn a chuid breithiúnais gur rud múnlaithe, deartha fiú an charthanacht sin? Rinne Wilde tagairt do ‘chneácha an ghráidh’ i De Profundis.
cé a mhúnlaíonn who forms
" Nach é sin a deirtear? Ach cé a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann? Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn dá mbeadh ainmneacha na “n-imreoirí” ar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn dá bharr? Dá mbeadh gach éinne “sofheicthe” nach ndéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos sibhialta ná mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé le “fíordhaoine” agus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach nó an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí? Chomh Sean leis na Cnoic ============== Ní rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh.
mhúnlú as a riocht moulded out of shape
" Tráth a bhfuil an daonlathas faoi bhrú, an tsochaí á scoilteadh, agus an cultúr a mhúnlú as a riocht ag fórsaí an domhandaithe, ní mór cuimhneamh gur mór an tionchar a imríonn foinse an airgid ar an ábhar a chraoltar nó a chuirtear i gcló.
Múnlaíodh was moulded
" Múnlaíodh a dearcadh polaitiúil i measc na mac léinn ar an eite chlé, san eagraíocht radacach ‘People’s Democracy’ a bhí ag iarraidh, ní hamháin a gcearta síbhialta do Chaitlicigh a bhaint amach, ach ‘Socialist Worker’s Republic’ a chur ar bun chomh maith.
mhúnlaigh shaped
" Eisean a labhair go líofa mar gheall ar na ‘better angels of our nature’, íomhá dar mhúnlaigh Lincoln as nath difriúil dar thairg a chomhairleoir William Henry Seward dhó in 1861.
Múnlaíonn agus treoraíonn na heachtraí óige seo sinn these childhood incidents mould and guide us
" Múnlaíonn agus treoraíonn na heachtraí óige seo sinn amach sa saol, mórán i ngan fhios dúinn féin is dócha, ach tá an-chuid daoine thart orainn sa saol, níos mó ná mar a shamhlaítear, atá gearrtha gonta i dtólamh.
Tá ailtireacht an Chruinntí múnlaithe the architecture of the Rotunda is designed on the lines
" Tá ailtireacht an Chruinntí múnlaithe de réir Eaglais an Adhlactha Naofa i Iarúsailéim agus ba í an chéad eaglais chiorclach a tógadh riamh sa Róimh í.
a mhúnlaíonn luacháil an earra seo which shape the value of this item
" Is mar earra coincréideach— ‘*it*’ —a deintear luacháil ar an ngrá go minic anois agus is iad fórsaí an mhargaidh a mhúnlaíonn luacháil an earra seo.
mhúnlú le haghaidh alt irise put into shape for an article in a magazine
" Tá oiread ábhar sa tsaol is féidir a scagadh, a scríobh agus a mhúnlú le haghaidh alt irise ar na saolta seo go dtig liom a mhaíomh go bhfuil mic léinn na meán millte.
mhúnlú ar bhealach aerach agus éagsúil to (re)mould in a gay and different way
" Níl a fhios go baileach ag Mulligan céard atá i ndán don imeacht amach anseo, ach go bhfuil sé i gceist aige an Ghaeilge agus cultúr an Ghaelachais a mhúnlú ar bhealach aerach agus éagsúil.
Múnlú moulding
" Múnlú intinn na glúine aníos inár ndiaidh a tharraing aird Bhreandáin Delap nuair a mheá sé oide na linne seo sa chóras oideachais.
Ní sinne a mhúnlaíonn an saol we aren’t the ones who shape the world
" Ní sinne a mhúnlaíonn an saol oiread is a shílimid, ach an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta, is baolach.
an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta computing shall shape us from now on
" Ní sinne a mhúnlaíonn an saol oiread is a shílimid, ach an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta, is baolach.
eagras atá ag múnlú bealaí nuála an organization which is moulding novel methods
" Chas Colm Mac Séalaigh le hAntoine Ó Coileáin, ceannaire Gael Linn, eagras atá ag múnlú bealaí nuála leis an nGaeilge a chur chun cinn le breis is glúin anuas agus atá áirithe anois ar na sé cheanneagras faoin gcóras nua maoinithe.
faoi mhúnlú d’iompar about the moulding of your behavior
" Sásta faoi mhúnlú d’iompar ceannach earraí ar líne? Tá bealaí againn le thú a chur ag ceannach! Is maith an aire an fhógairt a deir Roseanne Smith thíos faoi thaighde idirlín a rinneadh ar an bpobal.