Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
maíte stated
" Má dheimhníonn John Reid go bhfuil an sos cogaidh thart, tá sé maíte ag urlabhraithe dílseacha go dtabharfaidh sé sin *carte blanche* do dhílseoirí a rogha rud a dhéanamh, mar níl aon bhuntáiste acu a bheith ar shos cogaidh, mar dhea.
maíte claimed
" Ní raibh siad furasta a úsáid nó níor oibir siad i gceart agus, ar an tséala sin, theip orthu cloí leis an ghealltanas a tugadh fán éifeachtúlacht costais a bhí maíte le haois an idirlín.
maíte ar determinded
" Ní féidir an bá láidir le hÉirinn a shéanadh, áfach, ná leis an dream daoine a bhí brúite faoi chois a shroich Albain agus iad maíte ar shaol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus dá gclann.
maíte stated
" Tá sé maíte ag Rialtas na Breataine go sábhálfaidh an RPA £200 milliún agus measann an NIPSA go sábhálfar an t-airgead sin mar gheall ar chailliúint postanna.
maíte claimed
" Tá sé maíte ag Moon, mar shampla, gurb eisean an Meisias a d’fhill chun misean Íosa a chur i gcrích.
n-ábhar maíte agus ceiliúrtha cause for celebration or pride
" Dhá Thaobh an Scéil ============ Ní hé sin le rá go bhfuil gach gníomh agus eachtra a bhfuil trácht orthu sa leabhar ina n-ábhar maíte agus ceiliúrtha.
Is é ábhar maíte an CLG the cause for the GAA’s braggadocio
" Is é ábhar maíte an CLG faoin socrú seo go mbeidh ar chumas mhuintir na hÉireann i gcéin, go háirithe sa Bhreatain agus san Astráil, na cluichí úd a fheiceáil ‘beo’ (má tá siad sásta an táille chuí a íoc le Sky dar ndóigh) agus go mb’fhéidir go bhfeicfidh daoine eile sna tíortha sin cluichí na nGael á n-imirt agus go meallfaí lucht féachana breise i measc mhuintir na dtíortha úd.