Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mailíseach malicious
" Ach cruthaíodh sa deireadh gur rud mailíseach a bhí ann agus nach raibh aon bhunús leis an scéal go raibh an rud seo scaipthe ar nós galair i measc na bpolaiteoirí.
go mailíseach maliciously
" Ceaptar gur go mailíseach a lasadh 40 de na tinte agus go raibh gasúr naoi mbliana d'aois ciontach i gceann acu.
tionchar mailíseach malicious influence
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
bréaga mailíseacha malicious lies
" Tá na líomhaintí séanta go láidir ag Pell a dúirt gur bréaga mailíseacha atá iontu.
go mailíseach maliciously
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
go mailíseach maliciously
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
go mailíseach mioscaiseach míchéadfach maliciously, spitefully, ill-humouredly
" ” “Agus, ós ag caint dúinn ar *nuts*,” a dúirt Willie Beag Breathnach le Wille Beag Ó Daighdeal Dum Dee, agus é ag stánadh go mailíseach mioscaiseach míchéadfach ar Mháirtín Magoo Ó Cuilinn i rith an ama, “An bhfuil fírinne ar bith sna ráflaí seo atá ag dul thart?” “Ó tá siad fíor, agus níl dabht ar bith faoi ach go bhfuil teacht aniar millteanach san Eaglais Chaitliceach; go bhfuil na mílte ag liostáil sna sagairt agus sna mná rialta; go bhfuil an t-ainm Benedict ar gach darna gasúr a rugadh sa Rotunda le mí anuas agus JP ar an chuid eile acu; go bhfuil.
mailíseach malicious
" ” De bhrí go raibh an postáil seo chomh chomh mailíseach sin, bhain Bord Oideachais Shelby County úsáid as bac bogearraí chun a chinntiú nach bhféadfaí teacht ar RateMyTeachers.
buillí mailíseacha malicious blows
" Tá an bealach céanna á thógáil anois ag daoine a bhfuil buillí mailíseacha tugtha dóibh ar pháirceanna imeartha na tíre agus gan sásamh ceart á fháil acu, dar leo féin, ó údaráis CLG.
le buille beag an-mhailíseach dá ciotóg. with a small very malicious blow of her left jab.
" “*Blíp*! *Blíp! Blíp!* a Bhaloir,” ar sise go magúil, lách, carthanach, agus í ag síneadh Laoch na Litríochta ar fhleasc a dhroma le buille beag an-mhailíseach dá ciotóg.
ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi spreading malicious stories about him
" Chuir sé i leith na ngardaí go raibh siad ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi sna meáin chumarsáide cionn is nach raibh dóthain fianaise acu chun é a chúiseamh.
mailíseacha malicious
" Ach fós nuair a ciontaíodh é, níor gearradh ach fíneáil AU$2100 air, mar dúirt an breitheamh nach raibh aon fhianaise ann gur chuspóirí mailíseacha a bhí ag Assange, ach a mhalairt ar fad – nach raibh i gceist aige ach fiosracht intleachtúil amháin.
go mailíseach maliciously
" Agus an mhonalóg thart, stán Balor go mailíseach ar an ghuthán phóca, scríob sé a gheadán go gangaideach leis an ghléas, ansin a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile; dhruid sé an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
bileog mailíseacha malicious leaflets
" Ba iad a chuir amach an 40,000 bileog mailíseacha ag maíomh gur brathadóir a bhí i Naomi Long agus go bhfuair sí féin agus a páirtí réidh leis an *Union Jack*, a stróiceadh ó Halla na Cathrach, ráiteas chomh cóngarach do ghríosú chun foréigin agus a dtiocfadh leat a shamhlú.