Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bpríomhchomórtas the main competition
" Córas aisteach ======= Nach aisteach an córas atá ag an CLG? Leath nó mar sin de na foirne is fearr sa tír (níl ach dhá cheann déag i gceist - ábhar díospóireachta eile) a bheith caite i leataobh as an bpríomhchomórtas in achar cúpla seachtain.
príomhéileamh main demand
" "Measann an Bord go bhfuil an príomhéileamh ar sholáthar feabhsaithe leictreachais 110 kV ag teacht ó Leitir Ceanainn.
An phríomh-mhír the main item
" An phríomh-mhír ar an gclár gnó acu méadú deontais a bhaint amach agus caitear é sin ar thuarastail feidhmeannach nach bhfeictear i measc an phobail ó cheann ceann na bliana.
an phríomhdhuais the main prize
" Ba dheas bualadh le roinnt de chéad choiste Mhainistir na Féile, a bhuaigh an phríomhdhuais an chéad dá bhliain, ag ócáid ceiliúrtha a bhí againn ansin an mhí seo caite.
príomhimeachtaí main activities
" Cén obair a dhéanann Oidhreacht Chorca Dhuibhne anois? Seo iad na príomhimeachtaí: Clár cúrsaí Gaeilge do phobal Chorca Dhuibhne.
phríomhurra main sponsor
" Tá sé thar a bheith sásta gur chuir Foras na Gaeilge in iúl ag deireadh mhí Eanáir go raibh siad toilteanach a bheith mar phríomhurra ar an bhféile.
phríomhaidhmeanna main aims
" Ceann de phríomhaidhmeanna na féile ná "gnáthphobal" na hÉireann a mhealladh agus a spreagadh chun an méid Gaeilge atá acu a úsáid agus a úsáid chomh minic agus is féidir le linn na seachtaine sin agus ina diaidh.
príomhchuspóir main objective
" Is é príomhchuspóir an mhargaidh áirithe seo brabús a dhéanamh - ní thugann sé faic ar ais don phobal! Cad é ba chúis le gníomhaíochtaí John Rusnak? Bród? Nó ar mhian leis a bheith ina réalt sa chomhlacht? Saint chun níos mó airgid a shaothrú agus a chaitheamh? Nó cúis éigin eile? Níl a fhios againn, mar, fearacht na mboc mór in Enron, tá a bhéal dúnta ag Rusnack.
príomhdhualgais main responsibilities
" Ceann de na príomhdhualgais atá orainn le blianta beaga anuas ná feidhmiú mar cheann de na comhpháirtithe oideachais i dteannta na n-eaglaisí, an INTO agus Educate Together.
an príomhchéile comhraic the main opponent
" Le linn an fheachtais toghcháin anuraidh, ba é Francesco Rutelli (46), ceannaire an Pháirtí Radacaigh, an príomhchéile comhraic a bhí aige.
phríomhdhuais main prize
" An Ghaeilge ======= Tá an teanga Ghaeilge go láidir ag sean agus óg san oileán seo agus is mór an gradam dúinn gurb é Inis Oírr a bhuaigh an phríomhdhuais i gcómortas Ghlór na nGael i mbliana.
príomhionad siamsaíochta agus cultúrtha the main entertainment and cultural centre
" Is beag cumann áitiúil nach bhfuil áras dá chuid féin aige agus is minic gurb é áras an CLG príomhionad siamsaíochta agus cultúrtha an pharóiste nó an bhaile bhig.
phríomhthosaíocht main priority
" Dúirt an Príomhaire nua, Tony Blair, i 1997 go raibh "oideachas, oideachas, oideachas" mar phríomhthosaíocht ag Rialtas Pháirtí an Lucht Oibre agus gheall siad maorlathas agus saothar na múinteoirí a laghdú.
príomhamhrastach main suspect
" Ach is í Maria Franzoni an príomhamhrastach, cé go bhfuil sé ráite aici ón tús nach bhfuil sí ciontach.
phríomhchrainn taca main pillars
" Féachtar ar Celtic go minic mar cheann de phríomhchrainn taca an chultúir Éireannaigh-Chaitlicigh in Albain ach chomh maith leis sin chabhraigh an club le Caitlicigh a bheith níos rannpháirtí agus níos gníomhaí sa tsochaí.
phríomhaidhm main aim
" Agus mé ag tarraingt ar dheireadh mo bhliana Erasmus i Rennes i dtuaisceart na Fraince, ba í an phríomhaidhm a bhí agam ná smaoineamh ar shlite chun fanacht ansin.
an phríomhlaige the main weakness
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an chomhlacht? Is í an phríomhlaige a bhaineann le gnó na foilsitheoireachta Gaeilge ná go bhfuil fadhbanna le cúrsaí margaíochta agus dáiliúcháin agus tá sin ag cur srianta ar fhorbairt an chomhlachta.
An phríomhláidreacht the main strength
" An phríomhláidreacht atá againn ná go bhfuil foireann óg fhuinniúil againn agus go bhfuil aitheantas faighte againn i gcéin agus i gcóngar as ardchaighdeán ár gcuid foilseachán litríochta agus ceoil.
príomh-mhíbhuntáiste main disadvantage
" An príomh-mhíbhuntáiste ná nach féidir litreacha a sheoladh díreach ó Outlook Express.
phríomhcháilíocht main quality
" An phríomhcháilíocht a bhaineann leis na scannáin ná an chomhbhá atá le fáil iontu le daoine atá ag fulaingt.
príomh-mholadh main recommendation
" Is é an príomh-mholadh a rinne Abid Hussain ná go n-athrófaí an dlí le go mbeadh ar an gcúiseoir a chruthú gur bréag an méid a foilsíodh faoi, seachas go mbeadh iachall ar an bhfoilsitheoir a chruthú go raibh an méid a foilsíodh fíor.
príomhbhancanna main banks
" " Ba bhuntáiste mór é go raibh cúlra cuntasaóireachta chomh maith le cúlra dlí aige agus roimh i bhfad thosaigh na príomhbhancanna, leithéidí Anglo-Irish Bank agus AIB, ag tabhairt neart oibre dó.
príomhghléas beatha the main means of livelihood
" Sa tseansaol ba tháirgeadh aoil príomhghléas beatha na ndaoine ach tá deireadh leis sin anois.
phríomhshlí main way
" Muinín ======= Ach conas is féidir cleasanna mar seo a sheachaint? An phríomhshlí atá ag gnáthúsáideoirí chun suíomh a mheas ná an clú agus cáil atá air.
gur loic an príomhchraoltóir náisiúnta orainn that the main national broadcaster failed us
" Ach ní hamháin gur loic an príomhchraoltóir náisiúnta orainn maidir le fógraíocht do pháistí, ach tá sé ag loiceadh go leanúnach orainn maidir le hábhar na gcláracha féin.
príomh-mholadh main recommendation
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
a príomhghrá her main love
" Oibríonn sí mar dhearthóir ina comhlacht féin, One Source Graphics, ach is í an Ghaeilge a príomhghrá.
a príomhghrá her main love
" Oibríonn sí mar dhearthóir ina comhlacht féin, One Source Graphics, ach is í an Ghaeilge a príomhghrá.
príomhpháirtithe main partners
" Is ón bhFionlainn, ó Phoblacht na Seice, ón gCatalóin agus ón mBreatain Bheag do na príomhpháirtithe, agus tá lámh ag ILÉ (Idirmhalartán Litríochta Éireann) san obair freisin.
an dá phríomhchomórtas a bhuachaint to win the two main competitions
" Léirigh an dá chontae sin gur féidir éacht a dhéanamh agus an dá phríomhchomórtas a bhuachaint nuair atá foireann den scoth i gceist.
na príomhfheasacháin nuachta the main news bulletins
" Comhtharlúint, nó díreach in am do na príomhfheasacháin nuachta ar chósta thoir na Stát Aontaithe? "Éirí amach" Bhasra.
príomhaidhmeanna main aims
" Sin iad príomhaidhmeanna Údarás na Gaeltachta, agus muna féidir leo cabhrú linne is deacair a thuiscint cé leis a chabhródh siad.
príomhsheó main show
" * Gluais • Glossary sprioctarget ní túisce anseo thúno sooner are you here iontach slachtmharvery tidy beathalife mórphearsa ficsingreat fictional character dílleachtaorphan sa tsraithin the series uaighgrave an oiread is siolla amháin dá shaotharnot even a syllable of his work oilithreachtpilgrimage clúiteachrenowned a mhaíomhto boast iarsmalannmuseum tairgtear camchuairteannatours are offered bantreoraífemale guide díomhaoinidle ag blaiseadh den saolgetting a taste of the life troscánfurniture sprúillí mionsonraíochaminor fragments col ceathrachacousins ní chónaíodh Montgomery féin ann riamhMontgomery himself never used to live in it adhlacthaburied i do chomhchuairteoiríin your fellow-visitors iad a rangúto categorise them SeapánaighJapanese díograiseachenthusiastic searmanasceremony a fhiafraí deto ask dúilliking luachannavalues chomh patuar intias apathetic towards her smidword, syllable carrchlóscarpark mionsamhailminiature éalúescape proinntitherestaurants camchuairt oidhreachtaheritage tour baiste asnamed after a cuid pearsanher characters bunchlochfoundation-stone straitéis mhargaíochtamarketing strategy uimhirphlátaínumber plates gléastadressed príomhsheómain show Oileánaighisland-people mórtasach asproud of dúchasachnative mangairísellers ollúna mórluachachaself-important professors tionscalindustry débhríochambiguous bréan den ealaín ar fadsick of the whole carry-on tuairiscítearit is reported frith-Anneanti-Anne Is stáitsíodh an t-ilsiamsa AnnekensteinAnd the variety show Annekenstein was staged fonóidmockery d'íomhá fholláin Anneof Anne's clean image casadhtwist is barrúlafunniest cúiseamhaccusation leispiachaslesbianism (chuir sí(she nuair a d'áitighwhen she argued comhdháilconference leispiachas folaithehidden lesbianism cairdeasfriendship cumann leispiach nár cuireadh i gcríchunfulfilled lesbian love oirirceminent flúirse tagairtílots of references homa-anghráchhomo-erotic traidisiúnaithetraditionalists ábhar a stoitheadhto take material comhthéacscontext náireachshameful scannalachscandalous nach bhfuil bun nó barr leiswhich has no basis i dtólamhalways treoraí ar leitha separate guide na sluaite leispiachathe crowds of lesbians díoltas DéGod's revenge mallaithedamned go mear ocrachquickly and hungrily páirc mhór siamsaíochtaa big amusement park tithe itheacháineating houses tuirlingtto alight ar an drochuairunfortunately níl tásc nó tuairisc arthere is no sign of ag foghlúplundering ag creachlooting fáilteachwelcoming go gealgháireachcheerfully le teann diabhlaíochtaout of devilment sé glúinesix generations dubh le turasóirípacked with tourists cárgrimace níos féile ó thaobh síntiúis láimhe demore generous when it comes to tips oineachhonour freastalaíwaitress babhla seabhdairbowl of chowder ciseán bonnóg is craicéira basket of scones and crackers féachaint an bhfuil aiste ar an iasc sa linn bhainneto see if the fish are taking the bait in the pool of milk diúilicínímussels breallachclam portáncrab gliomachlobster trosccod róshrónachtoo nosey meascthamixed glasraívegetables diúgann tú an t-anraithyou drain the soup an braonán blasta deiridhthe last tasty droplet
an phríomhchuid the main part
" Anois agus an phríomhchuid den chogadh san Iaráic thart, tá roinnt mhaith de na hiriseoirí a bhí "neadaithe" le harm na Stát Aontaithe ar a slí abhaile - agus is cinnte go mbeidh na heagraíochtaí nuachta a chuir ann iad ag súil go dtiocfaidh a gcuid fón daor satailíte abhaile leo freisin.
phríomhaidhm main aim
" Cá huair a bunaíodh Dáil Uladh agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Dáil Uladh go hoifigiúil sna 1980í nuair a tháinig daoine ó cheantar Chloich Cheann Fhaola agus Aontroim Thuaidh le chéile agus é mar phríomhaidhm acu úsáid na teanga a spreagadh.
phríomhchúis main reason
" "An mbeidh Bolton Wanderers sa Premiership an séasúr seo chugainn?" - b'in an phríomhchúis go raibh aird na meán cumarsáide dírithe ar an bhaile seo i Lanchashire, go dtí an lá deireanach de mhí an Aibreáin nuair a scaoileadh roinnt piléar le teach theaghlach Adair go moch ar maidin.
ár bpríomhfhoinse uisce our main source of water
" "Is é an tobar seo ár bpríomhfhoinse uisce.
bhunaidhm main aidhm
" Tá grúpaí ar nós Taisce Árainn Teoranta agus Comharchumann Árainn Mhór ar a ndícheall ag iarraidh infrastruchtúr turasóireachta a chruthú don oileán agus tá forbairt na turasóireachta cultúrtha mar bhunaidhm acu.
na príomheagraíochtaí feirmeoireachta the main farming organizations
" Níorbh aon iontas é, ar bhealach, go mbeadh na príomheagraíochtaí feirmeoireachta míshásta leis an leasú ar an gComhbheartas Talmhaíochta.
príomhurraí main sponsors
" Is é Bailey's, an comhlacht dí, príomhurraí an taispeántais agus beidh an brabach ag dul chuig Pobal Shíomóin (carthanacht do dhaoine gan dídean) agus The Jack and Jill Trust (a chuidíonn le páistí atá faoi mhíbhuntáiste).
ar phríomhshráid an tsráidbhaile dhomhanda on the main street of the global village
" Ach cé go bhfuil gluaiseacht bheag tosaithe i dtreo na n-ainmneacha as an ngnách seo, teastaíonn ó gach duine a bheith ar phríomhshráid an tsráidbhaile dhomhanda.
an phríomhlaige the main weakness
" Is gnách go mbíonn comhlachtaí beaga ag brath an iomarca ar láidreachtaí na mbunaitheoirí - agus sin í an phríomhlaige a bhaineann leo.
mórábhar main subject
" Rinne mé staidéar ar an Bhreatnais - ní ar an Ghaeilge - ach ba é an stair an mórábhar a rinne mé don chéim," arsa Aled.
na príomhimeachtaí oideachasúla the main educational activities
" Ina dhiaidh sin, caithfimid tús a chur leis na príomhimeachtaí oideachasúla don aos óg: campa samhraidh do na páistí bunscoile agus scoil samhraidh do na daltaí meánscoile (le haitheantas ón chóras oifigiúil oideachais).
an príomhpháirtí aontachtach the main unionist party
" Cailleadh suíochán ======= Ach ní cearrbhach ar bith é David Trimble, ainneoin go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil i ndán don UUP ach cailleadh suíochán agus teacht i réim an DUP mar an príomhpháirtí aontachtach.
an phríomhdhuais the main prize
" Bhí a thuismitheoirí an-bhródúil as nuair a bhain sé an phríomhdhuais, Sciath Mhanann, ag Cruinnaght Aeg (Cruinniú Óg), an fhéile bhliantúil, i mí Iúil i mbliana.
mo phríomhfhreagracht my main responsibility
" Go bunúsach, is é mo phríomhfhreagracht ná an Ghàidhlig a chur chun cinn sa chomhphobal thar ceann na Pàrlamaid.
príomhaidhmeanna main aims
" Is iad príomhaidhmeanna na scoile ná "An Ghaeilge a mhúineadh agus feidhm fhairsing a bhaint aisti mar theanga bheo".
an phríomhchúis the main reason
" Tá daoine ann a deir gurb é an phríomhchúis ar tharla sé seo ná gur rug comhlachtaí ceirníní Stát Aontaithe Mheiriceá ar mhargadh mór na Gearmáine ó 1945 ar aghaidh.
phríomhlaige main weakness
" An phríomhlaige ná nach féidir linn freastal ar níos mó grúpaí ná tacaíocht bhreise a thabhairt do na scoileanna agus do na hógchlubanna.
príomhchomhairleoir main advisor
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
phríomhbhéim main stress
" Bíonn an phríomhbhéim i gcónaí ar an gcéad siolla, agus is é an rud is deacra ar fad don eachtrannach ná an diabhal comhartha sin, an hácek (rud a bhunaigh an fear leasaithe creidimh sin, Jan Hus, i scríobh na teanga) agus feictear litreacha mar š sa teanga.
phríomhchaisleán Normannach the main Norman castle
" I gcás an óstáin seo, atá á thógáil chomh cóngarach sin do phríomhchaisleán Normannach na tíre, níor thug an tAire cead dá oifigigh cás a dhéanamh ina choinne, cé go raibh sé ráite ag an tSeirbhís Oidhreachta go raibh sé "adverse and unacceptable" agus "inappropriate in this highly-sensitive location".
phríomhshiombail main symbol
" De réir mar a tháinig an Chríostaíocht i réim in iarthar na Eorpa, aithníodh an céasadh, ar amharcadh air mar mhodh uiríslithe ag am amháin, mar phríomhshiombail an creidimh nua.
phríomhaidhm main aim
" D'fhreastail mé féin ar an scoil chéanna mar dhalta! AÓF: An gceapann tú go leagtar dóthain béime ar an gceol traidisiúnta sa gcuraclam? SJW: Cé go bhfuil sé mar phríomhaidhm sa churaclam an ceol traidisiúnta a chur chun cinn sa tseomra ranga, sílim go mbeadh sé níos oiriúnaí curaclam ceoil na scoileanna a bheith bunaithe díreach ar an gceol traidisiúnta.
an phríomhdhuais the main prize
" Bhain siad an phríomhdhuais i gcomórtas Fhéile Ceol Tíre Idirnáisiúnta Leitir Ceanainn faoi dhó sna seachtóidí.
an phríomhuirlis the main instrument
" Do b'í an fhliúit an phríomhuirlis a bhí á staidéar agam ann.
príomh-mholadh main recommendation
" Ba é príomh-mholadh an Bhreithimh Kenny ná gur chóir go gceannódh údaráis áitiúla talamh athchriosaithe ar 25% os cionn an "existing use value", ach sin uile.
an dá phríomhshaghas caimiléireachta the two main types of swindling
" Cuireann an teicneolaíocht seo ar chumas na mbanc agus comhlachtaí cártaí creidmheasa déileáil leis an dá phríomhshaghas caimiléireachta a tharlaíonn i siopaí: cóipeáil mhídhleathach na gcártaí féin agus daoine a bheith á n-úsáid go mhídhleathach, ag ligean orthu gur leo cártaí goidte.
príomhchathair na nAisticeach the main city of the Aztecs
" Tháinig misinéirí na hEaglaise Caitlicí go Meicsiceo go luath i ndiaidh do na Spáinnigh Tenochitlan, príomhchathair na nAisticeach, a chur faoi chois sa bhliain 1523, faoi cheannasaíocht Hernán Cortés.
príomhpháirtithe the main parties
" Cuidíonn sé, ar ndóigh, nach bhfuil ag éirí leis na príomhpháirtithe daoine óga a mhealladh chucu féin.
phríomtheanga main language
" Is amhlaidh a bhí an Ghaeilge á labhairt mar phríomtheanga na ndaoine ann go dtí tús na 20ú haoise.
príomhrudaí main things
" **Rithim:** Ceann de na príomhrudaí a théann i bhfeidhm ar an éisteoir nuair a thosaíonn duine ag portaireacht ná rithim an cheoil.
príomhchúiseanna main reasons
" Seo ceann de na príomhchúiseanna go bhfuil titim san ioncam turasóireachta.
príomhthiománaí na veain the main driver of the van
" Chomh maith leis sin, tá ceann des na ranganna oíche do dhaoine fásta á mhúineadh agam agus is mise príomhthiománaí na veain atá ceannaithe againn.
phríomhócáid chultúrtha na bliana the main annual cultural event
" Go díreach mar atá Oireachtas na Gaeilge ag Gaeil na hÉireann mar phríomhócáid chultúrtha na bliana, tá a mhacasamhail ag na Breatnaigh fosta, is é sin an tEisteddfod.
príomhdhuais liteartha main literary prize
" Is é Uachtarán an Chomuinn a bhíonn ina bhun seo, ag bronnadh gradaim - príomhdhuais liteartha na nGael - ar an té a chum an dán is fearr an bhliain sin.
an príomhsprioc the main target
" Ach an príomhsprioc a bhí againn ná grúpaí a bhunú thart timpeall an tuaiscirt a bhí ar aon intinn linn.
príomhrud main thing
" Nuair a bhíonn tú páirteach i gcomórtas, cad é an príomhrud a bhíonn ag rith trí d'intinn? CÓCC: An príomhrud a bhíonn ag rith trí m'intinn agus mé ag glacadh páirte i gcomórtaisí amhránaíochta ná cén fáth go bhfuilim ansin.
phríomhdhuais main prize
" B'in bua don Taoiseach agus do cheannaire an fhreasúra, Enda Kenny, araon, ach anois tá orthu dul in iomaíocht lena chéile don phríomhdhuais.
na mórpháirtithe polaitíochta uilig all the main political parties
" Ach seacht mbliana níos déanaí, tá na mórpháirtithe polaitíochta uilig sásta go bhfanfadh sí sa phost ar feadh seacht mbliana eile.
phríomhchuspóir main objective
" Ní raibh riamh oiread gá ag an tír seo le díospóireacht, a scrúdódh buncheisteanna ar nós, ar chóir leanúint ag príobháidiú comhlachtaí Stáit; ar chóir go mbeadh ísliú cánach mar phríomhchuspóir i gcónaí; an bhfuil seasamh na tíre seo i leith chogadh na hIaráice mar ba cheart, agus mar sin de.
príomhbhóithre réigiúnacha main regional roads
" An múnla a bhí ag Bus Éireann - seirbhísí teoranta ar chuid de na príomhbhóithre réigiúnacha - níor fheil sé do phatrún lonnaíochta na tuaithe, agus ní raibh daoine in ann úsáid cheart a bhaint as na seirbhísí dá bharr.
phríomhaidhm main aim
" An phríomhaidhm atá agam mar mhúinteoir ná cur ar chumas na bhfoghlaimeoirí an Ghaeilge a úsáid go muiníneach nuair a bhuaileann siad le cainteoirí eile.
phríomhthéama main theme
" Nuair a d'fhógair Howard ag deireadh mhí Lúnasa go mbeadh toghchán ann, dúirt sé go mbeadh an mhuinín mar phríomhthéama an toghcháin sin.
faoin bpríomhamharclann under the main theatre
" " Le linn dó bheith san Amharclann Náisiúnta, bhíodh Ray bainteach le hAmharclann na Péacóige, atá suite thíos faoin bpríomhamharclann.
trí phríomh-chúram three main responsibilities
" "Tá trí phríomh-chúram ar an eagras," a deir Goggin.
príomhchuspóir main aim
" Deirim íoróin mar gurbh é príomhchuspóir an chuimhneacháin uafás an uileloiscthe a chur i gcuimhne na ndaoine, leis an dóchas nach ligfimid i ndearmad go deo scála na tubaiste sin ná an marc dorcha a d'fhág sé ar anam an chine dhaonna.
príomheagraíochtaí Gaeilge the main Irish language organisations
" An peaca marfach é seo a rá? An bhfuil seans ann go raibh an bealach oibre a d'úsáid Foras na Gaeilge le cúpla mí anuas, agus a chothaigh oiread conspóide, go raibh sé ceart? Nach bhfuil orthu bheith údarásach agus seiftiúil le hathruithe a bhaint amach? Tá na struchtúir chéanna agus na bealaí oibre céanna ag na príomheagraíochtaí Gaeilge le blianta fada anois agus b'fhéidir go bhfuil sé in am don Fhoras iad a spreagadh le hathruithe radacacha a chur i bhfeidhm.
curtha faoin phríomhaltóir buried beneath the main altar
" Tógadh an séipéal atá ann anois sa dara haois déag agus tá San Frediano curtha faoin phríomhaltóir.
Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile! Isn't the starter often better than the main course!
" ” “Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile!” a d’fhreagair Aindí.
saothair phríomhstiúrthóirí a linne the works of the main directors of their era
" Go minic, nuair a léann tú agallaimh le stiúrthóirí cáiliúla scannán, maíonn siad gur spreagadh iad le dul i mbun scannánaíochta tar éis dóibh saothair phríomhstiúrthóirí a linne a fheiceáil.
gurb í an príomh-theanga labhartha í that it is the main spoken language
" Ní féidir le duine ar bith a rá a thuilleadh gurb í an príomh-theanga labhartha í i measc an aoisghrúpa ar a dtugtar déagóirí.
phríomhéileamh main demand
" Níl dabht ach go bhfuil seo ag brath go mór ar Rialtas na Breataine géilleadh do phríomhéileamh Shinn Féin, gur rialtas Stormont a bheidh i gceannas ar chúrsaí dlí agus cirt agus cúrsaí slándála na Sé Chontae agus nach mbeidh seirbhísí rúnda ar nós MI5 agus MI6 ag rith cúrsaí mar atá faoi láthair.
príomhláidreacht main strength
" Is é príomhláidreacht na Gaeltachta ná an cultúr sainiúil atá ansin, nach bhfuil caomhnaithe chomh maith céanna in aon áit eile.
príomhdhualgas main duty
" airgead fuascailteransom go scaoilfear saor ansin íthat she will be freed then fuadaitheoiríkidnappers cinnte dearfaabsolutely sure á mbailiú acubeing collected by them aon bhlúirí fianaiseany pieces of evidence grianghrafadóiríphotographers príomhdhualgasmain duty cuir fios ar an dochtúircall the doctor tuairim isaround imeachtaíevents feighlícarer chomh cróga agus a bhí ar a cumasas brave as she could gan gíog ná míog aistiwithout a peep out of her ag impí orthubegging them thairg sé é féinhe offered himself i m’ionadsain my place a leicneher cheeks d’fháisc chuici iadshe pulled them closely to herself crógabrave
príomhscairshealbhóirí the main shareholders
" Rómhall a thiocfaidh an t-athbhreithniú seo do mhuintir Ros Dumhach, áfach, mar gur sa phuball céanna sin i 1998 a thosaigh iar-Aire na Mara, Frank Fahey, agus a chairde ag cuimilt boise le feidhmeanaigh Enterprise Energy Ireland - na príomhscairshealbhóirí sa tionscadal gáis sula ndearna Royal Dutch Shell táthcheangal orthu.
os cionn na bpríomhbhóithre above the main roads
" Deirtear gur féidir é a thógáil 50 troigh os cionn na bpríomhbhóithre atá ann cheana féin, chun nach gá talamh nua a cheannach.
cheann de phríomhspriocanna na comhdhála one of the conference's main aims
" Tá sé mar cheann de phríomhspriocanna na comhdhála fiosrú a dhéanamh faoi mhodhanna nua chun airgead stáit agus Eorpaigh, agus urraíocht ó chomhlachtaí príobháideacha, a nascadh lena chéile ionas gur féidir tionscadail ar chaighdeán idirnáisiúnta a chur sa tsiúl.
príomhurra main sponsor
" ” Is é Gaelsaoire príomhurra an chomórtais nua agus beidh Gael Linn ag cur le luach an duaischiste.
ag tagairt do phríomhaidhm an tionscadail referring to the main aim of the project
" org)), agus é ag tagairt do phríomhaidhm an tionscadail.
os cionn na bpríomhbhóithre above the main roads
" Deirtear gur féidir é a thógáil 50 troigh os cionn na bpríomhbhóithre atá ann cheana féin, chun nach gá talamh nua a cheannach.
príomháis main facility
" Gan mórán amhrais, is í Páirc Náisiúnta Kruger príomháis na tíre ó thaobh na turasóireachta de.
príomhaidhmeanna main aims
" AÓF: Cé a smaoinigh air agus cén aidhm a bhí leis? SMP: Smaoinigh mé féin air i dtosach agus na príomhaidhmeanna a bhí agam ag an am ná ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil Shéamuis Mhic Aonghusa agus oidhreacht chultúrtha Fhine Gall a nochtadh.
príomhurraí main sponsors
" AÓF: Cén áit a bhfaigheann sibh maoiniú don tionscadal? An bhfuil dóthain airgid agaibh? SMP: Is iad Comhairle Chontae Fhine Gall príomhurraí an ionaid.
príomhimeachtaí main events
" AÓF: Cén saghas ócáidí a bhíonn ar bun ann? An bhféadfá príomhimeachtaí na bliana seo caite a lua.
príomhimeacht main event
" AÓF: Cén saghas ócáidí a bhíonn ar bun ann? An bhféadfá príomhimeachtaí na bliana seo caite a lua.
phríomhcheist main issue
" Sa bhliain 2010, bhí an comaitéar i mBaile Átha Cliath ag taisteal breis is uair an chloig gach maidin ar an meán agus breis is uair eile gach tráthnóna, agus bhí an córas iompair mar an phríomhcheist sa toghchán an bhliain sin.
príomhthionscal main industry
" ” Ach ní hí an fheirmeoireacht príomhthionscal Wisconsin níos mó, cé go bhfuil cáil fud fad Mheiriceá air mar gheall ar a tháirgí ó thionscal na mbeithíoch: cáis agus feoil.
phríomhchúram main responsibility
" Caomhnú ceoil agus seanchais an cheantair atá mar phríomhchúram fhoireann na Cartlainne.