Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
maisiú adornment
" Tá an SDLP ag iarraidh rudaí a bhaint amach taobh istigh den Bhord Póilíneachta - ina measc, deireadh le húsáid piléar plaisteach, cód eiticí do bhaill an phéasfhórsa úir, straitéis oideachais, traenála agus forbartha, córas measúnaithe d'achan oifigeach agus athruithe i gcuma agus i maisiú stáisiún péas.
lámh-mhaisiú manicures
" Bíonn rudaí deasa réchúiseacha ar fáil saor in aisce, mar theiripe cumhrachta, cóiriú gruaige agus lámh-mhaisiú, agus roinnt eolais faoin oideachas fosta.
ag maisiú decorating
" Bhí téama fomhuirí sa chaife seo agus saothar mór caite ag maisiú na háite.
clocha maisithe decorated stones
" Ar Oileán Gavrinis, tá carn agus clocha maisithe ann atá cosúil le Brú na Bóinne, agus tá méid mór dolmainí achan áit, na dolmainí fada a dtugtar *allées couvertes *orthu san áireamh.
maisithe adorned
" Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna? Tá tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla.
maisithe decorated
" Sa halla iontrála, tá na ballaí maisithe le duaiseanna ailtireachta de chuid an RIAI ó na nóchaidí, gradaim a thuill dhá ionad sa cheantar, The Ark agus The Viking Centre (nach maireann).
maisithe decorated
" Tá na gnéithe éagsúla dá shaol le feiceáil san oifig: tá na fallaí maisithe le pictiúir a tharraing a chuid páistí, tá an giotár sa chúinne, dhá dhlúthdhiosca - Bob Dylan agus Norah Jones - ar an mbord agus graificí óna thionscadal teilifíse is déanaí, "Katie agus Rookie", crochta in aice lena dheasc.
maisithe decorated
" Bhí na hoifigí maisithe go maith agus fuinneoga móra iontu, agus bhí cistin dheas sa choirnéal.
maisithe adorned
" Tá foirgnimh an *Campo* uilig an-mhór, maisithe agus bán lonrach, déanta as marmar agus eibhear.
dea-mhaisithe nicely-decorated
" Ag leibhéal na sráide, tá mórán siopaí beaga áille dea-mhaisithe, ag díol éadaí costacha, seoid agus seacláide.
dea-mhaisithe nicely-decorated
" Foirgneamh galánta dea-mhaisithe atá ann, agus tá scéalta an-suimiúla bainteach leis.
Uaimh mhaisithe grotto
" Uaimh mhaisithe atá i gceist, fuarán ina lár, agus é á choinneáil suas ag dealbha nochta.
ag maisiú bhallaí a thí adorning the walls of his house
" "Is breá liom a bheith ag iascaireacht, ag siúl cois cladaigh, ag seoltóireacht," a deir sé, agus tá pictiúir de húicéirí gleoite na Gaillimhe ag maisiú bhallaí a thí.
díonta maisithe adhmaid decorated wooden roofs
" Tá stallaí ársa snoite an chóir le feiceáil ann, agus díonta maisithe adhmaid.
maisithe decorated
" Fuarthas 64 cloch maisithe freisin.
earraí gloine maisithe decorated glassware
" Ina measc, tá coisbheart, seodra, earraí gloine maisithe agus fíocháin.
earraí gloine maisithe decorated glassware
" Ina measc, tá coisbheart, seodra, earraí gloine maisithe agus fíocháin.
maisithe decorated
" Tá seomra amháin san ionad oidhreachta atá maisithe mar theach fada Lochlannach, a thugann blaiseadh dá gcultúr.
maisithe decorated
" Tá seomra amháin san ionad oidhreachta atá maisithe mar theach fada Lochlannach, a thugann blaiseadh dá gcultúr.
maisithe decorated
" Tá seomra amháin san ionad oidhreachta atá maisithe mar theach fada Lochlannach, a thugann blaiseadh dá gcultúr.
lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil illuminated manuscripts of the Gospels
" Tá comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
le clúdaigh albam a mhaisiú to adorn album covers
" I measc na ndaoine a roghnaíodh le clúdaigh albam a mhaisiú, bhí an t-aisteoir Yootha Joyce (“George and Mildred”) agus an dornálaí Cornelius Carr.
mar mhaisiú as an adornment
" Tá sé de nós ag cuid dá lucht leanúna a shloinne a bheith mar mhaisiú ar gheansaithe a rogha foirne – Man United, Ceiltigh Ghlaschú, Éire, Sasana – mar a bheadh ainm imreora ann.
maisithe le bratacha na heagraíochta adorned with the organisation's flags
" Ní raibh iontas orm a léamh sna meáin go raibh seomra príobháideach ag an UVF sa Derry Club, a bhí maisithe le bratacha na heagraíochta, mar tá mé ag gearán faoin áit chéanna le beagnach 20 bliain anuas.
maisithe le bratacha decorated with flags
" Bhí an 12 Iúil ag teacht, nuair a cheiliúrann dílseoirí Cath na Bóinne, agus bhí an caisleán maisithe le bratacha.
maisithe decorated
" Níl a dhath níos deise lá fuar geimhridh agus sneachta ar an talamh ná a bheith ar seachrán san áit iontas seo, a bhíonn maisithe go galánta agus lasta ag soilse beaga Nollag.
á mhaisiú improving it
" Bheir sé mórtas dúinn a ndéanfaimid agus is mór againn lorg ár láimhe ar ghné éigin sa timpeall, á mhaisiú is á mhóradh.
maisithe decorated
" Bhí fiú na sráidbhailte is lú maisithe le bratacha Briotanacha agus dílseacha, mar aon le múrmhaisiúcháin.
maisithe decorated
" Tá na painéil maisithe le sreang dheilgneach agus míreanna gearrtha as páipéir nuachta chomh maith le portráidí de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola, graffito de shaighdiúr Sasanach, radharcanna sráide as ceantar dílseach i mBéal Feirste agus pictiúr d’amhrastach IRA scaoilte.
maisithe decorated
" Bhí an teach ar fad maisithe go costasach le bláthannaí móra ildaite, agus cúpla dosaen buidéal fuisce leagtha ar na boird i gcomhair an tslua.
maisithe le grianghraif decorated with photos
" Tá an leabhar maisithe le grianghraif ó cheamara an údair féin agus leis an Airgintíneach Marcelo Biglia.
an maisiú gutha voice ornamentation
" Bhí an maisiú gutha go forleathan inti, maisiú a fheidhmíonn de réir mar is rogha don amhránaí é.
maisithe stáitse éagsúla various stage sets
" San ionad adhfhuafar sin a d’eagraigh sé oícheanta taibhsiúla go rialta, é i mbun turgnamh le soilse, guthanna/fuaimeanna agus maisithe stáitse éagsúla; mhair na seónna sin ar feadh sé bliana agus ní nach ionadh, nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh Robertson in ann taibhsí na marbh a thabhairt ar ais ar an saol agus dul i mbun cainte arís os comhair lucht féachana.
maisithe go gleoite beautifully festooned
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.