Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
roinnt foirgneamh maisiúil some decorative buildings
" Feiceann muid sruth saorga, agus roinnt foirgneamh maisiúil, ina measc áit an-aisteach darb ainm an “*nymphaeum*”.
gléasta go maisiúil dressed glamorously
" Bíonn an teiripeoir seo gléasta go maisiúil, mar a bheadh amhránaí ceoil tuaithe ann.
maisiúla elegant
" Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.
maisiúil elegant
" Agus bhí an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach.
teach tionóil maisiúil an elegant meeting house
" Scríobh an ministir Protastúnach, John Grant, go raibh teach tionóil maisiúil ag an sagart Caitliceach, ach bhí a mhalairt aige féin: teach a raibh fuinneoga briste ann.
cheap maisiúil an ornate block
" Rug mo dhuine greim ar cheap maisiúil adhmaid.
go maisiúil elegantly
" Sheas beirt bhan óg ar thairseach an tí agus iad gléasta go maisiúil.
giota beag maisiúil ar thaobhlíne a nice little addition on the periphery
" Tá cluainire de Phríomhfheidhmeannach, Charles (Bruno Todeschini, soifisticiúil, síodúil, dathúil – teaspeántas sármhaith) ag iarraidh go mbeadh sí ina giota beag maisiúil ar thaobhlíne a ego féinig.
sárthaispéantas a chruthú bunaithe ar na healaíona maisiúla to create a magnificent exhibition based on the fine arts
" Bunaíodh an Biennale i 1895 le deis a thabhairt do thíortha an domhain sárthaispéantas a chruthú bunaithe ar na healaíona maisiúla agus inniu tugann an Biennale ardán do shaothar nua-aimseartha a chuimsíonn achan chineál bhlais agus dearcaidh.