Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
maistíneachta devilment
" Níor shíl sí riamh go mbeadh sí ag crothnú a chuid maistíneachta ach thuig sí anois go mbeadh.
a leithéid de mhaistíneacht that sort of bullying
" Déanann a leithéid de mhaistíneacht beag is fiú den imní atá ar dhaoine áirithe faoin luas lasrach - seachas éabhlóid nádúrtha a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát – atá faoi Aontas na hEorpa le scór bliain anuas.
den mhaistíneacht bullying
" Ní raibh i marú lucht léirsithe sna caismirtí a bhí ar siúl le déanaí sa Tibéid ach sampla eile den mhaistíneacht agus den ansmacht atá ar bun ag an tSín ansin le fada, idir phríosúnú, chéasadh, chinsireacht, shárú saoirsí bunúsacha agus aimridiú ar mhná i gcoinne a dtola.
faoi chúrsaí maistíneachta about matters of bullying
" Fritheadh fosta gur bhraith gasúirí go raibh sé níos fusa labhairt le fir faoi chúrsaí maistíneachta agus faoi fhadhbanna chaithreachais.
maistíneacht leanúnach continual bullying
" Cleachtaíonn a chompánaigh scoile maistíneacht leanúnach air.
i ndólás na maistíneachta in despair from the (latest) bullying
" Níos déanaí isteach sa scéal, nuair nach bhfuil a fhios fós ag Oskar gur vaimpír í - ‘*If I wasn’t a girl would you still like me anyway?*’ Agus iad beirt ina luí ar leaba le chéile, ise croíbhriste tar éis di fear a mharú d’fhonn go mairfeadh sí féin, eisean i ndólás na maistíneachta is déanaí a imríodh ar scoil air – ‘*’I’m not a girl.
maistíneachta of bullying
" Taisteal thar Lear Tá an-drochíomhá ag Meiriceá thar lear go fóill: tír an chéasaithe, tír na maistíneachta, tír an oilc agus an fhuatha.
maistíneacht bullying
" Tá baol agus bagairt agus cion agus gráin agus meas agus maistíneacht sa chluiche céanna.
maistíneachta bullying
" D’fhág sé scoil de dheasca na maistíneachta a tharla chuile lá ann agus tá sé faoi chúram síciatrach.
maistíneacht bullying
" Tá scéal ann, leoga, go ndearna na gasúir eile maistíneacht air nuair a chualadar é ag labhairt lena mhadra sa ‘teanga bheannaithe’, mar a thugadar uirthi.
mhaistíneacht bullying
" Ach ar ndóigh, ghéill an Lucht Oibre don mhaistíneacht ó Fhine Gael, a thug geallúint sollúnta dá lucht tacaíochta nach n-ardófaí na rátaí cánach ar an dream siúd atá ar ardioncam! Bhí alt ag Vincent Browne ar an Irish Times an 23 Samhain a thug le fios go bhfuil beagán le cois 190,000 duine nó cúplaí ar comh-mheasúnú cánach le ioncam ag £80,000 nó níos mó agus gurb é an meánioncam atá acu ná €143,390, Ní íocann siad ach 33% de sin leis na Coimisinéirí Cánach.
maistíneacht agus caitheamh anuas ar bullying and disparagement
" Tá an t-idirlíon breac le pornagrafaíocht agus bíonn maistíneacht agus caitheamh anuas ar a chéile ag tarlú ar na meáin sóisialta freisin, is léir anois.
maistíneacht bullying
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
maistíneacht bullying
" Dar le Growing Up In Ireland, rinneadh maistíneacht ar 24% de dhaoine óga idir naoi 9 agus 17 d’aois.
maistíneacht institiúideach, eaglasta ecclesiastic and institutional bullying
" Níor ghéilleadar don maistíneacht institiúideach, eaglasta.
ag maistíneacht ar overbearing, bullying
" D’admhaigh sé gur falcaire agus gur bhréagadóir a bhí ann, go mbíodh sé ag maistíneacht ar iomaitheoirí agus ar dhaoine eile, go raibh sé neamhthrócaireach, gránna agus mímhacánta.
mar an mhaistíneacht a rinneadh orm such as bullying which I suffered
" Ach bhí rudaí ag tarlú i mo shaol nach raibh smacht ar bith agam orthu, mar an mhaistíneacht a rinneadh orm ar scoil.
a ghlac páirte sa mhaistíneacht agus sa chiapadh seo who took part in this bullying and
" Mo náire iad siúd a ghlac páirte sa mhaistíneacht agus sa chiapadh seo.
faoi eachtraí maistíneachta about incidents of bullying
" Tá tuairiscí tagtha chugam ó mhúinteoirí óga Gaeilge faoi eachtraí maistíneachta agus ciníochais.