Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcáin mhaoine property tax
" Sna Stáit Aontaithe íocann na bailte agus na cathracha costas na scoileanna as a gcáin mhaoine.
mhaoin saolta worldly possessions
" Bhíomar go léir chomh bocht, is ar éigin go raibh aon mhaoin saolta ag daoine, agus, dá bhrí sin, an t-aon rud a bhí agat ná caradas.
mhaoin property
" Lena chois sin, ba cheart don Eaglais luí isteach ar mhaoin a dhíol le ciste cúitimh a chur ar fáil do na daoine a bhfuil dochar déanta dóibh.
mhaoin an tsaoil this world's goods
" Bhí sé ag iarraidh a bhealach féin a shiúl, rud a rinne sé agus a d'fhág beo bocht é ar mhaoin an tsaoil ina dhiaidh sin.
chánacha maoine property taxes
" Lena chois sin, thosaigh go leor úinéirí tí Éireannacha atá ina gcónaí taobh amuigh de Manhattan ag casaoid nuair a léirigh Bloomberg tacaíocht do chánacha maoine mar chuid den iarracht buiséad Nua-Eabhrac a chomhardú.
maoine property
" Ó ceannaíodh Eircom beagnach dhá bhliain ó shin tá cuid mhaith maoine, idir fhoirgnimh agus thalamh, díolta ag an gcomhlacht.
dáileadh éagothrom maoine the unequal distribution of wealth
" Tá neart fógraí ann a chuireann síos ar an bhochtanas millteanach atá chomh forleathan sin, ar an dáileadh éagothrom maoine, agus ar an mhéid ollmhór airgid atá caite ar airm.
maoin intleachtúil intellectual property
" Maidir le SAM, is éard is mó a bhí uathusan ná margadh níos fearr san Astráil dá gcuid seirbhísí agus maoin intleachtúil.
agus ár maoin a scrios and to destroy our property
" Mar sin, tá sé furasta acu clocha a chaitheamh orainn, agus buamaí peitril a chaitheamh ar ár dtithe, nó *graffiti *maslach a chur ar ár dtithe, agus ár maoin a scrios.
mhaoin Ghiúdach Jewish property
" Is billiúnaí é an bailitheoir ealaíne Freidrich Christian Flick, agus garmhac agus oidhre Friedrich Flick (1883-1972), duine de phríomhdhéantóirí arm na Naitsithe, ar gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana air i 1947 as coireanna éagsúla a dhéanamh, ina measc sclábhaithe a úsáid ina chuid monarchana, agus seilbh a ghlacadh ar mhaoin Ghiúdach.
mhaoin shaolta material wealth
" " Bhuail taom samhnais Pól agus é ag smaointeamh ar an luchtú agus an craos a bheadh ar dhaoine fán Nollaig idir bhia agus mhaoin shaolta.
forbróir maoine property developer
" Ba iad comhairleoirí an Chomhaontais Ghlais a mhol an scéim seo; ar dtús, bhí roinnt amhrais ar dhaoine faoin smaoineamh, ach tá an caighdeán nua seo glactha ag forbróir maoine amháin cheana féin, rud a chruthaíonn go bhfuil sé réasúnta.
maoin wealth
" ’ Smaoinigh ar an Iaráic.
cruthú maoine wealth creation
" Ar a laghad, cruthaíonn sé comhthéacs don IRA - cruthú maoine nó “for-profit terrorism”, mar a thugtar air.
santaíonn siad maoin an choilínigh they desire the coloniser's wealth
" Is fada é aitheanta go gcailleann pobal a chaith blianta fada mar choilíneacht a féinmheas agus a mórtas cine, santaíonn siad maoin an choilínigh ach gan an mhuinín acu a chreidiúint go bhfuil siad i dteideal a leithéid.
agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó and that we didn't have to covet our colonizer's wealth any more
" Má theastaigh ó Dev agus Lemass a thaispeáint don domhan gur stát neamhspleách ab ea Éire, theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan ní hamháin gur stát neamhspleách a bhí ionainn, ach go raibh an stát óg seo anois ar comhchéim le haon stát eile agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó.
go raibh siad faoi mhíbhuntáiste ó thaobh mhaoin an tsaoil de that they were materially disadvantaged
" B’fhéidir go raibh cuma orthu go raibh siad faoi mhíbhuntáiste ó thaobh mhaoin an tsaoil de ach d’fhoghlaim mé ceacht tábhachtach ansin – go bhfuil rudaí níos tábhachtaí sa saol ná maoin.
maoin phearsanta personal wealth
" Is é Mitt Romney an t-iarrthóir is saibhre sa rás uilig, agus maoin phearsanta idir $500 agus $600 milliún aige, ach arís ní oirfeadh sé do chosmhuintir a pháirtí mar gur Mormannach é.
lán de mhaoin shaolta. full of worldly goods.
" Léimeann an Tíogar Ceilteach ina uaillmhian uaibhreach amach ó na focail ach, ag an am chéanna, mothaíonn tú nach bhfuil achan rud foirfe sa domhan úr seo lán de mhaoin shaolta.
ag díol maoin intleachtúil selling intellectual property
" Tugtar “an geilleagar eolasbhunaithe” ar an choincheap seo, agus is éard atá i gceist leis sin ná go mbeidh geilleagar na hÉireann ag cur seirbhísí ardteicniúla ar fáil nó ag díol maoin intleachtúil i réimsí áirithe ar nós na cógaisíochta, an airgeadais agus na teicneolaíochta.
tástáil mhaoine a means test
" ’ Uaillmhian theoranta go maith í seo, ach más ea, is ceann é ar theip go hiomlán ar an rialtas seo a bhaint amach le linn na conspóide deiridh faoin tástáil mhaoine.
mhaoin wealth
" Tá ceannaire láidir de dhíth go mór ar Mheiriceá anois i ndiaidh ocht mbliana den lagcheannaireacht a chuaigh roimhe, agus tuigeann an té beag ar mealladh a mhorgáiste agus a mhaoin uaidh go bhfuil sé in am rialú a thabhairt ar ais.
mhaoin an tsaoil worldly means
" Níl mórán de mhaoin an tsaoil acu - Verona ‘We’re 34.
maoin wealth
" Nuair a dhiúltaigh Labhrás maoin na hEaglaise a thabhairt uaidh is amhlaidh gur daoradh chun báis é.
mhaoin funds
" Cé nach bhfuil Beo! iomlán eolach ar mhaoin cuid de na heagraíochtaí seo, tuigtear go bhfuil ceann nó dhó acu atá ina suí ar shuímheanna agus i bhfoirgintí breátha luachmhara.
maoin intleachtúil intellectual property
" Agus nuair a chuirtear an t-eolas i bhfeidhm, is minic go mbíonn fadhbanna le maoin intleachtúil.
lárnaítear maoin wealth is centralized
" Is é an fáth gur tharla an saol mar atá: easpa tuisceana a bheith againn féin ar an saol, go lárnaítear maoin agus airgead de réir a chéile go hiondúil, i lámha mhionlach an fhíorshaibhris, ach in amanna, is féidir leis tarlú de phlimp.
maoin éasca easy wealth
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
maoine of wealth
" Athdháileadh maoine a bheadh i gceist.
Flaitheas agus Maoin sovereignty and wealth
" Flaitheas agus Maoin =========== Tharla an chéad fhorbairt eile ar scéal na haontumhacta san aonú haois déag agus í seo mar chuid de shraith mhór athruithe ar a dtugtar na hAthleasuithe Gréagóracha.
cearta maoine property rights
" Fite fuaite le ceist an phósta bhí cearta maoine na hEaglaise.
mhaoin wealth
" Níor luaigh sé, áfach, go raibh ElBaradei ina bhall de bhord an International Crisis Group—eagraíocht neamhrialtasach a bhunaigh agus a mhaoinigh Soros—go dtí gur fhill sé ar a thír dhúchais ar 27 Eanáir, dhá lá i ndiaidh tús na n-agóidí.
athdháileadh maoine redistribution of wealth
" Má chuireann siad slacht ar a ndúnghaois airgeadais, beidh an deis ag Sinn Féin dul chun cinn mór a dhéanamh don chéad olltoghchán eile - i 2016? Tá an bealach céanna rompu is a bhí ag Fianna Fáil i 1926 - gan ach sé bliana sula ndearnadh rialtas dóibh i 1932! Ar aidhmeanna Fhianna Fáil na linne sin, bhí athaontú na tíre, athbheochan na Gaeilge agus athdháileadh maoine, clocha móra ar phaidrín Shinn Féin an lae inniu.
chaith a maoin go rabairneach spent their wealth with abandon
" Dar leo tá siad tinn tuirseach fosta de bheith ag teacht i gcabhair ar na náisiúin Eorpacha eile a chaith a maoin go rabairneach.
mhaoin an tsaoil worldly wealth
" Ar ndóigh, is beag suim atá ag na nuachtáin i spallaíocht éinne nach bhfuil cáiliúil agus is dócha ná a mhalairt nach mbeadh a leithéid de dhuine gann ar mhaoin an tsaoil mar thoradh ar an cháil sin.
sáraíonn sí a gcearta maoine intleachtúla it violates their intellectual rights
" Chuir comhlacht amháin, Phillip Morris, tús le dúshlán don reachtaíocht sna cúirteanna, ag maíomh go sáraíonn sí a gcearta maoine intleachtúla agus conarthaí feathal tráchtála idirnáisiúnta an rialtais.
mian na súl agus mórtas maoine eye-fodder and pride of possessions
" Agus cuma gharbh ghiobalach ar an ministir nua, cruinníonn inneachar an champa go cráifeach os a chomhair, tuismitheoirí William, striapaigh stiúgtha i dteannta na mianadóirí ilghnéitheacha atá ag déanamh tóraíochta ar mhian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine.
an mhaoin shaolta the wealth
" ) Ach cá bith dearcadh a bhí ag daoine le linn aimsir Victoria agus ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin, ba é an rud ba thábhachtaí do rath an pháiste an mhaoin shaolta a bhí ag a thuismitheoirí.
an teacht isteach ó dhíol maoine income from selling assets
" 5m de bhuiséad caipitil mar aon leis an teacht isteach ó dhíol maoine).
an mhaoin shaolta sin that material wealth
" An leo an éadáil ar fad atá i seomraí stórais agus in iarsmalanna na Vatacáine, a Phápa? Agus más leo, caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin?** Benedictus: Do chum glóire Dé agus onóra na hEaglaise an mhaoin shaolta sin, mar a dúirt Éireannach iomráiteach fadó, a Bhaloir.
seachas maoin shaolta rather than worldly riches
" **Balor: Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann, a dúradh, i gcead duit, a Phápa; agus leachtanna cuimhneacháin a bhí i gceist aige seachas maoin shaolta.
raibh orthub a gcuid maoine a roinnt amach le they’d have to share their wealth with
" Daoine a cheap go raibh an teoiric go maith ach i ndáiríre, dá dtiocfadh sé chuige go raibh orthub a gcuid maoine a roinnt amach le daoine a bhí níos measa as, nach mbeadh an oiread sin deifir orthub é sin a dhéanamh.
le maoin a cheapadh to obtain wealth
" tada, go minic, le maoin a cheapadh.
mhaoin saolta worldly wealth
" Chan ionann agus lucht an *X-Factor* a bhfuil a n-uaillmhian uilig beagnach bunaithe ar chlú agus cáil agus ar an mhaoin saolta, deir Úna go mothaíonn sí go bhfuil rath uirthi má tá sí ábalta codladh istoíche agus fios aici go ndearna sí rud éigin chomh maith agus a b'fhéidir léi.
maoin agus áilleacht wealth and beauty
"maoin agus áilleacht ag an tír.
gan mórán de mhaoin an tsaoil without much worldly wealth
" D’fhás na buachaillí suas gan mórán de mhaoin an tsaoil acu agus maidir le cúrsaí spóirt ní léir go raibh deiseanna sa cheantar ina raibh cónaí orthu de thoradh na hiargúltachta a bheith ag imirt peile nó caide faoi mar a bhíodh fir óga eile timpeall chontae Chiarraí.
níl ár ndóthain maoine we don’t have enough resource(s)
" Seachas an méid sin, leanfaimid ag obair sna réimsí a bhí i gcónaí ann: an ceol, foilseacháin scoile, cistíocht nó bailiú airgid (ar mhaithe le foireann a fhostú) - níl ár ndóthain maoine/airgid againn agus ní bheidh go deo is dóigh! Tús Maith & Spreagadh na nAontachtach ================ **CMacS: An bhfáiltíonn tú roimh an leagan amach nua?** AÓC: Fáiltím roimh dheireadh an phróisis! Fáiltím roimh an gcinnteacht a thugann sé tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa cheo; cúig bliana as an straitéis fiche bliain don Ghaeilge.
d’eagraigh seisean maoin he organized finance
" Chuaigh sé i dteagmháil le Breandán Mac Lua agus d’eagraigh seisean maoin don togra,” a dúirt Daniel Mulhall linn.
airgead agus maoin an tsaoil rich and famous
" Chomh maith leis sin, ní raibh sé de chumas ag formhór mór ealaíontóirí na hÉireann slí bheatha a bhaint amach ar bhonn gairmiúil mura mbeadh airgead agus maoin an tsaoil acu.
Mhaoin Bharra an Teampaill Temple Bar Properties
" Tá sé bliain anois ó ceapadh Dermot McLaughlin, an ceoltóir as Doire, mar Phríomhfheidhmeannach ar Mhaoin Bharra an Teampaill.
Mhaoin Bharra an Teampaill Temple Bar Properties
" Tá baint ag Alastar Mac Aongusa ó Mhaoin Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath le comhdháil idirnáisiúnta a bheas ar siúl sa Bhreatain Bheag an mhí seo chugainn agus é mar sprioc aici comhoibriú a chothú idir ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúrtha ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.