Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
maoiniú funding
Maoiniú méadaithe increased funding
maoiniú funding
" Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh? Tá dhá scéim fostaíochta pobail á maoiniú ag FÁS.
maoiniú financing, funding
" B'éigean na ciorruithe a dhéanamh, a dúirt bainistíocht RTÉ, mar go raibh caillteanas de £25 milliún i ndán don eagraíocht, a dhéanann maoiniú ar RnaG.
maoiniú funding
" Anois tá sé i bhfeidhm agus níl ach dhá phointe nach n-aontaíonn Sinn Féin leo, dar leis, is é sin, an dóigh nach mbeidh orthu siúd atá ina mbaill de na póilíní cheana féin an mionn nua ar chearta daonna a thabhairt agus maoiniú do na boird nua áitiúla póilíneachta.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Faigheann Oidhreacht Chorca Dhuibhne deontas ón Roinn Ealaíon Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.
maoiniú funding
" An bhfuil an maoiniú sin sásúil nó an bhfuil gá le tuilleadh airgid? Bíonn gá le tuilleadh airgid cinnte, ach tá an maoiniú atá againn faoi láthair sásúil.
maoiniú funding
" " Faigheann an Rannóg Forbartha an maoiniú a chuireann ar chumas an ionaid leanúint air ar cur seirbhísí ar fáil.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Fuair an eagraíocht ardú deontais an bhliain seo caite, 2001, agus ceadaíodh deontas de £250,000 dúinn.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá £100,000 sa bhliain, is é sin €126,974, ceadaithe don tionscadal ón Roinn Oideachais ar feadh trí bliana - déanfar athbhreithniú ar an tionscadal an t-am sin.
maoiniú funding
" Cén fáth, dar leat, ar cheart don stát maoiniú a chur ar fáil daoibh? Cionn is go gcuireann muid seirbhís ar fáil nach bhfuil ar fáil ó aon stáisiún raidió eile sna Sé Chontae.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? £1.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? £1.
maoiniú funding
" Cé go raibh maoiniú Keough tábhachtach, deir sé: "Bhí gach rud ag brath ar an duine ceart a fháil le dul i mbun na hInstitiúide.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Faigheann An Gaeláras tacaíocht go príomha ó Fhoras na Gaeilge, ó Chomhairle Chathair Dhoire agus ón Oifig Forbartha Áitiúil (DSD).
maoiniú funding
" Ach muna ndéanann an rialtas maoiniú ceart ar an eagraíocht is é an stát seo agus ní Tuaisceart Éireann a bheidh mar ábhar náire os comhair an domhain.
maoiniú funding
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Ní fhaigheann ach ós rud é go bhfaigheann Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus RTÉ maoiniú díreach nó indíreach ón stát is dócha go bhfaigheann … Níl deontas i gceist lenár gcuid oibre ach anois go bhfuil an deis agam cúpla focal a rá: tá buiséid TG4 bídeach, ní féidir cáin bhreis luacha a ghearradh ar an mBord Scannán agus caitheann RTÉ níos mó airgid ar chlár a dhéantar go hinmheánach ná mar a thugann siad do chomhlachtaí neamhspleácha chun clár den chineál céanna a dhéanamh.
maoiniú funding
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Fuair muid deontas tuarastal ó Fhoras na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana go dtí Iúil 2003 ach tá ár n-iarratas don chéad bhliain eile diúltaithe acu, mar sin níl a fhios againn cad é atá i ndán dúinn anois.
maoiniú funding
" Tá an tacaíocht seo ar fáil anois agus Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag déanamh maoiniú ar fhiontair mar *Foinse*, *Lá*, Raidió na Life, Aisling Ghéar, An Chultúrlann, Europus, Oideas Gael, Café Trí-D, Fios Feasa, Spraoi, an club Sult, na coláistí samhraidh agus go leor tionscadal eile.
maoiniú funding
" I mbliana, gearradh an bundeontas 10% agus scoireadh an maoiniú ar thionscadail, rud a fhágann nach leor ar chor bith an maoiniú reatha ón stát.
maoiniú funding
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Faighimid airgead ó Bhord na Leabhar Gaeilge agus ón gComhairle Ealaíon.
maoiniú funding
" Bhí ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a fhógairt le gairid go gcuirfí maoiniú CLÁR de €254,709 ar fáil chun seirbhísí leathanbhanda teileagrafaíochta a leathnú go dtí ceantar na Rosann i dTír Chonaill; Cill Ala, Co Mhaigh Eo (agus an dúiche máguaird); agus Béal Átha Liag, Co Longfoirt (agus dúiche Loch Rí).
maoiniú funding
" Cloistear go minic na laethanta seo go bhfuil airgead rialtais gann agus go bhfuil sé deacair maoiniú a fháil do chur chun cinn na Gaeilge.
maoiniú funding
" D'éirigh leis maoiniú a fháil ó Bhord na Gaeilge (mar a bhí ar Fhoras na Gaeilge ag an am) agus thug sé cuireadh do Lillis a bheith ina Stiúrthóir ar bhonn páirtaimseartha ar an Ionad.
maoiniú ceart proper funding
" Beidh an líon daoine san Aontas a bheas ag labhairt teangacha eile seachas na príomhtheangacha ina chéatadán an-ard den iomlán agus, dá n-éireodh leis an Ghaeilge stádas oifigiúil a bhaint amach, bheadh lucht na teanga ábalta maoiniú ceart agus tacaíocht láidir a fháil laistigh de chórais na hEorpa méadaithe.
ag maoiniú funding
" Tá an Stát, go háirithe trí Fhoras na Gaeilge, ag tabhairt tacaíocht láidir do scéimeanna pobail, d'fhoilseacháin mar *Beo! *agus ag maoiniú fhorbairt an fhoclóra Gaeilge - Béarla, tionscadal ina mbainfear úsáid as na modhanna oibre is éifeachtaí atá ar fáil i réimse na foclóireachta.
maoiniú caipitil capital funding
" Struchtúr maoinithe an Árais a bhuanú; maoiniú caipitil a bheith faighte d'fhorbairt an chlóis ar chúl an Árais; agus glúin úr a bheith ag plé le himeachtaí agus riar an Árais.
maoiniú funding
" Buíochas leis an *Cultural Relations Committee *in Éirinn, faighimid an maoiniú chun an faolchú a choimeád ó mo dhoras-sa (agus chun íoc as an-chuid ócáidí cultúrtha leis), ach, i ndáiríre, nach fearr uaireanta an Ghaeilge mhilis thaoisleannach i do bhéal seachas bia? Mar sin, ní raibh ach breaceolas ag formhór na mac léinn ar an nGaeilge, seachas ag beirt nó triúr a chaith seal ag staidéar in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua.
maoiniú funding
" Thóg sé dhá bhliain déag air maoiniú a fháil don scannán, é a léiriú agus a phleanáil.
maoiniú funding
" Is ón Roinn sin a thagann maoiniú an Bhoird, leis - i mbliana, tá beagnach milliún euro faighte againn.
ag maoiniú an tionscadail seo funding this project
" "Is é Microsoft atá ag maoiniú an tionscadail seo, ach tá muid buíoch as an tacaíocht agus comhairle atá faighte againn ó na comhpháirtithe, mar go gcinnteoidh sé seo go mbeidh na haistriúcháin cruinn agus reatha," a mhínigh urlabhraí de chuid Microsoft do *Beo*!.
atá á maoiniú who are being funded
" Deir siad go bhfuil an iomarca cumhachta ag comhlachtaí ar nós Microsoft agus McDonald's, agus go bhfuil dea-ainm agus dea-cháil Mheiriceá millte ag grúpa beag "*neocons*", nó fíorchoimeádaithe, atá á maoiniú ag na hollchorporáidí agus a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar pholasaithe an Tí Bháin.
maoiniú funding
" Chun maoiniú a fháil le taighde a dhéanamh dá leabhar is déanaí, *Maeve Brennan: Homesick at the New Yorker*, chuir sí isteach ar Chomhaltachtaí Taighde an Uachtaráin sa Choláiste Ollscoile agus nuair a bronnadh comhaltacht uirthi, d'imigh sí léi ar thuarastal iomlán ar feadh bliana.
maoiniú stáit state funding
" Cén fáth ar bunaíodh é? Socraíodh ar chomhlacht teoranta a bhunú chun go bhféadfaimis urraíocht a dhéanamh ar thionscadail FÁS, Oifig Eolais don phobal a reáchtáil, scoileanna nó eile a bhunú agus maoiniú stáit a fháil chun an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCiarraí (agus lasmuigh den chontae).
maoiniú fial generous funding
" Ach nuair a úsáideann vótóirí - ar dream iad atá ar aon intinn, atá an-eagraithe, agus a bhfuil maoiniú fial á dhéanamh orthu - a gcumhacht chun polasaithe rialtais a dhearadh atá bunaithe go hiomlán ar na nithe a gcreideann siadsan iontu ó thaobh creidimh de, déantar imeallú atá baolach ar chearta saoránaigh eile.
maoiniú funding
" An bhfuil fáth ar bith nach dtabharfaí stádas buan dó, agus maoiniú breise a chur ar fáil le seirbhís chuimsitheach a chur ar bun ó cheann ceann na tíre? *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir.
maoiniú ón earnáil phríobháideach funding from the private sector
" "Má ghlacann tú Sinn Fein Féin, mar shampla; bhí Martin McGuinness sásta, agus é ina Aire Oideachais, úsáid a bhaint as maoiniú ón earnáil phríobháideach le scoileanna a thógáil sa tuaisceart.
eagraíocht atá á maoiniú an organisation being financed
" Dúirt an Australian Strategic Policy Institute, eagraíocht atá á maoiniú ag Rialtas na hAstráile, go bhfuil go leor deacrachtaí ag baint le NGP faoi láthair, go bhfuil an stát an-lag agus go bhfuil baol ann go dtitfidh an stát as a chéile taobh istigh de chúig bliana déag mura mbeidh an Astráil gníomhach ann.
maoiniú funding
" Is léachtóir matamaitice sna Stáit Aontaithe í a deirfiúr, tá a chomhlacht féin ag a deartháir (ag ullmhú pacáistí cianoideachais) agus oibríonn an "leanbh" (atá dhá bhliain is daichead d'aois!) le comhlacht airgeadais i dTuaisceart Éireann ag cur maoiniú ar fáil do chomhlachtaí beaga nuair nach bhfuil suim ag na bainc iontu.
maoiniú funding
" " Brú ón Rialtas ======= Na laethanta seo, tá athruithe móra ag titim amach sna hollscoileanna, maidir le struchtúir agus maoiniú, agus tuilleadh brú á chur orthu airgead a shaothrú iad féin.
maoiniú funding
" "Tá easpa airgid ann go háirithe cionn is nach bhfuil aon chinnteacht go mbeidh maoiniú ag teacht ón stát fad is atá an Tionól ar ceal.
maoiniú funding
" Nó tháinig sé chun solais ar na mallaibh gur fhág Eoin $40,000 le huacht ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta, an eagraíocht ó thuaidh atá freagrach as maoiniú na nGaelscoileanna.
maoiniú funding
" Taobh amuigh de mhaoiniú an Chláir Forbartha Pobail, tá gá le maoiniú fadthéarmach, go mór mór ó thaobh an chláir ealaíon de.
maoiniú funding
" AÓF: Céard ba mhaith leatsa a fhorbairt san áit amach anseo? SMP: Bhuel, beidh maoiniú caipitil againn an bhliain seo chugainn.
maoiniú caipitil capital funding
" AÓF: Céard ba mhaith leatsa a fhorbairt san áit amach anseo? SMP: Bhuel, beidh maoiniú caipitil againn an bhliain seo chugainn.
maoiniú buan permanent funding
" Tá iarrachtaí á ndeanamh faoi láthair maoiniú buan a fháil ionas gur féidir linn bheith níos gníomhaí agus craobhacha a bhunú ar fud na tíre.
maoiniú buan permanent funding
" Go mbeadh maoiniú buan éifeachtach ar fáil don Ghaeilge.
maoiniú buan permanent funding
" Go mbeadh maoiniú buan éifeachtach ar fáil don Ghaeilge.
maoiniú funding
" ” Is aisteach an rud é faoi láthair, a deir sé, gurb é an tÚdarás a chuireann an maoiniú ar fad ar fáil do na naíonraí sa Ghaeltacht, agus gurb é an tÚdarás freisin a mhaoiníonn cúrsaí sa tríú leibhéal, ach nach bhfuil aon bhaint aige mórán leis an dá leibhéal idir an dá cheann sin.
maoiniú don tionscadal funding for the project
" AÓF: An bhfuil tacaíocht airgid faighte agaibh ó aon áit nó cá bhfaigheann sibh maoiniú don tionscadal? DdeB: Tá deontas €10,000 faighte againn ón gComhairle Ealaíon chun cabhrú leis an gcartlann.
maoiniú funding
" Chuir Rialtas na hÉireann maoiniú ar fáil don Basotho Pony Association agus chaith roinnt de na treoraithe i Malealea am in Éirinn ag traenáil dá gceird.
go bhfaighidh siad aitheantas agus maoiniú until they receive recognition and funding
" Cén obair a dhéantar i gCnaG ó lá go lá? Tá oifigigh forbartha ann atá ag cuidiú le scoileanna neamh-mhaoinithe forbairt a dhéanamh go bhfaighidh siad aitheantas agus maoiniú ón Roinn Oideachais – earcaíocht daltaí, margaíocht, eagrú grúpaí agus araile.
cleachtaithe le maoiniú trasteorann a fháil used to getting cross-border funding
" Tá muidne in Éirinn cleachtaithe le maoiniú trasteorann a fháil don iliomad tionscadal tábhachtach – feirmeoireacht, gnó, dealbha ag ceiliúradh na síochána, agus a leithéidí sin.
maoiniú trasteorann a iarraidh to seek cross-border funding
" Mar gheall ar athruithe a thiocfas leis an chéad chlár eile de Chistí Struchtúracha na hEorpa 2007-13, beidh cead ag Albain maoiniú trasteorann a iarraidh faoin Territorial Co-operation Objective.
maoiniú funding
" Agus níor tháinig aon ardú *pro rata* ar an maoiniú a fuaireamar san idirlinn leis sin a mhéadú.
maoiniú funding
" Bhí an dearg-ghráin ag go leor de náisiúnaithe na sé chontae ar an eagras sna nóchaidí de bhrí gurbh é rialtas na Breataine a chuir maoiniú ar fáil dó ag an am agus chaith go leor acu go suarach leis an té a bhí agus atá i gceannas air, an Béal Feirsteach Aodán Mac Póilín.
maoiniú funding
" Níl aon dreasacht ann arbh fhiú trácht air don táirgeoir ná don tomhaltóir le húsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite agus is beag maoiniú a dhéantar ar thaighde ina leith.
maoiniú poiblí public funding
" Airím go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cur chun cinn na n-ealaíon sa phobal agus go bhfuil sé riachtanach go mbeadh maoiniú poiblí ar fáil.
ag maoiniú financing
" “Bheinn thar a bheith dóchasach go leanfar ar aghaidh leis an chiste seo sa todhchaí agus go bhfeicfidh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta gur chóir dóibh leanúint ar aghaidh ag maoiniú an chláir.
maoiniú funding
" Ag tús na bliana seo, cheap an tIontaobhas, an t-eagras atá freagrach as maoiniú na ngaelscoileanna ó thuaidh, Réamaí Mathers mar a chéad tiomsaitheoir airgid.
maoiniú funding
" Ba é an tUasal Mac Góráin céad Bhainisteoir Gael Linn agus ba é a stiúir na linnte a chuir maoiniú ar fáil do raon tionscadal nuálach.
maoiniú funding
" Tá cur agus cúiteamh ann faoi láthair faoi chinneadh Margaret Ritchie, an tAire Forbartha Sóisialta ó thuaidh, gan maoiniú de £1m a thabhairt don Conflict Transformation Initiative (CTI), tionscnamh ina bhfuil ról ag Ulster Political Research Group, grúpa a dhéanann anailís pholaitiúil don UDA.
maoiniú funding
" Fuair muid maoiniú ó Channel 4 agus ba é an chéad scannán a rinne muid ná *Hush-a-Bye Baby*.
atá á maoiniú ag an rialtas. which are being funded by the government.
" Mar shampla, i gcás suíocháin amháin in aice linne, tá mórthionscadail éagsúla chaipitiúla sa toghcheantar atá á maoiniú ag an rialtas.
maoiniú funding
" ” Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? Shamhlófá go mbeadh borradh faoi chúrsaí airgid mar thoradh ar an gciste Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann sa Phoblacht agus an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh – cistí ar cuireadh tús leo le maoiniú a chur ar fáil do chláracha oidhreachta agus Gaeilge.
maoiniú ceart proper funding
" Mar sin, sa mheántréimhse, caithfear maoiniú ceart a chur ar fáil – tríd an iomad foinse, más gá – le gur féidir le pobal Gaeilge na hÉireann, agus na cruinne, nuachtán laethúil Gaeilge a bheith acu.
maoiniú funding
" Ach bhí maoiniú ceilte SAM taobh thiar de, dar le *Inside the League*, leabhar a scríobh Scott agus Jon Lee Anderson faoin gConradh.
maoiniú breise extra funding
" ” Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.
maoiniú sa bhreis extra funding
" ” Agus céard ba chúis leis na pleananna sin a bheith caite i dtraipisí? “Ní raibh Foras na Gaeilge sásta maoiniú sa bhreis a chur ar fáil dúinn.
maoiniú flaithiúil generous funding
" Dála an scéil, tugann sé maoiniú flaithiúil do na Daonlathaigh, agus tá caidreamh láidir aige le cuid acu.
maoiniú funding
" ”Bhí King ag plé leis an raidió ag an am, agus chinn sé ar iarratas a chur faoi bhráid an BBC le maoiniú a fháil chun clár a dhéanamh faoin turas taiscéalaíochta seo i Meiriceá.
an maoiniú fial the generous funding
" ”Táthar ag súil go mbeidh deirfiúracha agus deartháireacha ag Cabóigín go luath, a bhuíochas sin ar an maoiniú fial atá faighte ag foireann Ní Chasaide ó Fhoras na Gaeilge.
má thagann an maoiniú reatha chun críche if current funding comes to an end
" Tarlaíonn go minic agus taighde ollscoile ar siúl go mbíonn ort tionscadail fhiúntacha a chaitheamh i dtraipisí má thagann an maoiniú reatha chun críche.
maoiniú flaithiúil generous funding
" Agus, ar ndóigh, fuair sé maoiniú flaithiúil ón bhfondúireacht chéanna an iarraidh sin freisin.
maoiniú funding
" D’fhágfadh sé nach mbeadh siad in ann “cothrom na Féinne” a éileamh ná maoiniú a lorg a bheadh inchurtha leis an maoiniú a thugtar do lucht labhartha na Gaeilge más é *Highland Dancing* an chloch is mó ar a bpaidrín.
maoiniú funding
" Mar sin, ba chóir go gcuirfeadh gnóthaí na tíre seo ciste ar fáil le maoiniú sa bhreis a chur ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal.
maoiniú sa bhreis extra funding
" Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana.
maoiniú flaithiúil generous funding
" Chuir sé maoiniú flaithiúil ar fáil leis an Australian Institute of Sport (AIS) a bhunú abhus in Canberra.
go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil that extra funding is needed
" Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana.
fuair Scofield maoiniú obtained financing
" De réir criticí áirithe an dispeansáideachais, áfach, fuair Scofield maoiniú ó Shíónaigh mhór le rá a bhí ag iarraidh tacaíocht a chothú don choincheap Iosraelach sna Stáit Aontaithe.
maoiniú flaithiúil generous financial backing
" Is amhlaidh go bhfuair “an t-iarrthóir frithchogaidh” maoiniú flaithiúil ó mhuintir Crown as Chicago, a rinne cuid mhaith dá chuid $3.
maoiniú funding/investment
" Táthar amhrasach go mbeidh maoiniú go leor ar fáil ón earnáil phríobháideach a chuirfidh ar chumas an Tionóil leanstan ar aghaidh leis an scéim a bhfuil a fréamhacha ag dul siar go dti 1995 - 13 bhliain ó shin - nuair a d’oscail Bill Clinton an *'Titanic Park'.
maoiniú (to) finance
" Maítear go bhfuil an maoiniú a dhéanann siad ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i mbaol dá dheasca.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta financing terrorism
" Maoiniú na sceimhlitheoireachta Ach ní hiad na hIosraeligh amháin a thug cúnamh do Hamas.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta financing terrorism
" Maoiniú na sceimhlitheoireachta D’fhreastail Marc Grossman i Roinn an Stáit faoi chúig cinn de rialtais éagsúla, idir Dhaonlathach agus Phoblachtánach, i roinnt tíortha suimiúla i dtreimhsí tábhachtacha.
maoiniú financial backing
"maoiniú faighte ag an East Side Gallery ón Chrannchur Náisiúnta agus gi go dtacaíonn an pobal i gcoitinne agus an Bord Turasóireachta leis an chinneadh, tá roinnt eile nach bhfuil chomh sásta leis.
ag maoiniú financing
" Thapaigh SAM an deis ansin teacht i dtír ar an easaontas, agus thosaigh siad ag maoiniú rialtas Barre le thart ar $100 milliún in aghaidh na bliana.
maoiniú funding
" Sular osclaíodh é i 1869, tógadh balla naoi dtroigh FAOIN TALAMH le Caitlicigh agus Protastúnaigh a choinneáil scartha!) Mar léargas eile ar dhearcadh McCausland, i 2002 dhiúltaigh Comhairle Chathair Bhéal Feirste maoiniú a thabhairt do fhéile scannánaíochta cionn is go raibh an focal Celtic sa teideal.
maoiniú financing
" Rinneadh infheistíocht os cionn £4 mhilliún san ionad le tacaíocht agus maoiniú ó dheich gcinn de chomhpháirtithe - Foras na Gaeilge, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus An Ciste Síochána agus Athmhuintearais ina measc.
maoiniú finance, funding
" Ar chuala tú aon scéal ó shin? CNC: Bhí muid a ghabháil á dhéanamh mí Lúnasa, ach tá sé iontach deacair maoiniú a fháil do rudaí mar sin.
maoiniú financing
" Mar a bheifeá ag súil leis, bíonn iomaíocht ghéar idir na modhanna éagsúla i dtaca le lucht leanúna, le leibhéil rannpháirtíochta iontu agus le maoiniú as na foinsí urraíochta, go háirithe as na bealaí teilifíse.
maoiniú financial support
" Tá muid an-bhuíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon, a bhfuil maoiniú curtha ar fáil acu don tionscadal; murach iad, ní bheadh éirithe linn ClubLeabhar.
maoiniú financial backing
" Trí mholadh faoi leith san iris a thug mise suntas dóibh: go mbunófaí fondúireacht le maoiniú a dhéanamh ar fheachtais dlí a bheadh chun leas na teanga, go gcaithfí leis an Ghaeilge mar theanga mhionlaithe seachas mar theanga oifigiúil agus go mbeadh cead ag duine coiste, nó giúiré, dátheangach a bheith aige i dtriail choiriúil.
maoiniú financially backed
" Eagraíodh léirsithe ar fud na tíre i 1996, chomh maith le suí istigh ag Ambasáid na Sualainne i mBogotá, príomhchathair na Colóime, toisc go raibh baint ag comhlachtaí na tíre sin le tógáil is le maoiniú na cora.
á maoiniú being financed
" Tá gach uile eagraíocht á maoiniú ag an gcáiníocóir ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, bíodh sé trí Fhoras na Gaeilge, An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, nó tríd An Roinn Oideachais nó trí eite eile den státchóras.
maoiniú financially supporting
" Tuigeann na rialtais náisiúnta agus stát luach uathúil na dteangacha bundúchais agus tá siad ag maoiniú gníomhaíochtaí éagsúla le dul i ngleic leis na fadhbanna atá acu.
maoiniú funding
" Chuir sé maoiniú ar fáil don tionscal turasóireachta le nithe nua is díol spéise do thurasóirí a bhunú sa cheantar, ionas nach mbeadh dreapadh na carraige ar an bpríomhchúis a thugann daoine cuairt ar an bpáirc.
maoiniú poiblí public funding
" ” Na 7 gCumhacht Eisiach - Aimsigh riachtanas oideachais an phobail mhionlaigh - Caith maoiniú poiblí ar threorú agus ar scoileanna - Earcú agus stiúradh baill foirne múinteoireachta - Ainmniúchán agus stiúradh baill riaracháin - Beartaigh an curaclam - Breitheanna a chur i gcrích, treoir a thabhairt agus seirbhísí eile - Lonnú scoileanna mionlaigh a shocrú Dar leis an Dr.
maoiniú cuí suitable funding
" - Áireamh ar riachtanais dhifriúla foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais - Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de - Scéim ‘Erasmus’ na Gaeltachta a bhunú agus Cúrsa Gaeltachta an BA (Oideachas) a leathnú - Clár oibre d’fhorbairt na hollscolaíochta lán-Ghaeilge - Ábhar scoile eile “Saíocht agus Litríocht na Gaeilge” a sholáthar - Curaclam comhtháite a chur i bhfeidhm -5 Tacaíocht, treoir agus maoiniú cuí a chur ar fáil do na heagrais dheonacha agus phobail a mbeidh ról criticiúil acu i gcur i bhfeidhm pleananna teanga insna ceantair Ghaeltachta.
maoiniú funding
" ** RÓS: Bhí a fhios agam go raibh maoiniú ann do champaí samhraidh ach bhítí ár ndiúltú.