Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a mhaolú to lessen
" Ach rinneadar iarracht an baol a bhaineann leis a mhaolú trí tabhairt le fios go mb'fhearr leo a bheith i bpáirt le Fine Gael ná le Fianna Fáil dá mbeadh an rogha acu.
mhaolú lowering
" Tá an freasúra ag cur béime ar fhostaíocht, oideachas agus sláinte agus ar mhaolú a dhéanamh ar an gcáin earraí agus seirbhísí.
níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil the emphasis on training did not decrease
" Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.
maolú lessening
" B'fhéidir nach bhfuil an t-aitheantas atá tuillte aici faighte aici i measc a muintire féin ach ní dhéanfaidh sé sin maolú ar bith ar dhíograis na mná misniúla seo.
chun an baol ó Sellafield a mhaolú to lessen the danger from Sellafield
" Ach ní leor é chun an baol ó Sellafield a mhaolú: tá monarchana eile ar an láthair chéanna atá chuile phioc chomh contúirteach léi, nó níos measa.
go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo that this threat will abate
" Tá Cummiskey, mar aon le go leor daoine eile, ag súil go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo, sa dóigh is gur féidir leis an páistí ó Bhéal Feirste agus iad siúd atá ag tabhairt aire dóibh sult a bhaint as a n-am luachmhar le chéile.
tar éis a cheist a neodrú nó a goin a mhaolú after neutralizing the question or taking the sting out of it
" Níor chuir Simpleoir an cheist an dara babhta amhail is dá mbeadh meangadh an tsagairt tar éis a cheist a neodrú nó a goin a mhaolú.
maolú decrease
" Má ghlactar leis an stráitéis seo, beidh maolú ar an mbéim a bhí ar ghnéithe áithrid den turasóireacht - an cangarú, an cóála, an Sydney Opera House agus mar sin de.
maolaíonn sé sin that slackens
" Bíonn tréimhsí ann nuair a bhíonn an-tóir ar uirlis áirithe agus ansin maolaíonn sé sin agus tagann uirlis eile chun cinn.
a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe that would moderate the continuous growth in house prices
" Feicfear méadú cinnte ar an líon gnáth-thithe agus tithe sóisialta a thógfar sa stát seo sna blianta romhainn amach, ach is deacair a fheiceáil go bhfuil aon rud sna moltaí seo a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe sa tír.
maolaíonn sin an phian that deadens the pain
" AÓF: Dhá n-iarrfainn ort aon chúis amháin a lua a mhíníonn cén fáth go dtaitníonn amhráin leat, céard a déarfá? CÓCC: Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí ina bhfuil tú in ann do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach ar shlí amháin agus go poiblí ar shlí eile, agus maolaíonn sin an phian.
ní mhaolódh sin ar fhaobhar that wouldn't blunt the edge
" net)) Gluais • Glossary le mo bheo a shábháiltto save my life sobaldrámasoap opera ní mhaolódh sin ar fhaobharthat wouldn't blunt the edge ar thaobh mhala shléibheon a mountainside eilitdoe carriastag sruth a shamhlaíochta a shaorúto free his stream of imagination a thaithíodhwho used to frequent driseachbriary sceimhlitheoirí an Mheánoirthirterrorists from the Middle East airm ollscriostaweapons of mass destruction gaineamhlachdesert prislínídribbles (at mouth) maothasmoisture i spúinse mo mheanmanin the sponge of my mind m'eagna chinnmy intelligence nanach dtig liom .
maolú slowing down
" Ach níl aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh maolú ar an chaitheamh rábach an Nollaig seo.
chrá gan mhaolú torment without alleviation
" Ach fiú sin ní raibh sí chomh nimhneach leis an chrá gan mhaolú a bhí air anois.
maolú reduction
"maolú mór déanta acu ar fhorálacha an Achta agus is iomaí constaic a bhíonn le sárú anois chun teacht ar bheagán eolais.
a mhaolú to make more moderate
" Go deimhin, rinneadh iarrachtaí an chuid seo den bhille a mhaolú.
Maolaíonn an brón. The sadness decreases.
dathanna maolaithe. subdued colours.
" Tháinig athrú ar a stíl phéintéireachta sna 50í agus ba é an corp nocht a bhí mar ábhar spéise aige feasta thar aon rud eile agus in áit é a phéinteáil le péint thanaí, mar ba nós leis, thosaigh sé ag úsáid péint thiubh agus dathanna maolaithe.
a mhaolú. to decrease.
" Faoi dheireadh tá glactha ag an gcathair leis go bhfuil an iomarca tráchta ar na sráideanna, agus táthar ag obair ar phleananna chun an trácht sin a mhaolú.
chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú. to lessen the unavoidable gloom of the place.
" Bhí an ghrian ag taitneamh ar an lá i mí an Aibreáin ar thóg mé an GHF go Majdanek ach ba bheag a rinne na gathanna teo gréine chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú.
Maolaíonn an ceol the music dies off
" Maolaíonn an ceol – mo ghlór á shíneadh chun deiridh.
Maolaíonn an ceol the music fades out
" Maolaíonn an ceol – mo ghlór á shíneadh chun deiridh.
go maolóidh sé a bpian. that it will dull their pain.
" An ionann an David Ervine, “sceimhlitheoir” de chuid an UVF a bhí ag bogadh buama ar Bhóthar Ard Mhic Nasca i 1974 – ní fios cá háit – agus an David Ervine a bhí ina lóchrann i saol dorcha na polaitíochta ó thuaidh 30 bliain ina dhiaidh sin? An ionann ceannaire óg an IRA i dTaobh an Bhogaigh ag tús na dTrioblóidí agus LeasChéad-Aire an lae inniu? Caithfidh Coimisiún na nÍospartach agus na híospartaigh iad féin an chastacht sin a aithint ach níl dóigh ar bith ann go maolóidh sé a bpian.
go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre that there would be a derogation of workers' rights in the country
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
tá na buiséid á maolú. the budgets are being reduced
" “Níl go leor oibre ann do chomhlachtaí neamhspleácha léirithe agus tá na buiséid á maolú.
Maolaíonn an stoirm the storm subsides
" Maolaíonn an stoirm agus muid ag teacht gar don uaigh amhail is dá mba radharc ó scannán é.
mhaolaigh departed from or backed down
" Ní raibh lá rúin ag Sinn Féin sa Tionól agus diaidh ar ndiaidh, mhaolaigh baill an pháirtí ar ráiteas dúr Uí Chaoláin.
nuair a mhaolóidh ar an réabhlóid dhigiteach. when the digital revolution will abate
" Tá mé cinnte go dtiocfaidh an t-am nuair a bheas cúrsaí níos socra; nuair a mhaolóidh ar an réabhlóid dhigiteach.
bac ná maolú halt nor hindrance
" Is beag duine nár thuig go raibh foirgníocht tráchtála i dtrioblóid faoin am sin, ach bac ná maolú níor chuir an rialtóir ar na hiasachtaí mire seo.
na breitheanna a mhaolú to lessen the judgments
" Nuair a daoradh daoine chun báis i dtíortha thar lear agus baint ag an Astráil leis na cásanna, ní raibh aon leisce ar rialtais na tíre seo riamh iarracht a dhéanamh na breitheanna a mhaolú.
mhaolú to lessen
" “Le blianta anuas, táthar ag cumadh agus ceapadh "táirgí úra airgeadais" le fadhbanna a sheachaint nó a mhaolú ach táthar ag fáil amach go bhfuil na táirgí úra sin féin lochtach," ar sé liom i mbliana.
maolú suntasach a remarkable shortfall
" Mar gheall ar na cláracha a mhaoineofar as an airgead sa tionscadal COAG, táthar ag súil go mbeidh maolú suntasach ar líon na ndaoine gan dídean taobh istigh de chúig bliana, agus go mbeidh deireadh go hiomlán le codladh garbh roimh 2020.
mhaolú to lessen
" Straitéis cheart lonnaíochta, nuathionsclaíochta leis an ghreim scrogaill ar BhÁC a mhaolú, straitéis a dhíreodh ar lár na hÉireann tharla talamh an-saor ann (nó cuirfear 45% de lagphortaigh Bhord na Móna faoi chrainn bhuaircíneacha roimh i bhfad eile; is é sin, c.
mhaolaigh eased, let up
" ’ Lean Iosrael ag gabháil agus ag marú na bPalaistíneach i rith an tsosa chogaidh sin agus níor mhaolaigh siad blas an t-imshuí danartha ar an limistéar atá cosúil le campa géibhinn ina bhfuil 1.
mhaolódh would lessen
" I ndiaidh an Dara Chogaidh Domhanda agus an domhan ag iarraidh theacht ar fhoirmle a chuirfeadh deireadh leis an choimhlint, dréachtadh 30 mír iontach simplí a mhaolódh cnámha spairne idirnáisiúnta dá nglacfaí leo, dar le lucht a ndréachtaithe.
maolú lessening
" Cén dochar, ní bheidh maolú aon phioc ar an dúshlán a bheas roimh an Aire: ’s é sin a chur ina luí ar phobal amhrasach le linn cúlú mór eacnamaíochta gur fiú airgead agus dua a chaitheamh ar an Ghaeilge.
maolú ease up
" Léirigh siad an aigne chéanna sin i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh i gcoinne Phort Láirge nuair b’éasca dóibh maolú ar a gcuid iarrachtaí sa dara leath i ngeall ar a bheith chomh fada chun tosaigh is a bhí siad, ach ní raibh sé iontu é sin a dhéanamh.
mhaolú ease, cut back
" Níor shínigh an India an conradh riamh agus dhiúltaigh an rialtas nua san Astráil a dhúnghaois a mhaolú.
maolófaí would lessen
" Seans go maolófaí ar mhíshástacht na nOgoni dá mbeadh tairbhe éigin á baint acu as gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí ola.
mhaolaigh let up
" Bhí an dochar déanta a fhad agus a bhain an scéal le muintir Thiobraid Árann, ach níor mhaolaigh siad ar a gcuid iarrachtaí uaidh sin go deireadh an chluiche.
mhaolú to lessen
" asp) Cé go raibh sé liostáilte ag an Eaglais Rómhánach i measc na bpeacaí marfacha ón tús, níor éirigh leis an gCríostaíocht saint daoine a mhaolú ariamh.
ag maolú lessening
" Tá an díomá agus an fhearg ag maolú de réir a chéile.
Maolú Naimhdis lessening enemity
" Maolú Naimhdis le Téaltú na Teanga JW: An nglacann na pobail leis an obair seo nó an mbítear ag cur ina coinne ó thaobh na hidé-eolaíochta? Bhí comhrá agam le Lev Michael, ollamh eile in Berkeley atá ag obair ar theangacha bundúchasacha Pheiriú agus dúirt seisean nach mian le tuisimitheoirí áirithe go bhfoghlaimeodh na páistí an iomarca den teanga bhundúchasach uaireanta.
mhaolú easing off, let up
" Beidh sé sin riachtanach amach anseo agus tá súil agam nach dtiocfaidh aon mhaolú ar an dtacaíocht sin.
mhaolú to ease
" Duine ar bith a chreid go mba cheart an t-éigeantas seo a mhaolú, thugadh lucht na Gaeilge “seoiníní” nó “*West Brits*” orthu agus is cinnte go raibh ina measc neart de na daoine, “*for whom Irish was not half dead enough*” mar a dúirt an Michael D.
maolú falling off
" Chonaic an tIontaobhas maolú suntasach ar an drochamhras faoin teanga a bhíodh coitianta nuair a bunaíodh sinn i 1990, agus tá roinnt fianaise ann a thabharfadh tacaíocht don bhraistint sin.
mhaolú lessen
" Níl aon dá phinneog dhaonna mar a gcéanna, ach tá an fheidhm cheannann chéanna acu - minicíochtaí áirithe a threisiú agus minicíochtaí eile a mhaolú.
maolóidh shall ease
" Ar Son an Gheilleagair ======== Má tharlaíonn sé seo, nead Síneach i lár na hÉireann in am an ghátair, maolóidh sé an brú millteanach a cuireadh ar BÁC ó na 1990aí i leith, agus i ndiaidh an tsaoil, níl sé rófhada as an phríomhchathair ag an am chéanna.
aon mhaolú any let up
" “Níl aon mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga.
maolú holding back, easing
" Anois cuimhnigh go raibh an chraobh áirithe sin buaite i bhfad roimh leath ama ag Cill Chainnigh, ach ina ainneoin sin ní raibh aon staonadh ná maolú ar a n-imirt fhíochmhar faoi mar a léirítear sa ghrianghraf.
maolaithe receded
" Ba cheart go mbeadh imní Tel Aviv mar gheall ar an gcaillteanas de dheachtóir cairdiúil béal dorais maolaithe beagáinín, áfach, sa bhfíric go bhféadfadh ElBaradei comhoibriú leis na páirtíní Iosrael go léir atá ag ICG.
maolú lessening
" Sea, bíonn maolú 67% tagtha ar rianta na hinchinne a bhíonn leagtha amach go huathúil agus ar fáil ag an fhoghlaimeoir teanga os cionn 14 bl.
trí mhaolú sealadach by means of temporary alleviation
" Agus saothar Tolstoy á chíoradh aige, rith sé le James go gcabhraíonn an creideamh trí mhaolú sealadach seachas trí shlánú iomlán.
dar maolaíodh which eased
" Ba é píonós seo na páise bunfhréamh aigne ait na Críostaíochta, dar le Foucault, an dearcadh sin a chomórann fulaingt agus fuascailt, an tinneas dar maolaíodh, an peaca dar maitheadh, an bochtán dar fáisceadh tar éis dó dólás an tsaoil a bhlaiseadh.
mhaolaigh sruth na fola cut off the blood flow
" Tharla sé toisc go raibh mé ag oibriú an tua oighir, rud a mhaolaigh sruth na fola im’ ordóg agus mo sciathán sínte amach uaim.
maolaithe dimmed
" Tá sé ina oíche dhubh lasmuigh, tá soilse an chabáin maolaithe, agus formhór na bpaisinéirí ina dtoirchim suain.
maolaithe lessened
" Pé iomaíocht a bhí idir na contaetha an tráth úd mar sin, bhí sé maolaithe go maith faoin mbliain 1955.
ní mhaolaíonn doesn’t ease off
" Ach, ní mhaolaíonn an cailín ar chor ar bith.
níor mhaolaigh didn’t slow
" Muna raibh fianaise ar bith ina aghaidh, níor mhaolaigh sin rotha na cóire, agus an 28 Lúnasa 1991, tar éis do choiste dhá uair a chloig a chaitheamh á phlé, fuarthas ciontach é.
nár mhaolaigh an bháisteach that the rain didn’t let up
" Is cuimhin liom nár mhaolaigh an bháisteach ar feadh na laethanta agus muid ar ár mbealach trasna an Oileáin Theas.
feachtais mhaolú dochair a limitation of damages campaign
" Tá ‘deichniúr caillte’  roimh an Ríocht Aontaithe, dar le scríbhneoir amháin agus measann scríbhneoirí éagsúla go bhfuil Seansailéir Státchiste na Breataine George Osborne i sáinn agus gimicí á dtairiscint aige; go bhfuil polasaí *“hoping for the best”* aige; go bhfuil sé i mbun feachtais mhaolú dochair; gur theip air borradh a chur faoi jabanna a chruthú nó fás a spreagadh agus go bhfuil cruth piorra ar an gheilleagar.
a mhaolú beagán to diminish slightly
" Ba gheall le holagón é ach ní raibh ann ach iarracht ar an dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu a mhaolú beagán.
maolú siar i dtreo an cheoil to fade back into music
" Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat.
mhaolaigh lessened
" Buíochas le Dia, mhaolaigh an ghaoth i rith na seachtaine agus bhí muid in innimh dul suas Dé hAoine 17ú Lúnasa.
maolú ar fheasacht aeistéitiúil an phobail dampens the public’s knowledge of the aesthetic
" Deir Rauterberg go ndéanann fógraíocht ionradh den chineál seo maolú ar fheasacht aeistéitiúil an phobail, rud a dhéanann fulangach agus géilliúil muid.
Má mhaolaigh if ... lessened
" ’* (de Fréine, The Great Silence, 72) Má mhaolaigh Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse gnéithe den athrú teanga, níor stad siad é, nó tá an buille cniogtha á bhualadh lenár linn féin agus sinn sioctha, ag faire idir an dá shúil air amhail rialaitheoir bainc ag dearcadh ar iasachtaí Ponsaí.
maolaíonn an leacht shearbh sin that sour liquid lessens
" Ba mhaith an rud é go raibh buidéal fínéagair i mo mhála droma agam: maolaíonn an leacht shearbh sin dochar an deorgháis.
ag iarraidh maolú ar trying to water down
" Ach b’é an reachtaíocht céanna a thug na ceardchumann ag an mbord san LRC ag iarraidh maolú ar na téarmaí i socrú Pháirc an Chrócaigh II.
maolú mór tagtha ar chumhacht an Stáit the power of the state has greatly diminished
" Is é atá i gceist leis seo ná go bhfuil maolú mór tagtha ar chumhacht an Stáit i réimsí raidhsiúla mar thoradh ar an domhandú.
an chontúirt maolaithe go maith the danger well diminished
" ' Bhí an poll líonta de réir an scéil más ea, agus an chontúirt maolaithe go maith, murach rud a rinne an dara fear, duine ó cheantar Chor an Dula, dar leis an scéalaí, agus gan aon tuiscint aige ar chúrsaí bádóireachta.
an maolú ar stádas the restriction of status
" Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog: ‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’ Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine.
Ag Maolú na Déine easing the austerity
" Ag Maolú na Déine ======== Is cinnte gur éirigh leis an Lucht Oibre roinnt beartas de chuid Fine Gael a mhaolú.
maolaíodh go mór an teannas the tension eased greatly
" Agus an rialtas nua breac le Siaigh (an sórt Ioslamachais céanna a chleachtar san Iaráin), maolaíodh go mór an teannas idir an Iaráin agus an Iaráic.
níor mhaolaigh sin that didn't diminish
" Bhí go leor de phobal na Spáinne i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach níor mhaolaigh sin ar thacaíocht an Phríomh-Aire Aznar d'ionradh na Breataine agus na Stát Aontaithe.
a mhaolú to allay
" Agus tréimhse na n-oícheanta fada dorcha buailte linn arís, tá gach seans go mbeidh tú sa tóir ar ghiota beag siamsaíochta le gruamacht an gheimhridh a mhaolú.
maolú easing off
" An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?