Pota Focal Intergaelic
ámar | ar | mair | maor | mara
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mar bhronntanais as presents
" Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
Mar a luas cheana As I mentioned earlier
" Mar a luas cheana, tá cáil an cheoil ar an áit agus má thagann tú trasna ar an dream ceart, ní chífidh tú aon leaba! *Tá Odi Ní Chéilleachair agus a deirfiúr Sorcha tar éis a gcéad albam ('Briseann an Dúchas') a eisiúint ar an lipéad Cló Iar-Chonnachta.
caitheann siad leo mar they treat them as
" Fearann siad fáilte agus fiche rompu isteach sa tír; caitheann siad leo mar chaoirigh na hÉireann; tugann siad béile breá blasta amháin d'fhéar na hÉireann dóibh; ansin díolann siad ar aghaidh iad mar chaoirigh na hÉireann.
mar a thagair an Direánach don abhainn as Máirtín Ó Direáin referred to the river
" Braitear an iarsmaíocht Ind-Eorpaise seo fán 'Life Chianda', mar a thagair an Direánach don abhainn, bíodh nach talamh bán ar fad an taobh sin tíre, tá againn, mar shampla, Glas Tuathail, Glas Naíon agus eile.
mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail as pioneers in this type of project
" Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag an tionscadal i measc phríomhghníomhairí na cathrach agus mhuintir na cathrach, chomh maith le haitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail.
an fhorbairt mar a beartaítear í the development as it is intended
" Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.
bhí tú mar a bheadh an bás ann you looked like death
" " "Níl iontas ar bith duitse a bheith ar do sheachaint," arsa Dónall, "nó bhí tú mar a bheadh an bás ann.
bhí tú mar a bheadh an bás ann you looked like death
" " "Níl iontas ar bith duitse a bheith ar do sheachaint," arsa Dónall, "nó bhí tú mar a bheadh an bás ann.
mar is dual don té as is natural for one
" Bhí sí luath mar is dual don té atá úr, is dócha, nó nár mhaith a bheith mall ar an chéad lá.
Ní dhéanfadh sé spaid bhanraí mar sin domhsa he wouldn't walk all over me like that
" Ní dhéanfadh sé spaid bhanraí mar sin domhsa, tá mé ag inse sin duit.
mar thoradh as a result
" Má thagann cogadh domhanda mar thoradh ar an mhéid atá tar éis titim amach le cúpla seachtain anuas, nach mbeidh tíortha ag teastáil le bheith mar ghníomhairí síochána le réiteach a chuardach - moltóir cothrom, neamhspléach, gan aon bhagáiste míleata.
le taobh mar a bheidh sé compared to what he'll be like
" "Níl a dhath anseo le taobh mar a bheidh sé agus é ag gearradh fiacla.
mar a bheadh cearc éillín like a hen with a clutch i.e. fussing mother
" "Beidh tú ag inse domh an chéad rud eile go mbeidh mé mar a bheadh cearc éillín ann fá cheann cúpla mí eile.
mar is iondúil as is usual
" Féile agus féasta amhránaíochta agus ceoil a bheas ann mar is iondúil thart ar an am seo gach bliain.
mar is dual as usual
" Tháinig foireann peile na hÉireann go dtí an Astráil agus, mar is dual, bhí an ceann is fearr ag na cuairteoirí.
mar a d'iarrfadh do bhéal iad a bheith just as you'd like it
" Bhí gach rud ag feidhmiú mar a d'iarrfadh do bhéal iad a bheith: na solais treo, an solas cúlaithe, na ceannsolais, agus na solais chliatháin.
tú mar a bheadh mála easóg ann like a bag of weasels i.e. prickly/cranky
" "Ní maith ar bith duit a bheith i do shuí thart ansin agus tú mar a bheadh mála easóg ann.
nach mbeadh Féilim mar údar aige that he wouldn't have Féilim as an authority, wouldn't take advice from him
" Ach chinn Fiachra i bhfad ó shin nach mbeadh Féilim mar údar aige sna cúrsaí seo.
mar ar ciapadh go dona iad where they were tormented, harrassed
" Níor ligeadh isteach sa tír seo iad cé gur bheag nár bádh iad, idir fhir, mhná agus pháistí, agus cé gur thréig siad tír mar ar ciapadh go dona iad.
mar ábhar práinne as a matter of urgency
" Ceapaim gur gá díriú ar cheist páistí a thógáil le Gaeilge mar ábhar práinne.
mar nach acmhainn dúinn because we can't afford
" Tá an fhoireann beag mar nach acmhainn dúinn daoine eile a fhostú.
faoi mar as if
" Daoine ag sléachtadh is ag umhlú faoi mar go raibh gach dara duine ina impire.
faoi mar a dheintí as used to be the case
" Ní gá go mbeadh sí dúnta sa todhchaí, áfach, mar d'fhéadfadh an Cumann féin níos mó úsáide a bhaint aisti tré níos mó cluichí club, cluichí scoile, coláistí dara agus tríú leibhéal a imirt ansin faoi mar a dheintí roimh an athnuachan.
mar is iondúil as usual
" An focal scoir ag Balor, mar is iondúil: "Caithfear glacadh leis, a Bhertie, ar an drochuair, nach mbeidh i do Bhabhla Mór ach fochup.
mar dhea supposedly
" Dheineas scéal grinn, mar dhea, a aithris dó.
mar ná géillim because I don't concede
" Tá daoine ann atá ag iarraidh deireadh a chur le "Compulsory Irish": ba mhaith liomsa tús a chur leis, mar ná géillim go raibh a leithéid riamh ann.
fé mar a dheinim as I do
" B'fhearr liomsa díreach dul isteach sa stiúideo agus Gaelainn a labhairt fé mar a dheinim le mo dheartháireacha agus le m'uncailí.
ag feidhmiú mar acting as
" Siocair Fear na Súile Nimhe bheith ar laethanta saoire, tá deirfiúr óg Bhalor, Balorina, ag feidhmiú mar sceach sa bhearna.
nach sin mar a bíos isn't that the way it goes
" "Orú, nach sin mar a bíos," arsa a máthair.
ag gníomhú mar acting as
" Idir an dá linn beidh David Cremin, atá ina easpag cúnta i Sydney agus gurb as Luimneach ó dhúchas é, ag gníomhú mar ardeaspag.
mar a bheadh cearc aicíde ann short-tempered, touchy
" D'amharc Bróna ar Frank agus bhí a fhios aici go mbeadh sé mar a bheadh cearc aicíde ann ar feadh tamaill anois.
Mar a bheifeá ag súil as you'd expect
" An t-idirlíon ======= Mar a bheifeá ag súil, baineann an ghairm is sine ar domhan úsáid as an idirlíon agus as an nuatheicneolaíocht.
mar gur mhian leis tionscal na hola a náisiúnú because he wanted to nationalize the oil industry
" Ní raibh rialtais na Stát Aontaithe ná na Breataine sásta leis an phríomhaire a bhí ann, Mohammed Mossadegh, mar gur mhian leis tionscal na hola a náisiúnú.
mar a chuirfeadh sí an oíche isteach how she would pass the night
" Ní raibh a fhios aici cad é faoi Dhia mar a chuirfeadh sí an oíche isteach nó níor cheil a hathair ariamh an dubhghráin a bhí aige ar Dhónall.
mar is fearr aithne uirthi as she is better known
" Ní mar sin a bhí i gcás Ghearóidín Bhreathnach, nó Gearóidín Neidí Frainc mar is fearr aithne uirthi.
cosúil mar a bheinn sa bhaile as I would be at home
" Bhí mé ag amharc amach ar an fharraige cosúil mar a bheinn sa bhaile ach chaith mé fada go leor ann.
nach mothaíonn sí mar sin níos mó that she doesn't feel like that any more
" Dúirt sí gur bhraith sí gur cineál Oisín i ndiaidh na Féinne a bhí inti ar feadh i bhfad ach nach mothaíonn sí mar sin níos mó de bharr go bhfuil oiread suime ag a cuid páistí féin sna hamhráin agus sna scéalta.
go ndéanfaí mná a oirniú mar shagairt that women be ordained priests
" Is mian leo go mbeadh ról níos tábhachtaí ag tuataí i ngnóthaí na heaglaise, ach níl siad ag moladh athruithe conspóideacha ar bith, ar nós cead a thabhairt do shagairt pósadh nó go ndéanfaí mná a oirniú mar shagairt.
mar fhoinse as a source
" Díríonn sé isteach ar a thírdhreach agus ar a bhaile dúchais féin den chuid is mó mar fhoinse.
mar ba ghnách as normal
" Ba é comhairle an rialtais an lá a rinneadh an marú go raibh seirbhísí do thurasóirí mar ba ghnách i mBali.
mar ba dhual dhó as was natural for him
" Aistríodh Mícheal go dtí an Caiseal i 1973 agus, mar ba dhual dhó, ghlac sé cúram air féin foirne na scoile a thraenáil.
go díreach mar atá the same as there is
" Tá neart Gaeilge ag bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht.
mar atáthar ag moladh as is being recommended
" Is dóigh liom gur buille tubaisteach a bheadh ann don Ghaeilge dá gcuirfí deireadh (mar atáthar ag moladh) le deontas labhairt na Gaeilge.
mar ba chuí as was fitting
" Theastaigh uaidh déileáil mar ba chuí le gach aon aicme sa tír agus roinnt daoine aonair chomh maith.
Mar a sheasann cúrsaí as things stand
" Mar a sheasann cúrsaí san am i láthair, caitheann na breacairí a gcuid ama ag iarraidh teacht ar bhealaí le nach n-íocfaidh siad an cháin ard agus ní dhéanann siad obair ar bith.
Ní mar a shíltear a bítear all is not what it seems
" Ní mar a shíltear a bítear i gcónaí ar an idirlíon.
mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air because I didn't want to draw the attention of the English tabloids to him
" Sa deireadh, níor scríobh mé an scéal mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air.
feidhmiú mar idirghábhálaí to function as an intermediary
" Mar shampla, bhí ar chumas an iar-Thaoisigh Albert Reynolds feidhmiú mar idirghábhálaí idir an Iaráic agus An Teach Bán i 1998.
mar a tharlaíonn rómhinic as happens too often
" Ach mar a tharlaíonn rómhinic le foireann Átha Cliath, chuaigh cúl isteach go mí-ámharach ina gcoinne agus scórail DJ Carey cúl eile gar do dheireadh an chluiche.
le hais mar a bhídís compared to how they used to be
" Tá clubanna chathair Chorcaí imithe i léig freisin le hais mar a bhídís.
mar athrach for a change
" " Ba mhór ag Aoife dá dtabharfadh Gerry faoi seo ar dhóigh aigeanta, chroíúil mar athrach, seachas smut a bheith air a leagfadh leathdosaen.
mar a bheadh cearc ar shiocán ann like a chicken on ice
" " "Tá mé réidh anois," arsa Aoife, agus í ag déanamh a bealaigh mar a bheadh cearc ar shiocán ann.
mar is gnách as usual
" Ach, bhí seirbhís bus agus traenach ann mar is gnách ar an Luan, de réir mar a bhí na cainteanna ag dul ar aghaidh, agus sa deireadh thángthas ar réiteach.
ag mallachtú mar a bheadh seansaighdiúir ann cursing like a trooper
" Gach bliain bíonn eachtra de chineál éigin ann a chinntíonn go mbaintear ceannteidil na bpáipéar nuachta amach - smaoinigh siar ar Madonna ag an ócáid bhronnta anuraidh ag mallachtú mar a bheadh seansaighdiúir ann.
mar is nós leo as is their wont
" Ní dúirt an cathaoirleach rud ar bith, áfach, agus lean na bainisteoirí eile ar aghaidh ag caint agus ag caint, mar is nós leo.
bíodh an deabhal aige seo mar obair to hell with this for a job
" Dar ndóigh cuireadh pionós trom ar an imreoir céanna ach cé a chuirfeadh an milleán ar an réiteoir sin dá ndéarfadh sé leis féin agus le coiste an chontae "bíodh an deabhal aige seo mar obair" agus éirí as.
mar a baisteadh air as he was nicknamed
" Scéal eile agus conspóid ag baint leis freisin ná cluiche ceannais peile na hÉireann i 1983 nuair a chuir **John Gough** (nó John Off mar a baisteadh air ina dhiaidh sin!) as Aontroim triúr d'fhoireann Átha Cliath agus duine de mhuintir na Gaillimhe den pháirc.
mar mheán caidrimh as a medium of communication
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é chun tacaíocht a thabhairt don nGaeilge mar ábhar léinn, mar mheán caidrimh, mar mheán teagaisc agus mar mheán taighde ar champas Ollscoil Luimnigh.
mar a léiríodh thuas as was shown above
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá an-chuid acu mar a léiríodh thuas.
de réir mar a thagann muid i méadaíocht as we grow up
" Is minic, áfach, a chailleann muid an tsaoirse seo de réir mar a thagann muid i méadaíocht.
mar a thitfeadh splanc orm like a bolt from the blue
" Ach bhuail sé mé mar a thitfeadh splanc orm agus mheas mé nach raibh an dara rogha agam ach leanúint orm.
Mar a admhaíonn sé féin as he admits himself
" Mar a admhaíonn sé féin, áfach, ní i gcónaí a bhí sé chomh réchúiseach agus chomh socair agus atá anois.
faoi mar a bheifeá ag súil as you'd expect
" " Institiúid oideachais ======= Tá sé linn inniu agus, faoi mar a bheifeá ag súil, ní díomhaoin atá sé.
mar a bheadh fathach mór like a big giant
" Nuair a bhíonn lá maith ann, bíonn an t-oileán le feiceáil ina luí amuigh ag bun na spéire mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh; laetha eile ní bheadh a fhios agat go bhfuil sé ann mar go mbíonn sé clúdaithe i gceo agus an fharraige mhór ag briseadh ar na clocha fá chladaí an oileáin - ní gan ábhar a thugtar "Tonnaí Thoraí" ar an damhsa! Tá an t-oileán é féin trí mhíle ar fhad agus míle go leith ar leithead agus tá daonra 180 duine aige.
mar ghnó as a business
" Na láidreachtaí: Foireann mhaith atá sáite san obair; neamhspleáchas Bhard na nGleann mar ghnó; an ardteicneolaíocht is déanaí; tacaíocht agus anam croíúil na nGael ar fud an domhain.
Níl litrítear mar sin it isn't spelt like that
" Ansin dúirt sé: "Níl litrítear mar sin i nGaeilge é.
mar ba chóir as it should (be played)
" Dá leanfadh contaetha agus foirne eile a sampla agus an iomáint a imirt mar ba chóir, leis na bunscileanna i réim, an sliotar á imirt fan talún níos sciobtha agus an camán á úsáid mar ba chóir (seachas síor-rith agus teagmháil throm chorp, cuir i gcás), b'fhéidir gurbh fhearrde an cluiche.
an camán á úsáid mar ba chóir the hurley being used as it should be
" Dá leanfadh contaetha agus foirne eile a sampla agus an iomáint a imirt mar ba chóir, leis na bunscileanna i réim, an sliotar á imirt fan talún níos sciobtha agus an camán á úsáid mar ba chóir (seachas síor-rith agus teagmháil throm chorp, cuir i gcás), b'fhéidir gurbh fhearrde an cluiche.
Mar fhocal scoir finally
" Mar fhocal scoir, ní cóir dearmad a dhéanamh ar mhuintir Dhún Lathaí.
sin mar is gá dó a bheith that's how it needs to be
" Sin mar is fearr é agus sin mar is gá dó a bheith.
mar ionadaí as a substitute
" Ach smaoinigh sé ar cheist eile go tobann mar ionadaí.
D'fhéachas air mar infheistíocht I looked at it as an investment
" D'fhéachas air mar infheistíocht ag an am a mbeadh teacht isteach uaidh ar ball beag.
mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad because they won't be properly enforced
" An é go bhfuil an gá seo leis an alcól i síol na nÉireannach agus go bhfuil sé á iompar ó ghlúin go glúin mar a bheadh gruaig rua ann nó súile donna? Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú gan mhoill, is dócha go mbeidh siad cosúil le go leor dlíthe eile a thagann chun cinn in Éirinn - gan éifeacht mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad.
mar shlí bheatha as a career
" Sa chomhthéacs seo is éasca a thuiscint cén fáth nach raibh daoine óga ag roghnú ghairm an iascaire mar shlí bheatha.
straitéisí an UUP a mhúnlú mar is mian leis féin to shape the strategies of the UUP as he desires
" Tá toradh dearfach a d'fhéadfadh a theacht as an choimhlint seo is déanaí: b'fhéidir go dtig le Trimble smacht a fháil ar an pháirtí agus straitéisí an UUP a mhúnlú mar is mian leis féin, gan a bheith ina phríosúnach ag an eite choimeádach.
cúrsaí mar atá siad matters as they stand
" An é nach féidir an fhís a thabhairt i gcrích, go bhfuil traidisiún níos láidre ná pleanáil agus scéimeanna ar bith nó an é nach bhfuil an toil ann dáiríre? Tá go leor daoine sa Chumann Lúthchleas Gael atá sásta le cúrsaí mar atá siad agus nach bhfeiceann gur chóir airgead agus fuinneamh a chur "amú" ar scéimeanna "gan dealramh".
mar a deireadh siad as they used to say
" Rinne sí cinneadh nach mbeadh aon bhaint aici leis in aon chor ach amháin, mar a deireadh siad sa Roinn ag an am, "if the exigencies of the service require it!" Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, cuireadh Máire go dtí an Spáinn, áit ar chaith sí dhá bhliain ag obair mar rúnaí ambasáide.
mar chomhpháirt de shláinte mhaith as a component of good health
" In ainneoin áit lárnach an bhia i gcultúr Mheiriceá agus bhunriachtanais an nádúir dhaonna, áfach, tá sé riachtanach go bhféachfaí ar bhia mar chomhpháirt de shláinte mhaith seachas mar bhac ar shláinte mhaith, más mian linn dea-bhail fhisiciúil agus mhothúchánach a bhaint amach.
mar mhalairt air sin in exchange for that
" Fuair mé amach cuid mhaith fúm féin agus mé in Éirinn agus, mar mhalairt air sin, d'fhág mé píosa de mo chroí féin i mo dhiaidh.
ná mar ba chóir than it should be
" Má fheiceann sé go bhfuil táirge níos daoire ná mar ba chóir, ba cheart é seo a lua agus imeacht chuig an ghnólacht is saoire.
níb éadroime ná mar is gnách lighter than usual
" Cúis eile gur tarraingíodh ár n-aird ar na comharthaí, is dócha, ná go raibh muid ag tiomáint go minic faoi choim na hoíche, nuair a bhí an trácht níb éadroime ná mar is gnách, agus na sráideacha i bhfad ní ba chiúine.
mar sheó as a show
" Mé féin a chonaic é agus ní raibh sé deas mar sheó.
Mar fhocal scoir finally, in conclusion
" Mar fhocal scoir, níos luaithe i mbliana nocht mé mo thuairim go mbuafadh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann.
mar a bheadh mála easóg ann like a bag of weasels
" Tá siad mar a bheadh mála easóg ann ó tháinig an teas millteanach seo," ar sí.
mar shlí bheatha as a career
" "Bhí an dá cheol *compatible*, chroith siad lámha áit éigin i mo chloigeann, ach níor thoisigh mé a smaoineamh ar an cheol mar shlí bheatha go dtí go raibh mé in Ollscoil na Ríona.
mar thoradh air sin uilig as a result of all that
" "Anois, mar thoradh air sin uilig, tháinig athbheochan sa cheol traidisiúnta, go dtí go bhfuil muid anois sa tréimhse is bisiúla riamh ó thaobh an cheoil dhúchasaigh de," arsa Neil.
i bhfad níos éasca ná mar ba ghnách leo a lot more easily than they used to [be able to
" "Agus ní cúrsaí tráchtála amháin (dlúthdhioscaí ar fáil go forleathan, daoine ábalta taisteal i bhfad níos éasca ná mar ba ghnách leo, etc.
go díreach mar a shamhlaínn í just as I used to imagine it
" Is tír álainn í Éire, go díreach mar a shamhlaínn í, nó níos deise fós.
ag feidhmiú mar phóilín domhanda acting as a world police force
" Ba ghá ón tús gur comhghuaillíocht leathan a bheadh ag plé le ceist an Mheánoirthir agus nach mbeadh tír amháin ar bith ag feidhmiú mar phóilín domhanda.
ná mar a bhí beartaithe than was planned
" Tá Meiriceá scoilte ag an cheist seo anois, agus tá méadú ag teacht i gcónaí ar an líon daoine atá i gcoinne pholasaithe Bush, go háirithe nuair a fheiceann siad a gcuid saighdiúirí ag fanacht san Iaráic i bhfad níos faide ná mar a bhí beartaithe agus iad á marú go rialta ag treallchogaithe na tíre.
mar a léiríodh as was shown
" An é sin le rá go bhfuil Áth Cliath beagnach chomh maith le Tiobraid Árann? B'fhéidir nach ea ach tá siad beagnach chomh maith le hUíbh Fháilí mar a léiríodh sna babhtaí cáilithe níos déanaí.
mar a léiríonn an stair dúinn as history shows us
" I gcúrsaí spóirt, chomh maith le cúrsaí eile an tsaoil, mar a léiríonn an stair dúinn, tagann deireadh le gach réimeas agus gach ríocht dá fhad iad.
mo chuid cairde mar dhea my supposed friends
" oops! fia!" arsa Ian, "Agus b'fhearr liom tusa ag cur agallaimh orm, a Bhalor, ná roinnt de mo chuid cairde mar dhea, ó dheas, ar nós lucht lite tóna sin an *Irish Dependent*, nó Kevin Myarse ón Irishman's Dairy sa *Times*.
le hais mar a bhíodh compared to how they used to be
" Feictear dom féin go bhfuil lucht rugbaí, cuir i gcás, tar éis éirí an-mhór ar fad agus téagartha le hais mar a bhíodh.
ceaptar gur mar a chéile gach tír ann people think all the countries there are the same
" Tá míthuiscint fhorleathan ann faoina bhfuil ag tarlú sa Mheánoirthear agus ceaptar gur mar a chéile gach tír ann.
mar a taispeánadh do Mhaois í as it was shown to Moses
" Is féidir leat, mar shampla, seasamh ar bharr Shliabh Nebo (tugann bus beagnach go dtí an barr tú) agus, thíos fút, tá an Tír Tairngire díreach mar a taispeánadh do Mhaois í na mílte bliain ó shin.
mar chlabhsúr ar an lá bringing the day to a close
" Is féidir leo turas a eagrú duit freisin i jípeanna speisialta amach sa ngaineamhlach ina mbíodh Lawrence na hAráibe gníomhach, agus béile traidisúnta amuigh faoin aer san oíche mar chlabhsúr ar an lá.
ní mar a síltear a bítear things aren't always as they seem
" " A bhuel, ní mar a síltear a bítear.
mar is dual as is natural
" "Bhí neart Gaeilge ann nuair a bhí muid óg ach d'fhág go leor daoine óga an áit agus, i ndáiríre, is iad na seandaoine atá á labhairt anois," a mhínigh sí dom agus í ag rá *daoiní *agus *Tuar Mhic Éidí *agus *sa mbailí *mar is dual do chainteoirí Mhaigh Eo.
Mar fhocal scoir finally
" Mar fhocal scoir, amharcaigí siar ar dhea-rúin na bliana seo a chuaigh thart.